Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Slánaithe redemption, salvation
" Má fhillim ar an óstán seo i gceann deich mbliana, áfach, agus má fheicim mo dhuine romham, an mbeidh sé gafa? An mbeidh lúidín a choise ag corraíl oiread na fríde? Agus cad a imeoidh ar na striapacha nuair a thógfaidh cailíní níos óige a n-áit? Caithfidh mé teacht ar ais anseo lá níos faide anonn i mo choirnéal in Arm an tSlánaithe dom.
an dream slánaithe the redeemed
" De réir an tseanchais, ós rud é gur tógadh an staid díreach os comhair reilige, b'in an chéad rud a a d'fheicfeadh an dream slánaithe nuair a d'osclódh a gcónra! Daingníodh an nasc Éireannach nuair a leag an chéad phátrún, an tírghráthóir agus bunaitheoir Chonradh na Talún, Micheal Davitt, fód as Éirinn ar an gciorcal i lár na páirce.
slánaithe reached
" Is fada uaim laethanta m'óige, nuair a shiúil mé ar scoil liom féin trí lár bhaile Dhún Laoghaire, agus gan ach ceithre bliana slánaithe agam.
go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige until he had reached sixteen
" Creid é nó ná creid, socraíodh sa gcúirt dhúiche i Longfort go gcuirfí an buachaill óg isteach sa scoil thionsclaíoch i Leitir Fraic go dtí go mbeadh sé bliana déag slánaithe aige, ar an údar sin amháin.
slánaithe reached
" "* An Breitheamh Frederick Morris, 2004 Níl ceithre bliana slánaithe sa chéad úr, agus cheana féin san aonú haois is fiche tá an Stát tar éis a admháil go bhfuil, nó ar a laghad go raibh, rud éigin lofa sa chóras polaitiúil, i gcóras na hEaglaise Caitlicí agus anois i gcóras na nGardaí.
slánaithe attained, reached
" Ba ghearr gur tugadh le fios dom, áfach, gurbh é ba chúis leis na radharcanna áille ná cúig bliana fichead bheith slánaithe ag Eoin Pól II mar Phápa.
slánaithe attained, reached
" Ba ghearr gur tugadh le fios dom, áfach, gurbh é ba chúis leis na radharcanna áille ná cúig bliana fichead bheith slánaithe ag Eoin Pól II mar Phápa.
nuair nach raibh ach 38 mbliana slánaithe aige. when he was only thirty-eight years old.
" Fuair sé bás i dtimpiste nuair nach raibh ach 38 mbliana slánaithe aige.
bheart slánaithe a salvage plan
" Má chreideann an pobal gur mó de bheart slánaithe na n-Amhantraithe Réadmhaoine an Áisíneacht Bhainistíochta - ‘Drochbhanc’ an Rialtais - ná gléas fuascailte na géarchéime creidmheasa, ní fios an slad a imreofar ar Fhianna Fáil agus ar an gComhaontas Glas sna toghcháin Áitiúla agus Eorpacha le teacht.
slánaithe healing
" Tosaíonn an caidreamh slánaithe eatarthu.
slánaithe survived
" Ach is cinnte go bhfuil ábhar macnaimh ann gur cheart pilleadh air nuair a bheas an ghéarchéim geilleagair reatha slánaithe againn.
slánaithe completed
" Cúig bliana slánaithe ag *Beo!* Ní chreidim é.
seasca bliain slánaithe over 60 yrs
" 6% den daonra na daoine a bhfuil seasca bliain slánaithe acu.
slánaithe aige passed
" An Chéad Ghabháil ========== Agus an sé bliana déag d’aois slánaithe aige, chuaigh sé le ríomhaireacht, agus thug sé an t-ainm bréige “Mendax” air féin, a tháinig ó fhrása Laidine Horace - “splendide mendax”.
turas le taisteal chun slánaithe a journey to be travelled to salvation
" Sásaíonn sé bunéilimh uile an genré agus na luacha a ghabhann leis: tá éagóir le cur ina ceart, fear cruaidh onórach (Tommy Lee), agus turas le taisteal chun slánaithe.