Pota Focal Intergaelic
ibh | sabh | sábh | sigh | sith
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon may you last and work on the net
" Gura fada buan seasmhach sibh agus go maire agus go n-oibrí sibh ar an líon seo go ceann píosa maith eile de bhlianta.
fliuchfar sibh you'll become wet
" "A dhéithe na habhann, imigí le bhur dtoil - nó fliuchfar sibh!' an bhrí atá leis.
glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom accept me or don't accept me
" Ach bhí mise bródúil as an áit a dtáinig mé as agus an cúlra clainne a bhí agam agus ní raibh aon fhadhb agam riamh ag rá, 'Okay, siúd é mise, glacadh sibh liom nó ná glacadh sibh liom.
go gcoinneofadh sibh bhur ngealltanas that you would keep your promises
" Idir bhuile an *Tico Tico *agus leadrán na raiméise a bhíonn ag Pádraig Ó Dúiche Seoighe agus Bríd Anna Ní Wheelie Bin, ní bheadh duine ar bith ag súil le go gcoinneofadh sibh bhur ngealltanas, nó go mbeadh cuimhne agaibh ar ar gheall sibh, fiú.
a chum sibh féin that you wrote yourselves
" AÓF: Tugaim faoi deara go bhfuil roinnt tiún air a chum sibh féin, a Liz.
Tuigfidh sibh dúinne you'll forgive us
" Tuigfidh sibh dúinne anseo i Learpholl má bhíonn muid rud beag ciniciúil faoi Ian Paisley agus na meáin chumarsáide nuair a bhíonn siad ag tabhairt amach faoin díchoimisiúnú.
Coimhéadaigí nach ndófaidh sibh bhur méara watch you don't burn your fingers
"Coimhéadaigí nach ndófaidh sibh bhur méara, a fheara,” a scairt Máire Mhór orthu.
cé a mhúnlaigh sibh? who shaped you?
" **Balor:** Ar tháinig sibh faoi thionchar daoine speisialta? Nó cé a mhúnlaigh sibh? **CD:** Boc éigin sa tSín nó áit inteacht eile sa Chianoirthear a mhúnlaigh muid an chéad lá riamh.
Cén áit ar thaifead sibh é? Where did you record it?
" ***AÓF: ******Cén áit ar thaifead sibh é?***SD: Thaifead muid é i Stiúideo Cuan sa Spidéal.
nuair a dhéanann sibh ceolchoirm when you give a concert
" AÓF: ***Tugaim faoi deara go bhfuil sé amhrán ar an albam freisin, agus tá mé ag ceapadh gur chuala mé thú ag caint ar an raidió agus tú ag rá go gcuireann sibh béim ar leith ar an amhránaíocht nuair a dhéanann sibh ceolchoirm, nó go ndéanann sibh cinnte de go mbeidh roinnt amhrán á gcasadh agaibh le linn na hoíche.
gur smaoinigh sibh ar an gcóiriú cuid mhaith that you gave a great deal of thought to the arrangement
" ***AÓF: ***Maidir leis an gceol ar an albam, is léir gur smaoinigh sibh ar an gcóiriú cuid mhaith.
An ndearna sibh an cheolchoirm a thaifeadadh? Did you record the concert?
" Agus seinneadh! *AÓF: An ndearna sibh an cheolchoirm a thaifeadadh? An bhfuil sé i gceist agaibh sin a eisiúint ar dlúthdhiosca amach anseo?*TÓU: Rinneamar taifeadadh ceart go leor ach níl aon chinneadh déanta faoi é a eisiúint go poiblí.
go bpiocfadh sibh suas í, that you'd pick it up,
" ‘Cheapas féin go bpiocfadh sibh suas í, agus í á labhairt mórthimpeall oraibh,’ a dúirt sé.
Conas a bhuail sibh le chéile? How did you meet?
" Conas a bhuail sibh le chéile? NB: Tháinig sí isteach sa cheardlann chugam lá amháin chun mo thuairim a fháil faoi bhogha a bhí aici.
Cén chaoi ar thug sibh faoin tionscadal? How did you go about the project?
" ***AÓF: Mar sin, ba rud nádúrtha é, is dóigh, an pacáiste seo de dhioscaí a chur amach am éigin le cur leis na leabhair, ach an raibh mórán trioblóide ag baint leis seo a eagrú? Cén chaoi ar thug sibh faoin tionscadal?*** TMU: Bhí cuid mhaith i gceist leis an tionscadal a chur i gcrích.
shíl sibh you thought
" Bhail, a chairde, shíl sibh nach dtiocfadh leis an scéal a éirí ní ba mheasa, ach bhí dul amú oraibh.
Is de na fáithe sibh you're are enumerated amongst the wise
Maith sibh well done
" Cuireadh ==== Maith sibh! Táimid faoi chomaoin mhór agaibh.
ní sibh amháin not just yourselves
" Imeacht go Connachta =========== **SMM: Bhog tú féin is do bhean go Liatroim as BÁC agus ní sibh amháin, ach bhog ball eile de Kíla, Deirdre agus a teaghlach leis.
fhiafraíonn sibh you ask
" “Agus cén fáth sin?” a fhiafraíonn sibh.
spreag sibh inspired you
" (Gáire) **SMM: Cé chuimhnigh ar Ghaillimh le Gaeilge a chur ar bun an chéad lá, nó bhí Gael-Taca ar an bhfód ó dheas agus b’fhéidir gurbh shin é a spreag sibh?** BNC: Níl a fhios agam.
ar chuntais sibh did you count
" Cá bhfaighidh muid an radachas ar an teilifís nó an bhfuil muid daortha chun gach bomaite den lá a chaitheamh ag amharc ar Come Dine With Me? (Dála an scéil, ar chuntais sibh líon na gcláracha teilifíse cócaireachta atá ar na scáileáin? Tá na milliúin acu ann!) - Ach ar ais ag an radachas.
bhailigh sibh is a chraol sibh you collected and broadcast
" ie a Edel agus comhghairdeachas libh as an daichead bliain de shaibhreas a bhailigh sibh is a chraol sibh le linn an ama sin.
Conas ar réitigh sibh le céile how did you get on
" Dhá Chonspóid in Aon Lá Amháin =========== **CF: Ar bhuail tú leis an Aire a bhí ann chun chaint faoi Acht na Gaeltachta 2012? Conas ar réitigh sibh le céile tar éis duitse do chuid a rá agus eisean a bheith ag éisteacht leat.
inar tógadh sibh were you reared
" **CF: Cén chuid den chathair inar tógadh sibh?** CAB: Bhíomar i nDún Laoghaire sa Cábán tSíle.
go dté sibh slán good luck to you
" San idirlinn, go dté sibh slán agus athbhliain faoi mhaise daoibh uilig.
go dté sibh slán i mbun tiomána safe driving
" Mar sin, go dtí an mhí seo chugainn, go dté sibh slán i mbun tiomána!
Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach enjoy writing in
" Go mbaine sibh go léir sult as scríobh isteach faoi bhun na n-alt.
Cuireann sibh go mór leis you enrich greatly
" Cuireann sibh go mór leis an díospóireacht.
mbraithfidh sibh breis saoirse you’ll feel more liberated
" Tchítear breis is fiche teachtaireacht faoi roinnt de na hailt ó am go chéile agus tá súil againn go mbraithfidh sibh breis saoirse le scríobh go fada leitheadach feasta nuair nach mbeidh aon bhagairt le brath sa timpeall oraibh anseo ar Beo.
Mura gcruthaíonn sibh if you don’t show
" **SMM: Nár cheart daoibh cruthú thar cinn sa gcéad ollthoghchán eile, tharla Labour a bheith dá milleadh féin le dúnghaois déine Bhanc na hEorpa agus an Choiste Idirnáisiúnta Airgeadaíochta? Mura gcruthaíonn sibh thar cinn, comharthóidh sé go bhfuil rud éicint as alt ar fad, nach fíor dom é?** TÓC: Sílimse gurbh fhearr fás réidh, seasmhach a fheiceáil sa bpáirtí ná fás thar oíche, mar a chonaic mé i bPáirtí an Lucht Oibre san olltoghchán deireanach.
An bhfuil sibh ag snámh in aghaidh easa have you an uphill struggle
" **Balor: An bhfuil sibh ag snámh in aghaidh easa anseo, a Dháithí, ag múineadh Gaeilge do lucht na cathrach gallda seo? Nach obair in aisce atá ar siúl agat? Nó sin a deir go leor.
Má shíl sibh if you thought
" An ndéanfaidh tú sin, a stóirín?’ Gach Eagar-whore Faoi Ruball a Bhó Féin ================== Mar sin, a léitheoirí dílse: Má shíl sibh go raibh Beo Ar Éigean ní ba leimhe fiú ná mar is gnách an mhí seo a chuaigh thart, ní ba mharbhánta, ní ba bheaguchtúla.
tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad you’re gone to blazes entirely
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
ní bhuafadh sibh ar éinne you’ll never beat anyone
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
más saineolaithe sibh if you’re experienced in such matters
" Céard is dóigh libh, más saineolaithe sibh? Ar cloch oghaim atá inti? Ní fheicim féin a leithéid luaite ar aon léarscáil.
más go maith a réitíonn sibh if you get on well
" Ag fanacht ag an Túr Solais ar Shráid Uí Chonaill le duine nár chuala do ghuth fós, a thógfaidh ar fánaíocht tú trí áiteanna nach bhfuil aon chur amach agat orthu go fóill, a chuirfidh daoine nua in aithne duit, agus a roinnfidh, más go maith a réitíonn sibh, an saol leat.
bhain sibh ceol agus sú as an chearc fhrancach you enjoyed the turkey immensely
" Tá súil agam go raibh Nollaig mhór mhaith agaibh, a léitheoirí dílse, agus gur bhain sibh ceol agus sú as an chearc fhrancach agus eile – mar a bhain Balor Blonagach gan dabht.
tá sibh slán you’re safe
" Ar thíortha uilig an domhain, tá sibh slán.
Tá sibh mórtasach as sin you’re proud of that
" Tá sibh mórtasach as sin?** ANGBh: Tá.
Roghnaigh sibh ceantar ciúin álainn you picked a beautiful and quiet area
" (gáire) Ceantar Chathail Bhuí Mhic Giolla Ghunna ============= **SMM: Roghnaigh sibh ceantar ciúin álainn le socrú síos i measc loch is sléibhte.