Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mar a tharlaíonn rómhinic as happens too often
" Ach mar a tharlaíonn rómhinic le foireann Átha Cliath, chuaigh cúl isteach go mí-ámharach ina gcoinne agus scórail DJ Carey cúl eile gar do dheireadh an chluiche.
nach bhfeictear go rómhinic not often seen
" Cé go raibh na cruinnithe seo beag, áfach, léiríonn siad taobh eile de chathair Nua-Eabhrac, taobh nach bhfeictear go rómhinic ar an nuacht nó i scannáin Hollywood.
ba rómhinic it was too often
" Tá an focal *mzungu (*duine geal) i gceist i ngach teanga, agus ba rómhinic a chuala mé an focal sin! Sna foilseacháin turasóireachta ar fad, deirtear faoin Maláiv gurb í *The Warm Heart of Africa*, agus ní haon áibhéil é sin.
rómhinic too often
" Anois, in áit bualadh le chéile le haghaidh cuideachta agus comhrá, is rómhinic ar fad sinn ag seoladh ‘sonc’ ar Facebook, nó ‘gíog’ ar Twitter.
rómhinic too often
" An bhfuil a fhios agat, aon uair a théim abhaile go Ciarraí, bíonn áthas orm é a fhágaint mar maraíonn siad mé le deoch thíos! (Tosaíonn ag gáire) Bíonn ana-chraic agam nuair a théim abhaile agus go mór mór nuair ná téim abhaile go rómhinic.
rómhinic too often
" Ní fheiceann muintir na hÉireann rómhinic iad sa samhradh ó thréig an duine an rothar ar an gcarr.
Ní rómhinic it’s not too often
" Ní rómhinic a fhógraítear na laethanta seo an méid airgid a chaitear ar theach a thógáil.
go rómhinic too often
" Tuiscint ar an Chos ar Bolg ============ Coirdínigh, Airméanaigh, Bascaigh, chomh maith leis na Palaistínigh, tá gnéithe de scéalta crua a dtíortha agus a muintire a léiríonn roinnt gnéithe den chos ar bolg agus den díothadh a tharlaíonn go rómhinic in áiteanna éagsúla ar an domhan.
faillíoch agus mífhreagrach rómhinic negligent and irresponsible too often
" Is é an teachtaireacht is mó a thagann as na heachtraí seo ar fad dar liom ná go mbíonn údaráis spóirt, i gcóngar is i gcéin, atá freagrach as sábháilteacht imreoirí, faillíoch agus mífhreagrach rómhinic nuair a tharlaíonn drochghníomhartha ar pháirceanna spóirt.
cheanglaíonn go rómhinic an cine Gorm black people are too often linked
" Ní cabhair ar bith iad na meáin, a cheanglaíonn go rómhinic an cine Gorm le dronganna agus drugaí.
Ní rómhinic a shamhlaítear one doesn’t often think of
" Ní rómhinic a shamhlaítear cultúr na Gaeilge, nó an “Gaelachas”, le fochultúir na homaighneasachta, agus shílfí gurbh as riocht a bheadh an amhránaíocht ar an sean-nós, cuirim i gcás, dá gcloisfí é i dteach tábhairne aerach i mBaile Átha Cliath.
rómhinic san am a caitheadh too often in times past
" Thiocfadh leat an mheitheal bheag a bheas ina bhun a shamhlú ag breathnú ar an chéile ar an gcéad lá acu san oifig, agus iad ag rá lena chéile: an mbeidh muid anseo amárach? An dtabharfaidh an Foras an t-am dúinn leis an bpáistín fionn seo a thógáil, nó an dtitfidh an tua go tobann orainn faoi mar a thit rómhinic san am a caitheadh? Agus cén saghas ainmhí aisteach idir-dhá-stól atá idir lámha againn ar aon nós? Nuachtán seachtainiúil in-íoslódáilte le gné éigin nuachta a bheas á uasdátú níos minicí ná sin? An n-éireoidh linn muinín an phobail a fháil don ainmhí aduain seo? An dara dúshlán ná dúshlán na samhlaíochta.
nach rómhinic not very often
" Is minic a smaoiním ar an ngné seo dár saol ar líne i ndáiríre agus is oth liom a rá nach rómhinic a bheadh na smaointí seo infhoilsithe.
go rómhinic sna meáin too often in the media
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
ag fógairt go rómhinic advertising too often
" Tá ráite ag DoneDeal go mbítear ag ar fhógraíocht agus go gcuirtear cosc ar dhaoine a bhíonn ag fógairt go rómhinic.
Rómhinic dá bharr sin too often because of that
" Rómhinic dá bharr sin go bhfágann siad foirne eile fann, lag, tnáite, brúite, briste faoi dheireadh cluiche.