Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag saothrú a gcoda earning their living
" " Agus cá bhfuil Íosa Mhic Ghiolla Mháire fhad is atá Cement Roadstone ag saothrú a gcoda ar chróite an IRA a líonadh le stroighin? Ar Safari atá sí sa Chéinia agus in Uganda.
ag saothrú a gcoda earning their keep
" Cúpla glúin ó shin bheadh na *Navies* seo ag obair ar na tionscadail nua tithíochta a bhí ag preabadh aníos sa Bhreatain, anois is ar pháirceanna glasa na hÉireann atá siad ag saothrú a gcoda.
ag saothrú earning
" " Chaith Spillane dhá shamhradh ag seinm an dordghiotáir le grúpa Johnny Crowley, an cantaire bailéad Corcaíoch, agus ag saothrú airgid ón cheol den chéad uair.
ag saothrú earning
" "Dá bhfaighinn post ina mbeinn ag saothrú trí oiread airgid, ach go gcaithfinn bogadh go háit eile, ní dhéanfainn é," a dúirt sí liom.
ag saothrú earning
" Tá siad ag saothrú 35%-40% níos lú i gcásanna áirithe i gcomparáid le póilíní i ranna eile.
ag saothrú earning
" Tá muid ag craoladh ceithre uair is fiche sa lá, tá ardchaighdeán ag baint le cuid de na cláracha agus tá muid ag saothrú go leor airgid chun roinnt daoine a fhostú - fiú más ar bheagán airgid atá siad ag obair.
saothrú a living
" Tá lagan tagtha ar thionscal na feamainne buí - tionscal a thug saothrú séasúrach do chuimse teaghlach ar chósta thiar Chonamara.
ag saothrú leis working away
" Má thugann tú cuairt ar Shráid Uí Chonaill le hamharc ar an spíce lonrach, ná déan dearmad ar an mháinlia cluaise atá ag saothrú leis ina sheomra beag cúng in aice láimhe.
ag saothrú pingneacha suaracha earning bad money
" Bheadh trua agat do na leaidíní beaga a bhíonn ag saothrú pingneacha suaracha ag díol cártaí poist ar an láthair seo.
ag saothrú airgid earning money
" B'fhéidir gur scéal fíor nó finscéal atá anseo ach is léir go bhfuil paramílitigh ag saothrú airgid as "coireanna gan íospartaigh".
ag saothrú an bháis dying
" Agus bunaíodh iad ar na cúiseanna céanna freisin, ina measc, go raibh dúchas na nGael á chreimeadh go síoraí ag Gaill, go raibh na seanteangacha ag saothrú an bháis agus go raibh na daoine thíos leis.
ag saothrú neart airgid earning plenty of money
" Suimiúil go leor, tá an ráiteas seo oiriúnach go maith faoi láthair agus saothar páiste ag cruthú iontais agus ag saothrú neart airgid i saol na nua-ealaíne i Meiriceá.
ag saothrú working
" Ó thaobh na scríbhneoireachta de, ní hamháin gur duine toirtiúil é Ó Muirí, ach is scríbhneoir é atá ar a shuaimhneas ag saothrú i *genres *difriúla fosta.
ag saothrú earning
" Is iomaí contrárthacht atá san Afraic Theas mar thír: an deighilt idir na ciníocha; an deighilt idir saibhir agus bocht; tithe móra millteacha cúpla méadar ó bhaile seantán; daoine ag saothrú na gcéadta milliún rand ó ór na tíre agus páistí ag freastal ar scoil gan leabhair, gan áiseanna agus amanna gan mhúinteoir.
ag saothrú ioncam íseal earning a low income
" Is é an rud is scanrúla faoin bhorradh seo, áfach, ná go measann MABS go raibh breis is 60% de na daoine a chuaigh i dteagmháil leo dífhostaithe nó ag saothrú ioncam íseal.
ag saothrú a bheatha mar bheochantóir agus mar ealaíontóir making a living as an animator and artist
" ie/)), Seán Mistéil ar aisteoir é le “Ros na Rún” ar TG4 agus Dónall Ó Bric, atá ag saothrú a bheatha mar bheochantóir agus mar ealaíontóir.
ag saothrú leo ar son na teanga working away for the language
" Is daoine iad an dream a luaigh sé atá ag saothrú leo ar son na teanga le fada agus nach bhfuil an oiread sin aitheantais faighte acu agus is dócha go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi Risteard féin.
ag saothrú ar son na teanga agus an chultúir working for the language and the culture
" Tá cuid mhór rudaí is mian liom a dhéanamh!” Ní fear é Risteard Mac Gabhann a bhfuil cleachtadh ar bith aige ar a bheith díomhaoin agus féadann tú bheith cinnte go leanfaidh sé air ag saothrú ar son na teanga agus an chultúir sna blianta atá romhainn.
ag saothrú leis san earnáil seo working away in this sector
" Ach, i bhfírinne, tá Quinn ag saothrú leis san earnáil seo leis an blianta i dTuaisceart Éireann.
ag saothrú an adhmaid, working with the wood,
" Chaith go leor daoine a saol ag saothrú an adhmaid, ag gearradh na gcrann anuas agus á seoladh ar na haibhneacha chuig na muilinn.
ag saothrú working
" ** ** Ní raibh mórán measa ag na coilínigh ar a leithéid de nósanna, agus lean siad orthu ag saothrú ar an talamh bliain i ndiaidh bliana in ainneoin thoil na Maorach.
ag saothrú. working.
" Ach ní ag caint ar “fhís” i dtéarmaí teibí atá mé – is é an cineál físe atá ag Mac Murchú ná tuiscint domhain i dtaobh cé hé féin, céard é an jab atá le déanamh aige, cén treo ina bhfuil a chomhlacht ag dul agus cén cineál ainmhithe go díreach í an earnáil ina bhfuil sé ag saothrú.
ag saothrú working
" Ag deireadh an chúrsa, tháinig cuid de chainteoirí líofa na Manainnise ar cuairt againn, ina measc Brian Stowell, duine a chaith a shaol ag saothrú ar son na Manainnise agus a bhfuil Gaeilge na hÉireann go líofa aige chomh maith.
níl saothrú ar bith aici she doesn't earn any money
" In ainneoin go bhfuil sí ina príomhfheidhmeannach ar chumann carthanach a bhfuil na milliúin de theacht isteach aige, níl saothrú ar bith aici.
ag saothrú airgid earning money
" Fágadh an teaghlach in umar na haimléise ar feadh seala mar nach raibh sé ag saothrú airgid.
ag saothrú working
" Bhí an tír seo ag saothrú agus níor sa tógáil amháin é.
saothrú stádais obtaining status
" B’fhéidir gur cuntas áibhéalach é seo ar shaol an teaghlaigh in Éirinn i mblianta deiridh an Tíogair Cheiltigh, ach is fíor a rá go raibh aithne againn uile ar dhaoine a bhí gafa go hiomlán leis an gnóthú saibhris agus leis an saothrú stádais le linn an ama sin.
saothrú labouring
" ‘*I only have the cúpla focal*,’ ar seisean, ‘*and that’s both of them*!’ Fós ní raibh ceoltóir ná amhránaí ná damhsóir as Éirinn feicthe agam, ach Meiriceánaigh agus Ceanadaigh le Fraincis ag saothrú leo go tréan ar na stáitsí móra, piontaí leanna fágtha ar tháblaí ina aice láimhe acu, agus iad uilig le bodhráin ina nglac agus iad á mbualadh go tréan agus go mírithimeach chun cuma Éireannach a chur orthu féin dar leo.
saothrú working
" 15 bliain i ndiaidh shíniú Comhaontú Aoine an Chéasta, feidhmeannas (measartha) buan ag saothrú i Stormont, Arm na Breataine bailithe leo agus táthar ag tógáil ballaí síochána go fóill! ‘Fál maith a dhéanas comharsana maithe’ a deir seanfhocal amháin nó ‘Déanann teorainn mhaith comharsana cairdiúla’ a deirtear.
saothrú working
" - SMM: Mar a chéile, leis an dath gruaige, ar chuidigh sé leat go raibh is go bhfuil d’ainm i nGaeilge agat, nó a mhalairt, ar chonstaic ort d’ainm féin a bheith i nGaeilge agus tú ag saothrú agus lonnaithe anseo i gCúige Laighean mar a bhfuair Normannaigh is Sasanaigh talamh go leor dóibh féin? BNC: Mm, mm.
ag saothrú laboring
" Tá an-mheas agam ar an méid atá bainte amach i dTuaisceart Éireann ag Pobal agus ag dreamanna eile atá ag saothrú le fada, gan mórán tacaíochta, le húsáid na Gaeilge a mhéadú is a leathnú i measc an phobail.
á saothrú being worked
" Is coill í atá á saothrú, ach ar bhonn teoranta.
ag saothrú léi working away
" ) Níorbh iad na heasaontóirí ba théama don chaint a bhí ag iarfheisire Westminister atá ag saothrú léi sa ghrúpa pobail *STEP* i nDún Geannainn faoi láthair.
saothrú working
" Luaigh siad ceannach agus breabaireacht, a chreideann siad a bheith go forleathan san Afganastáin, agus an bhaint atá ag cuid nach beag de chomhghleacaithe Karzai i saothrú phoipíní an chodlaidín agus trádáil na hearóine.
Saothrú na Turasóireachta working the tourist trade
" Saothrú na Turasóireachta ============= Freastalaítear ar sheirbhísí phobal an tsráidbhaile, trí bhotháin ar leith eile don scoil, don phroinnteach, don obair cheardaíochta agus eile, agus iad ar fad lonnaithe taobh istigh de bhalla mór cruinn.
ag saothrú ar son a bpobail work for their people
" “Tá an nasc ann le go n-éascóidh muidinne bealach amach as dufair an fhoréigin agus an bhithiúntais dóibh le go dtig leo a bheith ag saothrú ar son a bpobail.
ag saothrú an bháis dying
ag saothrú a gcoda earning their bread
" Tá dúnta airm, airfoirt, bailte beaga agus móra, innealltóirí, dearthóirí, lucht oibre, lucht freastail, agus an iliomad gairmeacha eile ag saothrú a gcoda ar an slad seo.
saothrú sna goirt to work in the fields
" Cailleadh den eitinn í, galar nár lig di páistí a theagasc, ná saothrú sna goirt, ná spórt a dhéanamh nuair a bheadh deireadh le lá fada sa kibbutz, galar nach raibh leigheas air ag an am.
ag saothrú an bhia growing food
" Míníonn sé an chaoi ar thosaigh daoine ag saothrú an bhia seachas a bheith ag seilg agus ag bailiú, agus an chaoi inar tháinig an fheirmeoireacht chun cinn go tapa in áiteanna áirithe agus an chaoi nár tháinig ar chor ar bith in áiteanna eile.
ag saothrú an bháis dying
" Tá tost tríocha bliain idir an racréalta leanbaí is an Giudach athar, atá anois ag saothrú an bháis i Meiriceá.
ag saothrú an bháis on its last legs
" Leoga, tá neart fianaise ann go bhfuil an tsamhail nua mhaoinithe ag saothrú an bháis.
saothrú lus an chodlata the growing of opium
" Níl aon amhras ach go bhfuil baint ag Matiullah le saothrú lus an chodlata agus i dtrádáil na hearóine agus, níos measa fós, go bhfuil sé ag obair as lámh a chéile leis an Talaban.
Ag Saothrú Meas Namhad earning the respect of enemies
" Ag Saothrú Meas Namhad ============ A fhad is a bhain sé liom féin áfach agus mé mar bhall de Arm Heffo (fonóta thíos) sna seachtóidí agus ochtóidí, ba é Páidí Ó Sé an namhaid, namhaid nach raibh de chuspóir agus de phléisiúr sa saol aige agus ag a chomhghleacaithe mallaithe Ciarraíocha ach croí gach ‘Dub’ a bhriseadh chomh minic agus ab fhéidir.
nach raibh mórán saothrú le fáil not much work available
" Bhí Gaeltacht Chonamara dílis do Fhianna Fáil ó 1932 i leith, ach b’fhacthas don ghlúin óg a raibh baint acu le Cearta Síbhialta gur bheag an mhaith, ach a mhalairt, a rinne an dílseacht sin: bhí an áit bánaithe ag an imirce mar nach raibh mórán saothrú le fáil ann; ní raibh uisce i mórán de na tithe; ní raibh mórán áiseanna poiblí ar fáil don aos óg ach an oiread.
teanga atá ag saothrú an bháis a dying language
" Cuireann sé olc orm nuair a chloisim gasúir a tógadh le Gaeilge ag Béarlóireacht le chéile ach nuair a chloisim iad ‘ag gaeilgeoireacht’ cuirim ceist orm féin, cén caoi a bhfuil Gaeilge chomh tanaí ag daoine a tógadh le Gaeilge sa Ghaeltacht is láidre sa tír! Ag éisteacht leo ag Gaeilgeoireacht, braithim go bhfuilim ag éisteacht le teanga atá ag saothrú an bháis.
ag saothrú gan stad gan fuaradh toiling ceaselessly
" Bheadh sé an-dian ar aon duine a bheith ag saothrú gan stad gan fuaradh ó dhubh go dubh ar feadh tamaill, agus ansin a bheith ar sos scun scan.
is faide ag saothrú sa Phríomhroinn longest working the premier division
" Spéis na nÉireannach ========= I dteannta na mbuanna sin uile, bhain Alex Ferguson go leor gradam eile: an bainisteoir is faide i bhfeighil Manchester United (26 bliain), an bainisteoir is faide ag saothrú sa Phríomhroinn agus ‘Bainisteoir na Bliana’ gnóthaithe níos minice ná aon duine eile.
ag saothrú go dícheallach ón imeall working away tirelessly on the edge
" Bhíodh na nuachtáin úd ag saothrú go dícheallach ón imeall i bhfad sular bhaistigh gúrú margaíochta éigin an téarma 'súil eile' ar a gcur chuige.
ag saothrú go maith really endeavouring
" Is é an feall é, ach istigh eatarthu tá baile an chinsil, Béal an Mhuirthead, agus bíodh go bhfuil daoine ag saothrú go maith ann anois ar son na teanga seo, thar mar a bhíodh, is mó i bhfad an Béarla as an mBéal céanna ná Gaeilge.
ag saothrú ar son laboring on behalf of
" Bhí Eugene Mac Aoidh, iarbhainisteoir peile Uíbh Fháillí agus iriseoir, in aghaidh an mhargaidh ar an ábhar gur shíl sé nach mbeadh cuid den seandream a chaith a saol ag saothrú ar son an CLG in ann cluichí áirithe a fheiceáil toisc nach raibh Sky TV acu agus nach mbeadh sé acu toisc nach mbíonn uathu san ach na cluichí Gaelacha a fheiceáil.
ag saothrú léi working away
" 

 Tá bean óg amháin ag obair ar an choigríoch agus cé go bhfuil gaol an-láidir lena muintir agus lena tír dhúchais tá sí ag saothrú léi i gcúrsaí Gaeilge - i Nua-Eabhrac.
ag saothrú a gcodach earning their bread
" Isteach le Peter Robinson, ní leis na gnáth-Mhoslamaigh atá ag saothrú a gcodach anseo le fada an lá a chosaint, tráth a bhfuil ionsaithe ar mhionlaigh eithneacha ag méadú i rith an ama i gceantair dhílseacha - dúiche Robinson in oirthear Bhéal Feirste ach go háirithe - ach le tacaíocht a thabhairt don tréadaí aineolach nach raibh a fhios aige an dóigh leis an fhocal Sharia a fhuaimniú mar ba cheart.
ag saothrú tuarastail aird earning high salaries
" De réir cinntí an Ollaimh, beidh an cháinaisnéis níos déine ar dhaoine ar leas sóisialach ná orthu siúd atá ag saothrú tuarastail aird.
Saothrú an Bhéarla working in English
" Saothrú an Bhéarla ======= **SMM: Ní raibh tú díomhaoin i dtaca le scríobh an Bhéarla ach oiread a Shéamais.
ag saothrú an bháis dying
" D'éirigh le bean atá ag saothrú an bháis an ceann is fearr a fháil ar an gcomhlacht tobac British American Tobacco sa chúirt an mhí seo caite.
ag saothrú working
" Labhair sé le hÉamonn Ó Dónaill faoina shaothar, faoina chuid oibre mar Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus faoin uaigneas a bhaineann le bheith ag saothrú i ngort an léinn Ghaeilge.
ag saothrú leis working away
" Tá Maidhc Ó Cathail ag saothrú leis ag iarraidh ceann de theoiricí George Washington a léiriú don phobal.
ag saothrú an bháis dying
" Tá an Ghaeilge ag saothrú an bháis i nGaeltacht Chois Fharraige agus i gceantair láidre Ghaeltachta eile dar le Donncha Ó hÉallaithe.
ag saothrú i saol an aistriúcháin working in the world of translation
" Chas Robert McMillen le bean óg as Indreabhán, Conamara, atá ag saothrú i saol an aistriúcháin le tamall de bhlianta.