Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mí-réalaíocha unrealistic
" Bhí faitíos ann go mbeadh rudaí mí-réalaíocha ann, ach níl.
réalaíoch realistic
an saol réalaíoch the real world
" Thaispeáin Caravaggio an saol réalaíoch de réir mar a chonaic sé féin é.
réalaíoch realistic
" Morgáistí ollmhóra ======= Ar an drochuair, is minic nach mbíonn muid réalaíoch faoinár gcostais mhaireachtála agus is fíorannamh a chuirtear suim airgid ar leataobh d’éigeandálaí.
deatach a scaipeann go réalaíoch smoke which scatters realistically
" Cuirfidh an teicneolaíocht seo ar chumas foilsitheoirí domhain shaorga níos réadúla a chruthú le, mar shampla, uisce a shreabhann i gceart agus deatach a scaipeann go réalaíoch.
an phéintéireacht réalaíoch, the realist painting,
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
polasaithe soiléire, réalaíocha clear, realistic policies
" In áit polasaithe soiléire, réalaíocha a bhain le saol laethúil na vótóirí ach a bhí difriúil go maith ó cibé polasaithe bhí na páirtithe eile a thairiscint, bhí Adams éiginnte agus seachantach.
réalaíoch, realistic,
" Cén fáth a bhfaigheadh imreoir airgead ach nach bhfaigheadh réiteoir airgead? Chomh maith leis sin, le bheith réalaíoch, cé as a dtiocfadh an t-airgead? Bhí caint tamall ó shin go bhfaighfí réidh le Connachta mar fhoireann phroifisiúnta rugbaí agus níl ach ceithre fhoireann sa tír sa spórt sin.
as ucht a bheith réalaíoch, for being realistic,
" Is mithid an chomparáid, agus b'fhéidir gur cheart dúinn buíochas a ghabháil leis an uachtarán as ucht a bheith réalaíoch, ach más ea, buíochas fuar ba cheart a ghabháil.
mar iarrthóir réalaíoch as a realistic candidate
" I gcaolthoghcháin, mar an ceann seo, má bhuann iarrthóir imeallach an vóta, is féidir leis an fuinneamh sin a úsáid chun é féin a chur chun tosaigh mar iarrthóir réalaíoch i stáit eile.
seans réalaíoch realistic chance
" Mar gheall ar smál a bheith ar an triúir seo, tá seans réalaíoch ag beirt eile atá imeallach faoi láthair – Mike Huckabee ó Arkansas agus Fred Thompson ó Tennessee.
níl sin réalaíoch. that is not realistic
" Ní móide go mbuafaimid aon rud, ach cá bhfios? Bímid ag súil gach ceathrú bliain le buaiteoirí Éireannacha ag na cluichí Oilimpeacha, ach níl sin réalaíoch.
ceangal an-réalaíoch very realistic link
" Ar an dóigh seo, tá ceangal an-réalaíoch idir an saol fíorúil agus an fíorshaol! Is amhlaidh go bhfuil córas speisialta i gceist, LindeX, leis na malartuithe a chur i gcrích.
ealaín réalaíoch real art
" Bíonn díospóireachtaí ar siúl inti chomh maith maidir le cé acu an bhfuil an luach céanna ag baint le healaín fhíorúil agus atá ag baint le healaín réalaíoch nó nach bhfuil.
Go réalaíoch, realistically
" Go réalaíoch, ní raibh ach triúr san iomaíocht i dtús báire, agus nuair a d'éirigh John Edwards, ó North Carolina, as an rás ar an 31 Eanáir, ní raibh fágtha ach beirt.
go réalaíoch realistically
" Sin an fáth a raibh an DUP agus Sinn Féin ábalta suí síos le chéile mar go raibh siad ábalta cur ina luí go réalaíoch ar thromlach a lucht tacaíochta go bhfuair siad an ceann is fearr ar an sean-namhaid.
réalaíoch realistic
" Is mór an t-údar díomá é, áfach, go bhfuil an dara páipéar seo ag teacht salach ar an gcéad cheann, mar maíonn na húdair ann nach bhfuil na spriocanna fuinnimh in-athnuaite atá leagtha amach ag an rialtas réalaíoch ar chor ar bith! Tá an rialtas ar tí na billiúin Euro a chaitheamh ar bhonneagar fuinnimh na tíre, agus más mall is mithid.
réalaíoch real
" I mbrollach an scannáin feictear an bheirt acu, i ndubh agus bán niamhrach rómánsúil, ins an lonnú lionsa is moille dá bhfaca tú riamh, i mbun suirí réalaíoch ar urlár an tí.
sprioc réalaíoch realistic target
" An sprioc réalaíoch é sin? In eagrán an Mhárta 2008 den iris eolaíochta ‘Science et Vie’, caitear amhras ar an gcumas atá ag an gcumhacht gaoithe (nó gréine) ionad na cumhachta eithní nó ionad cumhacht ó bhreoslaí iontaise a thógáil.
réalaíoch realistic
" Caithfidh tú a bheith dáiríre agus réalaíoch, mura n-athraímid rud éigin, leanfaidh rudaí mar atá siad agus níl an scéal go maith.
réalaíocha realistic
" An spriocanna réalaíocha iad sin? El Hierro ==== Ar El Hierro, an t-oileán is lú de chuid na nOileán Canárach, tuigtear go mbeidh an pobal buan, beagán os cionn deich míle duine, mar aon leis an seasca míle duine a thagann ar cuairt chuig an oileán gach bliain, iomlán neamhspleách ó thaobh cúrsaí fuinnimh de go luath an bhliain seo chugainn.
léargas réalaíoch realistic exposition
" An Fhírinne nó Cruinneas Áirithe ================ Cé gur chuir an iliomad scribhneoirí idir scribhneoirí Gaeilge agus Béarla spéis iontu i gcaitheamh na mblianta is beag leabhar a bhfuil léargas réalaíoch déanta ar an mionlach seo iontu, léargas a bhfuil fírinne nó cruinneas áirithe ag baint leis – (is eisceachtaí anseo iad an léargas a thugann Pádraic Ó Conaire ar Lucht Siúil na Seónna Taistil in Deoraíocht agus an dream ar tugadh na ‘tincéirí’ uair amháin orthu sa nóibhille Eitleán le Seán MacMathúna).
saol réalaíoch real life
" Bhí clár doiciméadach ar RTÉ le déanaí inár chuir na láithreoirí déagóirí Éireannacha faoi agallamh i dtaobh scoileanna Mheiriceá, agus ansin thug cuairt ar ardscoil Mheiriceanach i Maine sna Stáit Aontaithe chun tuairimí na nÉireannach a chur i gcomórtas leis an saol réalaíoch.
déanann a gcuid pictiúirí réalaíocha nasc le their pictures make a link with
" Rinne na healaíontóirí Antonio Tempesta agus Niccolo Circignani don Phápa Gréagóir XIII (1572-85) iad agus déanann a gcuid pictiúirí réalaíocha nasc le mairtíreacht Naomh Stíofán.
cosúlacht an-réalaíoch go deo a very realistic appearance
" Faoin mbliain 1765 bhí úinéir caifé aitheanta i Leipzig na Gearmáine, Johann Georg Schröpfer, ag eagrú séance go rialta i seomra cúil a chaifé, seónna a raibh tionchar uathúil mar chuid rialta díobh, lena n-áirítear teilgeadh taibhsí a raibh cosúlacht an-réalaíoch go deo orthu.