Mhol siad bunreacht scríofa do Thuaiscert Éireann, córas roinnte cumhachta idir na páirtithe polaitíochta a bhfuil macallaí de i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Tháinig na tiúin ar fad atá ar an dlúthdhiosca seo as gníomhartha roinnte, daoine eile ag moladh tiún áirithe dúinn nó muid ag caitheamh tiún lena chéile.
Tá an taispeántas roinnte i dtréimhsí deich mbliana, ag tosú sna 1950í nuair a thóg Henri Cartier Bresson íomhánna tochtmhara de pháistí gioblacha ag súgradh taobh amuigh de thionóntán i mBaile Átha Cliath.
Tá méadú agus forbairt tagtha ar an nGradam seo ó bunaíodh é cúig bliana ó shin agus chun na forbairtí nua seo a léiriú beidh an Gradam roinnte in dhá chatagóir i mbliana: comhlachtaí a bhfuil níos lú ná fiche fostaí acu agus comhlachtaí a bhfuil níos mó ná an líon sin ag obair iontu.
Éascaíonn na teicneolaíochtaí seo scaipeadh an ábhair ach níl sé soiléir go gcruthaíonn siad saol níos cóire ina bhfuil an saibhreas a thuilltear roinnte ar chách a chruthaigh an saibhreas céanna.
Tá an ‘aigne roinnte’ seo, téarma de chuid an fhile Thomas Kinsella, le feiceáil i saothar leithéid an ealaíontóra Louis le Brocquy agus an fhealsaimh George Berkeley.
Duais roinnte a bhí ann, ambaiste, ach níor ghlac Vincent Coyne, cruthaitheoir *Eirtext*, a dhuais leis an líon céanna mothúcháin is a ghlac Lisa Domican a duais sise.
Bhí coláiste Gaeilge ar an oileán, agus bhí an t-ádh linne mar bhí an t-oileán roinnte ina dhá leath – na tithe ina mbíodh na cailíní agus na tithe ina mbíodh na buachaillí agus bhí muide ar thaobh na mbuachaillí.
Tá an Ghaeltacht oifigiúil, mar atá sé faoi láthair, roinnte ag an Roinn isteach i ‘19 gceantar pleanála teanga’ agus beidh ar chuile cheantar plean teanga a chur le chéile faoi stiúir Údarás na Gaeltachta.
Ach anois tá an dá thír seo a bhfuil an méid sin nasc acu lena chéile roinnte ag teorainn an AE agus tá víosaí ag teastáil ó Úcránaigh ar mian leo dul trasna na teorann.
Céard faoi gach uile smaoineamh fánach atá roinnte ag ár ‘gcairde’ ar *Facebook, Twitter, LinkedIn* srl?
Braithim uaireanta go bhfuil rud éigin as riocht agus go bhfuil réiteach de dhíth orainn.