Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhronnadar deiseanna scórála they presented scoring chances
" Ach ina áit sin rinne siad feall i ndiaidh fill agus iad faoi bhrú sa tréimhse dheireanach, agus bhronnadar deiseanna scórála ó phocanna saora ar Loch Garman.
nó cúl a scóráil or to score a goal
" Mar a dúirt mé le linn m’óráide ag an ócáid ar an 14 Bealtaine, tháinig cuid mhór daoine chuig ranganna Gaeilge thar na blianta, daoine a raibh baint acu leis an rince Gaelach nó le Cumann Lúthchleas Gael ach fuair siad amach go raibh sé i bhfad níb fhusa coiscéim damhsa a fhoghlaim, nó cúl a scóráil sa pheil, ná greim a fháil ar ghramadach na Gaeilge! Luigh Seán isteach ar fhoghlaim na Gaeilge le díograis agus, dá bharr sin, tá an ghramadach agus an comhrá ar a thoil aige.
go scórálfaidís níos mó cúl that they would score more goals
" Is dóigh liom gur chreid an fhoireann úd go scórálfaidís níos mó cúl ná an freasúra cuma cé mhéad cúl a scaoilfidís féin isteach (agus ní raibh mórán díobh sin ann le fírinne).
in ainneoin gur scóráil siad sé chúl despite the fact that the scored six goals
" Ó bhíos i mo ghasúr, bhí gean agam ar mhuintir na nDéise de bharr Chraobh na hÉireann 1963, nuair a bhuail Cill Chainnigh iad in ainneoin gur scóráil siad sé chúl, más buan mo chuimhne, ach, go mí-ámharach do Phort Láirge, scóráil Eddie Keher 0-14.
mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu because of the scoring opportunities they lost
" Ach rinneadh iarrachtaí thosaithe Átha Cliath a cháineadh mar gheall ar na deiseanna scórála a scaoil siad uathu agus fágadh comhartha ceiste faoi fhíorchumas na foirne.
ag scóráil cúil scoring a goal
" Bhí mé an-óg ag an am, gan dabht, ach tá cuimhne nó cineál pictiúrtha i mo cheann den laoch mór ag scóráil cúil i gcluiche ceannais Chorn an Bhóthar Iarainn i gcoinne fhoireann Laighean ar a raibh cuid mhaith *Dubs*.
barraíocht deiseanna scórála too many scoring opportunities
" Tugann sí barraíocht deiseanna scórála don fhreasúra.
caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú he has to take more scoring opportunities
" Údar gach oilc, dar leis an fhreasúra, agus caithfidh sé níos mó deiseanna scórála a thapú seachas a bheith ag cosaint a pháirtí de shíor.
scóráil scored
" “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
scórálfadh would score
" Cad is féidir a rá faoi? An diabhal ina steillbheatha? Cneámhaire? Scabhaitéir? Falcaire? Damnaíodh Mac Annraoi i ndiaidh an chluiche mhí-iomráitigh úd i bPáras na Fraince tá cúpla seachtain ó shin anois ar an ábhar go ndearna sé gníomh suarach, cam, is é sin an liathróid a láimhseáil, a dhuine, agus í a sheachadadh trasna an chúil s’againne le go scórálfadh comhghleacaí leis, an cúl ba shuaraí is b’uirísle ó bhí Mikey Mac an tSíthigh ina phatachán.
an freasúra a chur den scóráil to knock the opposition of their scoring
" Dá bhrí sin, tá deis ag foireann Phoblacht na hÉireann i gcónaí gaisce a dhéanamh (a) má bhíonn an t-ádh leo maidir le nithe éagsúla ar nós cinntí réiteora agus imreoirí a bheith i mbarr a sláinte (b) má oibríonn plean agus beartas an bhainisteora an freasúra a chur den scóráil ina coinne agus (c) má imríonn siad leis an spreacadh agus leis an gcroí céanna a bhíonn ag foirne na hÉireann de ghnáth agus a bhfuil béim leagtha air ag an mbainisteoir Trappatoni.
nach scórálfaí aon chúl that no goal would be scored
" Ag úsáid an idirlín, leag mé geall de €2 ar mhórán gach cluiche nach scórálfaí aon chúl.