Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shéid sé anáil amach le teann sásaimh he blew out his breath with pure satisfaction
" Ar ár siúl dúinn síos an halla rinne sé iontas den mhéid dlúthdhioscaí a bhí sa teach, ar sheilfeanna ar an dá thaobh dínn, sa chistin freisin, tuilleadh seilfeanna lán leo, cófraí, seastáin greamaithe den bhalla, bhí siad carntha ar an gcuisneoir—thug me gloine bhainne dó agus rinne sé ceapaire dó féin—agus ar an inneall níocháin, leath an bhoird tógtha acu, dhá stól, go fiú ar leac na fuinneoige sa leithreas—rinne sé mún—agus túrbhloic díobh i ngach cúinne sa chistin, ar dhá thaobh an dorais, taobh istigh agus taobh amuigh sa halla, sa spás faoin staighre agus sa seomra suí—bhí siad i ngach áit, gan an balla le feiceáil acu ach anseo is ansiúd, dlúthdhioscaí, a dúirt sé agus shéid sé anáil amach le teann sásaimh, dlúthdhioscaí, nach iontach é? Ina shuí ar an tolg—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha, mar a deir sé féin—dúirt sé gur chuimhin leis a óige, gurbh é a aisling leabharlann cheoil a bheith aige, sa bhaile, cartlann de gach uile dhlúthdhiosca a eisíodh riamh, in aon seomra amháin aige, seomra stórais nó garáiste mór ar chúl an tí.