Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an tAcht Um Shaoráil Faisnéise 2000 The Freedom of Information Act 2000
" I bhformhór na gcásanna, cuireann an tAcht Um Shaoráil Faisnéise 2000 cosc ar na Gardaí aon eolas a thabhairt faoi chúlra duine gan cead d'fháil i dtosach ón duine féin.
Acht Um Shaoráil Faisnéise Freedom of Information Act
" Nuair a theip ar de Róiste eolas a fháil faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise faoin méid a tharla dó, thosaigh sé ag déanamh stocaireachta ar pholaiteoirí.
Bhille um Shaoráil Faisnéise The Freedom of Information Bill
" Cheana féin tá an Coimisiún tar éis a mhíshásamh a léiriú leis na hathruithe a rinne an rialtas ar an Bhille um Shaoráil Faisnéise.
faoin Acht um Shaoráil Faisnéise under the Freedom of Information Act
" I ndiaidh an dara reifreann ar Chonradh Nice, cuir i gcás, cuireadh 32 éileamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise isteach maidir leis an gcoiste sin agus maidir le gníomhaíochtaí na n-ionadaithe Éireannacha ann.
faoin Acht um Shaoráil Faisnéise under the Freedom of Information Act
" Léiríonn cáipéisí a tugadh dom faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, mar shampla, gur thug dhá eagraíocht sláinte sa tír foláireamh láidir don Aire gan leapacha breise a chur i mbardaí ospidéil.
an Acht um Shaoráil Faisnéise the Freedom of Information Act
" Tá imní léirithe ag an Ombudsman, Emily O’Reilly, nach bhfuil ag éirí chomh maith sin leis an Acht um Shaoráil Faisnéise le dornán blianta anuas.
Acht um Shaoráil Faisnéise Freedom of Information Act
" Rinne an nuachtán sin iniúchadh ar líon na n-iarratas a rinneadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF) ón uair a tháinig sé i bhfeidhm naoi mbliana ó shin.
an tAcht um Shaoráil Faisnéise the Freedom of Information Act
" A bhuíochas do nuachtáin áitiúla – *The Newsletter* a thugann tacaíocht don DUP, ina measc – agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise ó thuaidh, tháinig na fíricí seo uilig chun solais diaidh ar ndiaidh.
le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, with the help of the Freedom of Information Act,
" Is léir, áfach, ó shuirbhé atá déanta agam, le cuidiú an Achta um Shaoráil Faisnéise, nach bhfuil comhsheasmhacht ar bith ann maidir le cur i bhfeidhm an choinníll ó chontae go contae.
faoin Acht um Shaoráil Faisnéise under the Freedom of Information Act
" De réir figiúirí a scaoil an Roinn Oideachais chugam faoin Acht um Shaoráil Faisnéise an mhí seo caite, bíonn duine as gach beirt a bhfuil míchumas foghlama orthu, agus a fhaigheann díolúine ó bheith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge dá bharr, ag déanamh staidéir ar nuatheanga Eorpach amháin ar a laghad.
Acht um Shaoráil Faisnéise The Freedom of Information Act
" Tugadh an t-eolas seo dom mar fhreagra ar achomharc a rinne mé in éadan cinneadh na Roinne gan mórán eolais a chur ar fáil dom ar an ábhar faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Acht um Shaoráil Faisnéise FOI Act
" Bhí iontas an tsaoil orm arís eile leis an toradh a fuair mo chomhleacaí, Áine Lally le Nuacht TG4, nuair a d'fhiosraigh sí an scéal tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise.
Shaoráil Faisnéise (ASF) Freedom of Information
" Is ionann sin agus €100,000 sa mheán gach mí le hocht mí déag anuas! Suim airgid é seo atá sa bhreis ar an mhéid a fhaigheann na hAirí mar chúiteamh ar a gcuid costas mar Theachtaí Dála, atá flaithiúil go maith iontu féin, agus a fhoilsítear go tráthrialta i nuachtáin éagsúla mar thoradh ar iarratais tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise (ASF).
Shaoráil Faisnéise freedom of information
" Sin é an léamh lom gur féidir a bhaint as eolas a thug an Roinn Oideachais agus Eolaíochta dom ar na mallaibh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Shaoráil freedom
" I miontuairisc de chruinniú idir feidhmeannaigh shinsireacha na Roinne agus An Bord Snip Nua (8 Aibreáin 2009) agus a scaoileadh chugam tríd an Acht um Shaoráil Faisnéise, cheistigh Mary Walsh (ón Bhord Snip) an gá a bhí leis na naoi gcinn déag d'eagraíochtaí Gaeilge a fhaigheann maoiniú ón Fhoras.
Shaoráil Faisnéise freedom of information
" Tá sonraí an logleabhair úd, a scaoileadh saor tríd An Acht um Shaoráil Faisnéise, á fhoilsiú don chéad uair in Beo na míosa seo.
shaoráil faisnéise freedom of information
" Ba chóir go gcuirfí feabhas ar shaoráil faisnéise, ar an chaoi a gceaptar oifigigh do áisineachtaí stáit, ar chumas an oireachtais i dtaobh freagracht a chur ar an rialtas, agus mar sin de.
Shaoráil Faisnéise freedom of information
" Agus dhiúltaigh sé go gcuirfí ar fáil do lucht nuachta aon tuairisc inmheánach roinne nó rialtais ar chás Commins faoi Alt 25 den Acht um Shaoráil Faisnéise.
Shaoráil Faisnéise Freedom of Information
" Ba thrua gur mar thoradh ar iarratas ó iriseoir faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a thiocfadh mioneolas faoi na haighneachtaí a déanadh chun solais.
Shaoráil Faisnéise freedom of information
" Léiríonn cáipéisí a scaoileadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise go ndeachaigh Oifig an Ombudsman i mbun oibre ar dhréachtadh an dara scéim go luath ina dhiaidh sin.
Acht um Shaoráil Faisnéise the Freedom of Information Act
" Baint As na Treorach ========= Ag eascairt as sin, rinne mé iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise le haghaidh taifid a bhain le hathrú na treorach.
Acht um Shaoráil Faisnéise the Freedom of Information Act
" I mí na Samhna seo caite rinne mé iarratas chucu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ag lorg aon taifead a bhain leis an phróiseas chun deireadh a chur le marcanna bisigh (nó bónais) don Ghaeilge sa státsheirbhís agus leis an chóras úr a cuireadh ina áit.
an tAcht um Shaoráil Faisnéise The Freedom of Information Act
" Tá sé in am ag an Rialtas an tAcht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh níos cuimsithí, dar le hUinsionn Mac Dubhghaill, seachas a bheith ag iarraidh é a choilleadh.