Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhain sí féin agus Tomás giota dó herself and Thomas skedaddled
" "Bhuel, bíodh agat más sin mar atá," arsa Bríd agus bhain sí féin agus Tomás giota dó.
Chrup sí isteach uirthi féin she became smaller
" Chrup sí isteach uirthi féin sna míonna deireanacha agus cha raibh pioc feola fágtha uirthi.
Rinne sí ceirtlín di féin She curled herself into a ball
" Rinne sí ceirtlín di féin lena cosaint ar an rud a bhí ag teacht.
chuir sí cineál pus uirthi féin she sort of pouted
" “A Shíle,” arsa an mháthair, “cá háit faoi Dhia a raibh tú? Nár iarr mé ort a bheith ar ais anseo chomh tiubh géar agus a thiocfadh leat?” Shín Síle a cuid guailneacha i dtreo a cuid cluas agus chuir sí cineál pus uirthi féin.
chuir sí cár uirthi féin she grimaced
" ” “Bhuel, is léir nach sin an cás ag na fir,” arsa Sorcha agus chuir sí cár uirthi féin.
caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin. she must have earned a nice sum of money for herself.
" Agus an leabhar sin, *Mary McAleese: the Outsider* ar liosta na leabhar ba mhó a raibh ceannach orthu nuair a foilsíodh é i 1999, caithfidh gur thuill sí suim bhreá airgid di féin.
tharraing sí go leor cainte agus molta uirthi féin. it drew a lot of talk and praise to itself
" Chuaigh an fhoireann i gcion go mór ar an bpobal in Éirinn ag tús an tsamhraidh seo caite agus tharraing sí go leor cainte agus molta uirthi féin.
rinne sí í féin a nochtadh she revealed herself
" Bhí cuid mhaith de iontach cróga – rinne sí í féin a nochtadh ar bhealach nach mbeadh mórán daoine ar a suaimhneas a dhéanamh.
chroch sí í féin she hanged herself
" Cúpla uair i ndiaidh di an teachtaireacht a fháil, chroch sí í féin ina seomra leapa agus fuair sí bás an lá dár gcionn.
déanann sí sceith bhéil di féin she makes a show of herself
" Éiríonn sí caochta leis an ól agus déanann sí sceith bhéil di féin, agus dar leis an athair, tá sí tar éis an teaghlach a náiriú.
Sí mo bharúil féin as I see it
"Sí mo bharúil féin go raibh an chomh-aireacht dheireanach de chuid Cowen ar cheann de na rialtais is lú cumas dá raibh ann.
thogh sí í féin she elected herself
" Maíonn sí nach neamhthofa atá sí, nó gur thogh sí í féin, agus nach raibh sé de dhánacht ag duine ar bith cur ina coinne.
théadh sí i ngleic leo í féin she used to get stuck into matters herself
" An Fuadar nach bhFeictear ========== Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin it was absorbing things to itself
" Béal an Mhuirthead ======== **SMM: Bhraith mé na blianta ó shin go raibh Béal an Mhuirthead ar aimhleas na háite seo, go raibh sí ag sú rudaí isteach chuici féin in ionad rudaí a theacht anseo.
Díolann sí i féin it sells itself
fós faoin am a bhfaighe sí féin bás still by the time she herself dies
" (Is ionann an Treas Domhan ar ndóigh, agus Domhan Céad Fhoinse gach saibhris!) Tuigeann Máire Nic Róibín go mbeidh na milliúin ag fáil bháis den ocras fós faoin am a bhfaighe sí féin bás, nach dtig léi an scéal a leigheas, ach gur féidir léi roinnt éicint a thabhairt slán agus gur féidir cur le tuiscint an uafáis i measc níos mó daoine i rith an achair.
sular éag sí féin before her own death
" Scríobh sí leabhar faoina streachailt, *When you Walk Through the Storm*, agus cé go raibh sí an-lág, d’fhreastail sí ar an tseirbhís chuimhneacháin ag Anfield trí lá sular éag sí féin.
tá sí á líonadh lena cuid focal féin it’s filling it with its own lexicon
" Tá lingua franca na sibhialtachta nua-aimseartha tar éis greim a fháil ar theanga na nGearmánach agus tá sí á líonadh lena cuid focal féin.
Tá sí caillte cheana féin it’s finished already
"Tá sí caillte cheana féin” ar sé.
sular tháinig sí chuici féin before she regained consciousness
" Gortaíodh an mháthair go dona agus bhí sí gan mhothú ar feadh cúpla lá sular tháinig sí chuici féin agus tháinig ar an fhírinne.
chuir sí lámh lena bás féin she committed suicide
" 41 mí ina dhiaidh, chuir sí lámh lena bás féin.
chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil she went enquiring
" Tá muintir Oirialla ag cur spéise i nduine dá gcuid cruitire ó dhá chéad bliain ó shin agus ní taise do Ghráinne Campion é mar chuaigh sí féin ag fiosrú an scéil.