Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar na saolta seo these days
" Níor ghéill cailíní óga d'orduithe ar na saolta seo, thuig sé.
ar na saolta deireanacha seo in the last while
" "Tá fuath na namhad agamsa ar an Nollaig ar na saolta deireanacha seo.
mhaoin saolta worldly possessions
" Bhíomar go léir chomh bocht, is ar éigin go raibh aon mhaoin saolta ag daoine, agus, dá bhrí sin, an t-aon rud a bhí agat ná caradas.
feic saolta a show
" Ach nach sásta atá muid go bhfuil Balorina, a dheirfiúr dhiabhlaí dheisbhéalach dheargnaimhdeach ar shiúl ar ais go dtí an phluais a dtáinig sí as, agus í i ndiaidh feic saolta a dhéanamh di féin agus dá muintir ar "Beo Ar Éigean" na míosa seo caite.
ar na saolta deireanacha seo in these recent times
" Bíonn blas ar an bheagán, go háirid ar an bheagán a bhíonn le fáil ar thuarastal seachtaine ar na saolta deireanacha seo.
na saolta deireanacha seo in recent times
" Léigh mé go rialta sna blianta tosaigh é, léigh mé ó am go chéile ar feadh fada go leor ina dhiaidh sin é, agus tá mé á fháil ar síntiús na saolta deireanacha seo.
na saolta deireanacha seo in recent times
" Léigh mé go rialta sna blianta tosaigh é, léigh mé ó am go chéile ar feadh fada go leor ina dhiaidh sin é, agus tá mé á fháil ar síntiús na saolta deireanacha seo.
sheilbh shaolta worldly possessions
" Níl de sheilbh shaolta ag Ganesh ach cér bith atá sa bhurla lena thaobh .
ar na saolta deireanacha seo in recent times
" Agus cad é is ábhar cráite dóibh siúd ar na saolta deireanacha seo? *League Tables *na Naíonraí!! Bhí na léig-tháblaí seo mar mhíreanna a haon go dtí a fiche is a seacht ar chlár an chruinnithe dheiridh s'acu.
siombail den stádas saolta a symbol of worldly status
" Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu! Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli, siombail den stádas saolta atá ann freisin.
náire shaolta terrible shame
" Dúradh go raibh náire shaolta orainn faoin dóigh ar caitheadh le Charles Stuart Parnell agus go raibh muid i bhfad níos discréidí dá bharr.
ar na saolta deireanacha seo in recent times
" Má léann sibh é seo go cúramach gheobhaidh sibh léargas glé glan glinn ar mheon an Oráistigh bhoicht atá faoi aintreise agus faoi leatrom ina chúige féin – cúige a chruthaigh Dia dó – ar na saolta deireanacha seo.
an ghné shaolta the worldly aspect
" Ach tá ginealach níos faide ná sin aige agus tá dhá chraobh ar leith ag baint leis a léiríonn an ghné reiligiúnda den íomhá ar thaobh amháin agus an ghné shaolta ar an taobh eile.
mhaoin shaolta material wealth
" " Bhuail taom samhnais Pól agus é ag smaointeamh ar an luchtú agus an craos a bheadh ar dhaoine fán Nollaig idir bhia agus mhaoin shaolta.
tír shaolta a secular country
" Altú do Dhia a bhí ann ar dtús, is dócha, ach ós rud é gur tír shaolta í na Stáit Aontaithe go hoifigiúil, breathnaítear ar an bhféile anois mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne ar an Oileán Úr.
lán de mhaoin shaolta. full of worldly goods.
" Léimeann an Tíogar Ceilteach ina uaillmhian uaibhreach amach ó na focail ach, ag an am chéanna, mothaíonn tú nach bhfuil achan rud foirfe sa domhan úr seo lán de mhaoin shaolta.
sna saolta a tháinig roimhe seo. in their former lives
" Fuair na bochtáin an rud a bhí tuillte acu, de réir theagasc na manach, mar gheall ar an olc a rinne siad sna saolta a tháinig roimhe seo.
ar na saolta seo. these days
" ”Is amhlaidh go síleann King go bhfuil iomaire an-deacair á threabhadh ag an earnáil neamhspleách léirithe trí chéile ar na saolta seo.
ar na saolta deireanacha seo of late
" Níl mo Shúil Nimhne sách nimhiúil ar na saolta deireanacha seo, dar leis! Bhuel, tchífidh muid!” agus scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil a bhain croitheadh as tithe na gcomharsan le cúpla míle thart ar an phluais.
shaolta secular
" Giúdaigh an Fhrith-Shíónachais Mar aon le Giúdaigh shaolta frith-Shíónach ar nós Finkelstein, Noam Chomsky agus Israel Shahak, tagraíonn Gates do ghrúpa Giúdach for-Cheartchreidmheach atá glan in aghaidh an tSíónachais.
ar na saolta seo these times
" Bhí an t-ádh dearg ormsa i mbliana nó chonaic mé radharc neamhchoitianta, radharc nach bhfacthas le roinnt blianta sa cheantar seo: fíorfhidléir ina steillbheatha agus é ag fidleáil! Tá a fhios ag an saol mór gur i Meiriceá agus ar mhór-roinn na hEorpa a bhíonn na cruitirí ag cruiteáil agus na fliúiteadóirí ag fliúiteáil ar na saolta seo.
ar na saolta seo these days
" Is féidir nach é ‘tuilleann’ an focal is fóirsteanaí don íocaíocht a fhaigheann sé, ach is é an scéal céanna é i gcás go leor daoine eile ar na saolta seo.
feic saolta a sight to behold
" Nach mór an díol trua iad, agus an feic saolta, agus an staicín áiféise, agus an ceap magaidh.
ar na saolta seo these days
" Is beag eile a aontódh Martin McGuinness, Ruairí Ó Brádaigh agus Thomas ‘*Slab*’ Murphy ar na saolta seo, ach bheidís uile ar aon fhocal faoi Ken Loach, creidim.
dearcadh saolta practical outlook
"dearcadh saolta ag an pháirtí agus tá siad go mór ar son na hiolrachta.
ar na saolta seo these days
" Agus don dream óg, cosúil liom féin, cén mhaith é sin? Cén mhaith a dhéanfaidh sé, dar le cuid againn, an sclábhaíocht scoile go léir, nuair is féidir cúig nóiméad déag faoin spotsholas a lorg ina háit? An bhfuil uaillmhian ar bith níos uaisle ná an clú? Is rídheacair a chreidiúint, ar na saolta seo, cé chomh mór is a bhíonn an brú ar dhaoine óga cloí le híomhá agus le hiompar na réaltaí.
ar na saolta seo these days, times
" Ach, más amhlaidh atá, níl cuid de na húdair an-sásta leis an gcaoi ina mbíonn an pheil, nó an chaid, á himirt ar na saolta seo.
ar na saolta deireanacha of late
" com/watch?v=pKBTG_urDjk&feature=related) “Tá fuath na namhad agamsa ar an Nollaig ar na saolta deireanacha seo.
bheatha shaolta physical life
" Múineann an geimhreadh dúinn nach bhfuil sa bheatha shaolta seo ach roth mór a bhogann timpeall go mall agus go síoraí.
shaolta secular
" Múineann an geimhreadh dúinn nach bhfuil sa bheatha shaolta seo ach roth mór a bhogann timpeall go mall agus go síoraí.
ar na saolta seo these days
" Déantar dearmad ar na saolta seo, gur aisteoireacht an jab atá agat agus nach a bheith ag siúl thart ar na sráideanna ag caitheamh a leithéid seo nó eile.
shaolta temporal, non-beliving
" Is léir gur sochaí shaolta í an Astráil agus, dá bhrí sin, is fíorannamh a bhíonn cúrsaí creidimh i lár an aonaigh abhus.
ar na saolta deireanacha of late
" Dá mbeinnse i mo Chaitliceach ar na saolta deireanacha seo,” a deir Balor Saoithiúil Siosmaideach “bheinn ag tóraíocht eaglaise eile – Eaglais bheag Phrotastúnach, b’fhéidir, dá dtiocfadh liom teacht ar cheann acu a chreidfeadh i dtransubstaintiú agus nach mbeadh dhá bhailiúchán acu gach Domhnach.
cholainn saolta physical body
" Bhí cuma neamhdhaonna air ar bhealach: é ina chraiceann dearg, an dath liathghorm air, agus a cholainn saolta fliuch agus craptha.
ar na saolta seo these days
" Bíonn scileanna oibrithe iasachta ag teastáil ó stáit shaibhre is dhaibhre ar na saolta seo.
ar na saolta seo these times
" An Dá Thrá a Fhreastal ============ Ar aghaidh linn mar sin chuig an chéad rud eile atá ag déanamh buartha do Bhalor bocht ar na saolta seo: bronntanais Nollag.
feic saolta a dhéanamh de making a holy show of
" Maidir le muintir Fhianna Fáil, tá Balor ag smaoineamh ar mhiasa deasa uisce a fháil dóibh chomh maith le tuáillí chun go nífidh siad a gcuid lámh i ndiaidh dóibh feic saolta a dhéanamh de mhuintir na hÉireann os comhair an tsaoil mhóir.
ar na saolta seo these times
" Ach tá gléas airm nua ag an siopadóir beag nó an siopadóir speisialta agus tá cumhacht mhór ag an ngléas airm ar na saolta seo: táirgí uathúla agus an tseirbhís phearsanta.
na saolta beaga seo these times of late
" Tá na héin tosaithe ar na saolta beaga seo ag déanamh neadacha agus is léir go bhfuil siad fós misniúil deimhneach go mbrisfidh a n-ál as an mblaosc an ráithe úrnua seo.
ar na saolta seo these times
" Cén cúram atá ort ar na saolta seo i dtaca le gnóthaí an CLG?** A.
An Náire Shaolta the great shame
" An Náire Shaolta ========= Osclaíodh an taispeántas ar Lá Fhéile Pádraig agus rinne an scríbhneoir aithnidiúil, Thomas Keneally, an oscailt oifigiúil.
na cruinne ar na saolta seo the contemporary world
" Is mar siúd atá córais pholaitíochta na cruinne ar na saolta seo.
ar na saolta seo these times
" Is deacair ar na saolta seo neamhaird a thabhairt ar cheist atá ag crá údaráis an Chumann Lúthchleas Gael le tamall de bhlianta agus atá, ceal cluichí móra le tuairisciú, ag líonadh spás na gcluichí Gaelacha ar leathanaigh na nuachtán náisiúnta agus eile.
Sna saolta deireanacha seo recently
" Sna saolta deireanacha seo má tá feidhm cheart le bheith ag an teach níor mhiste rogha barainneach a dhéanamh faoi cé a cheapfar nó a thoghfar ina gcomhaltaí.
ar na saolta deireanacha seo in the recent past
" Ba léir nach mbeadh an moladh seo sásúil ar na saolta deireanacha seo agus an-bhéim á cur ar fheidhmiúlacht chostais.
oideachas saor, éigeantach agus saolta free, mandatory and secular
" Nuair a bhain an Astráil neamhspleáchas amach ina tír chónascach sa bhliain 1901, bhí an fhreagracht ar na sé stát oideachas saor, éigeantach agus saolta a mhaoiniú.
atá orainn ar na saolta seo which we’re under at present
" ) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.
ar na saolta seo these times
" Bíonn dhá insint ar scéal (agus dhá leagan déag ar amhráin) sa lá atá inniú ann, go háirithe agus an t-idirlíon chomh cumhachtach ar na saolta seo, nó chomh guagach dar le roinnt.
ar na saolta deireanacha seo recently
" Bhí aird na hAstráile dírithe ar ionchoisne cróinéara in Darwin, príomhchathair na Críche Thuaidh, ar na saolta deireanacha seo.
ina náire shaolta a holy show
" Tá iompar pholaiteoirí aontachtacha maidir le Teach Pobail Naomh Pádraig ina náire shaolta ach ní cúis ar bith iontais é sin.
an mhaoin shaolta the wealth
" ) Ach cá bith dearcadh a bhí ag daoine le linn aimsir Victoria agus ar feadh tréimhse ina dhiaidh sin, ba é an rud ba thábhachtaí do rath an pháiste an mhaoin shaolta a bhí ag a thuismitheoirí.
cosaint saolta a lifelong protection
" B’ionann bunreacht Mheiriceá agus Dhearbhú an Neamhspleáchais ag Jefferson le *‘apple of gold in a frame of silver’* Thug an bunreacht airgid cosaint saolta do bhunphrionsabail órga Jefferson.
ar na saolta seo these times
" Amhail piseog Bohr, ciallaíonn ‘creideamh idé-eolaíoch’ an díchreideamh pearsanta a bhíonn ag daoine in idé-eolaíochtaí ar na saolta seo.
mbochtanas saolta common poverty
" Tugann an dialann seo dar scríobhadh i Northhampton sna caogaidí droim láimhe dos na fir léinn sin a deir go bhfuil uaisleacht mhórálta de shaghas éigin ag baint leis an mbochtanas saolta, bochtanas a sheasann mar sciath ós comhair chathú agus thruailliú na gcathracha nua-aimseartha.
a mórshaibhreas saolta their great worldly wealth
" Léirigh a bhflaithiúlacht, ní hamháin a gcumhacht agus a mórshaibhreas saolta ach thaispéain sé fosta doimhneacht a spioradáltachta agus a móraigeantas chomh maith.
ar na saolta seo these days
" Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’.
ar na saolta seo these days
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
an mhaoin shaolta sin that material wealth
" An leo an éadáil ar fad atá i seomraí stórais agus in iarsmalanna na Vatacáine, a Phápa? Agus más leo, caide mar a thig leo teacht i dtír ar an rachmas sin?** Benedictus: Do chum glóire Dé agus onóra na hEaglaise an mhaoin shaolta sin, mar a dúirt Éireannach iomráiteach fadó, a Bhaloir.
seachas maoin shaolta rather than worldly riches
" **Balor: Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann, a dúradh, i gcead duit, a Phápa; agus leachtanna cuimhneacháin a bhí i gceist aige seachas maoin shaolta.
ar na saolta seo by now
" Is é an toradh a bhí ar an athrú bunúsach seo nach bhféachtar ar an ngrá mar bhraistint nó mar mhothúchán i gcónaí ar na saolta seo, mothúchán idirphearsanta a raibh luach sainiúil aige, as féin, tráth.
na rudaí saolta material matters
" Gan a bheith ag caint ar na rudaí saolta, tá an tír níos oscailte, níos cothroime, agus níos toilteanaí inniu.
ar na saolta seo these times
" Tá oiread ábhar sa tsaol is féidir a scagadh, a scríobh agus a mhúnlú le haghaidh alt irise ar na saolta seo go dtig liom a mhaíomh go bhfuil mic léinn na meán millte.
ar na saolta seo these times
" Is iomaí barúil dhiúltach a nochtar faoi thodhchaí na Gaeilge ar na saolta seo, agus is minic bás na Gaeilge á thuar.
saol an cheoil agus saolta eile the world of music and other worlds
" Tugtar spléachadh anseo ar na ceangail dhiamhra idir saol an cheoil agus saolta eile.
mhaoin saolta worldly wealth
" Chan ionann agus lucht an *X-Factor* a bhfuil a n-uaillmhian uilig beagnach bunaithe ar chlú agus cáil agus ar an mhaoin saolta, deir Úna go mothaíonn sí go bhfuil rath uirthi má tá sí ábalta codladh istoíche agus fios aici go ndearna sí rud éigin chomh maith agus a b'fhéidir léi.
ar na saolta seo these times
" Is deacair fios a bheith ag duine ar na saolta seo an i Londain nó sa Longfort atá sé de bharr líon mór nuachtáin na Breataine atá ar díol sna siopaí abhus.
t-aon chriticeoir saolta only human critic
" Agus creidim, i bhfianaise fulaingthe an chine ghoirm, mar a ríomhtar í i ’*12 Years a Slave*’, nár mise an t-aon chriticeoir saolta i Cineworld Shráid Pharnell go dtáinig na mothúcháin aniar aduaidh air.
mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine the wild geese would be ashamed to the world
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
sna saolta deireanacha seo in recent times
" Bí geall go mbeidh nuachtáin na hÉireann lán le haltanna fadálacha agus muid ag druidim i dtreo 2016 faoin aisling atá imithe ar strae agus le heagarfhocail a bheas ag maíomh go mbeadh náire shaolta ar na géanna fiáine dá bpillfidís ar a dtír dhúchais sna saolta deireanacha seo.
ar na saolta seo these days
" **CMacS: Cad iad príomhthosaíochtaí Ghael Linn ar na saolta seo?** AÓC: An príomhrud i láthair na huaire ná go bhfuil Gael Linn aitheanta mar cheanneagraíocht faoin gcóras nua maoinithe ag Foras na Gaeilge.
ar na saolta seo these days
" Ar an drochuair, cosúil le han-chuid a dteipeann orthu ar na saolta seo, is mar gheall ar a gcuid margaíochta agus a seirbhís custaiméara gur theip orthu.
ar na saolta deireanacha seo of late
" Cluinim nach bhfuil sé ag dul rómhaith ar na cúrsaí gailf ar na saolta deireanacha seo.
ar na saolta seo these days
" Tá amhras ann freisin maidir le crosphórú atá faiseanta ar na saolta seo agus go minic bíonn gadhairsigh agus álta brúite le chéile i gcoinníollacha míshláintiúla.
ar na saolta seo these days
" Is minic gur trí chúige go leith a bhíonn i gceist le hÉirinn ar na saolta seo.
ina fheic saolta as a holy show
" Agus mo sheanchara eile, Tricky Sticky Gilmore: beidh seisean ina shuí ar na cúlbhinsí, agus bhrisfeadh sé mo chroí é a fheiceáil ansin ina fheic saolta, é tréigthe ag a chuid comrádaithe.
ar na saolta seo these days
" Níos tábhachtaí ná a gcumas aonarach áfach, tá tuiscint agus comhimirt eatarthu nach mbíonn le feiceáil ach go hannamh ar na saolta seo a bhuíochas sin don fhealsúnacht peile atá á cur chun cinn ag an lucht bainistíochta.
rí saolta na Rómáine the present king of Romania
" A Rí na bhfeart, tá Diarmuid Johnson tar éis litir a scríobh chuig rí saolta na Rómáine faoina fhidil, fidil an rí, atá ar buanchoimeád in Iarsmalann sa bPolainn.
ar an saolta seo these times
" Bíonn bagairtí báis le feiceáil níos minice sa chomhrá ar líne ar an saolta seo.