Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ní haon ribín réidh é it's no easy matter
" Bíonn ar an tír 90% dá fuinneamh a allmhairiú ina bhreosla iontaise agus ní haon ribín réidh é a bheith ag brath, ní hamháin ar sholáthar na mbreoslaí féin, ach a bheith ag brath, chomh maith leis sin, ar na praghsanna atá socraithe ag an margadh míthrócaireach idirnáisiúnta.
ribíní ar na sceacha ribbons on the bushes
" Beathaíodh na beithigh i gcaitheamh an gheimhridh leis an sadhlas agus anois tá an plaisteach dubh gránna, ina raibh na cornáin sadhlais clúdaithe, caite ar na bóithríní, ina ribíní ar na sceacha nó greamaithe le sreanganna leictreachais.
Ribín Bán white ribbon
" ‘Das Weisse Band’ - ‘An Ribín Bán’, le Michael Haneke Briseann sraith de ‘thimpistí’ agus de dhrochtharlúintí suaimhneas tuaithe an phobail.
Ní haon ribín réidh it's no pushover
" Ní haon ribín réidh a bhfuil rompu, ach níl aon amhras faoi chumas lucht a stiúrtha.
ribín ribbons
" Pé áit a d’imigh an Bhanríon an tseachtain sin, bheadh ribíní na Poblachta is an Aontais ar scáth a chéile ar foluain.
ach ribín ar shorn idir next to no difference between
" Ní raibh ann ach ribín ar shorn idir Fianna Fáil agus Fine Gael.
aon ribín réidh é no easy thing
" Níorbh aon ribín réidh é aitheantas a fháil don Ghaeilg i gcóras oideachais Shasana.
níorbh aon ribín réidh it was no push over
" os cionn farraige, óir níorbh aon ribín réidh an sliabh céanna.
níorbh aon ribín réidh it wasn’t easy
" Chuir Seán Greif aithne bheag ar mhuintir Agua Preta san Amazóin ach níorbh aon ribín réidh a ghabháil a fhad leo in Agua Preta.
Ní haon ribín réidh it’s not easy
" Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta.
Ní haon ribín réidh fáil réidh leis it’s no easy thing to get rid of
" Ní haon ribín réidh fáil réidh leis al-Assad.