Pota Focal Intergaelic
an- | pan | pana | panc | pane
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tráidire méisíne deannaigh the tray of a dust-pan
" " Bád farantóireachta beag bídeach a bhí ann, agus cuma tráidire méisíne deannaigh ar an tosach agus é ag tumadh san uisce.
fhriochtáin frying-pan
" Cheap sí go raibh grástúlacht ag baint lena chuid gníomhartha - ag tógaint an fhriochtáin amach, ag briseadh na n-uibheacha agus ag oscailt an channa pónairí.
Fronta Pan-Aontachtach Pan-Unionist Front
"Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge! Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach to play at the Pan-Celtic Festival
" Bhí cuireadh faighte aige seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDún na nGall agus i gClub an Chonartha, agus d’úsáid sé an turas le saoire bheag a ghlacadh i dteannta a mhná áille, Gwen.
gal soip a flash in the pan
" Táthar ag súil, mar sin, nach bhfuil sa teannas reatha idir an dá thír ach gal soip, agus go gcothófar caidreamh taidhleoireachta dearfach arís idir an Astráil agus an tír mhór chumhachtach seo sa chomharsain againn.
fhriochtán frying pan
" Ach cuirtear neart comhairle orm i gcónaí agus tugtar treoracha faoin mbealach is fearr leis an táirge a réiteach don oigheann nó don fhriochtán, faoin am is faoin méid teasa is gá a thabhairt dó agus cad iad na glasraí nó cén fíon a fheilfeas leis.
friochtáin frying pans
" D’iarr sé orthu corcáin is friochtáin agus uirlisí cistine eile a thabhairt leo, béiceach agus oiread torainn a dhéanamh agus a bhféadfaidís d’fhonn scaoileadh lena racht ar an gcaoi sin.
splanc flash (in the pan)
" Ar íorónaí an tsaoil é, Ramsay Macdonald agus Páirtí an Lucht Oibre a bhí i gceannas sa Bhreatain, ach Aontachtaithe Uladh a bhí i réimeas ó thuaidh ach sna tríochaidí ní raibh san aontas trasphobail sin ach splanc.
idircheilteach pan-celtic
" Bhí ardmheas le fada an lá ag na Briotánaigh ar a gcuid ceoil, ón kan ar diskan (canadh agus freagra) cosúil le hagallamh beirte ach i bhfoirm amhráin, gan trácht ar an bhféile idircheilteach i Lorient chuile bhliain, áit a mbíonn an biniou (píobaí Briotánacha) agus an bombarde (feadóg) le cloisteáil i measc uirlisí ceoil na dtíortha ceilteacha eile.
nach bhfuil ann ach rith searraigh that it’s nothing more than a flash in the pan
" Neosfaidh an aimsir más tús é seo le feachtas nua an bhratach a athrú nó, mar a shílim féin, nach bhfuil ann ach rith searraigh.
ceiliúradh ar an saol Pan-Aithneach a celebration of the Pan-Athenian life
" Léiríonn an saothar ceiliúradh ar an saol Pan-Aithneach agus tugann sé spléachadh léargais ar shaol diamhair rúnda sheansibhialtacht na Gréíge .
mórshiúl ildaite il-Cheilteach a colourful pan-celtic parade
" Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.
gal soip a flash in the pan
" Má athraigh chuile shórt le teacht i réim Obama, ní raibh ann ach gal soip mar tá gluaiseacht nua an treo eile ar fud na tíre dar le Brian Ó Broin.