Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais in the league championship
" Críochnóidh an tsraith, agus b’fhéidir an séasúr iomlán, má theipeann ar na Jackals an ceann is fearr a fháil ar Nashua, agus áit a fháil i gcraobhchomórtas an tsraithchomórtais dá bharr.
sraithchomórtais áitiúla local leagues
" Tugann seo le fios, ar ndóigh, go raibh an cluiche ann i bhfad sula raibh Abner Doubleday ar an saol, agus táthar in amhras anois go raibh baint ar bith ag an uasal Doubleday leis an gcluiche! Cé acu in Éirinn, Sasana nó Meiriceá a thosaigh an chluiche, ámh, níl argóint ar bith ach go raibh an cluiche á imirt go fairsing ar fud Shasana Nua ó na 1850í amach ar bhonn foirmeálta, le rialacha dochta agus sraithchomórtais áitiúla.
a úsáidtear mar shraithchomórtais traenála which are used as training leagues
" Leibhéal AAA, atá gar go maith do na *Major Leagues*; AA, a fheictear i gcathracha réigiúnda agus a athraíonn a fhoirne go minic; agus A, a úsáidtear mar shraithchomórtais traenála.
sna sraithchomórtais shinsearacha in the senior leagues
" Má chosnaíonn sé corradh agus $100 (ticéad, taisteal agus bia san áireamh) chun áit a fháil i cúlsraith dheireanach na suíochán i Yankee Stadium, cad chuige nach n-íocfá $25 ar shuíochán atá tríocha slat ón slacaí i staid *Minor League*? Ar ndóigh, níl caighdeán na himeartha sna *Minor Leagues* leath chomh maith is atá sé sna sraithchomórtais shinsearacha, ach d’fhéadfá breathnú air sin mar bhuntáiste.
an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla the best and most interesting league
" Ar chuma ar bith, nach í Príomhroinn Shasana an sraithchomórtas sacair is fearr agus is spéisiúla ar domhan? Nó an ea? Is cinnte go bhfuil aird mhuintir na hÉireann, chomh fada is a bhaineann le cúrsaí sacair ar aon nós, dírithe ar fad, beagnach, ar imeachtaí na Príomhroinne sin.
an sraithchomórtas idirchontae the inter-county league
" Ba ghá an sraithchomórtas idirchontae a ghiorrú agus an craobhchomórtas a fháisceadh isteach i dtréimhse níos giorra chun go mbeadh deis níos fearr ag na clubanna a gcuid comórtas a rith.
gnáthchluichí an tsraithchomórtais the regular league games
" Tosaíonn séasúr na peile i mí Lúnasa agus leanann gnáthchluichí an tsraithchomórtais ar aghaidh go dtí mí na Nollag.
dhá shraithchomórtas two leagues
" Faoi na seascaidí bhí dhá shraithchomórtas ag imirt ar bhonn náisiúnta – an National Football League (NFL) agus an American Football League (AFL).
bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, a league was established between the old universities,
" Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá ar an gcósta thoir, agus roimh i bhfad, bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, ar a tugadh The Ivy League.
dhá shraithchomórtas ollscoile déag twelve university leagues
" Mar chomparáid, ní féidir ach le 82,000 duine a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus 90,000 i Staid Wembley! Tá dhá shraithchomórtas ollscoile déag ar leith sna Stáit Aontaithe, agus cothrom is deich mball i ngach ceann, gan trácht ar scór nó dhó sraithchomórtas beag idir na coláistí agus ollscoileanna beaga timpeall na tíre.
lasmuigh den sraithchomórtas. outside the league.
" De ghnáth, tosaíonn na foirne mór le rá le cluiche éasca nó dhó, in aghaidh foirne lasmuigh den sraithchomórtas.
i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais. in a league game
" Bhí na peileadóirí ag imirt ar an lá céanna i gcluiche de chuid an tsraithchomórtais.
sraithchomórtas league competition
" Tá léasadh tugtha acu do Thiobraid Árann agus do Chorcaigh, agus seachas i gcoinne Phort Láirge sa dara cluiche, níl aon chluiche caillte acu sa sraithchomórtas, cé go ndeachaigh Luimneach agus Áth Cliath gar dó sin a dhéanamh.
bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile Australia's premier soccer league competition
" Is ar éigean má tá éinne ionchurtha leis i bpríomh-shraithchomórtas sacair na hAstráile.
an tSraithchomórtais of the league
" Chomáin Wanderers orthu agus bhaineadar sméar mullaigh an tSraithchomórtais anuraidh.