Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
seiftiúil resourceful
" An peaca marfach é seo a rá? An bhfuil seans ann go raibh an bealach oibre a d'úsáid Foras na Gaeilge le cúpla mí anuas, agus a chothaigh oiread conspóide, go raibh sé ceart? Nach bhfuil orthu bheith údarásach agus seiftiúil le hathruithe a bhaint amach? Tá na struchtúir chéanna agus na bealaí oibre céanna ag na príomheagraíochtaí Gaeilge le blianta fada anois agus b'fhéidir go bhfuil sé in am don Fhoras iad a spreagadh le hathruithe radacacha a chur i bhfeidhm.
scian sheiftiúil resourceful knife
" I mbun báire sa pholaitíocht, ní camán, ach scian sheiftiúil a chleachtaigh an Loingseach.
seiftiúil resourceful
" I gcásanna mar seo, ní foláir do na údaráis a bheith seiftiúil.
seiftiúil cute, wise
" Sinne uile go léir arb í an Ghaeilg ár gcéad teanga, nó arb í an dara teanga againn í, más mian linn an teanga seo a thabhairt slán mar theanga phobail don té atá deich mbliana d’aois anois, caithfimid a bheith tuisceanach, seiftiúil, dílis agus caithfimid comhoibriú go dlúth le chéile lena dhéanamh amhlaidh, ag tosú anois díreach, tús na bliana.
sheiftiúil cute
" ‘Is iomaí cóisir ardnósach i gCannes ar oscail an biorán sin an doras dom chuici,’ ar seisean, sult an Chiarraígh sheiftiúil á bhaint aige as an scéal.
seiftiúla clever
" (D) An Siocadh Síos ========= Ní thig le hainmhí fuarfhola cosúil le loscainn nó iasc, an cholainn a choinneáil te i rith an gheimhridh, ach is ainmhithe éirimiúla, seiftiúla iad seo! Múchfaidh siad i linn uisce faoi na carraigeacha nó faoi lomáin ar ghrinneall na habhann nó ar leaba an locháin.
seiftiúla clever
" Caithfidh sé gur daoine seiftiúla iad an Masai a bhfuil scileanna ársa in úsáid acu mar ní raibh puinn féir le feiceáil sa cheantar ina raibh siad lonnaithe, dar linne, ach bhí siadsan in ann maireachtáil ar an talamh dhearóil sin.
feachtas seiftiúil a slick campaign
" Tá dream an tobac go maith in ann feachtas seiftiúil i gcoinne pacáistíochta pléineáilte a reáchtáil, ach is dóigh liom gur saothar in aisce é.