Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
spraíúla funloving
" Ceann de na rudaí is deise liom faoin bhféile seo ná an dream a thagann chuici: daoine spraíúla a thuigeann conas scíth a ligean agus conas taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile.
spraíúil sportive, amusing
" Tá sí buailte linn arís agus í níos mó agus níos leithne ná má a bhí sí riamh! Tá sí méadaithe agus tá sí ag tarraingt airde ó chuile cheard! Tá sí gealgháireach, dána, machnamhach, ceolmhar, ealaíonta, gnéasach, bríomhar, spraíúil, ciúin, uasal, éirimiúil, drámatúil, fileata, sultmhar, scigiúil, cruthaitheach, dúchasach, ilteangach, uileghabhálach, scléipeach, deisbhéalach agus beo! Cé hí an aisling seo ar a bhfuil mé ag trácht? Seachtain na Gaeilge, ar ndóigh! Ag tarlú, mar a bhíonn sí i gcónaí, idir 10 Márta-17 Márta, déanfaidh an fhéile seo réimse leathan d'imeachtaí spraoi a sholáthar do phobal na Gaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear.
chasadh spraíúil playful twist
" "Is é sin, fhad is a bhí sé (Collins) beo …" Leis an chasadh spraíúil seo, cuireann McEvoy - a bhog ó Bhaile Átha Cliath go Nua-Eabhrac lena thuismitheoirí nuair a bhí sé trí bliana go leith - tús le scéal nach bhfuil mórán dealraimh air.
níos spraíúla more fun
" Chomh maith leis sin, bíonn na liricí níos saibhre is níos spraíúla ná Béarla idirnáisiúnta amhráin na *Top 40s *mar go mbíonn siad lán le cora cainte agus imeartas focal.
spraíúil playful
" " Is bean spraíúil, lán de bheocht í Pauline Bewick, agus saoirse na seascaidí fós le feiceáil ina súile.
go spraíúil playfully
" Feictear an téama céanna á scrúdú go spraíúil aici sa tsraith a tháinig chun cinn sna nóchaidí agus inar baineadh úsáid go tairbheach as craiceann bó leasaithe chomh maith le nathracha stuifeáilte chun píosaí guagacha spreagúla ar nós *Shuttlecock* (1993) nó *Rugby Ball *(1994) a dhéanamh.
spraíúil fun
" “Mar sin, bhí na fadhbanna seo uilig ann agus muid ag ullmhú don fhéile phíobaireachta, ach ba é rud a fuair na daoine a chuir an stró orthu féin dul chuig an chéad fhéile amach, ná go raibh sé corraitheach, ilghnéitheach, agus spraíúil.
daonna agus spraíúil human and playful
" Ar aon nós, clár an-taitneamhach a bhí ann agus bhí sé go deas a fhoghlaim go bhfuil na deartháireacha seo daonna agus spraíúil agus go bhfuil taobh eile ag baint leo seachas an taobh a bhí feicthe againn roimhe seo, is é sin gur cineál róbait spóirt iad a bhíonn dáiríre i gcónaí agus de shíor i mbun traenála.
atmaisféar croíúil spraíúil a cheerful fun atmosphere
" Cé gur chóisir an-mhór é – agus cé go raibh atmaisféar croíúil spraíúil le brath lena linn – mar is gnáth, bhí teachtaireacht dháiríre ag baint leis an bhféile chomh maith.
go spraíúil in an enjoyable way
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís; tá na laethanta saoire thart, tá bunús na ndaoine ar ais ag obair agus caithfear rud inteacht a shocrú chun oícheanta fada an fhómhair agus an gheimhridh a chur isteach go spraíúil.
spraíúil fun
" Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís; tá na laethanta saoire thart, tá bunús na ndaoine ar ais ag obair agus caithfear rud inteacht a shocrú chun oícheanta fada an fhómhair agus an gheimhridh a chur isteach go spraíúil.
spraíúil joyful
" 'Daoine a Itheann Daoine' le Mícheál Ó Ruairc ==================== Bailiúchán samhlaíoch gearrscéalta anseo ó Mhícheál Ó Ruairc, a chéad chnuasach do dhaoine fásta, ina gcaitheann sé súil spraíúil, ghrinn ar cheisteanna na linne ina bhealach éagsúil, áibheileach féin: canablacht agus ciníochas, gliúcaíocht agus fealsúnacht, dílseacht agus grá, feall agus éad, fir mná agus muca - lón machnaimh agus pléisiúir don té a thabharfaidh faoi.
ré nua spreagúil agus spraíúil a new enlivened and inspiring era
" Tháinig na scríbhneoirí Beat chun cinn mar chuid den ghlúin Mheiriceánach sin a raibh súil acu le ré nua spreagúil agus spraíúil tar éis ghruaim an Dara Cogadh Domhanda.
cur síos spraíúil fuinnúil a lively and energetic description
" Is éard atá i leabhar Kerouac On the Road go bunúsach ná úrscéal dírbheathaisnéiseach ina dtugann alter-ego an údair, an carachtar Sal Paradise, cur síos spraíúil fuinnúil dúinn ar na turais chraiceáilte trasna ilchríoch Mheiriceá a dhein sé féin agus a chairde.
Scéal spraíúil spleodrach a lively exuberant story
" Cad atá i ndán do Smuf – saol anróiteach nó saol an mhadra bháin? Scéal spraíúil spleodrach is ea Smuf ó pheann Alan Titley.
ar dhóigh thar a bheith spraíúil in a very lively way
" Chomh mhaith le bheith ina hil-oirfideach, tá íomhá Julie an-tábhachtach agus ar dhóigh thar a bheith spraíúil.
léargas suimiúil spraíúil a lively interesting insight
" Tugann sé léargas suimiúil spraíúil dúinn sa leabhar gleoite seo ar dhomhan iontach an haiku.
faoin imeacht spraíúil seo about this fun event
" Insíonn Bearnaí Ó Doibhlin dúinn faoin imeacht spraíúil seo agus faoin mbaint atá ag an nGaeilge le stair an homaighnéasachais san Astráil.