Pota Focal Intergaelic
á | brá | crá | drá | R
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mór le rá important
" 'Is cóir cuidiú a thabhairt d'fheirmeoirí beaga agus d'fheirmeorí tionónta ach ní do dhaoine saibhre,' a dúirt an tUasal Watts, atá ina chathaoirleach ar ghrúpa feisirí ó iarthuaisceart Shasana agus atá mór le rá sa pháirtí.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ainneoin go bhfuil Caitlicigh breá sásta a gcreideamh a lua le duine ar bith, ní hionann sin is a rá go vótálfadh siad ar son Éireann Aontaithe.
foirne mór le rá notable teams
" Is féidir a rá go raibh comhluadar maith ag foireann na Poblachta sa mhéid sin, mar d'fhág foirne mór le rá ar nós na Fraince agus na hAirgintíne níos túisce ná na hÉireannaigh agus phacáil an Iodáil, Sasana, an Spáinn is araile a gcuid málaí i bhfad níos luaithe ná mar a bhí ceaptha dóibh a dhéanamh roimh an gcomórtas.
ba bheaichte a rá it would be exact to say
" Tá na céadta buama píopa caite ar thithe na haicme oibre, nó an aicme *dole *ba bheaichte a rá, b'fhéidir, lá i ndiaidh lae.
mbailitheoir mór le rá Meiriceánach famous American collector
" Tá an cháil sin tugtha do Charna ag leithéidí Shéamus Ennis, agus ag an mbailitheoir mór le rá Meiriceánach, Alan Lomax.
níl sin le rá that's not to say
" Tá neart Gaeilge ag bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
thiocfadh leat a rá you could say
" Níor chaith Seán ach cúpla lá ar an scoil ach thiocfadh leat a rá go raibh sé ar Ollscoil sa bhaile.
neart ráite plenty said
"neart ráite ag an rialtas anseo faoin sárú atá déanta ar chearta daonna ag réimeas Saddam Hussein agus tá cuid mhaith den cheart acu.
a chluintear iad ag rá that they can be heard saying
" Tugann muintir 'Ros na Rún' an-uchtach dúinn, nó is minic a chluintear iad ag rá: 'Tá an ceart agat, Baighdad! Féar plé duit, Baighdad!" "Agus cad é faoi RTÉ, a Shodom? An bhfuil tú sásta leis an stáisiún teilifíse sin?" a d'fhiafraigh Balor.
mór le rá famous
" Ansin dúirt mé, bhuel b'fhéidir go ndéanfainn MBA i gceann des na scoileanna gnó mór le rá sna Stáit.
gan rá unspoken
" Dhealraigh sé gurbh é an teachtaireacht gan rá a bhí i gceist ná go mbeidh Éireannaigh na mbuirgí seachtracha i dtrioblóid leis na póilíní má ólann siad beoir go poiblí, ach nach amhlaidh a bheas i gcás an dreama ar spéis leo an ceol clasaiceach.
dá mbeidís á rá aici if she was saying them
" Bheadh beagán ní ba mhó seasmhachta ag baint leis na tuairimí sin dá mbeidís á rá aici i gceann de na teangacha seanbhunaithe a bhí á labhairt sa tír le 50,000 bliain.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean
" Síleann sé go bhfuil barraíocht béime ar an ealaín a bheith faiseanta ach ní hionann sin is a rá, dar leis, go bhfuil doimhneacht nó fiúntas ag baint léi.
go bhféadfaí a rá that it could be said
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Ceapaim go bhféadfaí a rá go bhfuil na bunspriocanna a leagadh amach don Áras ar fad bainte amach.
á rá go hoscailte being said openly
" Níl sin á rá go hoscailte faoi láthair ach táthar ag smaoineamh air.
ag rá an phaidrín saying the rosary
" Nuair nach mbíodh Henrietta Wilkins ag obair, is minic a bhíodh sí le feiceáil ag rá an phaidrín, nó ag rá paidreacha chuig na naoimh a bhí sna pictiúir a bhí crochta ina teach.
lig sí thairsti a raibh le rá ag Nan she ignored everything that Nan said
" Bhí mionna tugtha ag Nuala nach mbeadh an béile seo ina chogadh dearg agus dá thairbhe sin lig sí thairsti a raibh le rá ag Nan.
Féadann tú sin a rá you can say that again
" "Féadann tú sin a rá," arsa Nuala, agus chuir siad isteach an tráthnóna ag diúl ar an phóitín.
ag rá a mhalairte saying the opposite
" Léirigh pobalmheasanna freisin gur chreid an pobal go láidir go raibh an chontúirt don Astráil méadaithe de bharr na bainte a bhí ag an Astráil leis an ionradh, ainneoin an rialtas a bheith ag rá a mhalairte.
is oth liom a rá I'm afraid
" Ar an ollscoil a léigh mé féin de chéaduair é, seal fada ó shin anois is oth liom a rá, ach caithfidh mé a admháil nár léigh mé arís é go dtí ar na mallaibh.
nár mhian linn rud ar bith a rá we didn't want to say anything
" Anois, labhair mise le Cromer (George RS Baring, Iarla Chromer, arbh é ambasadóir na Breataine sna Stáit Aontaithe é ag an am) faoi inniu agus dúirt mé nár mhian linn rud ar bith a rá mura mbeadh siadsan sásta leis.
ba chóir dom a rá I should say
" Saint na gcomhlachtaí móra ======= An fhadhb is mó a bheas ann agus an dlí seo i bhfeidhm ná nach bhfuil obair le fáil -nó á chur ar fáil ba chóir dom a rá - sa nGearmáin.
mór le rá renowned
" Bhí an sagart radacach mór le rá An tAthair Des Wilson mar chathaoirleach, agus triúr feachtasóirí eile as Tuaisceart Éireann ar an ardán - Bernadette McAliskey, Robbie McVeigh agus Claire Hackett.
lucht féachana nach bhfuil sásta focal a rá silent lookers-on
" "Ní íospartaigh muid anois ach lucht déanta na coire, nó lucht féachana nach bhfuil sásta focal a rá.
Ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ní hionann sin is a rá go bhfuil an ruaig curtha ar an fhoréigean ó shráideanna an tuaiscirt ach níl muid ag léamh fá dhúnmharuithe agus fá phléascáin ar bhonn laethúil mar a bhíodh.
ní ag rá an ruda a bhí ar a gcroí a bhí siadsan ach an oiread they weren't saying what they really felt either
" "Dheamhan ar miste," arsa na mná d'aon ghuth agus ní ag rá an ruda a bhí ar a gcroí a bhí siadsan ach an oiread.
Táthar ag rá it is being said
" Táthar ag rá go bhfanfaidh an dá pháirtí urramacha seo taobh amuigh den sorcas, ag feidhmiú mar fhreasúra agus iarracht ar siúl acu aifeáltas a chur ar an DUP, a bheidh fágtha leo féin mar pháirtnéirí Shinn Fein ag Stormont.
Thiocfadh léi a rá she could say
" "Thiocfadh léi a rá nach dtaitníonn an phéintéireacht léi níos mó.
mar go mothaím níos nádúrtha á rá because I feel more natural singing it
" B'fhearr liom amhráin a fhoghlaim a chum bean, mar go mothaím níos nádúrtha á rá.
dhílseoir mór le rá well-known loyalist
" Ní raibh mórán suime acu i gcás sa Chúirt Chorónach anseo i Learpholl ar an 14 Nollaig, nuair a gearradh téarma príosúin ocht mbliana ar dhílseoir mór le rá as taisce gunnaí agus armlóin bheith ina sheilbh aige.
á rá ag daoine being sung by people
" Léigh mé i leabhar éigin, nó chuala mé ó dhuine éigin, nach mbíonn na hamhráin thraidisiúnta beo ach amháin nuair a bhíonn siad á rá ag daoine, agus lucht éisteachta acu.
bhínn ag rá liom féin I used to say to myself
" D’éistinn le hamhráin de chuid Chlannad, mar shampla, agus bhínn ag rá liom féin: “Cad é ábhar na n-amhrán seo?” Bhí siad lán d’uaigneas agus de dhúil.
ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Fiú más fíor seo, ní hionann sin is a rá, dár ndóigh, gur robáil é a d’ordaigh an IRA.
bhínn ag rá liom féin I used to say to myself
" D’éistinn le hamhráin de chuid Chlannad, mar shampla, agus bhínn ag rá liom féin: “Cad é ábhar na n-amhrán seo?” Bhí siad lán d’uaigneas agus de dhúil.
Ná bíodh sé le rá feasta let it not be said anymore
" Ná bíodh sé le rá feasta *“Up here it’s different”.
D’fhéadfaí a rá it could be said
" D’fhéadfaí a rá gurb é sin an toradh ar chomh maith is atá ag éirí leis an tionscal le tamall beag de bhlianta.
Ná bíodh sé le rá feasta let it not be said anymore
" Ná bíodh sé le rá feasta *“Up here it’s different”.
Ní hionann sin is a rá that doesn't mean to say
" Ní hionann sin is a rá, áfach, go bhfaighidh tú seirbhís mhaith! Más mian leat do chomhlacht a aistriú ó lár na cathrach go dtí oifigí nua ar an imeall, cuimhnigh air seo: cé go mbeidh neart spásanna páirceála ann, is dócha go mbeidh sé deacair oibrithe sóisearacha a fháil, mar go minic ní bhíonn gluaisteán acu.
– ní fhéadfaí a rá it couldn't be said
" Sa ghrianghraf a chonaic mise, bhí an leon ag smúrthacht thart in aice le fál leictreach – ní fhéadfaí a rá nach *canned hunt *a bhí ann.
táthar ann a bheas á rá sin there are people who will be saying that
" Agus, i ndáiríre, i gcomparáid lena bhfuair muid amach ó d’fhág tú an tír seo, bhuel ní thig liomsa a rá gur aingeal thú, ach táthar ann a bheas á rá sin.
Féadann tú sin a rá you can say that again
" Ní bhíonn a dhath ag cur bhuartha orthu ach a ngaosán,” “Féadann tú sin a rá,” arsa Eibhlín.
ar shuíomh na hirise mór le rá on the site of the well-known magazine
" Mar shampla, tá blag laethúil ar chúrsaí teilifíse le fáil ar shuíomh na hirise mór le rá *Time *(www.
ar shuíomh na hirise mór le rá on the site of the well-known magazine
" Mar shampla, tá blag laethúil ar chúrsaí teilifíse le fáil ar shuíomh na hirise mór le rá *Time *(www.
táthar ag rá it's being said
" 8 milliún, anois os cionn líon na ndaoine gorma, agus táthar ag rá nach fada anois go mbeidh siad ag bagairt ar na "hAngla-Mheiriceánaigh" go polaitiúil.
á rá den chéad uair singing it for the first time
" Ba é Con Graney a d’airigh mé á rá den chéad uair agus Donie Lyons óm dhúthaigh féineach a thug na focail dom.
ní fhéadfaí a rá it couldn't be said
" Cé nach mbeadh aon locht ag roinnt mhaith daoine ar a leithéid, ní fhéadfaí a rá go raibh an t-uafás samhlaíochta ag baint leis.
á rá fúithi being said about it
" Gan amhras, tá an tír go mór i mbéal na ndaoine ar fud an domhain, ach is annamh a chloistear mórán rudaí fabhracha á rá fúithi sa lá atá inniu ann.
amhail is gur chirte dó an Chlochaois a rá as if it would have been more correct for him to say the Stone Age
" ’ Tharraing sé a mhála ón talamh, na strapaí ag geonaíl amhail is gur chirte dó an Chlochaois a rá.
go bhféadfá a rá that you could say
" Is dócha go bhféadfá a rá gur bruachbhaile de chuid na Gaillimhe atá anois ann.
d'fhéadfá a rá you could say
" Is baile beag é Baile Monaidh atá in aice le cósta álainn Aontroma thuaidh agus d'fhéadfá a rá gur ceantar stóinseach é.
den chóras oibriúcháin mór le rá. of the well-known operating system.
" com/windowsvista/), leagan nua den chóras oibriúcháin mór le rá.
mór le rá well known
" Sin buntáiste a bhaineann le bheith mór le rá – cé nach raibh siad iomlán tógtha leis an smaoineamh faoi athscríobh, bhí mé in ann é a éileamh.
ní fhéadfá a rá you couldn't say
" Scríobhann siad agus ní fhéadfá a rá cárb as iad.
ní hionann sin agus a rá that's not to say
" Is creatlach de charachtar é gach duine ach ní hionann sin agus a rá nach gcuirtear inár láthair iad ar bhealach mothálach; cuirtear agus ar bhealach gonta bríomhar leis.
an t-amhránaí mór le rá the well-known singer
" Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.
daoine mór le rá. well-known people.
" “D'éirigh go maith leis na Chieftains agus a macasamhail, agus an tslí ar éirigh leo ná trí bheith ag obair le ceoltóirí eile, mar shampla, Emmylou Harris agus daoine mór le rá.
Bhímis ag rá léi we used to be saying to her
" Bhímis ag rá léi *go raibh* go leor airgid aici go cinnte.
scéalaí mór le rá a famous story-teller
" Bhí páistí scoile áitiúla páirteach ann, agus scéalaí mór le rá de chuid an lucht siúil, Essie Stewart.
go bhféadfaí a rá that it could be said
" Is fíor a rá go raibh níos mó cluichí i mbliana ann a bhí fíormhaith ná mar a bhí le blianta beaga anuas, agus bhí roinnt torthaí suimiúla sa tSraith Náisiúnta, go mór mór Áth Cliath ag buachaint ar Ghaillimh, ar Luimneach agus comhscór acu le Cill Chainnigh, ach ag an am céanna ní raibh dóthain iomaíochta in a lán de na cluichí le go bhféadfaí a rá go raibh séasúr sármhaith ann.
Gael aitheanta mór le rá a well-known Gael
" Deir sé go gcasfar air Gael aitheanta mór le rá agus é ag rith amach an doras ar cosa in airde.
Aisteach le rá, Strange to say,
" Aisteach le rá, ach tá dlúthbhaint ag Sasana le tús an spóirt Mheiriceánaigh seo.
Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá The game spread out from the well known universities
" Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá ar an gcósta thoir, agus roimh i bhfad, bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, ar a tugadh The Ivy League.
neart le rá acu a lot to say
" Bhí Béarla breá acu, neart le rá acu faoi chuile shórt agus leibhéal ardnósachta ina measc a bhain geit asam.
le rá leis to say to him
" Ní ba dhéanaí sa lá, chuaigh mé chomh fada leis an mBráthair Thomas le rá leis nach mbeinn ar fáil ar an Satharn, dá mbeinn ag teastáil, mar go mbeadh cluiche peile Gaelaí agam de ghnáth an tráthnóna sin.
Sin ráite, Having said that,
" Sin ráite, dá dtiocfadh siad ar ais chun an tíre seo, bheadh siad ina** **n-éin chorra anseo fosta.
ní hionann sin is a rá that is not to say
" Ach ní hionann sin is a rá go gcaithfidh dream ar bith dearmad a dhéanamh ar gach as ar tháinig siad le go mbeidh rath orthu.
É sin ráite, Having said that,
" É sin ráite, tá údair éagsúla dhóchais ag an ALP.
Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá Like other famous figures
" Agus ach an oiread le daoine eile mór le rá a bhí íocónach agus tragóideach, leithéidí Elvis Presley, Marilyn Monroe agus Jim Morrison, tá daoine ag léiriú spéis ollmhór inti go fóill – ina saothar agus sa saol pearsanta a chaith sí leis an fhile Ted Hughes sular chuir sí lámh ina bás féin.
mar is beaichte a rá. to be exact.
" Is cuma más diúgaire nó duine den lucht gnó thú, beidh suim agat sa scéal is déanaí ó ghrúdlanna Miller agus Coors - nó SABMiller agus Molson Coors mar is beaichte a rá.
gur deacair a rá that it is difficult to say
" Go deimhin, ceannaítear agus díoltar cearta grúdaithe agus dáileacháin na mbeoracha seo chomh minic anois gur deacair a rá cé leis iad níos mó, ach amháin gur fiú breis agus 10 faoin gcéad den mhargadh Meiriceánach beorach iad beoracha ón iasacht anois.
go dtiocfadh leis an roinn a rá the department could say
" Dá mba chéim thábhachtach i stair oideachas na hÉireann é foilsiú an churaclaim, mar a dúirt an Micheál Martin ag an am, cad chuige nár shocraigh sé fhéin nó an Roinn Oideachais an próiseas a bhí ordaithe in Alt 30 den Acht Oideachais a leanúint leis an churaclam a fhorordú? An amhlaidh gur glacadh cinneadh gan a leithéid a dhéanamh? Nó an é go ndearnadh neamart ann? Tugann an tAcht Oideachais bealaí eile d'airí oideachais le polasaí oideachais na tíre a chur chun cinn agus is dócha go dtiocfadh leis an roinn a rá go dtig le hairí na bealaí sin a úsáid le curaclam a mholadh.
a bhí mé ar tí a rá, I was about to say
" “Stan bocht”, a bhí mé ar tí a rá, ach “Stan saibhir” ba chóir dom a rá.
Aisteach le rá, strange to say
" Aisteach le rá, ach ní raibh a leithéid de náisiún agus “an Astráil” bunaithe go hoifigiúil ag am sin.
An mbeadh aon duine ag rá would anyone be saying
" An mbeadh aon duine ag rá leis an údar nach raibh an lámhscríbhinn réidh fós? An mbeadh aon duine ann le snas a chur ar an lámhscríbhinn sin? An mbeadh aon duine ag rá nach raibh an leabhar go maith ar chor ar bith?! Bheadh díle leabhar míshlachtmhar ann, lán botún agus cuma neamhghairmiúil orthu.
Ní háibhéil é le rá it is not an exaggeration to say
" Ní háibhéil é le rá gur bhain an t-Uasal Rudd ollbhua amach.
Bhítí á rá mar chúis gháire it was said as a joke
" Bhítí á rá mar chúis gháire agus muid anseo i dtosach.
go leor daoine polaitiúla mór le rá a lot of important political figures
" Is cinnte fosta go mbeidh go leor daoine polaitiúla mór le rá na coigríche – idir lucht tacaíochta, dóibh siúd atá in aghaidh an chonartha agus “*headbangers*”, más fíor d’Enda Kenny – ag tarraingt ar an tír seo sna míonna beaga amach romhainn lena gcás a leagan os comhair an phobail.
ag rá rud éicint a bhí tábhachtach. saying something that was important.
" “Bhí an smacht sin aige ar a ghlór agus é chomh cinnte sin go raibh sé ag rá rud éicint a bhí tábhachtach.
agus is leor a rá and it suffices to say
" Bíonn damhsóirí idir naoi mbliana déag agus 90 bliain d'aois ag glacadh páirte iontu, idir fhir agus mhná, agus is leor a rá go raibh cinneadh níos fusa le déanamh ag Meryl Streep sa scannán sin *Sophie's Choice *ná mar a bhí le déanamh agamsa mar mholtóir!**Mealltach** Ach is é an buaiteoir is mó i ndeireadh na dála ná muidne.
is deacair a rá it is difficult to say
" D’fhéachamar chun cinn an mhí seo caite agus chuireamar ar an taifead é go gceapaimid go mbuafaidh Ciarraí Craobh na hÉireann sa pheil agus go mbuafaidh Cill Chainnigh craobh na hiomána, agus níor tharla tada ó shin (bua Aontroma agus iad ag imirt i gcoinne Chill Chainnigh i gCorn an Bhreatnaigh san áireamh) chun sinn a chur ar mhalairt tuairime! Murab ionann agus cluichí na nGael, áfach, is deacair a rá cén chaoi a n-éireoidh le foirne agus le lucht spóirt na hÉireann i gcoitinne in 2008.
stiúrthóir mór le rá a famous director
" Cé gur stiúrthóir mór le rá é, thaitin coincheap Fhíbín leis agus bhí sé báúil linn.
an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá it is not an exaggeration to say
" Ar an dara lá den pharlaimint nua, ní háibhéil é a rá go raibh aird an náisiúin dírithe ar an gcéad seisiún i dTeach na nIonadaithe.
Caithfear a rá it must be said
" Imeallú Caithfear a rá go bhfuair cuid nach beag de na páistí oideachas agus traenáil nach mbeadh ar fáil dóibh sa bhaile agus dá bharr sin bhí deiseanna níb fhearr acu sa tsochaí gheal.
ní hionann sin is a rá that is not to say
" Cuireadh an bhéim thuas ar mhórimeachtaí na féile, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis na himeachtaí eile a bheas ar siúl i rith na Seachtaine ar fud na tíre agus thar lear.
ní thuigeann siad faic atá á rá agat they don't understand anything you say
" Is cuma cén iarracht a dhéanann tú, ní thuigeann siad faic atá á rá agat – agus measaimse go mbíonn siad mar sin d’aon turas.
nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam. that they can't even guess at what I am saying
" Ceist a chur orthu tuige a bhfuil siad chomh caillte? An falsacht atá ann? An bhfuil mo chuid cainte chomh briotach sin, chomh dothuigthe sin, nach dtig leo fiú tomhas cad é atá á rá agam.
caithfidh mé a rá gur mhór an trua I must say that it would be a big pity
" Bhuel, anois is mo sciolladh déanta agam, caithfidh mé a rá gur mhór an trua dá n-imeodh canúintí agus blasanna áitiúla ar fad, mar sin féin.
ní háibhéil é a rá it is not an exaggeration to say
" Ón uair a chuaigh sé i mbun fuirseoireachta proifisiúnta i 1997, ní háibhéil é a rá go bhfuil na mílte seó grinn ar a bhoinn déanta aige, in Éirinn agus i gcéin.
cumadóirí mór le rá well known composers
" * Bhí cúig ainmniúchán san iomlán i gceist i gcatagóir na n-amhrán, trí cinn acu a bhí faighte ag na cumadóirí mór le rá Alan Menken agus Stephen Schwartz as ucht na n-amhrán a chum siad don scannán *Enchanted.
an t-aisteoir mór le rá the famous actor
" ” Is léir go ndeachaigh an t-aisteoir mór le rá Don Wycherley, a raibh ceann de na príomhrólanna aige sa tsraith, i bhfeidhm go mór ar Carrie.
go bhfeadfaí a rá that it could be said
" Agus taitníonn Bertie Ahern le go leor daoine, is cosúil – is amhlaidh go bhfeadfaí a rá go bhfuil a phearsantacht ar cheann de na buanna is mó atá aige.
thiocfadh leat a rá you could say
" Ar bhealach, thiocfadh leat a rá gur réabhlóid chiúin na teanga is ea an méid atá ar siúl i Meiriceá Thuaidh.
grúpaí mór le rá well-known groups
" Rinneadh an t-albam cáiliúil sin de chuid Emmet Spiceland a thaifeadadh in De Lane Lea i Londain, an stiúideo cáiliúil ar thaifead Jim Hendrix an t-amhrán “Hey Joe” ann agus a raibh grúpaí mór le rá de chuid na seascaidí agus tús na seachtóidí mar The Beatles, The Rolling Stones agus Deep Purple ag tarraingt air go rialta.
polaiteoirí mór le rá big name politicians
" Agus ní hionadh é ach an oiread go bhfuil baint láidir ag cuid de na corparáidí seo le polaiteoirí mór le rá sna Stáit Aontaithe.
Ní háibhéil é a rá it is no exaggeration to say
" Ní háibhéil é a rá go raibh aird na hAstráile dírithe ar an bpríomhchathair, Canberra, ar an 19 agus an 20 Aibreán i mbliana agus comhdháil náisiúnta – ar a tugadh Australia 2020 Summit – ar siúl.
mór le rá well known, important
" Tá sraitheanna mór-ráchairte mar *Bringing it All Back Home *(BBC), *Other Voices* (RTÉ) agus *Sé mo Laoch* (TG4) déanta aige, mar aon le cláracha faisnéise ar cheoltóirí mór le rá mar Tom Waits, Daniel Lanois, Christy Moore agus Elvis Costello.
mór le rá well known, important
" Tagann Gusaí Gaimbín – “an tógálaí mór le rá” – chuig Lios na gCat agus cead pleanála á lorg aige chun casino, ionad dramhaíola agus monarcha don phróiseáil seithí a thógáil.
náisiúnaí mór le rá well know nationalist
" D’ólamar deoch an oíche sin le Phil Gawne, díograiseoir teanga, náisiúnaí mór le rá agus Aire Ta lmhaíochta Mhanann.
go bhféadfaí a rá that it could be said
" Agus is dócha go bhféadfaí a rá go bhfuil siad gar go maith don leibhéal sin clú a bheith orthu anois, nó chomh gar dó agus ba mhaith leo a bheith.
mór le rá well known
" An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais.