Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
atá rannpháirteach i gcoiste an Oireachtais who are participating in the Oireachtas committee
" Ceann de na deacrachtaí ná nach bhfuil an t-am agamsa ná ag an riarthóir a bheith amuigh ag déanamh earcaíochta! Agus níl na heagrais atá rannpháirteach i gcoiste an Oireachtais ag déanamh na hearcaíochta sin ar ár son.
Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht the Oireachtas All-Pary Committee on the Constitution
" Mórcheisteanna ======= Go luath an bhliain seo chugainn creidtear go bhfoilseoidh Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht a dtuarascáil maidir le sealúchas.
Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht Oireachtas All-Party Committee on the Constitution
" Le breis agus bliain anuas bhí Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag breathnú ar na hailt sa bhunreacht a bhaineann le cúrsaí sealúchais agus ag tús na míosa seo caite sheol an Príomh-Aoire Mary Hanafin a dtuarascáil.
Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht the Oireachtas All-Party Committee on the Constitution
" Seo go díreach an rud atá go leor tuairisceoirí tar éis a chur i leith Choiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht, mar gheall air nár mhol siad – sa tuarascáil is déanaí uathu, “An Teaghlach” – go leasófaí an sainmhíniú atá sa Bhunreacht ar an teaghlach.
aimsir an Oireachtais at Oireachtas time
" Samhlaítear na sluaite daoine, ceol beo, dea-atmaisféar agus craic mhaith go ginearálta ach ní minic a smaoinítear ar ócáidí dá macasamhail seo mar chuid de shaol na Gaeilge, ach amháin, b’fhéidir, aimsir an Oireachtais.
ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais the presentation event of the Oireachtas' communications awards
" Bhí rith an rása ina iomláine nach mór ag muintir Chonamara ag ócáid bhronnta dhuaiseanna cumarsáide an Oireachtais ag Féile na Bealtaine i dTrá Lí.
nár leagadh rialacháin os comhair Thithe an Oireachtais ina thaobh. regulations pertaining to it were not laid out in front of the Houses of the Oireachtas
" Is cosúil nár tugadh an stádas dlíthiúil don churaclam faoin Acht Oideachais (1998) mar gheall ar nár leagadh rialacháin os comhair Thithe an Oireachtais ina thaobh.
in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal. in the absence of a mention being table by the Houses of the Oireachtas to cancel them
" Thiocfadh na rialacháin i bhfeidhm i ndiaidh 21 lá in éagmais rún a bheith rite ag Tithe an Oireachtais le hiad a chur ar ceal.
a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais. who could turn their backs on decisions made of the Houses of the Oireachtas
" Níl aon amhras ach go bhfuil sciar den phobal buartha faoi a thuilleadh flaithiúnais a ghéilleadh don Eoraip le go mbunófaí "ollstát" a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais.
Coiste an Oireachtais Oireachtas Committee
" Ag Coiste an Oireachtais an tseachtain seo chugainn, tuigtear dúinn go molfaidh an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh rún – a bhfuil tacaíocht ilpháirtí aige – gur chóir do na ranna rialtais fógraí a chur in *Lá Nua*, nuair atá sé cuí.
ar ghearrliosta ghradaim an Oireachtais on the shortlist of the Oireactas awards
" Ach bíonn suntas ag baint leis na “dea-leabhair” a ainmnítear ar ghearrliosta ghradaim an Oireachtais agus Bisto chuile bhliain agus tugann siad léargas dúinn ar staid na litríochta Gaeilge do dhaoine óga ar bhonn rialta.
lá spóirt agus oireachtais day of fun and sport
" Mionchluichí Oilimpeacha atá i gceist ar bhealach, nó meascán de lá spóirt agus oireachtais, de fhleá cheoil agus rásaí bád seoil, mar a bhíonn ar siúl in áiteanna éagsúla in Éirinn i rith an tsamhraidh.
Oireachtais The Dáil and Seanad
" Is maith an eiseamláir é an Seanadóir Ó Murchú ó thaobh uasmhéid úsáide a bhaint as an teanga go poiblí agus is trua nach leanfadh baill Oireachtais eile a dhea-shampla.
Athchóiriú an Oireachtais a governmental make-over
" Athchóiriú an Oireachtais? Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais.
Oireachtais (combined houses of) government
" Athchóiriú an Oireachtais? Ó thaobh stuchtúir de, is iomaí locht atá ar ár bhforais daonlathais.
Fo-Oireachtas na nÁisíneachtaí the sub-government of agencies
" Fo-Oireachtas na nÁisíneachtaí De réir tuarascáil a d'fhoilsigh an meitheal smaointe TASC, tá níos mó ná 450 áisínteachtaí stáit sa tír seo.
oireachtais legislature
" Ba chóir go gcuirfí feabhas ar shaoráil faisnéise, ar an chaoi a gceaptar oifigigh do áisineachtaí stáit, ar chumas an oireachtais i dtaobh freagracht a chur ar an rialtas, agus mar sin de.
Oireachtais government
" Lena chois sin, tá sé de cheart an Ghaeilge a úsáid i dtithe an Oireachtais agus in achan chúirt sa tír.
Oireachtais government (houses)
" Le linn an dá mhí den samhradh bíonn easpa nuacht chrua ar na meáin, gan na cúirteanna ná tithe an Oireachtais ina suí agus bíonn sé sách deacair goile na gclár cúrsaí reatha ar raidió is teilifís a shásamh.
Chomhchoiste Oireachtais Dáil committee
" Tuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta (2002), Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta (2004), Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007), Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2009), Tuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais ar an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge (2010).
Chomhchoiste Oireachtas joint committee
" Foilsíodh an Dréachtstraitéis i mí na Samhna anuraidh agus chuir baill den phobal agus den Chomhchoiste Oireachtas a bhí ag plé leis, moltaí chun tosaigh len é a leasú.
Oireachtais of parliament
" Ó d’fhógair Fianna Fáil go bhfuil an páirtí ar son deireadh a chur leis an tSeanad, tá sé ionann is cinnte nach mairfidh Teach Uachtarach an Oireachtais.
gcóras an Oireachtais governmental system
" Léirigh conspóid an bhille seo lúb ar lár eile i gcóras an Oireachtais seo againne.
Oireachtas parliament
" Maidir le Teamhair na Rí, cuirim i gcás, tugadh na mílte síniúchán isteach chuig an Oireachtas i gcoinne an chúrsa a bhí beartaithe don bhóthar nua.
oireachtas parliament
" Léirigh Bertie Ahern an drochmheas a bhí aige ar an oireachtas tamall ina dhiaidh sin.
An tOireachtas Parliament
" An tOireachtas ====== Is é an t-oireachtas croílár an tseandaonlathais mar a tháinig sé anuas chugainn.
oireachtas festival
" Aon imreoir amháin a bhí acu nach leis na Fillos a bhuaileann sé báire i rith na bliana, ach le Raonaithe Nemo i gCorcaigh, mar a bhfuil sé ag cur faoi agus an Ghailísis á teagasc aige! Séard ba chúis leis an gcluiche peile idirnáisiúnta stairiúil seo, oireachtas beag a bhí ar siúl i mbaile Naron an deireadh seachtaine úd.
Eagraíonn foireann chumasach Oireachtas na Gaeilge the capable OnaG staff organise
" Eagraíonn foireann chumasach Oireachtas na Gaeilge gach rud go paiteanta agus go pointeáilte, agus fágann siad an chraic fúinn féin.
nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas that the O. never had problems
" An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach ================= Níl mé ag rá nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas.
sna flaithis a bhí mé ag dream óg an Oireachtais the young crowd sent me to heaven
" Ach, más sa duibheagán a bhí mé ag daoine áirithe oíche Dé Sathairn, is sna flaithis a bhí mé ag dream óg an Oireachtais oíche Dhéardaoin.
Bhuaigh siad comórtas an Oireachtais they won the O. competition
" Bhuaigh siad comórtas an Oireachtais i 1962 i mBaile Átha Cliath agus bhain siad Fleadh Cheoil na hÉireann ar an Mhuileann Chearr i 1963 agus i gCluain Eois 1964.
Oireachtas na hÉireann Ireland
" Is féidir poll mór a aithint i lár an bhreithiúnais mór-le-rá, Fleming v Ireland, AG and DPP a scríobh triúr breithimh de chuid na hArd-Chúirte insa choimhlint dleathach idir Mrs Fleming agus Oireachtas na hÉireann.
baill an Oireachtais members of both houses
" Níl aon vótaí ach (i) ag céimithe ó roinnt de na forais tríú leibhéal, na coláistí de chuid an NUI agus TCD, agus (ii) ag polaiteoirí, ’sé sin Comhairleoirí Contae agus baill an Oireachtais.
reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas to put legislation through the houses
" Vótáil na daoine i reifreann chomh fada siar leis an mbliain 1979 chun a chur ar chumas an rialtais reachtaíocht a chur tríd an Oireachtas le go dtabharfaí an vóta sna painéil ollscoileanna do na céimithe ó na coláistí tríú leibhéal ar fad.
ar ghlac tithe an Oireachtais which the houses of the O. accepted
" Is cuid den córas parlaiminte sa stát seo, go bhfuil sé ceadaithe don Taoiseach bagairtí oscailte a dhéanamh ar Theachtaí Dála, vótáil do réir mar a shocraíonn an rialtas, fiú amháin má tá sin ag dul glan in aghaidh geallúintí a tugadh don phobal sa toghchán inar toghadh na Teachtaí Dála go daonlathach! Reachtaíocht Lochtach ========= Is í mo thuairimse gur reachtaíocht lochtach atá sa Bhille faoin nginmhilleadh, ar ghlac tithe an Oireachtais leis roimh bhriseadh an tsamhraidh.
i gcomórtas drámaíochta an Oireachtais in the O. drama competition
" Nuair a bhain Alphonsus Ó Labhradha an chéad duais i gcomórtas drámaíochta an Oireachtais le An tSnaidhm i 1910, dúirt sé nach raibh ach ceithre lá caite aige in Éirinn riamh.
aon Oireachtas amháin one single O.
" B’fhiú an dream Gaeilge nár fhreastail riamh roimhe ar aon Oireachtas amháin a mhealladh ann.
i ndiaidh an Oireachtais after the O.
" Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh ========================= Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim.
duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas the Oireachtas Literary Competition prizes
" Bronnadh duaiseanna Chomórtais Liteartha an Oireachtas sa Cheoláras Náisiúnta ag tús mhí Dheireadh Fómhair.