Pota Focal Intergaelic
iúd | scúd | siad | sid | siod
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tá sé siúd caoch He's very drunk
" Tá sé siúd caoch agus níl a dhath níos cinntí ná go mbeidh sé ag tarraingt orla bomaite ar bith anois," arsa Deirdre.
Tá sé siúd caoch He's very drunk
" Tá sé siúd caoch agus níl a dhath níos cinntí ná go mbeidh sé ag tarraingt orla bomaite ar bith anois," arsa Deirdre.
iad siúd a raibh amhras fúthu suspects
" Bhí na cúisitheoirí thar a bheith sásta nuair a tháinig tástáil DNA chun cinn mar gheall ar an dóigh a bhféadfadh sé iad siúd a raibh amhras fúthu a cheangal le coireanna go cruinn, go háirithe coireanna foréigneacha mar ionsaí, éigniú agus dúnmharú.
Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd Mark will have his work cut out with her, he'll have more than enough to handle
" "Beidh a sháith féin ag Mark léi siúd.
siúd is go even though
" Bhain mé amach céim sa léann Gearmánach in Ollscoil Sualainnise na Fionlainne, Åbo Akademi, atá lonnaithe sa chathair seo, ach siúd is go bhfuil Sualainnis ó dhúchas ag m'athair, arb as an chósta dó, níor tharraing mise an teanga sin orm ach ar scoil.
gheobhaidh sí siúd a cíoradh she'll get her dressing down
" Ach fan, gheobhaidh sí siúd a cíoradh, fan go bhfeicfidh tú.
a saol siúd their life
" Comhbhá ======= Mhínigh Fenster dom gur mhothaigh sí comhbhá leis na mná nuair a chuala sí fúthu féin agus faoi na tithe níocháin, gur bhraith sí go raibh cosúlachtaí indíreacha idir a saol féin agus í ag fás aníos agus a saol siúd.
Nílim chun seinnt di siúd! I'm not playing for her!
" "Nílim chun seinnt di siúd!" a dúirt mé.
neart acu siúd plenty of them
" Coirp iomlána a bhí ó thaighdeoirí na hollscoile is bhí neart acu siúd le fáil acu agus an oiread daoine ag fáil bháis is á marú féin go rialta.
Siúd is go although
" Siúd is go bhfuil craiceann na fírinne air seo, ní leithscéal ar bith é go bhfuil an Ghearmáinis agus an Bhaváiris fágtha in áit na leathphingine sa lá atá inniu ann.
ar mhaithe leo siúd for the sake of those
" Tá fadhb thromchúiseach againn agus caithfear díriú uirthi ar bhealaí éagsúla, ar mhaithe leo siúd atá ag smaoineamh ar dheireadh a chur lena saol féin agus ar mhaithe lena dteaghlaigh agus lena gcairde.
gan trácht orthu siúd thar lear not to mention those abroad
" Is fíor nach raibh muid i láthair, ach ní raibh a fhios againne in Éirinn, gan trácht orthu siúd thar lear, go raibh a leithéid de phlean ag dul ar aghaidh.
a thacaigh leo siúd which supported those
" I Meitheamh 2003 bhronn aturnae mhuintir Fullerton comhad ar an Aire McDowell ina raibh fianaise úr ó fhinné nua, fianaise ní hamháin a chaith amhras ar iompar na nGardaí, ach fianaise a thacaigh leo siúd a chreid go raibh claonpháirteachas i gceist i ndúnmharú an Uasail Fullerton.
teacht i dtarrtháil orthu siúd to rescue those
" B’fhear dóiteáin é leis an Fire Department of New York (FDNY) agus bhí sé i measc na gcéadta a chaill a mbeatha an lá áirithe sin agus iad ag iarraidh teacht i dtarrtháil orthu siúd a bhí sáinnithe sa World Trade Center.
Ná bac leo siúd gur cuma leo faoin teanga don't bother with those who don't care about the language
" Ná bac leo siúd gur cuma leo faoin teanga.
a dtorthaí siúd their results
" Is trí breathnú ar a dtorthaí siúd a fheictear an chontúirt.
a dtorthaí siúd their results
" Is trí breathnú ar a dtorthaí siúd a fheictear an chontúirt.
Pléigí bhur gcás leis siúd discuss your situation with him
" Pléigí bhur gcás leis siúd”.
aon chúiteamh síorghabhálach a thabhairt dóibh siúd to give an retrospective compensation to those
" Mar sin féin, beidh díomá ar lucht na Gaeilge gur dhiúltaigh sí aon chúiteamh síorghabhálach a thabhairt dóibh siúd a ndearnadh leithcheal orthu, mar a bhí sonraithe i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga.
glúin rompu siúd a generation before them
" Imircigh a d’fhág Éire i gcaogaidí an chéid seo caite ab ea tuismitheoirí Joyce, Marr (Maher) agus Morrissey; glúin rompu siúd a thug athair Rourke an bád bán air féin.
cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh although I understand how the people who don't want to move feel
" Cad is fiú D Four a mhalartú le C Four? Sa chomhthéacs sin, is doiligh cur i gcoinne pholasaí Aire na Gaeltachta cuid d’Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair, cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh de bharr a gcuid teaghlach etc a bheith socraithe i mBaile Átha Cliath.
a saothar siúd their work
" Níl mé ag rá go raibh muid ag obair aon dath níos déine ná mar a bhí oifigigh an choiste láir ach idir a saothar siúd agus saothar na ndaoine anseo ar an talamh tá cuid mhór oibre curtha isteach ann ceart go leor.
an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, this or that decision,
" “Cinnte, ó thaobh aithne a chur ar mhuintir na féile agus na daoine atá ag plé leis – deis a fháil, mar shampla, agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, ceist a chur orthu cén fáth a ndearna siad an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, cén tuiscint a bhí acu ar an sean-nós, cén chiall a bhain le stíleanna éagsúla sean-nóis a chur i gcomórtas lena chéile – ceisteanna mar sin a phlé.
ag caitheamh anuas air seo nó air siúd criticising this or that
" Bíonn daoine ag caitheamh anuas air seo nó air siúd – ach is léir go bhfuil an rud léite acu, agus go bhfuil tábhacht ag baint leis an gcaoi a gcuirtear os comhair an domhain iad i bhfoirm ficsin.
lena leas siúd in their interest
" 2 mhilliún, ach níl aon duine sa phobal Protastúnach a chreideann gur lena leas siúd atá an UDA ag iarraidh airgid.
mar mhalairt orthu siúd as an alternative to those
" In ainneoin na ngreamaitheoirí tuairteora, mar sin, ní bheidh mórán dóchais agam maidir le comharba Bush, mura dtagann iarrthóirí eile chun cinn idir an dá linn mar mhalairt orthu siúd a choiméadfadh Meiriceá i mbun síorchogaíochta i ngach cearn den domhan.
go háirithe iad siúd ar maith leo dul sa tseans. especially those who like to chance their luck.
" Diaidh ar ndiaidh, imíonn na custaiméirí, go háirithe iad siúd ar maith leo dul sa tseans.
ina thoghcheantar siúd in his constituency
" Go deimhin, d’ardaigh Feisire Caomhach as Tuaisceart Shasana, Graham Brady, ceist i dTeach na dTeachtaí le déanaí faoi cad chuige a mbíonn ar dhaoine ina thoghcheantar siúd tuilleadh cánach a íoc “le nach mbeadh ar dhaoine i dtoghcheantar an Phríomh-Aire táillí oidis leighis a dhíol”.
Bhí a fhios acu siúd a bhfuil radharc na súile acu those who could see knew
" Bhí a fhios acu siúd a bhfuil radharc na súile acu nach raibh seans dá laghad ann go ndéanfadh sé amhlaidh.
ina n-éadan siúd against those
" Shuigh sé féin agus an Graoisín síos le chéile agus d’oibrigh siad amach plean oibre a chuirfí i bhfeidhm dá bhfaigheadh Huck an jab mór – péindlithe le rith ina n-éadan siúd nach WASPS iad, céasadh ar an chros a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, toitíní a chaitheamh, alcól a ól nó a dhíol nó a cheannach, agus vótaí a chaitheamh ar son Daonlathach.
Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí to be fair to the people who were involved in the policy
" Le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh siúd a raibh baint acu leis an bpolasaí asamhlaithe, chreid a bhformhór go raibh siad ag cuidiú leis na páistí dul bealach a leasa sa saol.
i measc iad siúd a bheidh i mbun an tsiamsaíocht a chur ar fáil, amongst those supplying the entertainment
" Beidh Daithí Ó Sé – atá chuile áit na laethanta seo, is cosúil – mar fhear tí ar an oíche, agus i measc iad siúd a bheidh i mbun an tsiamsaíocht a chur ar fáil, beidh na hamhránaithe Declan O’Rourke agus Fiach agus an banna ceoil Lir.
a imeacht siúd his departure
" Bainisteoir eile atá imithe ná Eddie O’Sullivan ach ní hionann a imeacht siúd agus imeacht Holland, mar tugadh áiméar do O'Sullivan é féin a chruthú.
ina gcomhluadar siúd in the company of those
" Deirtear nár tháinig oiread is eascaine amháin thar a beola amach an t-am ar fad a bhí sí thall, cé go raibh sí ina gcomhluadar siúd a luaitear an droch-chaint leo go minic: na saighdiúirí.
teacht i dtarrtháil orthu siúd to rescue those people
" B’fhear dóiteáin é leis an Fire Department of New York agus bhí sé i measc na gcéadta a chaill a mbeatha an lá áirithe sin agus iad ag iarraidh teacht i dtarrtháil orthu siúd a bhí sáinnithe sa World Trade Center.
agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois. about those people who are now (since) dead
" In ainneoin go bhfuil cláracha déanta aige faoi cheoltóirí fíorcháiliúla, is é an chéad rud a deir sé, gan leisce dá laghad, ná: “Cuid de na cláracha a bhaineann leis an tsraith *Sé mo Laoch*; na cinn faoi Johnny O’Leary agus Seán McGuire agus fúthu siúd atá ar shlí na fírinne anois.
seachas a bheith ionraic leo siúd instead of being honest with those
" Cinnte, thit gnó Green Linnet as a chéile, ach seachas a bheith ionraic leo siúd a chothaigh an gnó dóibh i dtosach, rinne an t-úinéir agus an ceannasaí (seoiníní a bhí iontu beirt) an comhlacht a bheathú le bréaga agus gadaíocht.
dóibh siúd atá ar bheagán airgid to those who don't have much money
" D’fhéadfaí deontas a chur ar fáil dóibh siúd atá ar bheagán airgid.
siúd a bhí ar bheagán Gaeilge who had little Irish
" Ach bhí sé an-deacair; theip ar chuid mhór daoine, go háirithe orthu siúd a bhí ar bheagán Gaeilge.
an rud atá ag dó na geirbe acu siúd atá míshásta the thing that is irritating those who are dissatisfied
" Anuas air sin – agus thar gach ní eile – an rud atá ag dó na geirbe acu siúd atá míshásta ná gur bhuaigh foireann na Breataine Móire níos mó bonn ná mar a bhuaigh na hAstrálaigh.
fiú iad siúd even those
" Aontaím go hiomlán nár cheart do dhaoine a bheith caifeach san airgead nach bhfuil acu, ach má stopann achan uile dhuine, fiú iad siúd a bhfuil an t-airgead acu, caillfear níos mó postanna fós.
dar leo siúd as they see it
" Tá mórán daoine an-mhíshásta faoi seo de bhrí go laghdaíonn sé an daonlathas logánta, dar leo siúd, agus deirtear go mbeidh deacracht ag na páirtithe seo foireann a fháil amach ag gríosú vótaí do na hiarrthóirí ceaptha.
siúd those
" Tá 15 acu siúd ina dteangacha oifigiúla agus is iad an Béarla agus an Hiondúis an dá theanga is mó a bhfuil tuiscint orthu go forleathan.
t-achrann siúd that strife, dispute
" Pléascann an t-achrann siúd amach go fuilteach ó am go chéile, ach tríd is tríd, d’fheabhsaigh rudaí le blianta beaga anuas.
Siúd here
" Tá plean eile áfach dá gcuid féin acu Siúd -Seanmháthair ‘OK, we have news.
ina measc siúd nár chomhlíon amongst those who didn’t fulfill
" Bhí cuid de na ranna stáit is tábhachtaí ina measc siúd nár chomhlíon a gcuid dualgas i leith marcanna breise a thabhairt d’iarrthóirí a bhí inniúil sa Ghaeilge i gcomórtais inmheánacha ardú céime.
ar a son siúd for those people
" Thosnaigh cuardach le leithéid Yahoo a bhailíodh ábhar spéisiúil agus a choimeádadh é ar a son siúd a bhí ag cuardach eolais.
Orthu siúd amongst them
" Orthu siúd bhí Coimisiún na Gaeltachta, Acht na dTeangacha Oifigiúla, bunú Oifig an Choimisinéara Teanga, Stádas Oifigiúil don Ghaeilge san EU, Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 agus anois an Straitéis Fiche Bliain.
mbeidh sé le rá acu siúd they shall be able to say
" Cén tír eile a déarfadh go raibh oideachas curtha ar dhaoine agus gan na teangacha oifigiúla a bheith múinte do scoláirí na tíre sin! Agus deireadh ag teacht le tréimhse an rialtais seo, tá súil agam, pé ar bith rialtas a thiocfaidh i gcumhacht ina ndiaidh, go mbeidh sé le rá acu siúd faoi cheann cúig bliana, go bhfuil an oiread déanta acu siúd don Ghaeilge agus atá déanta ag na rialtais a bhí ann ó 1997 i leith.
dtiocfaidh a seal siúd their time shall come
" Nó b’fhéidir go bhfuil mé go hiomlán mícheart agus gur pobail nua atá á bhforbairt sna hoileáin sin faoi láthair agus go dtiocfaidh a seal siúd le himeacht ama.
gur siúd Liam that that’s Liam
" An rud a chuireann ionadh orm faoi ná nuair a mhúineann tú don bhfeidhmchlár gurb é sin Seán, gurb shin í Máire, gur siúd Liam tar éis tamaill aithníonn an clár aghaidheanna is cuirtear an lipéad ceart le gach duine i ngach griangraf nua.
na laethanta siúd those days
" Déagóir a bhí ionam nuair a chonaic mé an fhírinne i Londain agus chuir bás Ian Tomlinson na laethanta siúd i gcuimhne dom arís.
a shuim siúd his interest
" Is mó a shuim siúd gur theip an focal ‘aibhléis’ uirthi ina cur síos ar airí na láimhe.
Tá meas againn orthu siúd we hold in great esteem those
" Tá meas againn orthu siúd a bhriseann na seanmhúnlaí agus a chíonn an domhan ar bhealach úr.
ina measc siúd amongst those
" Gan amhras, beidh léitheoir nó dhó den alt seo ina measc siúd a fuair uirlis shoghluaiste nua don Nollaig: an bhfuil *Angry Birds* insealbhaithe ar go fóill.
de dheasca a míshláinte siúd from her illness
" Altaímis an Ealaín ======= Tá brídeog ar imeall a céille ón ngalar dubhach, a fear chéile ar imeall a bhriste de dheasca a míshláinte siúd - gan trácht ar ghéarchéim an domhain féin, ar imeall a scriosta.
ghoill orthu siúd affected those
" Dul Siar ar a Focal An rud is mó a ghoill orthu siúd atá i gcoinne na cánach ná gur gheall Gillard go neamhbhalbh go díreach roimh an olltoghchán deiridh nach mbeadh a leithéid ann.
buíonta acu siúd groups of them
" Dúirt Paul Mercer linn gur thug na Lochlannaigh Micklegard ar Chonstantinople agus bhí buíonta acu siúd ina ngarda cosanta pearsanta ag an Impire ansin.
ag cur córa orthu siúd ar thóir aíochta taking care of those who arrive on visits
" I mbun a dhualgas arís atá sé, ag cur córa orthu siúd ar thóir aíochta, ar mhaithe leis an tír.
faoina chúram siúd in his care
" Ba thréan iad buíon Scott sa phríomhchathair, agus ba é a ngnó ann ná gnó, is é sin, cothú ceangal trádála idir an stát atá faoina chúram siúd agus an Spáinn.
Ina measc siúd amongst them
" Ina measc siúd atá Uruzgan, an cúige ina bhfuil formhór na bhfórsaí Astrálacha ar fiannas le sé bliana anuas.
haidiachtaí siúd those adjectives
" Dhéanfadh na haidiachtaí siúd an chúis go breá do bhreithiúnas Walsh i gcás ait Crotty.
a fhearadh orthu siúd giving them
" Fillfidh na míoltóga ar an gcathair seo, ar ndóigh, agus caithfear dul i gcomhrac go glic leo an athuair; ach fillfidh lucht na peile, leis, agus pé ar bith faoi chathanna caide a fhearadh orthu siúd amach anseo, cuirfear fáilte mhór rompu chomh maith leis!
gearrfar pionós orthu siúd a sháraíonn na rialacha seo those who breech these rules shall be penalised
" Agus gearrfar pionós orthu siúd a sháraíonn na rialacha seo.
uathu siúd leath bealaigh eatarthu from those who are a bit of both
" Bhí tograí ann ó lucht teicneolaíochta, ó cheardaithe agus uathu siúd leath bealaigh eatarthu.
ba mhór aige siúd crógacht fisiciúil agus fuarchúis shóisialta he admired physical courage and social indifference
" Ciarraíoch agus póilín ab ea athair an scoláire Donoghue a fuair post san RUC agus ba mhór aige siúd crógacht fisiciúil agus fuarchúis shóisialta.
Dar leo siúd atá ar son an athraithe according to those who are for change
" Dar leo siúd atá ar son an athraithe, tarlaíonn sé go minic go dteipeann ar thuismitheoirí, ar chúiseanna áirithe, an cúram ceart a thabhairt dá gclann.
Bheartaigh beirt acu siúd two of those decided
" Bheartaigh beirt acu siúd iompú ina bhfinnéithe don choróin agus fianaise a thabhairt in éadan a gcomharsan.
I measc iad siúd a bheas i láthair amongst those present
" I measc iad siúd a bheas i láthair beidh Johnny Joyce duine de shliocht na Seoigheach a dúnmharaíodh.
Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd we believe their ideologies
" Ar chuma fhimíneach éigin, géillimid go poiblí don idé-eolaíocht toisc go gcreideann daoine eile inti! An paradacsa? Creidimid in idé-eolaíochtaí siúd is nach gcreidimid iontu in aon chor! Sampla neafaiseach den rud atá i gceist agam? Creid é nó ná creid— agus ní mór duit an dá rud a dhéanamh sa chás seo —Daidí na Nollag! Cur ceist ar an aos óg an gcreideann siad i nDaidí na Nollag, arsa Žižek.
siúd a áitíonn orainn ad nauseum those who try continually to convince us
" Tá breall orthu siúd a áitíonn orainn ad nauseum gurb í an fhadhb is mó atá le sárú againn ná an deacracht geilleagair.
a hamhras siúd her worries
" Léiríonn sceon leathfholaithe Anne a hamhras siúd.
Iompraíonn a fear chéile siúd her husband carries
" Iompraíonn a fear chéile siúd buidéil uisce suas an staighre dóibh ar ball.
a bhuíochas sin dóibh siúd and they to thank for it
" Ní hamháin go bhfuil tionchar na hIaráine ag méadú in aghaidh an lae laistigh den Iaráic – idir thionchar polaitiúil, míleata agus creidimh, ach dá bhféadfaidís cinntiú go mairfeadh rialtas al-Assad (a bhuíochas sin dóibh siúd – na hIaránaigh) bheadh an tSiria anois ag brath ar an Iaráin fiú níos mó ná mar atá muintir na hIaráice i láthair na huaire.
Ina bhreithiúnas siúd in his judgment
" Ina bhreithiúnas siúd, rialaigh an Breitheamh Henchy go raibh láncheart ag cosantóir a chuid fianaise agus fianaise finnéithe eile a chur os comhair na cúirte trí mheán na Gaeilge, ach nach raibh aon chead aige a éileamh go mbeadh na himeachtaí uilig á reáchtáil i nGaeilge.
siúd an fear céile ag cur gothaí troda air féin here’s her hubby bristling for a fight
" *“He pushed me”* arsa Judith bhreá, agus siúd an fear céile ag cur gothaí troda air féin.
ag cuid díobh siúd a bhreac among some of those who wrote
" ) Tuigimid sin anois nuair atá sé rómhall, ach cé déarfadh nach raibh fios de chineál ag cuid díobh siúd a bhreac go nimhe neanta ina aghaidh nuair a bhí sé linn? Creidim féin go dtuigeann roinnt mhaith de lucht an ainm chleite an dochar a dhéanann siad agus an dochar is féidir leo a dhéanamh fiú nuair nach mbíonn feiceáil ná cruthú air, ach déanann siad é dá ainneoin sin.
Is mar siúd atá an t-idirlíon that’s how the internet is
Siúd é ag cur síos dom ar he then started to describe to me
"Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite.
Dúchrónaigh Beilgeacha ab ea iad siúd they were Belgian Black and Tans
" Dúchrónaigh Beilgeacha ab ea iad siúd dar le Cruise O Brien agus d’úsáid sé dearbhuithe na Náisiún Aontaithe chun a bhformhór a dhíbirt.
nó fúithi siúd or about her
" Níl fanta de screamh ar an dlí idirnáisiúnta ach an scannán is tanúla, scannánaíocht Hollywood, cláir teilifíse gan beann ar aon rud ach seafóid agus cé dúirt seo faoi siúd nó fúithi siúd.
nach raibh i ndán dóibh siúd a bhí ciontach they who were guilty (of such) were just destined
" De réir na hEaglaise, ba pheaca é ús a cheangal le hiasachtaí airgid agus nach raibh i ndán dóibh siúd a bhí ciontach ina leithéid ach beophianta Ifrinn.
Siúd is gur chreid Sócraitéas (Soc.) despite believing
" Siúd is gur chreid Sócraitéas gur modh lochtach ab ea an reitric, is follas go bhfuil feidhm ríthábhachtach aici i gcónaí i ndioscúrsa poiblí na tíre seo.
i bhfad rófhurasta dóibh siúd too easy by far for those
" Fadhb eile a bhaineann leis an siollabas úr seo ná go bhfuil sé i bhfad rófhurasta dóibh siúd atá líofa cheana féin.
ní bheidh gá leo siúd there’ll be no need
" - Agus beidh deireadh leis na táibléid – ní na Panadols ná na Asprins atá i gceist agam, dar ndóigh, nó ní bheidh gá leo siúd agus cosc ar an deoch! Na ipads agus a leithéid atá i gceist agam.
Rudaí ar leith iad siúd they’re something special
" Rudaí ar leith iad siúd, mar a bheadh páistí de mo chuid.
iontas orthu siúd a bhreathnaíonn ar amazes those who view
" Ar ndóigh, cuireann dlí California iontas orthu siúd a bhreathnaíonn ar California mar stát forchéimnitheach, go háirithe in áiteanna mar San Francisco, atá breac leis an bpobal Aerach, ach tá dhá California ann: California na gcathracha, agus California na tuaithe agus na bhfobhailte.
ba bhuille mór é dóibh siúd it’d be massive blow to those
" Ba chéim ollmhór chun cinn é sin don ghluaiseacht Aerach, agus ba bhuille mór é dóibh siúd (lucht creidimh a bhformhór) a chreideann gur comhcheangal idir fir agus mná amháin é an pósadh.
céard fúthu siúd a mhealladh what about winning them over
" Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar, céard fúthu siúd a mhealladh?** TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh.
ní a scoilt an tír a bhuí siúd do something which split the country thanks to
" Conchobair co sochraiti moir do Gaidelaib leis hi furtacht in Rig i mBretnaib, & ro milset an tir uili’ 1245AConn), Gaill in aghaidh Gaeil na hÉireann agus Protastúin in aghaidh na nGael nuair a d’fhóir sin, Muslamaigh in aghaidh Induach na hInde, ní a scoilt an tír a bhuí siúd do MtBatten, Tuirc in aghaidh Ghréagaigh na Cipire, Sínigh agus Mong in aghaidh Vítneamach i Víteam, Shia agus Curdaigh in aghaidh Sunni na hIaráice agus Sunni in aghaidh Shia agus Críostaithe na Siria ad infinitum.
thar an phíblíne ola siúd as against that pipeline
" Cén fáth gur cuma le cách an slad go léir ar son chóras geilleagair an artdollair? Nár spéisiúil ann féin ceist an phíblíne ola seo thar an phíblíne ola siúd mar chlár faisnéise? Bhí Gurdjieff den tuairim gur ‘*potiential human beings*’ sinn ach go gcaithfimis dúiseacht agus gníomhú le sinn féin a fheabhsú mar dhaoine.
dóibh siúd a bhí i gcruachás to those in need
" Thug sé go fial dóibh siúd a bhí i gcruachás agus is beag duine a bhí inchurtha leis ó thaobh na flaithiúlachta.
theilgeadar siúd they flung
" Rinneadar iarracht i ndiaidh iarrachta bac bóthar na bpóilíní a shárú, ach theilgeadar siúd buamaí deorgháis leis an slua.
smacht a choinneáil orthu siúd able to keep control of those
" Níos tromchúisí ná sin, ba léir nach raibh léirseoirí síochánta – an tromlach mór – in ann smacht a choinneáil orthu siúd a raibh círéib uathu.
blas beagáinín searbh air dóibh siúd slightly distasteful to those who
" Ar a laghad, is dea-scéal é go bhfuil laghdú beag tagtha ar líon na gcoireanna le tamall anuas, cé go bhfuil blas beagáinín searbh air dóibh siúd a mhaígh go mbeadh an tír ina raic ag an choiriúlacht dá ngearrfaí líon na ngardaí le linn an chúlaithe.
is cuma faoi siúd it doesn’t matter about him
" Beidh sé féin i mbaol anois fosta; ach is cuma faoi siúd.
dteipeann orthu siúd the fail
" Sa lá atá inniu ann tá na córais seo ag brath go mór ar ríomhairí agus léirítear dúinn go minic go dteipeann orthu siúd ó am go ham.
iad siúd a cheapann those who think
" Níl a fhios agam cé tá níos deacra orm: iad siúd a cheapann go bhfuil sé an-easca go deo tabhairt faoi na meáin sóisialta chun a ngnó a chur chun cinn nó iad siúd atá reoite le eagla.
iad siúd atá reoite le eagla those who are frozen with fear
" Níl a fhios agam cé tá níos deacra orm: iad siúd a cheapann go bhfuil sé an-easca go deo tabhairt faoi na meáin sóisialta chun a ngnó a chur chun cinn nó iad siúd atá reoite le eagla.
fiú iad siúd a bhí amhrasach ina leith even those who harboured doubts about him
" Aghaidh Siar ====== Bhí gnaoi an phobail riamh le Cheiro is léir, fiú iad siúd a bhí amhrasach ina leith agus nár thug suntas do cheird na fáistine trí chéile, an scríbhneoir Samuel Langhorne Clemens (nó Mark Twain mar ab fhearr aithne air) san áireamh.