Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Sa deireadh thiar thall eventually
" Sa deireadh thiar thall ghlac an grúpa le téama bunaithe ar na heilimintí - aer, uisce, talamh agus tine - agus thosaigh an obair láithreach ansin.
sa deireadh thiar thall at long last
" Chuala mé gur áit speisialta a bhí ann le cuairt a thabhairt air agus nuair a bhain mé an t-ionad amach sa deireadh thiar thall ní raibh díomá orm.
sa deireadh thiar thall eventually
" Roghnaigh muid an t-ainm Líadan sa deireadh thiar thall agus ní raibh níos mó cainte ann faoi! AÓF: ***An mbíonn sibh ag seinm le chéile go minic? Cén chaoi a mbíonn sibh in ann a bheith ag cleachtadh má tá sibh ar fad in bhur gcónaí in áiteacha éagsúla sa tír?***SD: Déanann muid iarracht castáil le chéile chomh minic agus is féidir.
sa deireadh thiar thall, at long last
" Tá aitheantas tugtha, sa deireadh thiar thall, ag Rialtas na hÉireann don obair ar fad atá curtha i gcrích – agus don obair atá fós ar siúl – acu siúd a bhfuil baint acu leis an Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh.
sa deireadh thiar thall. at long last
" Faoin am a léifidh tú seo, seans maith go mbeidh sé thart; thart sa deireadh thiar thall.
sa deireadh thiar thall finally
" Caithfidh mé a admháil liom féin ag an phointe seo i mo shaol, sa deireadh thiar thall, nach bhfuil suim ar bith agam sa siopadóireacht.
sa deireadh thiar thall finally and eventually
" Tá an dóchas agus an t-ionchas ann go mbeidh toradh agus réiteach dearfach na bhfadhbanna ann sa deireadh thiar thall.
sa deireadh thiar thall when all's said and done
" Bíonn ar an Teachta Dála a shlí bheatha féin a chur chun cinn, sa deireadh thiar thall agus fágann córas dian na n-aoirí mar sin, nach dtig leis vóta a chaitheamh de réir a choinsiasa.
Sa deireadh thiar thall eventually
" Sa deireadh thiar thall, thiocfadh na pobail tuaithe slán.
sa deireadh thiar thall finally
" ” Ní raibh sé íoróineach ar chor ar bith, áfach, má chuirtear san áireamh an cogadh fada Iosraelach i gcoinne a sean-namhad Libiaigh agus an ról lárnach a bhí acu i dtonnbhriseadh an tseanghnáthaimh sa deireadh thiar thall.
sa deireadh thiar thall eventually
" Is i ‘Corrigan’s Kitchen’, Baile na Lorgan, Contae Mhuineacháin a bhí an comórtas ar siúl sa deireadh thiar thall.
sa deireadh thiar thall after all
" Is Éireannach mé sa deireadh thiar thall agus muna n-airím ar mo shuaimhneas i measc mo mhuintire féin, cén mhaith é sin? An Buaile agus an Seanbhaile ============ Bíonn ar dhaoine dul i ngleic leis an suaitheadh cultúir contrártha níos minicí ná mar a cheapfá.
sa deireadh thiar thall when all is said and done
" Ar an ábhar nach bhfuil bealach ar bith le bheith go hiomlán cinnte cé acu iarsmaí Naomh Peadar atá ann b’fhéidir sa deireadh thiar thall gur ceist chreidimh é seo.
sa deireadh thiar eventually
" Bean ar m'aithne a chuidigh liom sa deireadh thiar.
Sa deireadh thiar thall when all was said and done
" Sa deireadh thiar thall ní raibh ach briathra ag an iarthar fad is a bhí bearta ag an Rúis.
sa deireadh thiar thall finally
" D’fhreagair Clarke an seic agus d’ardaigh sé é le €800,000 agus mar thoradh chaith Pollack chuile rud isteach agus casadh thart na cártaí sa deireadh thiar thall.
sa deireadh thiar thall when all is said and done
" Dá mbeinn in Albain ar an 18ú lá den mhí seo chugainn cén chaoi a gcaithfinn mo vóta sa reifreann? Leis an fhírinne a rá níl a fhios agam, agus ag amharc ar na hargóintí ar son agus in aghaidh na cúise, is léir go bhfuil an scéal fíorchasta agus is dóiche, sa deireadh thiar thall, gur mó an tionchar a imreoidh cúrsaí staire ná cúrsaí geilleagair, agus gur i gcroí na ndaoine a bheidh an freagra in áit ina gcloigne.