Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ribí hairs
" Thug mé faoi deara go raibh ribí bána d'fhionnadh cait ar a cóta agus smaoinigh mé ag an am go gcaithfeadh sé go raibh sí buíoch as comhluadar an chait.
scrobarnach ribí sna polláirí scrubby bristles in the nostrils
" Bhí línte i ngach áit air, a éadan, línte doimhne ag síorathrú timpeall ar na súile, ar an mbéal agus é ag meangadh, na malaí seasta amach, bán, scrobarnach ribí sna polláirí, i bpoill na gcluas, línte ar na méara freisin, an muineál, gach áit.
ag tarraingt na ribí deireanacha de chreatlach an turcaí, pulling the last bristles from the turkey's skeleton,
" Fad is a bhí sibhse uilig ag tarraingt na ribí deireanacha de chreatlach an turcaí, bhí mise sáite sa stiúideo ag obair.
ribí dorcha gruaige dark bristles
" Luaitear níos mó ná uair amháin faoi Aisling, mar shampla, go bhfuil ribí dorcha gruaige ar a liopa uachtair agus samhlaítear cumhrán róis le Caoimhe.
ribí beaga little hairs
" Ní hamháin gur fhág an tae ribí beaga ar mo theanga leis an tainnin agus an tseirbhe, bhí an oiread sin pointí teagmhála ag an uisce a fhad is a bhí sé sa phota go raibh an tae fuar.
na ribeacha rua of the red feelers
" aspx) Ach ar ais chuig cuilceach na ribeacha rua - ambasadóir agus an ní is díol spéise do thurasóirí is mó atá ag an cheantar.
ribí strands
" Tá leacht tiubh sa chochla agus ar a hurlár tá structúr ilchasta, ar a ghlaotar Orgán Corti, leis na mílte mionghuairí, ribí gruaige a 'léann', nó a bhaineann adhmad as an minicíocht chasta, phróiseáilte.
aos bearrtha ribí gruaige barbers
" Bhí sé doiligh go leor cur suas leis na léinte gorma, ach anois tá daoine ann le léinte bándearga! Ní chaitheann a leath acu carbhait agus tá an leath eile ag iarraidh aos bearrtha ribí gruaige a chur as gnó.
chomh maith le ribí gruaige dá cuid as well as a strand of her hair
" Ní dhearna ceachtar acu dearmad ar a chéile áfach agus choinnigh Luigi grianghraf Mokryna i gcónaí chomh maith le ribí gruaige dá cuid.
ribí gruaige locks of hair
" Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.