Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a d'fhág sínte í which knocked her to the floor
" " Leis an lámh eile bhuail sé dorn uirthi a d'fhág sínte í.
fá fhad sínte duit within reach
" " "Féadann siad a bheith fá fhad sínte duit agus tú ag iarradh scarbhileoga a fhoghlaim cibé," a dúirt Máire.
sínte siar lying back
" Bhí Joe Ó Dónaill agus Ray Mac Mánais sínte siar ag crú na gréine agus ag sú shú na heorna agus dar leo gur ag cumadh lúibín a bhí siad.
a lámh sínte leis his arm motionless at his side
" Shín sí bréid na haghaidhe chuig Cormac ach sheasaigh sé ansin ina stacán agus a lámh sínte leis.
sínte amach aige extended
" Léiríonn a phíosa "Christos Aneste", atá le feiceáil in eaglais i nGlaschú, Íosa á shíneadh féin amach ón chrois, a lámha fuilteacha sínte amach aige, Sátan fágtha ar chroch ar a chúl.
sínte amach stretched out
" Feiceann muid í mar *stripper* rua i bpictiúr amháin, nó mar rúnaí ag fanacht go mall san oifig lena *boss *i gceann eile, nó mar bhean fhionn, sínte amach ar leaba.
sínte ar chlár a dhroma stretched on his back
" Agus Bod sínte ar chlár a dhroma, thuig an chosmhuintir go raibh géarchéim chosanta ann.
sínte amach romhainn stretching in front of us
" Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra! Áit ghaofar ======= Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán.
sínte amach strethched out
" Bhí ráfla ann gur striapach nuabháite a bhí sa mhainicín a d'úsáid sé don phictiúr ina léiríonn sé an Mhaighdean mar bhean mheánaosta mhíghnaíúil, í sínte amach ar leaba agus a dhá cos nochta shalacha ag gobadh amach.
sínte stretched
" ” Faoin am seo bhí ár laoch sínte ar an urlár ag racht eile casachta agus é ag iarraidh anáil a tharraingt.
le corrmhéar sínte forefinger extended
" Casfaidh muid ceann, a dúirt sé, ach cén ceann? Dhún sé a shúile, chas timpeall cúpla uair, trí, ceithre, cúig huaire, timpeall níos sciobtha, sé, seacht, thosaigh ag titim, d’ardaigh gach aon lámh agus rinne iarracht greim a fháil ar an aer, dhírigh é féin, chuir cos go místuama amach ar leataobh, ar ais arís, cos eile chun tosaigh, shiúil sé agus lámh amach roimhe san aer, ghluais go mall le corrmhéar sínte gur theagmhaigh sí le dlúthdhiosca—d’oscail sé a shúile.
a chrúca sínte amach, his paw extended,
" Uair amháin ghlaoigh sé isteach chugam is sheas go sollúnta i bhfráma an dorais, aghaidh liath dháiríre air, súile faiteacha, a chrúca sínte amach, lán le pinginí an lae, agus dúirt go mall béasach mar ba dhual dó: ‘Luach dhá phunt ochtó naoi de do *hash* is fearr, led’ thoil.
sínte amach romhainn. extending in front of us.
" B’álainn an radharc a bhí againn nuair a dhúisigh muid maidin Dhomhnach Cásca agus farraige ghlasghorm Chaladh Kaipara sínte amach romhainn.
sínte lomnocht stretched out naked
" Bhí fear sa scéal a bhuail isteach ar chorp mná finne, sínte lomnocht agus í os cionn cláir.
sínte ar a leaba ag ligean a scíth stretched out a a bed relaxing
" Bhí siad sínte ar a leaba ag ligean a scíth Iad sona ar nós cuma liom ar snaoisín.
fiú agus é féin sínte even when he is laid out
" Éiríonn le Warhol fiosracht daoine a mhúscailt agus tig leis go fóill aird a tharraingt ar a shaothar, fiú agus é féin sínte i dtaisceadán de chineál eile.
sínte thall is abhus ar an urlár laid out here and there on the floor
" Bhí Dónal Ó Liatháin agus na Sínigh istigh faoin chuntar ina sámhchodladh, lucht Ionad Buail Isteach sínte thall is abhus ar an urlár, agus an Tóirse Oilimpeach athbhreoslaithe le trí bhuidéal de 12 Year Old Jameson ag soilsiú go geal agus é ag gobadh aníos as fualán i leithreas na bhfear.
sínte stretched
" Ní bheadh a leithéid indéanta ná inmholta dar liom, siocair go bhfuil acmhainní na meán clóite Gaeilge sách sínte mar atá.
sínte extended
" Chomh maith leis sin, tá teaghlach mór sínte againn araon i mBaile Átha Cliath.
sínte ar tholg stretched on a sofa
" Ní thógfaí ort é dá bhfeicfí thú tar éis duit ‘Cuireadh’, an chéad scéal sa chnuasach Pádraic Ó Conaire – Rogha Scéalta, a léamh agus tú sínte ar tholg, cuimhní maidir le M’Asal Beag Dubh i do cheann agus tú ag súil le scéalta éadroma spleodracha.
sínte stretched
" Duaiseanna ======= Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Dúnmharú agus mistéir’ le Anna Heussaff Nó: ‘Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ‘Dúnmharú agus mistéir’ - úrscéal nua ó údar móréilimh ======================= Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche.
sínte stretched
" *‘Animal Kingdom’*, le David Michot, a bhain ‘Gradam an Grand Jury’ ag Féile Scannán Sundance, 2010 Tá Josh (‘J’) Cody, lead óg seacht mbliana déag d’aois ag fanacht le hotharcharr chun aire a thabhairt dá mháthair atá sínte ar an tolg ina aice tar éis ródháileog drugaí a ghlacadh.
agus mo sciathán sínte amach while my arm was extended
" Tharla sé toisc go raibh mé ag oibriú an tua oighir, rud a mhaolaigh sruth na fola im’ ordóg agus mo sciathán sínte amach uaim.
an meitheal sínte fúthu the group of workers reclined
" I móinéar eile bhí an féar bainte agus scartha, agus an meitheal sínte fúthu ag ligean scíth an mheánlae.
tá an lámh shantach sínte amach arís eile the greedy hand stuck out once again
" Agus nuair a thugann Georges bata agus bóthar garbh don altra (tá feidhm phlota le seo nach léir dúinn san am), tá an lámh shantach sínte amach arís eile.
sínte ar an tolg stretched on the couch
" Is deacair dóibh scíth a ligean agus go minic, bíonn siad ag léim timpeall gan smacht nó a mhalairt – sínte ar an tolg, an teilifís nó an ríomhaire os a gcomhair.
sínte ar an talamh lying on the ground
" Cárta buí agus deich nóiméad i mbosca na bpeacaí a bhí i gceist ar an ábhar gur shatail an Drisceolach lena bhróig ar imreoir de chuid na hIodáile a bhí sínte ar an talamh.
sínte ar an talamh lying on the ground
" Seile á caitheamh le céile comhraic, satailt anuas ar imreoir atá sínte ar an talamh, céile comhraic atá ar an talamh a chiceáil sa chloigeann, greim fiacaile a bhaint as céile comhraic, sin cuid de na coireanna a tharla ar pháirceanna imeartha abhus agus i gcéin le roinnt seachtainí anuas.
bhí deacracht agam an dá láimh a choinneáil sínte síos I had a problem keeping the two arms straight down
" Rinne mé an dá rud an t-am sin, an rince céime agus an sean-nós, ach bhí deacracht agam an dá láimh a choinneáil sínte síos nuair a bhínn ag rince dóibh! (gáire) Chuaigh muid go Nua-Eabhrac an bhliain dár gcionn, ach d’fhág mé mo bheannacht ag an rince ina dhiaidh sin i ndáiríre.