Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spiorad na hoscailteachta the spirit of openness
" Ar thaobh tosaigh na seacht mbancnóta, "seasann na pictiúir d'fhuinneoga agus de gheataí do spiorad na hoscailteachta".
oscailteacht openness
" Mar bhaile a bhfuil clú an tseicteachais air, tá oscailteacht iontach ann ó fhoinsí nach mbeifeá ag dúil le mórán uathu.
oscailteacht openness
" " Ach tá Neil ionraic go leor le cúis eile a lua maidir lena oscailteacht i gcúrsaí ceoil - inmharthanacht airgid.
Ceist oscailteachta agus trédhearcachta a question of openness and transparency
" B’fhéidir go ndearna Sam Smyth iarratas foirmiúil ar an eolas seo; ach cá bhfuil an fhianaise? An bhfuil sé ceart ná cóir go dtabharfaí fabhar faoi leith dó, mar go bhfuil sé mór leis an Aire, agus go mbeadh sé slán ón ghnáthpháipéarachas a bhaineann lena leithéid d’iarratas? Ceist oscailteachta agus trédhearcachta atá ann! Chonaic muid le déanaí i gcás an íde béil a thug sé do Richard Bruton gurb í an chosaint is fearr a bhíonn ag an Aire McDowell ná dul ar an ionsaí.
ré úr oscailteachta a new age of openess
" Léiríonn iniúchadh mar seo, i mo thuairimse, go bhfuil ré úr oscailteachta agus trédhearcachta anois faoi lán seoil i leith fheidhmiú an fhórsa.
oscailteacht openness
" Bíonn go leor rudaí eile den chineál seo ag titim amach ar fud an Tuaiscirt agus tá oscailteacht le brath nach n-aithníonn cuid de na tráchtairí sóisialta polaitíochta.
oscailteacht openness
" Is iad na nithe atá in easnamh ná cumarsáid, meas, oscailteacht, freagracht agus muinín.
oscailteacht openess
" Mar sin, b’fhearr i bhfad ceist na dtáillí a phlé go hionraic ionas go mbeidh cothromaíocht agus oscailteacht ag baint leis an chóras.
oscailteacht transparency
" De réir TASC níl aon fhreagracht ná oscailteacht ag baint leis na háisínteachtaí seo.
oscailteacht transparency
" Ach an ndéanfadh sé aon dochar dá dtéidís i léig faoi mar a chuaigh an fhístéip nó an gramafón? Leanfadh deachtóireacht i bhfeidhm gan aon nuacht a bheith á scaipeadh inti, ach tá an oscailteacht mar fhuil i gcóras daonlathach.
oscailteacht open aspect, freedom
" Bhain mé úsáid as oscailteacht Twitter chun an uirlis seo a chruthú.
oscailteacht openness
" Intleacht, grásta, leochaileacht, neart, breithiúnas, oscailteacht, crógacht mhóralta – táid sin go léir san Astrálach óg aisteora so.
oscailteacht transparency
" Ní raibh meas ar bith aige ar na rudaí bunúsacha atá mar bhia is mar dheoch ag an daonlathas: oscailteacht, ionracas, agus freagracht.
ré nua na hoscailteachta seo this new era of transparency
" I ré nua na hoscailteachta seo bímidne, Gaeil, ag ligean orainn go minic go bhfuilimid sásta gach ábhar, is cuma cé chomh casta nó chomh dorcha agus atá sé, a chíoradh go hoscailte os comhair an tsaoil mhóir.
a sheoladh i dtreo na hoscailteachta to make more open
" Nuair a cuireadh leasuithe “Vatacáin a dó” i bhfeidhm, bhí eite liobrálach san Eaglais a bhí ag iarraidh í a nua-aoisiú agus a sheoladh i dtreo na hoscailteachta.
an oscailteacht seo a iompar to carry this openness (to vulnerability)
" Ritheann sé liom go mbíonn sé deacair uaireanta, go háirithe nuair atá tú ag plé leis an idirlíon, an oscailteacht seo a iompar leat i rith an lae.
oscailteacht transparency
" Tá an fhreagracht agus an oscailteacht le cur sa mheá nó thig leis an tubaiste a tharla i ngeilleagar an domhain titim sa mhullach orainn arís eile.
ré seo na hoscailteachta this era of openness
" Measann Mícheál Ó hAodha gurbh fhearr a mhairfeadh na daoine ar scath a chéile nár faoi scáth an ainm chleite i ré seo na hoscailteachta.