Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag déanamh an racáin making a racket
" " Leis sin, tháinig an fear a bhí ag déanamh an racáin amach as cúl an tseastáin.
racán fíochmhar ferocious tumult
" Bhí an oifig i Sráid Duibhise, ceantar lán-náisiúnaíoch, ach thoiligh an RUC an bhratach a thógáil, rud a chuir tús le tréimhse fhada de racán fíochmhar.
racán uproar
" Bhí racán ar Bhóthar Cluanaí nuair a baineadh úsáid as canóin uisce den chéad uair leis na cianta i ndiaidh do mháirseáil Oráisteach teacht fríd geata a d'oscail an PSNI dóibh le siúl ar an chuid Chaitliceach den bhóthar.
racáin brawls
" B'fhéidir gur mian leo go n-imeodh siad, agus nár mhaith leo pilleadh ar an "streachailt armtha" ach tig fearg orthu nuair a tchí siad iompar an PSNI, agus téann achan taobh ar ais go dtí an seanmhúnla - racáin, foréigean, cluiche an mhilleáin.
racáin uproars
" Na racáin, an foréigean, an úsáid gunnaí agus caitheamh buamaí in éadan an PSNI a lean máirseáil an Oird Oráistigh ar Bhóthar Chluanaí an mhí seo caite, míníodh iad mar racht feirge in éadan na bochtaineachta ina bhfuil dílseoirí ag maireachtáil, racht in éadan na “*concessions*” a tugadh do náisiúnaithe, racht in éadan Choimisiún na bParáideanna a chuir brú ar an Ord Oráisteach bogadh cúpla céad slat suas an bóthar óna “mbealach traidisiúnta.
racáin tumult
" “Bhí na racáin i gceantracha Protastúnacha roinnt seachtainí ó shin go dona,” ar sé.
racán row
" Ach an oiread le fiosrú dúnmharaithe bíonn tábhacht faoi leith ag baint leis an chéad cheithre huaire fichead in aon racán polaitiúil.
racáin brawls
" I mí Mheán Fómhair 2005, chonacthas na racáin ba mheasa le deich mbliana i mBéal Feirste.
racán uproar
" Bhuail tallann anó agus éadóchais Tomás agus é ina shuí ag barr an staighre ag éisteacht leis an racán a bhí thíos.
racáin brawls, fights
" Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
thóg siad an-racán. they kicked up a big fuss.
" D’fhoilsigh siad a gcéad *prospectus* agus nuair a chonaic cuid de na scoileanna Caitliceacha sa tuaisceart nach raibh an Ghaeilge ar an chlár léinn acu, thóg siad an-racán.
racáin brawls
" Ar an drochuair, ba mhinic a bhíodh daoine ar na stártha roimh dheireadh an lae, agus ó am go ham bhriseadh racáin amach idir leantóirí ólta.
racán rumpus
" Bhí racán ann fosta nuair a d’ardaigh beirt lúthchleasaithe Meiriceánacha – Tommie Smith agus John Carlos – doirne iata le linn shearmanas bronnta na mbonn.
racán rumpus
" Tarraingíodh an oiread sin de racán faoi gur beartaíodh é a chur ar an mhéar fhada.
racán racket
" Tá príosúnaigh phoblachtacha ina seasamh go tostach ina gcillíní, na ballaí smeartha le cac agus bia, ag éisteacht go míshuaimhneach leis an racán taobh amuigh - áit a bhfuil dhá line eochróirí príosúin, gléasta ó bhun go barr in éadaí círéibe, ag bualadh sciath go fíochmhar le smachtíní.
racáin disturbances
" Nárbh é an bratach trídhathach ba chúis le chéad racáin mhóra na dtrioblóidí i Sráid Duibhise i 1964? Uair amháin, b’éigean dom cor bealaigh a ghlacadh i gceantar na Seanchille agus ag dul thart coirnéal áirithe, baineadh geit asam nuair a chonaic mé an bratach ba mhó UVF dá bhfaca mé riamh díreach os mo chomhair.
racán rumpus, storm
" Nuair a thug sé an deis do Nijinsky píosa a chruthú le ceol de chuid Debussy – “Prélude à l'après-midi d'un faune” – thóg córagrafaíocht avant-garde Nijinsky racán agus scannal dochreidte.
racáin uproar
" org/wiki/Black_Pig's_Dyke) Fás faoi Líon na mBallaí Thóg Arm na Breataine na chéad bhallaí síochána i mBéal Feirste ar an 10ú Meán Fómhair 1969, i ndiaidh na racáin uafásacha a bhí ag réabadh na cathrach.
racán the rumpus
" Nuair a thagair Churchill do 'the dreary steeples of Fermanagh and Tyrone’ d'fhéadfadh sé Ard Mhacha a áireamh leo chomh maith mar a léirigh an racán a bhí ar siúl i bPort an Dúnáin an deireadh seachtain seo.
racán ról rock an' roll
" Níl aon bhlas áirithe i gceist, ach ní maith liom racán ról.
racáin disturbance
" Tá lámh na bparaimíleatach le feiceáil go soiléir - buamaí, marú, racáin - ní hionann agus seirbhísí slándála.
racáin rumpus, riots
" Dúirt an Eaglais Phreispitéireach nár leor é le daoine a choinneáil beo agus ba bheag seicteachas a léiríodh - bhí racáin ar an dá bhóthar in éineacht, Bóthar na Seanchille agus Bóthar na bhFál.
na racáin the disturbances
" D'amharc an Sliabh Dubh anuas ar na dúnmharaithe, na buamaí, na racáin, na mórshiúlta conspóideacha - agus ar an spraoi, an charthanacht agus ar an mhisneach.
faoin racán about the racket
" Caidé a bhfuil ár laoch ag tagairt dó, meas sibh? Tá sé ag caint faoin racán a tharlaíonn gach bliain i lár mhí Iúil nuair a mháirseálann roinnt daoine de chuid an Oird Fhlannbhuí trí ghabhal Bhóthar na Cromghlinne agus Bhóthar na Seanchille i bParóiste Ard Eoin i mBéal Feirste.
Níl cuimhne agam go raibh racán ná scliúchas I don’t (ever) remember a racket or a brawl
" Níl cuimhne agam go raibh racán ná scliúchas ag Oireachtas riamh, ná baol air fiú.
le linn seachtain de racáin during the week of disturbances
" Caitheadh buama peitril isteach i gcarr póilíní ina raibh garda mná faoi ionsaí ag 12 dílseoir, nó díleasóirí? Cad é dó? Bhí sé mar Kristallnacht eile ann, a dúirt póilín amháin agus é ag breathnú ar oifig de chuid Pháirtí an Alliance i mBéal Feirste an mhí seo caite i ndiaidh dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar oifig Naomi Long, an bhean a bhain an suíochán Westminster ó cheannaire an DUP, Peter Robinson ag an olltoghchán deireanach agus ionsaíodh foirgnimh agus bhaill eile de chuid an pháirtí le linn seachtain de racáin.
na racáin a lean mórshiúlta dílseacha the disturbances which followed the loyalist marches
" Michael Copeland, MLA ======== Má bhíonn an cur chuige céanna acu, ní bheidh sé chomh dian is a bhí sé le linn na racáin a lean mórshiúlta dílseacha le roinnt blianta anuas.