Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na vótálaithe seasta the core voters
" In olltoghchán na bliana 1997 bhí caint ar na vótaí inaistrithe agus ar na suíocháin imeallacha ach tá a lán cainte an t-am seo faoi míshásamh agus easpa suime na vótálaithe seasta.
seasta steady
" Tá na huimhreacha réasúnta seasta le blianta beaga anuas, leis an imirce laghdaithe go mór, agus roinnt daoine a bhfuil gasúir acu ag filleadh ó Shasana agus Meiriceá.
seasta fixed
" Más cuntas taisce le ráta úis seasta atá uait, tá rátaí idir 4% agus 4.
go seasta continually
" Dá bhfanfadh sé ag 45° go seasta, turas 28,527 ciliméadar a bheadh le déanamh aige i gcomparáid le 40,343 ciliméadar ag an meánchiorcal.
go síoraí seasta forever
" " "Ná bí ag súil le tada bog uainne feasta nuair nár iompaigh tú féin ar do chois d'éinne ariamh ach tú go síoraí seasta ag tarraingt na gcos.
ordú seasta standing order
" An sprioc is mó anois 1,000 síntiúsóir tré ordú seasta.
seasta regular, steady
" Nó b'fhéidir go n-éireodh sé níos sciobtha de réir a chéile mura mbeadh duine cúramach go leor luas deas a leagan síos ón tús agus é sin a choinneáil seasta daingean go deireadh.
go seasta always
" Déanfar mórán infheistíochta i bhforbairt olacheantar nua (ach beidh praghas na hola seo ag méadú go seasta, mar go n-éireoidh eastóscadh na hola nua níos deacra agus níos costasaí).
síoraí seasta ag fiafraí dínn forever asking us
" ***SD: Bhí muid le chéile mar ghrúpa ar feadh os cionn bliana agus bhíodh daoine síoraí seasta ag fiafraí dínn, “An bhfuil CD agaibh?“ nó “Cá bhfuil an CD ar fáil?”.
pholasaí seasta permanent policy
" Tá an luath-thumoideachas i ndiaidh a bheith mar pholasaí seasta ag cuid mhór scoileanna Gaelacha le fada an lá.
soláthar seasta steady supply
" Tá cuid mhaith de choirpigh na tíre as a meabhair cheana féin, agus cuireann soláthar seasta drugaí de gach sórt go mór leis an bhfadhb.
go seasta constantly
" Staighre in áit ardaitheoirí; muna bhfuil sé i bhfad ar shiúl – fág an carr i do dhiaidh agus siúl, ach an cineál seo iompar a chur i bhfeidhm go seasta.
Cearta Seasta permanent rights
" ) Níl amhras ar bith ormsa ach dá bhfoilseofaí é ar maidin, nach mbeadh ach aon ní amháin den straitéis ag dó na geirbe do na meáin chumarsáide agus go deimhin do sciar mhaith de phobal na hÉireann: cé mhéid a chosnóidh sé? Cearta Seasta I gcroílár na díospóireachta seo caithfear plé a dhéanamh ar an luach a chuirtear ar chearta teangan.
go seasta continually
" Cé go bhfuil contaetha ar nós na Gaillimhe, an Chláir agus Uíbh Fhaillí tagtha chun cinn san iomáint ó shin i leith, agus gur éirigh le hArd Mhacha agus Tír Eoghain sa pheil, is díol spéise gurb iad na contaetha a bhí láidir go seasta san am, Ciarraí, Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann, atá chun tosaigh in athuair sa chúigiú is cúig fhichead bliain ó bunaíodh an cumann.
ar bonn seasta on a constant basis
" An saol crua é a bheith os comhair ceamara sách minic chaon seachtain ar bonn seasta? BNC: Is obair chrua í, caithfidh tú i gcónaí a bheith ar an airdeall, caithfidh tú i gcónaí a bheith aireach faoi céard tá timpeall ort, céard tá ag tarlú sa domhan, bíodh tú i do láithreoir, nó id’ iriseoir, nó aon duine atá ag plé leis na meáin, mura dtuigfidh tú céard tá ag tarlú sa domhan mór, beidh sé sin soiléir! Ó chláracha do ghasúir, cláracha siamsaíochta, is cuma céard é an t-ábhar, mar ag deireadh an lae, tá bunús iriseoireachta leis an bpost.
go seasta continually
" Ina theannta sin, agus costas na hartola ag ardú go seasta, bhí costas seasmhach ar an gcumhacht eithneach.
seasta continually
" Is féidir líonra a chothú ag úsáid líonraí seasta cosúil le *Twitter* nó *Facebook* nó teagmhálacha Gmail is do chairde ansin atá ar *Foursquare* a tharraingt isteach i do líonra gan stró.
Síoraí Seasta constantly
" Fás Síoraí Seasta ======== Má leanann an obair ar aghaidh ar an chaoi seo, meastar gur ag an tSín a bheidh an cheannaireacht dhomhanda i réimse na heolaíochta faoi cheann deich mbliana.
seasta continually
" Munar leor an méid sin, tá carranna fuaime seasta ag cúrsáil na mbóithre, ag casadh ceoilíní bolscaireachta ar an leibhéal fuaime is airde.
miongháire seasta bréige constant false smile
" Cruthaigh fionnán praiseach mná ar imeall an trí scór, tabhair miongháire seasta bréige di, cuir tuin chainte isealaicme Astrálach ina béal, agus, mar nod do chur síos Mitterand ar Thatcher, tabhair ‘beola Monroe agus súile Caligula’ di, agus ansin tá mearphictiúr breactha agat, sceitse beag tapaidh den tseanmháthair bhlúsach Janine ‘Smurf’ Cody, matrarc thréad fuilteach mac a dhúnmharaíonn gan taise ná cúis chuile dhuine a thagann idir iad agus a gcraos don maoin éasca, is dá sábháltacht féin, is chun ‘onóir’ tóin-in-airde an teaghlaigh a shásamh.
ag gearán seasta continually complaining
" Chloisinn léachtóirí eile ag gearán seasta faoi chomh teoranta is a bhí cumas cuid mhaith de na mic léinn sa scríobh.
meanga gáire seasta a constant smile
" Níor labhair Antonio mórán ach bhí meanga gáire seasta ar a aghaidh.
gan nasc seasta without a permanent connection
" Tá an bogearra seo dírithe go háirithe ar dhaoine gan nasc seasta idirlín ar ardluas.
ag obair seasta in work continually
" **CF: An bhfuil aon rud os do chomhair amach, nuair a bheas Doubt thart?** BNN: Mar aisteoir, ní bhíonn a fhios agat riamh ach bhí an t-ádh orm anois le bliain go bhfuil mé ag obair seasta.
Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste as it’s always lashing rain
" Tharla go mbíonn go seasta bolg an aeir briste le síorbháisteach abhus i gCorca Dorcha, céard eile atá le cailleadh againn! Múinimis do mhuintir an tsaoil bhraonaigh gur cuma faoin bhraon anuas agus faoi ghadaíocht ár gcuid airgid nuair is féidir leat ceol, braon a ól le STUAIM, agus taitneamh a thabairt do chomhluadar an daoine eile, an ‘chuileachta’ mar a deirid ó dheas.
brú seasta continual pressure
" Tuigim go bhfuil brú seasta ón mBéarla agus go bhfuil sé deacair gan ghéilleadh anois is arís don nath cainte nó don choincheap a thagann go saoráideach ón mBéarla.
tacaíocht seasta na Siria the constant Syrian support
" Ní raibh an dara rogha ag an tSiria ach seasamh ina aghaidh ionruathar Mheiriceá san Íaráic sna 2000aí, agus chuir tacaíocht seasta na Siria do Hezbollah olc ar Iosrael.
go seasta regularly
" Níl meáin chumarsáide BhÁC chomh meallta ach oiread is a bhíodh na blianta ó shoin le coillte sitce, coill aon chineál síorghlas a thálann aigéad go seasta.
go rialta is go seasta regularly and continually
" Anois agus scoláirí agus léachtóirí faoi bhrú damanta chun ailt agus leabhair a fhoilsiú go rialta is go seasta, moltar do lucht acadúil díriú ar a gcuid taighde agus tuilleadh scríbhneoireachta a dhéanamh.
a bhfuil báire na fola seasta which have stood the test of time
" Clic, clic, clic, Like, Like, Share, BUY! Is Maith an Aire an Fhógairt ============== Ach táthar ann atá ag rá go bhfuil a dhóthain bealaí díol ar líne a bhfuil cinnteacht ann futhú cheana, a bhfuil báire na fola seasta go maith acu i stair fhada an idirlín (Féach sna Bealaí cruthanta Idirlín sna naisc ar dheis).
go seasta always
" Ar an gcéad dul síos, bhí bia den scoth ann, agus ba mhór an cúnamh sin, agus bhí an tae níos fearr fós, agus bhí sé ar fáil go seasta! Bhí na daoine an-fháilteach agus cairdiúil liom agus ba léir dom go raibh siad an-bhródúil agus sásta an Ghaeilge a chloisteáil i measc na ndaltaí.
go seasta continually
" Tharraing sláimíní airgid na n-imirceach a sheoltar abhaile go seasta, aird Alan Desmond.
go seasta regularly
" Tá Colm Mac Séalaigh an-sásta leis an gcaoi a chruthaíonn dornálaithe na hÉireann, idir ghairmiúil agus amaitéarach, go seasta agus tá sé ag súil le roinnt bonn a fheiceáil anall as Londain leo an bhliain seo chugainn.