Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
roghnaithe chosen
" Leanfadh an córas clarúcháin ar aghaidh de réir phrionsabail na vótála cionmhara go dtí go mbeadh na toghlaigh ar fad roghnaithe.
thimthriall roghnaithe na nuála innovation adoption cycle
" Cúig ghrúpa éagsúla ======= I gcúrsaí margaíochta agus straitéise, labhraímid faoi thimthriall roghnaithe na nuála.
roghnaithe selected
" Tá an Cheathrú Rua roghnaithe ag an Údáras mar mórbhaile, nó lárionad, do Ghaeltacht Chonamara, agus tá áiseanna dhá bhforbairt ann dá réir.
roghnaithe chosen
" Tá an suíomh roghnaithe againn, agus tá an t-úinéir toilteanach é a dhíol linn go réasúnta saor.
roghnaithe chosen
" Tá fáilte mhór curtha ag pobal na Gaeilge roimh cheapadh an Choimisinéara Teanga agus meas curtha in iúl ar an duine atá roghnaithe.
roghnaithe chosen
" Fógraíodh ag deireadh na míosa seo caite go bhfuil Proinsias Ó Maonaigh as Gaoth Dobhair roghnaithe mar Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge 2004.
roghnaithe chosen
" Tar éis duit na grianghraif atá roghnaithe agat a sheoladh chucu thar an idirlíon is féidir iad a íoc le cárta creidmheasa chun na híomhánna a chlóbhualadh duit agus a sheoladh ar ais sa phost chugat.
próiseas roghnaithe selection process
" "Tá próiseas roghnaithe ann atá beagán ar nós cheann na gCluichí Oilimpeacha (seachas an rógaireacht!).
roghnaithe chosen
" De réir na stráitéise náisiúnta sin ba chóir go mbeadh ospidéal réigiúnach nó áitiúil sna molbhailte atá roghnaithe.
roghnaithe chosen
" Is í Cathair Chorcaí atá roghnaithe mar chathair chultúrtha na bliana seo agus beidh tús oifigiúil á chur le "Corcaigh 2005, Cathair Chultúrtha na hEorpa", go luath.
coiste roghnaithe selection committee
" Bunaíodh coiste roghnaithe i measc iriseoirí agus craoltóirí spóirt agus bunaíodh coiste stiúrtha freisin chun rialacha agus nósanna imeachta a leagan síos don scéim.
roghnaithe chosen
" Níor phreasócáidí iad seo; thug sé na hóráidí (ar mar an gcéanna iad go léir, nach mór) den chuid is mó ar maidin lá dálaigh os comhair lucht féachana a bhí roghnaithe go hiomlán ó fhórsaí armtha na tíre.
roghnaithe chosen
" AÓF: Cén chaoi a dtosaíonn tú ansin? An dtagann an ceol nó na focail chugat ar dtús? CÓD: Ní féidir liom focal a scríobh gan fonn a bheith roghnaithe nó cumtha agam i dtosach.
roghnaithe chosen
" Táthar ag tabhairt "an I-65 Superbowl" ar an gceann seo, ó ainm an bhóthair idir Siceágó agus Indianapolis, na cathracha arb as an dá fhoireann atá roghnaithe i mbliana – na Chicago Bears agus na Indianapolis Colts.
roghnaithe, chosen,
" Nuair a nochtadh freagracht theoranta an Údaráis, d’éirigh an cathaoirleach a bhí roghnaithe, an tOllamh Margaret O’Mahony ó Choláiste na Tríonóide, as a post.
roghnaithe ag an Urramach Paisley chosen by the Reverend Paisley
" Agus cé atá roghnaithe ag an Urramach Paisley le hagallamh a chur air i dteanga na nGael? Cé eile ach Balor na Súile Nimhe agus na Saoithiúlachta Stuama.
roghnaithe chosen
" Ach, ag an am chéanna, is rud dearfach é a bheith roghnaithe mar sin agus a bheith ag traenáil le traenálaí gairmiúil.
roghnaithe chosen
" Is díol suntais, mar sin, agus léargas ar an athrú meoin atá ag tarlú sna sé chontae go bhfuil beirt ealaíontóirí múrmhaisithe – Danny Devenny, iarphríosúnach poblachtánach a d’fhoghlaim a cheird sa Cheis Fhada agus Mark Ervine, mac le iarcheannaire an PUP, David Ervine, a fuair bás i mbliana – i ndiaidh a theacht le chéile agus an sprioc chéanna acu – saothar a dhéanamh i gceantair lucht oibre Learphoill, an chathair atá roghnaithe mar phríomhchathair chultúrtha na hEorpa don bhliain 2008.
roghnaithe selected
" Cuireadh ina leith san am a chuaigh thart go raibh sí faiteach i mbun cosanta ach is cinnte nach mbeidh a leithéid inghlactha a thuilleadh agus í roghnaithe mar leaschaptaen na foirne.
roghnaithe chosen
" Cé go gcuideoidh PIGWS leis na ceithre thír a bhí roghnaithe le bheith páirteach ann, is ríléir go mbeidh an-chabhair eile ag teastáil uathu, má tá siad le dul i ngleic lena bhfadhbanna dífhostaithe agus tearcfhostaíochta.
roghnaithe have been chosen
" Tá straitéis suimiúil á leanúint ag an dá phríomhpháirtí, Fine Gael agus Fianna Fáil, sa mhéid go bhfuil iarrthóirí i gceantracha áirithe roghnaithe trí phróiséas agallaimh seachas theacht frí chóras cruinnithe áitiúla de bhaill an pháirtí.
roghnaithe chosen
" Tá páirc an áir roghnaithe ag Sarkozy don chéad toghchán uachtaránachta eile.
roghnaithe chosen
" Is ábhar misnigh do lucht Fhianna Fáil go raibh Mícheál Martin roghnaithe ag 31% de na vótairí mar Thaoiseach i gcomórtas le 24% i bhfábhar Gilmore agus 19% i bhfábhar Enda Kenny! Cé nach bhfuil ach 16% ag admháil faoi láthair go vótálfaidh siad d’iarrthóirí Fhianna Fáil sa toghcháin, creidim go mbeidh an leibhéal tacaíochta níos airde ná sin ar an lá agus go bhféadfadh vóta Fhianna Fáil a bheith gar do 25% sa toghcháin, rud a thabharfas 35+ suíochán dóibh.
roghnaithe chosen
" Leisce orm Dóchas a chur i Dinny: =================== Tá Dinny Mc Ginley sa gcás céanna anois is a bhí Éamonn Ó Cuív i 1997: é roghnaithe ina Aire Sóisearach i gcomhrialtas nua, le freagrachtaí na Gaeilge is na Gaeltachta ar a ghualainn.
An té atá roghnaithe the guy who is selected
" An té atá roghnaithe mar leath-thaca láir, tá sé buartha toisc nach bhfuil taithí aige ar imirt san ionad sin.
roghnaithe chosen
" Tá ealaíontóirí roghnaithe ag Castro agus Viveros- Fauné atá clúiteach ina gcáilíocht féin agus a bhfuil dearcadh domhanda ag baint leis an leagan amach saíochta agus polaitíochta atá le fáil ina saothar.
d’ábhar roghnaithe chosen material
" 99 Eolas faoi oidhreacht an Riadaigh: Chun comóradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil an Riadaigh, tá Gael Linn ag foilsiú bailiúchán de thrí dhlúthdhiosca d’ábhar roghnaithe óna shaothar.
roghnaithe chosen
" Is léir ó na comhaid go ndearna an chéad Phríomhfheidhmeannach a bhí ag an Údarás iarracht tionchar a imirt ar cé a bheadh roghnaithe ar bhord na heagraíochta.
cé atá roghnaithe aige who he has chosen
" Coicís roimh na coinbhinsiúin, fógraíonn ardiarrthóir an pháirtí cé atá roghnaithe aige mar iarrthóir leasuachtaránachta.
roghnaithe chosen
" Tharla macasamhail seo in áiteanna eile timpeall na tíre a raibh antoiscigh roghnaithe ag an bPáirtí Poblachtánach, agus b'é bun agus barr an scéil gur choinnigh an Páirtí Daonlathach greim daingean ar an Seanad, rud nach rabhthas ag súil leis.
bheith roghnaithe ar elected to
" Tá rialacha agus laincisí áirithe ag baint le foireann a chur le chéile: uasmhéad áirithe airgid le caitheamh ar na imreoirí, gan níos mó ná triúr ó aon chumann amháin agus ar ndóigh líon áirithe tosaithe, cosantóirí agus imreoirí lár na páirce a bheith roghnaithe ar an bpainéal de 15 imreoir, as ar féidir an fhoireann a roghnú.
chuile ghasúr roghnaithe every single child picked
" Bhíodh cluichí ceannais na hÉireann san iomáint agus sa pheil i mí Mheán Fómhair agus chuile ghasúr roghnaithe ar cheann de na contaetha a bhí le himirt sna cluichí.
roghnaithe go cúramach chosen careful
" Tá achan uile fhocal agus achan uile líne roghnaithe go cúramach.
roghnaithe ag chosen by
" Fágann an córas casta úr seo go bhfuil fear nach bhfuil tofa (Cathal Seoighe) roghnaithe ag Comhairle Contae Contae na Mí; fear nár sheas sna toghcháin áitiúla (Dáithí Alcorn) ag déanamh ionadaíochta ar Chomhairle Chontae Dhún na nGall agus fear ar dhiúltaigh an toghlach dó (Seosamh Ó Laoi) ag freastal ar Ghaeltachta na Gaillimhe.
roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile. chosen as the president of the festival.
" Beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i gContae Mhaigh Eo i mbliana agus is é Tadhg Mac Dhonnagáin, arb as Maigh Eo ó dhúchas é, atá roghnaithe mar uachtarán ar an fhéile.
roghnaithe selection
" Beidh cuimhne uirthi mar dhéagóir, ach caithfear cuimhneamh leis go bhfuil cúig bliana imithe thart ó chuir Clíona agus a comhchliar sa chlár Aifric isteach ar na hagallaimh roghnaithe don chlár ar dtús.
roghnaithe picked
" Tá sárpheileadóirí fágtha as agus tá seanfhondúirí roghnaithe ina n-áit.
roghnaithe chosen
" Deir sé gur bua mór don tír, é a bheith roghnaithe as an seachtar a bhí ag seasamh.