Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sníomh spinning
" Aon tagairt do thionscail bhain sé leis an gceilp, an iascaireacht, sníomh agus fíodóireacht, lásadóireacht agus an líon bó a bhí ag aon teaghlach.
sníomh spinning
" Bhí mórán fíodóirí i measc na bhfear agus teach ar bith a raibh seol agus tuirne ann leis an sníomh a dhéanamh de na rollógaí olna bhí siad i ndán bréidín a dhéanamh agus éadach a chur ar a muintir féin agus go minic ar na comharsana.
shníomh spinning
" Chomh maith le hachan sórt garraíodóireachta, tá cúrsaí ar fáil ar shníomh, potaireacht, caoladóireacht, cumhacht ghréine agus ghaoithe, ag coinneáil gabhar, agus neart rudaí eile.
ní dhéanann siad saothar ná sníomh They toil not, neither do they spin
" Chuir dearcadh agus stíl Mhíchíl na focail seo i gcuimhne dom: "Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.
sníomh spinning
" " An dá thréith sin a bhain le Brennan - an duine intleachtúil, géarchúiseach a raibh léargas aici ar an saol agus an duine péacógach a bhí an-sáite i gcúrsaí faisin - cén chaoi ar réitigh siad lena chéile? Freagraíonn Bourke mé trína rá "Tuige nach mbeadh an dá rud i gceist? Cuid den léann feimineach is fearr liomsa ná an chuid a dhéanann iniúchadh ar an bhfuáil agus sníomh agus a thugann gradam dóibh mar ealaín, agus a dhéanann comparáid idir fuáil agus scríobh agus a deir go bhfuil na healaíona seo cóngarach go maith dá chéile; tá siad an-chruthaitheach.
ag sníomh twisting
" "Ardeaglais ón 10ú céad, an Danube ag sníomh tríd an gcathair - bhí an ceantar go han-deas.
ag sníomh spinning
" Inniu, tá sí ag sníomh le heiteán beag ina lámh agus ag bruith bonnóga aráin choirce.
shníomh weave
" Seo an seans anois acu bheith ina John Le Carré-anna agus rian den* film noir* a shníomh isteach ina gcuid scéalta.
á shníomh isteach i ngnáthshaol na cathrach. being worked into the ordinary life of the city.
" Diaidh ar ndiaidh tá atmaisféar éagsúil á chruthú i nGaillimh agus an dátheangachas á shníomh isteach i ngnáthshaol na cathrach.
a shníomh isteach to weave into
" Le cois logainmneacha agus ainmneacha pearsanta, nach ndearnadh mórán athruithe orthu riamh, tá claonadh anois “cúpla focal” Maoraise a shníomh isteach i gcomhrá Béarla - i gcás daoine nach bhfuil ach na nathanna gearra cainte sin ar eolas acu, fiú.
a shníomh to tie (in)
" Mar sin, lonnaigh mé i gConamara iad ag tús an scannáin, agus ar an dóigh sin thiocfadh liom scéal faoi na hácaeirí agus 'Red Sails in the Sunset' a shníomh isteach.
Shníomh wove
" Leanann muid Sands tríd na laethanta léanmhara seo agus feiceann muid a chorp ag meath go dtí nach bhfuil fágtha de ach cnámha agus craiceann, craiceann atá beagnach tréshoilseach agus clúdaithe le cneánna Shníomh Fassbender é féin go domhain isteach sa ról agus tá sé deacair do shúile a bhaint de agus é ag dul fríd an mheath mharfach seo.
Sníomhann weaves
" Sníomhann fuachteití éan,oighear-ré,sin mo scéal.
Shníomh wove
" Shníomh Séamus é féin ann, mhúch sé a cheannaire le barróga, d’fhliuch sé é le deora, thriomaigh sé é le hiliomad cóipeanna den *Irish Times*.
shníomhann spinning
" Léiríonn tubaiste BP a leochailí is atá an snáithe dubh a shníomhann fabraic na ngeilleagar mór caipitleach le chéile.
Sníomhann weaves
" Sníomhann Lee Chang-dong snáitheanna uilig an scéil le chéile chun taipéis shaibhir bhrócáidiúil a chruthú.
lagar ag sníomh orainn le hocras hunger wearing us down
" Lean muid orainn cúpla coiscéim eile, agus lagar ag sníomh orainn le hocras agus le heaspa compóird.
Shníomhfadh scoil chumasach mar sin a powerful school like that would weave
" Shníomhfadh scoil chumasach mar sin an dá phobal ina chéile arís, Gaeltacht agus Galltacht, agus chiallódh sé go mbeadh stócaigh is girseacha ag tabhairt aghaidh ar an tríú leibhéal nuair a bheadh dhá theanga go leith acu, go cumasach is go cliste, in ionad a bheith ina gcuid English monoglots ar meisce ag lorg troda i dteach leanna i lár an lae.
shníomh ina cheart make it become justice
" Nuair a chruann an easpa measa ina reacht, is deacair a shníomh ina cheart.
shníomhann ties in
" Thug Gabriel Rosenstock taitneamh do leabhar filíochta Pheadair Uí Uallaigh, leabhar a shníomhann a 'eolas beacht' ar lus agus ar luibheanna trí logainmneacha Chorca Dhuibhne mar a dhéanfadh 'draoi'.