Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
shealbhú teanga language acquisition
" Ciallaíonn seo go bhfuil páistí lucht labhartha Gaeilge i dtimpeallacht Bhéarla cuid mhaith, go dtí go sroicheann siad aois scoile - na blianta is tábhachtaí ó thaobh shealbhú teanga! De bharr easpa ama, leis, ní bhíonn fonn rómhór ar thuismitheoirí tabhairt faoi imeachtaí a eagrú as a stuaim féin agus cé gur buntáiste an-mhór don eagraíocht go bhfuil beirt fostaithe go lánaimseartha, ní maith an rud go mbeadh aon eagras deonach ag brath rómhór ar fhostaithe.
go sealbhóidh páistí na Gaeltachta that Gaeltacht children will acquire
" Caithfear a chinntiú go sealbhóidh páistí na Gaeltachta ach go háirithe an teanga sula dtéann siad chun na bunscoile.
Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge Irish Language Acquisition and Preservation Centre
" Beartaíodh i 1985 é a oscailt go lánaimseartha mar Ionad Sealbhaithe agus Buanaithe Gaeilge lena chinntiú go mairfidh an Ghaeilge beo, trí daoine a spreagadh le hiompar agus buanú Gaeilge a neartú in abhantrach an Árais agus i measc na ndaoine a bhíonn ag soláthar seirbhísí do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.
obair shealbhaithe acquisition work
" Cén obair a dhéantar san Áras anois ó lá go lá? Tá an obair shealbhaithe Gaeilge ar bun againn anois ar feadh na bliana ar fad - bíonn cúrsaí seachtaine, cúrsaí coicíse agus cúrsaí deireadh seachtaine Gaeilge á reáchtáil againn do ghrúpaí éagsúla (mar shampla, mic léinn ó institiúidí éagsúla ar fud na tíre, daoine fásta as gach cearn den domhan, cigirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, múinteoirí a oileadh thar lear, oibrithe ón bPost, foireann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, éascaitheoirí ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, etc.
nár shealbhaigh muid that we didn't acquire
" Sin ráite, sílim go mbreathnaítear orainn mar "ghlúin nua" sa mhéid is nár shealbhaigh muid an traidisiún beo ar an teallach agus gur faoi scáth an Ghaelacadaimh a shealbhaigh muid na hamhráin, agus an traidisiún dá réir.
a shealbhú to acquire
" Daoine eile a bhfuil cónaí orthu i dtíortha éagsúla ar fud an domhain (ar daoine de shliocht Éireannach cuid acu agus ar dream an chuid eile nach bhfuil aon cheangal acu le hÉirinn) a dhéanann gach iarracht an teanga a shealbhú agus a úsáid chomh minic agus is féidir leo.
ag sealbhú teangacha acquiring languages
" " A hóige ======= Is léir nach raibh na fadhbanna céanna ag Anna ag sealbhú teangacha agus í ag éirí aníos.
sealbhú teanga language acquisition
" " A hóige ======= Is léir nach raibh na fadhbanna céanna ag Anna ag sealbhú teangacha agus í ag éirí aníos.
sealbhaithe acquired
" Ciallaíonn sé sin gur beag Gaeilge a chloistear sa bhaile, cé go bhfuil pobal mór don aos óg a bhfuil Gaeilge sealbhaithe acu.
faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga about language acquisition and learning
" Agus é i mbun na hoibre sin, áfach, thuig sé go raibh go leor le foghlaim aige faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga agus chinn sé, mar sin, ar mháistreacht a dhéanamh sa teangeolaíocht fheidhmeach.
an amhránaíocht a shealbhú. to acquire the singing.
" Tugann sé deis do na hamhránaithe traidisiúnta scileanna múinteoireachta a fhoghlaim agus tugann sé deis do na múinteoirí an amhránaíocht a shealbhú.
caithfidh go sealbhaíonn damhsóirí an cheird seo dancers must acquire this craft
" Mar sin, caithfidh go sealbhaíonn damhsóirí an cheird seo trí phróiseas osmóise.
fadhbanna sealbhaithe teanga language acquisition problems
" Ní gá go mbeadh céim sa tsíceolaíocht agat lena thuiscint nach mbaineann fadhbanna sealbhaithe teanga ar nós disléicse le teanga amháin thar teanga eile.
sealbhaithe ó dhúchas socialized naturally
" B’shin an oíche ar baisteadh ‘damhsa ar an sean-nós’ ar an saorstíl damhsa, a bhí sealbhaithe ó dhúchas i gConamara ag dornán beag damhsóirí.
á sealbhú being taken up
" Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain atá ar a dtoil ag Príomh-Aire agus ag go leor d’Airí rialtais na dtíortha nó na réigiún sin ina bhfuil siad á labhairt? Cé mhéad de theangacha mionlaithe an domhain a bhfuil rialtais náisiúnta ag ceapadh straitéisí fiche bliain ar a son? Agus in ainneoin na soiniciúlachta go léir in Éirinn, cé mhéad de theangacha mionlaithe an stáit seo a bhfuil cur amach réasúnta maith ag sciar suntasach den phobal orthu? Níl oiread agus ceann amháin de theangacha bundúchasacha Chalifornia á sealbhú ag páistí ná á foghlaim mar chroí-ábhar in aon scoil.
á sealbhú being obtained
" Ceaptar go maireann suas le caoga teanga fós ach is baolach nach bhfuil oiread agus ceann acu á sealbhú ag páistí.
sealbhaithe of acquisition
" Cuir i gcás Máire Nic Daibhéid as Tír Eoghain (lgh (220, 222) a tógadh ar ghannchuid an Bhéarla agus nár dhearmad go lá a báis an drochléasadh a fuair sí óna hathair ina hóige as fanacht lá ón scoil – láthair sealbhaithe na teanga coimhthí a bhí de dhíth ar chách.
a shealbhú to acquire
" ” Déanaim iontas den phíosa eolais seo ós rud é go ndeir eachtrannaigh a bhfuil taithí acu ar an dá theanga gur fusa an Bhreatnais a shealbhú ná an Ghaeilge.
sealbhú na Gaeilge Irish language acquisition
" Sa tsochtheangeolaíocht is mó atá a cuid spéiseanna acadúla agus tá taighde déanta aici i réimse na sícitheangeolaíochta, sealbhú na Gaeilge mar chéad teanga go háirithe.
nó sealbhú deamhanta or demonic possession
" Tugann an *‘Guy’* (Dawaele) cosaint di - a slánaitheoir? Ach nárbh eisean an péidifíleach le hiníon comharsan, agus nár bhodach é le síobaire mná lánfhásta a bhain di le fonn dó? Ar bheart dhíbeartha dheamhanta an tsuirí sa dá chás sin, nó sealbhú deamhanta? Sealbhú deamhanta, déarfainn.
na ceantair a bhí sealbhaithe the areas which were occupied
" Bhí an cogadh do-aithnid seo ar siúl idir 1788 agus luathbhlianta an chéid seo caite, thart ar na teorainneacha mallghluaiste idir na ceantair a bhí sealbhaithe ag na coilínigh Eorpacha agus dúichí an mhuintir dhúchais.
bheinn buartha faoin sealbhú teangan I’d worry about language acquisition
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
a shealbhú to acquire
" D'éirigh le fear ón Iúgslaiv, Ljubodrag Grujic, an teanga a shealbhú, áfach, gan freastal ar rang ná gan cos a leagan ar thalamh na hÉireann riamh.