Is cinnte gur chuir sé seo an scarúnachas i gcuimhne do rialtóirí na Nigéire, rud nach bhféadfaidís glacadh leis i dtír ina bhfuil breis is 250 grúpa eitneach.
Cuireann caint ar scarúnachas eagla ar lucht votála Québec go minic - i rith na seachtóidí d’imigh go leor comhlachtaí agus tionscadail ó Mhontréal – an chathair is mó sa chúige - go Toronto le reifreann ar scarúint á thógáil ag muintir Québec agus níl an chathair tagtha ar ais chuici féin ó shin ó thaobh an gheilleagair de.