Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tóir rábach huge popularity
" Buille eile in aghaidh réimeas Bush is ea an tóir rábach atá ar scannán conspóideach Michael Moore, Fahrenheit 9/11.
rábach widespread
" Déarfadh lucht a gcáinte nach bhfuil i bhfeachtas an chúigir atá i bpríosún ach sampla eile den *nimby*achas atá rábach ó cheann ceann na tíre.
ag díomailt airgid go rábach squandering money recklessly
" San áit go raibh ár sinsear barainneach, tá muidine ag díomailt airgid go rábach.
chaitheamh rábach reckless spending
" Ach níl aon chosúlacht ar an scéal go dtiocfaidh maolú ar an chaitheamh rábach an Nollaig seo.
duine rábach dathúil a dashing handsome figure
" Ba shaighdiúir agus píobaire an-mhaith é Donald agus duine rábach dathúil a bhí tógtha leis an ól.
chaiteachas rábach rampant expenditure
" Cén t-ionadh mar sin nár thug an seachtar ball déag – idir cheapacháin rialtais agus ionadaithe na gceardchumann faoi deara go raibh rud ar bith as bealach faoin chaiteachas rábach a líomhnaítear a bhí ar bun ag iar-Príomhfheidhmeanach FÁS, Rody Molloy, agus a chomhleacaithe le hairgead poiblí.
chaiteachas rábach wild expenditure
" Ó thosaigh an ghéarchéim gheilleagair reatha is beag seachtain nach mbíonn alt sna nuachtáin náisiúnta faoin chaiteachas rábach a bhaineann le cúrsaí Gaeilge.
fás rábach abounding growth
" Anois go bhfuil fás rábach casadh an chéid fuar san uaigh, is ceart agus is cóir dúinne, d’aos óg na tíre, breathnú siar ar an saol splancúil úd.
Rábach robust
" Slánú leis an gCur Chuige Rábach ========== An mbeadh tuismitheoirí in Éirinn anois sásta bac de chineál a chur idir an Béarla agus a gcuid páistí? Sin í an cheist.
go rábach plentifully
" Thug Haughey comhairle do dhaoine a bhí ag saothrú a gcuid pingeacha go cneasta go raibh siad á gcaitheamh go fánach agus go rábach fad is a bhí sé féin ag síneadh bhabhla na déirce i dtreo bhoic mhóra an rachmais.
ar fáil go rábach available big dime
" Tá sé ar fáil go rábach agus go saor, nó go daor le cumhrán fiú amháin agus tá a fhios ag Dia an éagsúlacht earraí a fheicimid os ár gcomhair i siopaí chaon lá den tseachtain.
faoi bhainistíocht rábach under the vigorous management
" Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta.