Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha that he crossed the threshold of literary reality
" Ó tá a fhios ag an léitheoir gur thrasnaigh sé tairseach na réaltachta liteartha ar léamh na n-abairtí tosaigh dó, tuigeann sé go bhfuil sé ag plé anois le domhan a dhéantar a struchtúrú ar bhealach áirithe mar mhaithe le scéal a insint, le téamaí a phlé agus le hipitéisí a chur i gcás.
cláracha réaltachta reality programmes
" Níl duine ar bith acu ag dul a rá, ‘Ó, is breá liom cláracha réaltachta’.
i gcláracha réaltachta éagsúla in various reality programmes
" Thug sé cuireadh do naonúr a bhí páirteach i gcláracha réaltachta éagsúla teacht chuig preasócáid a bhí ar siúl aige sa Café Royal i Londain le gairid chun labhairt faoin taithí a bhí acu agus chun ceisteanna a fhreagairt.
sa tsraith réaltachta in the reality series
" Is cainteoir Gaeilge í agus bhí sí le feiceáil ar scáileáin na hÉireann le déanaí agus í ag glacadh páirte mar mholtóir sa tsraith réaltachta *Fáilte Towers* a craoladh ar RTÉ.
réaltachta reality
" ” Ba i measc éisteoirí meánaosta RTÉ Raidió 1 ba mhó a bhí aithne ar John Creedon go dtí gur ghlac sé páirt i gclár teilifíse réaltachta an samhradh seo caite.
réaltachta reality
" Sar i bhfad bhí Donald Trump agus a pheiriúc dochreidte le feiceáil ar scáileáin teilifíse Mheiriceá, go háirithe nuair a chuir sé tús le sraith teilifíse réaltachta "The Apprentice" i 2004.
chláracha réaltachta reality programs
" Rinne an scríbhneoir/iriseoir Éamonn Mc Cann, in éineacht leis na léiritheoirí cláir bhreathnadóireachta, Julian Keane, Ewan Angus, Paul Mc Guigan agus Steve Carson ó RTÉ, scrúdú géarchúiseach ar an bhonn eiticiúil a bhí faoi ‘chláracha réaltachta’ agus mheabhraigh siad an mhórtharraingt a bhí ag cláracha ar nós *The Estate* agus *The Scheme*.
réaltachta reality
" " Cosúil leis an teilifís réaltachta leanfar an seisear ó sheachtain go seachtain agus iad i mbun foghlama.
ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta on a Reality TV programme
" Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh.