Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh He who is reported to be dead will live to a great age
" Go bhfaighe siad seacht míle deis! Tá seanfhocal againn sa Ghearmáin: Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh.
Síleadh it was thought
" Síleadh gur taom croí a bhí ann agus tugadh chuig an otharlann é.
Síleadh it was thought
" Síleadh gur chaith duine éigin cipín solais síos, cé go raibh cosc ar thobac san iarnród faoi thalamh mar gheall ar an tine ag Oxford Circus i 1985.
Cé gur síleadh although it was thought
" Cé gur síleadh gur pápa a bheadh ann a bheadh ag iarraidh an *status quo *a chothú amháin, is léir go bhfuil sé i gceist aige níos mó ná sin a dhéanamh.
síleadh it was thought
" Ar dtús, síleadh nach raibh sna hagóidí ach correachtra anseo is ansiúd, ach diaidh ar ndiaidh, ba léir go raibh a leithéid ar siúl fud fad na tíre, agus nach raibh ach ceist amháin ar bheolaibh an lucht agóide - an bille sláinte a bhí faoi chaibidil ag an gComhdháil i Washington.
Síleadh it was thought
" Síleadh lá den tsaol go raibh leanaí óga neamhréasúnach agus mímhorálta, ach níl sin amhlaidh feasta.
síleadh it was thought
" Go dtí fiche bliain ó shin síleadh go raibh an duine fíor-réasúnach.
síleadh it was thought
" Ba iad na déantáin ba shine a fuarthas sa tír, síleadh, agus scríobh an t-údar: *Over the years many claims have been made for the presence of humans in Britain in the early Pleistocene, one or two million years ago, but the supposed ‘artefacts’ on which these claims were based have failed to convince present-day archaeologists.
siocair gur síleadh because it was thought
" Cuireadh an cheist, cén chaoi ar féidir le rud chomh mór sin dul as amharc? Céad bliain ó shin ní fhéadfaí ceist mar seo a chur siocair gur síleadh an t-am sin go raibh an domhan chomh mór agus an fharraige chomh fada fairsing is gur ar éigean a d’fhéadfaí é a shamhlú go fisiciúil.