Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
straitéis sceimhlitheoireachta terrorist strategy
" " Is cinéal straitéis sceimhlitheoireachta seachas straitéis díospóireachta atá ann.
i gcoinne na sceimhlitheoireachta against terrorism
" Ní raibh an tacaíocht chomh láidir céanna nuair a thug sé le fios ar an 21 Meán Fómhair go raibh cead á thabhairt ag an Rialtas d'fhórsaí Mheiriceá ár gcuid aerfort a úsáid agus iad i mbun troda i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Tháinig go leor de na cumhachtaí domhanda ar mhalairt intinne i dtaobh sceimhlitheoireachta ar an lá san.
an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta defeat the terrorists
" Ar ndóigh, déanann daoine an neamhaird seo ar an Bhunreacht a chosaint trí thagairt a dhéanamh don tslándáil náisiúnta agus an dóigh a gcaithfear an ceann is fearr a fháil ar lucht na sceimhlitheoireachta.
feachtais sceimhlitheoireachta terrorist campaign
" Sin an fáth gur chuir John Reid fiosrúchán Chilcot ar bun: sa dóigh is nach mbeidh seans ag na natives súil a a chaitheamh ar eolas a thabharfadh le fios go raibh na fórsaí slándála i mbun feachtais sceimhlitheoireachta iad féin le tríocha bliain anuas.
an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta 2000 The Prevention of Terrorism Act 2000
" Go dtí le gairid, bhí siad le feiceáil ag máirseáil timpeall an cathrach in éide an UVF nó na nDúchrónach, ach i mbliana d'úsáid Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Clogherty, an tAcht Coiscthe Sceimhlitheoireachta 2000 (nó PTA) agus chuir sé in iúl dóibh go raibh cosc ar éide na n-eagraíochtaí paramíliteacha.
eachtraí sceimhlitheoireachta terrorist events
" B'fhearr liom a bheith faoi stiúir Sasanaigh nach dtuigeann muid ná faoi stiúir daoine a bhí páirteach in eachtraí sceimhlitheoireachta.
ionsaithe sceimhlitheoireachta terrorist attacks
" Agus muid ag tarraingt ar chothrom lae ionsaithe sceimhlitheoireachta an 11 Meán Fómhair anuraidh, tá go leor póilíní agus fear dóiteáin i Nua-Eabhrac ag smaoineamh siar ar an uafás agus ar an chaoi ar chaill siad beagnach 400 dá gcomhghleacaithe.
gníomhaíocht sceimhlitheoireachta terrorist act
" Chuir lucht agóide frithchogaidh in iúl gur iadsan a bhí freagrach as na buamaí seo ar a dtabharfaí gníomhaíocht sceimhlitheoireachta seachas gníomhaíocht choiriúil sa lá atá inniu ann.
hionsaithe sceimhlitheoireachta terrorist attacks
" ) Tá cur síos cinnte i bpáirteanna éagsúla de leabhar Golway ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a d'fhág 343 fear dóiteáin marbh.
Sceimhlitheoireachta terrorism
" Bhí sé socraithe roimh ré le Cigire na bPóilíní i Merseyside, Michael Cloherty, nach mbeadh baill de na bannaí ceoil fheadóige ag caitheamh bairéad dubh nó rud ar bith atá in aghaidh an Achta Sceimhlitheoireachta 2000.
hionsaí sceimhlitheoireachta gan choinne surprise terrorist attack
" Níl an Plean Náisiúnta Éigeandála in ann déileáil le hionsaí sceimhlitheoireachta gan choinne ar an tír seo.
grúpaí sceimhlitheoireachta terrorist groups
" An t-ollruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont, nach dtángthas ar a dhath dá bharr; tógáil agus ceistiú státseirbhísigh mar dhallamullóg ("smokescreen" an focal a d'úsáid foinse shinsearach de chuid an PSNI féin!) le spiaire, nó *mole*, taobh istigh den IRA féin a chosaint; líomhaintí fá nascanna idir an IRA agus grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear - tá daoine taobh amuigh den chlann phoblachtánach ag ceistiú bhunús na n-imeachtaí agus na líomhaintí seo.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Cé acu is breá leat é nó gur gráin leat é, is gá an méid seo a admháil: ní hamháin go bhfuil sé ag troid cogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, a bhféadfadh iarmhairtí a bheith aige ar bhonn idirnáisiúnta ar feadh na scórtha bliain, bhí sé ar chúl an mhórbhua pholaitiúil a fuair a pháirtí Poblachtánach i mí na Samhna, a thug smacht ar an Chomhdháil dóibh.
hionsaí sceimhlitheoireachta terrorist attack
" Ach ar an nuacht teilifíse níos moille, dúradh gur Heathrow féin a bhí i gceist, agus na húdárais ag súil le hionsaí sceimhlitheoireachta ar eitleán.
in aghaidh na sceimhlitheoireachta against terrorism
" Mhínigh sé chomh maith go raibh sé fíorthábhachtach go mbeadh an Spáinn páirteach sa chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta, mar b'in, dar leis, a bhí mar bhunús leis an ionsaí ar an Iaráic.
Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí it is easier to defeat a terrorist campaign
" Is fusa feachtas sceimhlitheoireachta a chloí ná feachtas láidir polaitiúil.
ionsaithe sceimhlitheoireachta terrorist attacks
" Ar ndóigh, tá cúiseanna leis an laghdú - ionsaithe sceimhlitheoireachta mar a tharla i Nua-Eabhrac agus Washington i 2001, i mBali anuraidh agus ar an Iaráic i mbliana; cúlú geilleagrach i gcuid mhaith de thíortha an domhain; deacrachtaí ag aerlínte; agus SARS, a raibh tionchar mór aige san Áis agus go hindíreach san Astráil.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Cé gur beag a tharla ó thaobh na sceimhlitheoireachta de san Iordáin féin, mar gheall go bhfuil sé an-ghar d'Iosrael, seachnaíonn turasóirí é.
stiúradh sceimhlitheoireachta directing terrorism
" Ciontaíodh Michael McKevitt as "stiúradh sceimhlitheoireachta" mar cheannaire an Fhíor-IRA.
Acht Sceimhlitheoireachta Terrorism Act
" Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
bagairt na sceimhlitheoireachta the threat of terrorism
" Is é an tátal a bhaineann siad as an staidéar ar fad ná gur mó i bhfad an chontúirt do shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe a eascraíonn as athruithe san aeráid ná bagairt na sceimhlitheoireachta, agus gur chóir do na Stáit Aontaithe déileáil leis mar ghéarchéim shlándála - ní mar argóint theibí idir an lucht glas agus lucht na dtionscal mór.
grúpa sceimhlitheoireachta terrorist group
" Fiú cúpla bomaite i ndiaidh na bpléascanna i gceithre thraein i lár Mhaidrid, bhí sé an-soiléir go mbeadh an bua ag an Partido Popular sa toghchán dá mbeadh an grúpa sceimhlitheoireachta ETA (*Euskadi Ta Askatasuna *nó Tír na mBascach agus Saoirse) freagrach as na buamaí.
cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta war of terror
" Toisc go bhfuil dearmad déanta againn ar an mbrí atá le saoirse, agus toisc go bhfuil an 'cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta' i ndiaidh forlámhas a ghlacadh ar ár gclár náisiúnta, mionnaím go ndéanfaidh mé mo dhualgas agus go nglacfaidh mé seilbh in athuair ar mo thír féin.
an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta the war on terror
" Tá an bhéim sa tionscadal ar dhearcadh na nÉireannach ar 11 Meán Fómhair agus "an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta" a lean é.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Is ráiteas é *The House of Osama bin Laden *faoi "éiginntitheacht" an chogaidh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, agus tá sé mar a bheadh físchluiche ann.
ngrúpa sceimhlitheoireachta terrorist group
" Aisteach go leor, thug Batasuna, an páirtí polaitiúil atá ceangailte leis an ngrúpa sceimhlitheoireachta ETA (*Euskadi Ta Askatasuna *nó Tír na mBascach agus Saoirse), tacaíocht do phlean Ibarretxe ag an nóiméad deireanach.
an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta the war on terrorism
" Ar ndóigh is cóir an t-uafás sin a choinneáil i gcuimhne i gcónaí, cé gur smál ar an gcuimhne sin an míleas polaitiúil a baineadh as an gcuimhneachán i mbliana, nuair a cuireadh an cogadh in aghaidh na Naitsithe i gcomparáid leis an bhforghabháil impiriúil ar a dtugtar "an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta".
i gcoinne na sceimhlitheoireachta against terrorism
" Anois, ar ndóigh, tar éis do na sceimhlitheoirí ionsaí a dhéanamh ar chóras iompair Londan, tá baint ag na Meiriceánaigh seo leis an chogadh domhanda i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
i gcoinne na sceimhlitheoireachta against terrorism
" “*Extraordinary Renditions*” a thugtar ar an ghníomh danartha seo atá mar dhlúth is inneach de chath na Meiriceánach i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
le haghaidh sceimhlitheoireachta for terrorism
" Bhí John Eric Irwin, 43 bliana d’aois, as Norris Green, Learpholl, cúisithe as bheith ina bhall den UVF, nithe bheith ina sheilbh aige le haghaidh sceimhlitheoireachta, le cois airm neamhdhleathacha.
ionsaí sceimhlitheoireachta terrorist attack
" Córas slándála ======= Ar eagla go dtarlódh ionsaí sceimhlitheoireachta, bhí córas slándála an-dian i bhfeidhm agus b'éigean dúinn banda riosta a chaitheamh i gcónaí.
cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta serious terrorist charges
" Cé gur cúiseanna tromchúiseacha sceimhlitheoireachta a bhí i gceist, níor cuireadh ach pionós éadrom ar na fir, mar is ghnáth i gcásanna a bhaineann le dílseoirí; gearradh téarma príosúin ceithre bliana go leith ar Roy Barwise (47) as taisce gunnaí agus armlóin a bheith ina sheilbh aige agus as a bheith ina bhall den UVF.
in éadan na sceimhlitheoireachta against terror
" Cad é an tsaoirse ba cheart duit a thabhairt d’fhórsaí cosanta do thíre agus iad ag troid “in éadan na sceimhlitheoireachta”? Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair fá phríosúin rúnda na Meiriceánach ar fud na cruinne agus an céasadh a mhaítear a bheith ag tarlú iontu sa “troid in éadan sceimhle.
i gcásanna sceimhlitheoireachta in terrorism cases
" Díospóireacht Agus mar sin, tharla díospóireacht i measc pholaiteoirí agus iriseoirí Mheiriceá le déanaí nach raibh mé ag súil leis riamh i dtír mar seo – pléadh chomh fada agus a d’fhéadfaí amhrasaigh i gcásanna sceimhlitheoireachta a chéasadh.
ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta making the global terrorism threat
" D’fhoilsigh rialtas Mheiriceá Measúnú Náisiúnta Faisnéise le déanaí ag tabhairt le fios go raibh an cogadh san Iaráic ag tabhairt ugaigh d’antoiscigh timpeall an domhain agus ag déanamh na bagartha domhanda sceimhlitheoireachta ní ba mheasa.
ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí. taking advantage of the threat of narcotic terrorism.
" Thart faoin am seo, agus bagairt na Sóivéadach ag dul i léig, thosaigh rialtas Reagan-Bush ag teacht i dtír ar bhagairt na sceimhlitheoireachta támhshuanaí.
nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta that he couldn't think of any terrorism campaign
" Dúirt sé nach dtiocfadh leis smaoineamh ar aon fheachtas sceimhlitheoireachta ar cuireadh deireadh leis gan idirbheartaíocht a bheith i gceist.
na hionsaithe sceimhlitheoireachta the terrorist attacks
" Nuair a rinneadh na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe Mheiriceá ar 11 Meán Fómhair 2001, bhí Príomh-Aire na hAstráile ag an am, John Howard, ar cuairt oifigiúil in Washington.
in éadan na sceimhlitheoireachta. against terror
" Mar bharr air sin, ní raibh a fhios agamsa go raibh sé ann, cé go raibh mé féin ar chósta Virginia, cúpla uair soir ó Washington, ar an lá céanna!) Bhuail Howard le hUachtarán Bush in Washington go gairid i ndiaidh na n-ionsaithe agus gheall sé, thar ceann a rialtais, go seasfadh an Astráil an fód leis na Stáit Aontaithe sa chogadh in éadan na sceimhlitheoireachta.
anfhorlann sceimhlitheoireachta terrorist outrage
" Ar an gcéad dul síos, tharla i mí Dheireadh Fómhair 2002 an t-anfhorlann sceimhlitheoireachta is measa riamh sa taobh seo domhain.
eagraíocht sceimhlitheoireachta terrorist organization
" In ainneoin reitrice Iosrael faoi Hamas a bheith ina eagraíocht sceimhlitheoireachta atá ina bagairt ar shlandáil na tíre, is amhlaidh gur thug Iosrael cúnamh díreach do Hamas sna hochtóidí.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta financing terrorism
" Maoiniú na sceimhlitheoireachta Ach ní hiad na hIosraeligh amháin a thug cúnamh do Hamas.
ionsaí sceimhlitheoireachta terrorist attack
" Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís, léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh de réir a bhriathair.
Maoiniú na sceimhlitheoireachta financing terrorism
" Maoiniú na sceimhlitheoireachta D’fhreastail Marc Grossman i Roinn an Stáit faoi chúig cinn de rialtais éagsúla, idir Dhaonlathach agus Phoblachtánach, i roinnt tíortha suimiúla i dtreimhsí tábhachtacha.
Cogadh na Sceimhlitheoireachta the war on terror
" Cogadh na Sceimhlitheoireachta Níor thaitin sin le Washington, áfach.
sceimhlitheoireachta terrorist
" D’éirigh teannas idir an dá thír sa bhliain 2007 nuair a ghabh na póilíní abhus dochtúir Indiach, darb ainm Muhammed Haneef, mar chuid den fhiosrúchán ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh ar na haerfoirt i Londain agus i nGlaschú um an dtaca sin.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Agus an fhís pholaitiúil ó Chicago curtha i gcrích acu le fógairt ‘chogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta,’ bhí ról lárnach ag an mbeirt Shíónach ag an mBanc Domhanda, ag domhandú an mheoin ‘Chicago’ ó thaobh cúrsaí geilleagair de.
sceimhlitheoireachta terrorism
" A mhalairt ar fad, a dúirt sé, nó ba cheart moladh agus ómós a thabhairt do "our brave men and women in uniform" a throid in éadan na sceimhlitheoireachta.
sceimhlitheoireachta of terrorism
" Bhí an chuma ar an scéal go raibh na Moslamaigh fuarchroíocha ag ceiliúradh gníomh sceimhlitheoireachta eile.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Seans maith thar aon rud eile go mbeidh cuimhne ar an chaoi ar chuir sé in aghaidh rialtas Bush nuair a chuaigh siad i mbun cearta sibhialta a ghearradh siar agus iad in ainm is a bheith ag troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta.
sceimhlitheoireachta terrorist
" Ag an gCruinniú Mullaigh um Shlándáil Eithneach i Washington, dúirt Barack Obama gurb é an bhagairt is mó do shlándáil SAM ná an seans go bhfaigheadh eagraíocht sceimhlitheoireachta arm núicléach.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Dúirt an AQMI go saorfaidís Dyer ar an gcoinníoll go scaoilfí saor Abu Qatada, atá faoi choinneáil sa Bhreatain agus a bhfuil gríosú chun sceimhlitheoireachta curtha ina leith.
sceimhlitheoireachta terrorist
" Bhí fórsaí na hAstráile páirteach san ionradh ar an Afganastáin i dtús báire i mí Dheireadh Fómhair 2001, mar chuid den fhreagra idirnáisiúnta ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe ar 11 Meán Fómhair 2001.
sceimhlitheoireachta terrorist
" Ní luaitear, áfach, gur ghlac scata Giúdach na hEigipte páirt san eachtra spiaireachta agus sceimhlitheoireachta Iosraelach ar a dtugtar Teagmhas Lavon trí bliain roimhe sin.
i leith na sceimhlitheoireachta in regard to terrorism
" Staon na Stáit Aontaithe ó vótáil nuair a cháin an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta Iosrael as an ionsaí, rud a léirigh do cheannaire nua na Libia – a tháinig i gcumhacht ceithre bliana roimhe sin i ndiaidh coup d’état síochánta i gcoinne fhear soip na Breataine, an Rí Idris – fimíneacht an Iarthair Domhain i leith na sceimhlitheoireachta.
um Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta responsible for financing terrorism
" Glaser, Rúnaí Cúnta um Mhaoiniú Sceimhlitheoireachta, cuairt ar an Iordáin agus an Liobáin ag brú ar na húdaráis ansin gan ligean leis an Damaisc éalú ó na smachtbhannaí.
in éadan na sceimhlitheoireachta against terrorism
" ===== Chuaigh PNAC i mbun pinn arís naoi lá i ndiaidh uafáis 9/11 le tacaíocht a thabhairt don Uachtarán Bush as an gcogadh in éadan na sceimhlitheoireachta a fhógairt.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Nuair a chloiseann siad faoi na hionsuithe éagsúla gunna is sceimhlitheoireachta, croitheann an-chuid den ghlúin óg Mheiriceánach a gcinn ag ligean osna astu féin, feargach leis an tslí ina bhfuil a dtír dhúchais sa lá inniu agus bíonn brón orthu faoin íomhá a fhaigheann an domhan mór díobh mar phobal.
Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta a terrorist bombing conspiracy
" Is ea seo cnámha scéil an cháis cúirte inar dearna an t-iomrall ceartais thuasluaite: • Comhcheilg bhuamáil sceimhlitheoireachta sna seachtóidí; • Seisear de shliocht chomhphobal eitneach gafa, ciontaithe agus pianbhreith daortha orthu; • Na húdaráis in amhras faoin gcomhphobal seo as siocair iad a bheith ag tacú le feachtas ina dtír dhúchais neamhspleáchas a bhaint amach; • Admhálacha faighte faoi bhagairt, gan dlíodóirí i láthair agus gan síniú; • Fianaise bhréagach sa chúirt agus fianaise eile coinnithe siar ag na húdaráis; • Na seirbhísí rúnda lárnach sa chás; • Póilíní sa chás os comhair na cúirte ní ba dhéanaí; agus • Feachtas sna meáin leis an bhfíorasc a chur ar neamhní.
cumann sceimhlitheoireachta a terrorist club
" Is cumann sceimhlitheoireachta é an CLG i súile Jamie agus tá Banc Uladh agus Vodafone agus O Neill’s páirteach sa chomhcheilg dar le Bryson agus pléitear leis mar a bheadh saoi ann.
an t-ionsaí sceimhlitheoireachta the terrorist attack
" Fáinne fí atá ann! Tá siad an-dian maidir le guthán a cheannach, mar de réir dealraimh, rinneadh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Maidrid sa bhliain 2004 a chomhordú le gutháin phóca.
sceimhlitheoireachta terrorism
" Brown go bhfuil Rialtas na Stát Aontaithe ag iarraidh imní a chur ar dhaoine i dtaobh na sceimhlitheoireachta sa dóigh is go mbeidh siad sásta cuid dá gcuid ceart bunreachtúil a ghéilleadh.
ionsaí sceimhlitheoireachta terrorist attack
" Bhí go leor searmanas ar siúl le cúpla seachtain anuas i gcuimhne orthu siúd a cailleadh san ionsaí sceimhlitheoireachta ar Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair anuraidh.
ionsaí sceimhlitheoireachta terrorist attack
" Tá grúpa bunaithe chun brú a chur ar na húdaráis aird faoi leith a tharraingt ar na hoibrithe tarrthála a fuair bás i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair, 2001 de bharr an ionsaí sceimhlitheoireachta.
ionsaí sceimhlitheoireachta terrorist attack
" Deir Dáithí Ó Colchúin go raibh na daoine a cháin ionsaí sceimhlitheoireachta Mhaidrid ina dtost nuair a bhí na mílte ag fáil bháis san Iaráic.