Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bhíodh siad ag seinm they used to play
" Go minic thagadh bannaí go dtí an club agus bhíodh siad ag seinm ansin ar feadh míosa.
ag seinm playing
" Má bhog, bhí an t-ádh liom, mar bhí Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl i Sligeach an bhliain chéanna sin! AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag seinm? Cé a mhúin ceol duit agus cé hiad na daoine a raibh tionchar acu ort? OMD: Thosaigh mé ar bhóthar an cheoil agus mé cúig bliana d'aois.
á sheinm playing it
" Bhí mé á sheinm nuair a bhí an obair ag teacht chun deiridh.
a c(h)uid seanma his/her playing
" AÓF: Nuair atá duine ag foghlaim conas seinm, céard atá tábhachtach, dar libh? Cén chomhairle a chuirfeadh sibh ar dhuine atá ag iarraidh feabhas a chur ar a c(h)uid seanma? LK & YK: Is í an éisteacht an ghné is tábhachtaí ar fad, go cinnte, sa seinm.
Gan a bheith ag seinm go róthapa go róluath not to play too quickly too soon
" AÓF: Cén chomhairle a chuirfeá ar dhuine atá ag iarraidh an cairdín a fhoghlaim? PÓC: Gan a bheith ag seinm go róthapa go róluath agus taitneamh a bhaint as.
B’fhearrde dúinn tosú ag seinm. We'd better start playing.
" B’fhearrde dúinn tosú ag seinm.
ag seinm na huirlise fíorthábhachtaí seo playing this really important instrument
" Bhí gus sna ceoltóirí mar go raibh siad ag seinm na huirlise fíorthábhachtaí seo.
ag seinm playing
" AÓF: Bíonn cuid de do chlann féin ag seinm ceoil freisin, nach mbíonn? Cé mhéad atá sa chomhluadar ar fad? MUíF: Bhuel, bhí ochtar ann ach an bheirt is óige a bhíonn ag seinm.
ag seinm playing
" AÓF: Céard faoin gceol? An mbíonn tú ag seinm mórán anseo sa gcathair? RNicD: Aisteach go leor níor chas mé mórán ceoil anseo fós.
ag seinm playing
" Ní gá ach dul chuig suíomh YouTube, mar shampla, agus cliceáil ar an bhfíseán a bhfuil suim agat ann - tosóidh an físeán sin ag seinm laistigh de shoicind nó dhó.
agus go dtosóidís á sheinm and that they would start playing it
" Ansin dá gceapfadh daoine eile go raibh maitheas ann b’fhéidir go bpiocfaidís sin suas é agus go dtosóidís á sheinm.
ag seinm ina aonar playing solo
" ag seinm ina aonar Beidh ceolchoirm mhór ag Spillane agus de Paor le linn Oireachtas na Samhna i nDoire ach sna míonna amach romhainn leanfaidh Spillane air ag seinm ina aonar den chuid is mó, mar a dhéanann sé de ghnáth.
ag seinm leo playing away
" Bhí ceoltóirí ag seinm leo anseo agus ansiúd.
ag seinm in éineacht lena chéile, playing together,
" Chomh maith leis sin, tá an triúr acu le cloisteáil ag seinm in éineacht lena chéile, rud atá neamhghnách ar an bpíb uilleann.
ag seinm phort an DUP playing the DUP's tune
" Ach bhí ceannaire a pháirtí féin, Sir Reg Empey, ag seinm phort an DUP fosta.
ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile playing the tunes they used to practise at home
" Maireann na glúnta atá imithe ar shlí na firinne taobh istigh de na ceithre bhalla seo, iad ag amhránaíocht agus ag seinm agus ag déanamh céimeanna damhsa – tincéirí; réaltaí pop; aithreacha agus máithreacha agus a muiríní ag seinm na bhfonn a chleachtadh siad sa bhaile sular chuir an teilifís ina dtost iad; buíonta céilí i Londain na 50í; fidléirí uaigneacha Nua-Eabhrac; tá siad uilig anseo.
ag seinm ceoil playing music
" Taitníonn buidéal uisce the go mór liom agus a bheith amuigh sa timpeallacht nádúrtha, uaireanta an dá rud le chéile! AÓF: Cén bealach a thosaigh tú ag seinm ceoil agus ag amhránaíocht? ENíC: Tharla sé go nádúrtha.
ag seinm i gceolfhoireann. playing in an orchestra.
" ” Murar fhoghlaim sé Caidhpín an Chúil Aird agus na Ceithre Rince Beirte agus é scoite ó cheoltóirí traidisiúnta, d’fhoghlaim Martin an veidhlín agus é óg, ag seinm i gceolfhoireann.
na foinn sin a sheinm. to play the tunes.
" Ar an gcláirseach d’iarr mé ar Niamh Denmead na foinn sin a sheinm.
ag seinm ceoil playing music
bainseónna dá seinm banjos being played
" “Ar aghaidh liom thar an *Bold Fenian Men Burger Joint*, thar an *Rosie O’Grady Pizza Parlour* agus thar an *Courtin’ in the Kitchen Corn Stall*, mé bodhraithe i rith an ama ag Béarla, ag bodhráin, ag boscaí agus ag bainseónna dá seinm ag muintir Mheiriceá, muintir Cheanada, muintir na Polainne agus na hÍsiltíre agus na hAstráile ón trí chéad stáitse i bhFearann na Féile.
ag seinm cheol na Briotáine agus na hAlban. playing the music of Brittany and Scotland.
" ’ “Ní raibh mé i bhfad san áit seo nuair a chonaic mé fógra mór ar bharr pubaill: '*Seo Puball na Gaeilge – Fáilte Roimh Phuball na Gaeilge chuig Puball na Gaeilge!'* Anonn liom gur casadh dom Meiriceánaigh ag díol foclóirí Béarla – Gaeilge, Meicsicigh ag díol foclóirí Gaeilge – Béarla agus ceolfhoireann bheag as Texas ag seinm cheol na Briotáine agus na hAlban.
ag seinm na fliúite claisicí, playing the classical flute
" Ansin, thosaigh mé ag seinm na fliúite claisicí, an phianó chlaisicigh agus na fidle sa deireadh.
le tiúin faoi leith a sheinm to play a particular tune
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
ag seinm giotáir playing guitar
" “Bíonn sé ag seinm giotáir agus ag éisteacht le ceol an t-am ar fad.
ag seinm air. playing on it
" Tá an-chuid cairde de mo chuid ag seinm air.
lena cuid seanma with her playing
" Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochán – a bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala.
a cuid seanma her playing
" Beidh a cuid amhránaíochta agus a cuid seanma ar an bpianó le cloisteáil i rith an agallaimh.
seinm play
" Chaith muid coicís in Toronto in áit darbh ainm The Golden Nugget, ag seinm ceithre huaire gach oíche, ar feadh 45 nóiméad ag an am, rud a bhí an-tuirsiúil go deo agus an-aisteach.
as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí. in his talent as a musician to play with him publicly
" ”**Ag seinm le hAndy Irvine** Chuir Lunny aithne ar an amhránaí agus ceoltóir Andy Irvine sna seascaidí i mBaile Átha Cliath ach ní raibh go leor muiníne aige as a chuid tallainne mar cheoltóir le seinm leis go poiblí.
ag seinm ceoil leis sna blianta tosaigh playing music with him in the first years
" “Ní raibh mé ag seinm ceoil leis sna blianta tosaigh ach bhí aithne agam air agus bhí mé ar an eolas faoi.
Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis I really wanted to be playing with him
" Theastaigh go mór uaim a bheith ag seinm leis ach níor mheas mé go raibh mé maith go leor leis sin a dhéanamh, agus go deimhin *ní raibh* mé maith go leor.
ag seinm giotáir playing guitar
" Ba eisean a thug basúcaí dom an chéad lá riamh – bhí mé ag seinm giotáir go dtí sin.
ag seinm beo playing live
" Níor éist mé le cuid albam an Bothy Band ar feadh deich mbliana nó níos faide – níl sé de nós agam éisteacht le rudaí atá déanta agam – ach d’éist mé leis na halbaim sa deireadh agus thuig mé gur éirigh linn an fuinneamh a bhaineann le bheith ag seinm beo a athchruthú sa stiúideo.
ag seinm le chéile ó am go chéile playing together from time to time
" In 2004, mar shampla, tháinig Planxty le chéile in athuair agus rinne roinnt seónna i mBaile Átha Cliath agus i Londain, agus tá Moving Hearts ag seinm le chéile ó am go chéile chomh maith.
ag seinm a ghiotáir playing his guitar
" Agus Dylan ag seinm a ghiotáir agus ag canadh a chuid, d'airigh sé Seoirse Gleoite ag stánadh air.
ag seinm na feadóige móire. playing the big whistle
" Nó curtha faoi dhraíocht ag seinm Chormaic Bhreathnaigh agus é mar abhainn shíoda ag seinm na feadóige móire.
ag seinm playing
" Geallann Rónán dó go labhróidh sé le daoine faoi Muzu ag an bPicnic Leictreach, féile a bhfuilimid le bheith ag seinm aici cúpla lá níos déanaí.
ag seinm playing
" É ar fad caite siar le gloine fíona Beaujolais Nouveau gan amhras! Is minic leis a bhíonn ceol sna caiféanna an oíche sin, fear go hiondúil ag seinm an chairdín agus na seanamhráin á gcanadh aige a mbíonn na focail ar eolas ag an uile dhuine.
ag seinm playing
" Is iad ceoltóirí Dachnab a bhí le bheith ag seinm i gcomhair na bainise agus tugadh cuireadh dom féin ann.
an deis seinm the opportunity to play
" an Cláir go rialta, áit a bhfuair sé an deis seinm ag damhsaí seiteanna.
lean sé ar aghaidh ag seinm he continued to play
" Fuair sé post mar oifigeach custaim tar éis an RAF agus lean sé ar aghaidh ag seinm i Learpholl, go mór mór ag Club Chonradh na Gaeilge ar Wood Street, i lár na cathrach.
baiclí beaga ag seinm small groups playing
" Idir óg agus aosta ag malartú fonn, amhrán agus scéalta, coirmeacha móra, baiclí beaga ag seinm ar na sráideanna agus sna hostáin agus sna láithreáin champála.
agus é ag seinm while playing
" Trí shúile ceoltóra a insítear na scéalta seo, faoi na daoine a chuaigh i bhfeidhm air, na heachtraí a bhain dó agus é ag seinm, tábhacht agus todhchaí an cheoil.
ag seinm leis an aos óg playing with the youth
" 'Tá féile ann anois ón mbliain 2010 áit a mbíonn na seancheoltóirí deiridh ag seinm leis an aos óg.
ní ag seinm not musically
" Bhí pianó nach raibh spás ag aintín de chuid Úna fána choinne acu agus ba ghnách leis na páistí a bheith ag súgradh air sin - ní ag seinm - nuair a bhí siad an-óg.
tá sí á seinm go fóill she’s still playing it
" Ar an dea-uair, tá sí á seinm go fóill ar bhonn proifisiúnta cé go raibh sí ag iarraidh a bheith ina tréidlia.
a bhí i mbun na cruite Gaelaí a sheinm who was playing the Irish harp
" Ba dhuine é de na chláirseoirí deiridh a bhí i mbun na cruite Gaelaí a sheinm agus tá lúcháir orainn go bhfuil an séadchomhórtha seo le feiceáil i gcroílár cheantar an chláirseora’ a dúirt Brian Walsh de chuid CCÉ na háite.
agus é ag seinm as he played
" Tuairim Bunting ======== Mhol Edward Bunting go hard é agus rinne sé cur síos ar an mhodh bhunaidh a bhí aige, mar is é an dóigh go stadadh Pádraig sinecrith na cruite agus é ag seinm.
go raibh an ceol i gcónaí i mo shaol agus go mbíodh (agus go mbíonn) an ceol á sheinm sa bhaile i gcónaí riamh music (has and) is always being played at home
" Tá an t-ádh liom go raibh an ceol i gcónaí i mo shaol agus go mbíodh (agus go mbíonn) an ceol á sheinm sa bhaile i gcónaí riamh.
ag seinm as féin playing on his own
" Saothar le Seán Ó Riada is ea ceann acu – ceolchoirm a thug sé agus é ag seinm as féin ar an bpianó agus ar an gcruitchorda.
ceol atá á sheinm music being played
" Cruthaíonn ceolchoirm tonnchreathanna ar leith ina bhfuil ní hamháin an ceol atá á sheinm ach smaointe is mothúcháin na gceoltoirí is an lucht féachana araon agus cad a dhéanfadh bualadh bos ach na tonnchreathanna breátha sin go léir a scaipeadh! Teoiric spéisiúil.
ag seinm ceoil go proifisiúnta playing music professionally
" Tá an cláirseoir Cormac De Barra ag seinm ceoil go proifisiúnta anois le trí bliana déag anuas.
ag seinm ceoil playing music
" Tá Eoin Dillon ag seinm ceoil ó bhí sé cúig bliana déag agus ina bhall den ghrúpa Kíla ó bhí tús na nóchaidí ann ach níl sé ach ag eisiúint a chéad albam aonair anois.
ag seinm i seisiúin cheoil playing in sessions
" Baineann Colm Ó Snodaigh an-sásamh as bheith ag seinm i seisiúin cheoil sa teach tábhairne, in ainneoin go mbíonn air "The Lonesome Boatman" a chasadh ó am go chéile.