Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bolgán solais light bulb
"bolgán solais i ngach scanóir agus is é sin an chuid den scanóir a mbíonn fadhbanna ag baint leis.
ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire casting a ray of sunshine, light and joy
" Spéirbhean - nó spéirfhear - ag scaipeadh gha gréine, solais agus lúcháire timpeall na cathrach.
dhá bhíoma mhóra solais two great beams of light
" Bíomaí ======= "Ar an 11 Márta, leathbhliain i ndiaidh na n-ionsaithe ar na túir, caitheadh dhá bhíoma mhóra solais suas i spéir na hoíche i suíomh cóngarach don áit ar sheas na túir.
na tithe solais aonair the lone lighthouses
" Tá sé dochreidte gur chuir tú ceist orm faoi sin! Sílim go bhféadfainn dul agus an trá fhada Outermost a shiúl: na riasca, na dumhcha, na maidhmeanna fiáine toinne - reilig mórán long - na míolta móra caite i dtír uaireanta, an tsnámhraic agus an muirchur, reilig ag ceann amháin di ina bhfuil coirp gaolta agus cairde curtha, agus na tithe solais aonair atá mílte óna chéile ar dhroim an Outermost.
chun solais to light
" B'fhéidir gurb é an rud is measa faoin scéal i Queensland gur trí thimpiste a tháinig cuid mhaith den scéal chun solais - mar gur roghnaigh scoláire amháin an cheist mar ábhar tráchtais.
cipín solais match
" Síleadh gur chaith duine éigin cipín solais síos, cé go raibh cosc ar thobac san iarnród faoi thalamh mar gheall ar an tine ag Oxford Circus i 1985.
péisteanna solais glow-worms
" Chuamar ag uaimheadóireacht sna tolláin ag bun na huaimhe, agus chonaic mé péisteanna solais ar an tsíleáil in áiteanna.
nuair a tháinig sé chun solais when it came to light
" Baineadh preab uafásach as saol na healaíne nuair a tháinig sé chun solais go raibh na caimiléirí ealaíne John Drewe agus John Myatt i ndiaidh na milliúin punt a dhéanamh as dallamullóg a chur ar thithe móra ceantála ar fud an domhain.
tá sé tagtha chun solais le déanaí it has come to light recently
" Íoróin, mar tá sé tagtha chun solais le déanaí gur lean Jefferson ar aghaidh lena sheilbh ar sclábhaithe tar éis gur scríobh sé fógra neamhspleáchais Mheiriceá i 1776, ach is cosúil anois go léiríonn fianaise DNA gur fhág sé páistí ar dhuine de na sclábhaithe seo, Sally Hemings.
a tháinig chun solais which came to light
" Tá drochmheanma sa Gharda Síochána agus easpa muiníne ag an phobal san fhórsa mar thoradh ar shraith scannal a tháinig chun solais le dornán blianta anuas.
i ndiaidh teacht chun solais after coming to light
" Is díol suntais é, mar sin, go bhfuil cnuasach péintéireachta agus líníochta a rinne Plath go luath ina saol, nach raibh feicthe ag an domhan mór riamh roimhe seo, i ndiaidh teacht chun solais i leabhar nuafhoilsithe tar éis do na píosaí ealaíne a bheith fágtha i seanáiléar i dteach mhuintir Plath ar feadh na mblianta.
bolgán solais light bulb
" Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás.
tháinig na fíricí seo uilig chun solais these facts came to light
" A bhuíochas do nuachtáin áitiúla – *The Newsletter* a thugann tacaíocht don DUP, ina measc – agus an tAcht um Shaoráil Faisnéise ó thuaidh, tháinig na fíricí seo uilig chun solais diaidh ar ndiaidh.
is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais it doesn't matter what else come to light
" D’fhéadfadh sé tarlú go n-éireoidh leis teacht slán as an tsáinn seo ar fad – is cuma céard eile a thiocfaidh chun solais mar gheall ar thochailt Bhinse Fiosraithe Mahon – de bhrí gur thuig sé go raibh a phort seinnte agus de bhrí gur thuig sé gurb é is tábhachtaí ná leas a pháirtí agus leas mhuintir na tíre seo.
tháinig sé chun solais it came to light
" Chomh luath agus a d’fhill sé ar an Astráil, áfach, tháinig sé chun solais gur pléadh gnó tábhachtach le linn an chruinnithe sin mar gur fhógair Rudd ainm an duine a thiocfaidh i gcomharbacht ar an ard-ghobharnóir reatha, Michael Jeffery.
Roinnt beag solais a little bit of light
" Roinnt beag solais a scaoileadh tríd.
gur tháinig sé chun solais that it came to light
" Cé go raibh formhór mhuintir na hAstráile i gcoinne an chogaidh, agus gur tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh bunús bréagach leis an ionradh, ní raibh an cogadh riamh róthábhachtach in gcúrsaí polaitiúla abhus.
tháinig sé chun solais when it came to light
" Caitheadh amhras ar fhíoraidhm na hoibríochta, áfach, nuair a tháinig sé chun solais gur baill den ANC a bhí i go leor de na póitseálaithe a maraíodh.
Tháinig sé chun solais it transpired
" Tháinig sé chun solais ar na mallaibh gur díoladh breis is €1.
ag teacht chun solais is coming to light
" I ndomhnach, tá sé ag teacht chun solais anois gur goideadh nó gur scriosadh go leor den airgead a chuir gnáthinfheisteoirí faoi choimirce na mbancanna agus na gcomhlachtaí airgeadais.
teacht chun solais coming to light
" Géarchéim an Gheilleagair Anois don chéad uair tá sé ag teacht chun solais chomh cóngarach do chiumhais na haille a tháinig an tír i ndeireadh 2008 agus tús 2009.
chun solais to light
" Mar sin, ní thagann a gcuid oibre chun solais agus níl aon tuiscint ag an phobal ar a mbíonn ar siúl acu.
chun solais to light
" Níl pingin rua fágtha ag duine ar bith, agus is beag sin i gcomparáid leis na scéalta uafáis atá ag teacht chun solais lá i ndiaidh lae.
chun solais made known
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí nach raibh sé ar intinn cheannairí na Seapáine ionradh a dhéanamh ar an Astráil, ach gan amhras bhí an-imní ar mhuintir na hAstráile roimhe ag an am.
chun solais apparent, materialize
" Ainneoin cóir na gaoithe a bheith le Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna le fada an lá, tosaíonn an tóin ag titim as a bhfeachtas nuair a thagann líomhaintí chun solais maidir le beartaíocht airgeadais an Taoisigh, Bertie Ahern, agus an teach a cheannaigh sé i nDroim Conrach ón fhear ghnó as Manchain, Michael Wall.
Tháinig sé chun solais it transpired
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí go raibh ceannairí na ndronganna chun tosaigh sa cheannairc.
tagtha chun solais come to light
" Scéal suimiúil atá tagtha chun solais le déanaí ná go bhfuil Karl Rove, comhairleoir George W.
tháinig sé chun solais it transpired
" Dhá bhliain i ndiaidh bunú J Street, tháinig sé chun solais go raibh Soros ag maoiniú an bhrúghrúpa *“pro-Israel, pro-peace.
chun solais (comes) to light
" Tagann a céasadh ag cúigear mac léinn chun solais ina dialann ar ball.
chun solais arise
" Má bhreathnaítear ar na staidrimh, tagann ceisteanna cine chun solais freisin.
tháinig sé chun solais it transpired
" Chuir sé fearg ar dhaoine nuair a tháinig sé chun solais go raibh an stát ag íoc na mílte €uró in aghaidh an lae as seirbhísí an lucht dlí.
nár tháinig chun solais i gceart which hasn’t been highlighted properly
" Is scéal leanúnach é seo nár tháinig chun solais i gceart go fóill, bliain chomórtha na tubaiste féin.
tháinig chun solais revealed
" ” Maoiniú Mé-Féineach Sarkozy ============= Céard a dhéanfaidh sé, an ea? Má tá bunús ar bith leis na scéalta a tháinig chun solais ar dtús ar an nuachtán Idirlín, mediapart.
tháinig fianaise nua chun solais new evidence came to light
" Chaith sí trí bliana i ngéibheann sular scaoileadh saor í nuair a tháinig fianaise nua chun solais.
láidreacht ghrá an bhuachalla dá mháthair chun solais shows the strength of the son’s love for his mother
" Agus cur síos Hamilton á dhíleá ar a mháthair Ghearmánach agus a athair Gaelach, is deacair éalú ó scáth dhírbheathaisnéis McGahern mar shampla, Memoir (2005) ach go háirithe na líntí sin a thugann láidreacht ghrá an bhuachalla dá mháthair chun solais.
tugadh chun solais le fiche bliain anuas it came to light in the last 20 years
" Agus tugadh chun solais le fiche bliain anuas nó mar sin an dóigh ar theip ar an stát caitheamh mar is cuí leis na páistí a bhí faoina gcúram.
i dtaobh solais agus fuinnimh about light and energy
" Is lucht campála muid, agus ba bheag faitís a bhí orainn i dtaobh solais agus fuinnimh, ach bhí cúrsaí taobh amuigh ag déanamh scime dúinn.
chun solais, leis to light also
" Thug an daonáireamh is déanaí athruithe suntasacha eile chun solais, leis.
Tháinig réad chun solais a jewel came to light
" Tháinig réad chun solais roinnt blianta ó shin, ámh, a bhain le tréimhse neamhghnách sa chaidreamh nuair a bhí eascairdeas le sonrú idir an dá thír.
sula dtagann iarsma James Joyce chun solais before the JJoyce remnant comes to light
" Ní foláir an chéad leathanach den leabhar deireanach a chum David Foster Wallace a léamh fé dhó sula dtagann iarsma James Joyce chun solais.
ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais nor bringing to light its internal fault lines
" Ní maith leis laigeachtaí an Bhunreachta a aithint ná na héascanna inmheánacha ann a thabhairt chun solais.
chun solais don chéad uair came to light initially
" Tháinig scéal Simon chun solais don chéad uair i 2007 i gclár faisnéise ar an BBC darbh ainm I’m a Boy Anorexic.
lóchrann solais a lantern of light
" Bhíodh an t-am ann agus lóchrann solais a bhí sa PUP, tráth a raibh David Ervine mar cheannaire air agus a raibh brí leis an fhocal “*progressive*” san am.
Tháinig sé chun solais it transpired
" Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí, áfach, go raibh sise i mbun comhcheilge ar feadh tréimhse mhaith roimh lá na cinniúna, ach bhain a dúshlán siar as muintir na hAstráile ag an am.
nuair a thagann sé chun solais when it becomes evident
" Tháinig an-bhorradh faoin tsuim atá ag muintir na hAstráile i gcúrsaí ginealaigh le blianta anuas agus bíonn daoine fíorbhródúil nuair a thagann sé chun solais go raibh sinsear acu ina dhaoránach, seachas a bheith náireach as an smál breithe mar a bhítí.
tháinig sé chun solais it came to light
" Ag eascairt as na hagallaimh sin d'éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go ndéanfaí fiosrúchán a thionscan mar gur léir, dar leo, nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.
Túr Solais light tower
" Ag fanacht ag an Túr Solais ar Shráid Uí Chonaill le duine nár chuala do ghuth fós, a thógfaidh ar fánaíocht tú trí áiteanna nach bhfuil aon chur amach agat orthu go fóill, a chuirfidh daoine nua in aithne duit, agus a roinnfidh, más go maith a réitíonn sibh, an saol leat.
de réir mar atá eolas ag teacht chun solais according as information comes to light
" Agus de réir mar atá eolas ag teacht chun solais faoi rannpháirtíocht na bhfórsaí ‘slándála’ sa sceimhlitheoireacht, tuigfidh tú cén fáth.
taispeántas solais ollmhór a massive light show
" Lumière agus Turner ======== I measc buaicpointí na n-imeachtaí ealaíne a bhí le feiceáil sa chathair i rith na bliana bhí Lumiere, taispeántas solais ollmhór a bhunathraigh an chathair le 17 saothar dealbhóireachta agus ealaín suiteála solais a bhí le feiceáil ar fhoirgnimh agus i spásanna poiblí ar fud na háite i mí na Samhna.
Tagann ceist eile chun solais another matter comes to light
" Tagann ceist eile chun solais san alt seo i dtaca leis an leagan Gaeilge ar chomharthaí turasóireachta an Stáit.
Tháinig sé chun solais it was revealed
" Abbott agus Costello ======== Tháinig sé chun solais ní ba dhéanaí gur cinneadh pearsanta a bhí i gceist agus nár phléigh Abbott an tsaincheist achrannach lena chomhghleacaithe san aireacht ná sa chácas páirtí roimh an bhfógairt.
Lasann splanc solais a flash of light shows
" Lasann splanc solais aghaidh na mná agus tarraingíonn sé ár n-aird ar a craiceann síodúil lonrach.