Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
luamhán stiúrtha joystick
" Níl san Xbox féin ach ríomhaire PC atá dírithe go hiomlán ar chluichí: ní thagann méarchlár ná luch leis, agus úsáidtear luamhán stiúrtha chun treoracha a thabhairt don ríomhaire agus na cluichí á n-imirt.
a stiúradh to control
" Tar éis dó an BA a bhaint amach sa bhliain 1974, chláraigh sé don Ardteastas san Oideachas ach chinn sé sa deireadh ar gan dul leis an mhúinteoireacht mar gur bhraith sé nach mbeadh sé ar a chumas ranganna lán daltaí a stiúradh i gceart.
do mo stiúradh guiding me
" Bhí Susan tar éis breith ar uillinn orm do mo stiúradh go discréideach go dtí coirnéal neodrach.
ag stiúradh cúrsaí cosanta directing defence matters
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
eagarthóir stiúrtha directing editor
" Is eisean eagarthóir stiúrtha an nuachtáin *Al-Ahram*, a fhoilsítear i gCairo.
córas stiúrtha aerthráchta air traffic control systems
" Dúirt sé nach raibh ach rud amháin idir lámha ag an ionad i nDoire: táirgeadh córas stiúrtha aerthráchta.
arna stiúradh ag directed by
" Is tionscadal é a bhfuil breis agus 200 d'aos dána na Gaeilge agus na Gàidhlig rannpháirteach ann, idir phéintéirí, fhilí, pheannairí agus scoláirí, arna stiúradh ag Calum Mac Gill Eáin ó Phroiseact nan Ealan in Albain.
an choiste stiúrtha the steering committee
" In áit taoisigh, uachtaráin, leaschathaoirligh is araile, níl ann ach baill, agus baill an choiste stiúrtha - fíordhaonlathas atá i gceist.
stiúradh directing
" Cuirtear cúnamh ar fáil do chraobhacha an Chonartha i 22 ionad éagsúil agus bíonn Seachtain na Gaeilge á stiúradh ag foireann an Árais chomh maith.
stiúradh sceimhlitheoireachta directing terrorism
" Ciontaíodh Michael McKevitt as "stiúradh sceimhlitheoireachta" mar cheannaire an Fhíor-IRA.
atá á stiúradh ag Yeates which is being directed by Yeates
" Deir Géaróid Mac Umfraidh, údar an dráma Geasa, atá á stiúradh ag Yeates don fhéile, "Tá áthas an domhain orm go bhfuil Ray Yeates thar n-ais in Éirinn agus go bhfuil sé ag plé le cúrsaí drámaíochta tar éis bheith ag obair i Meiriceá.
ag stiúradh directing
" " Cé gurbh fhearr leis bheith ag stiúradh ná bheith ag scríobh, is é tuairim O'Hara gur cheart go mbeadh script chruinn ann.
luamháin stiúrtha joystick
" Le linn do na healaíontóirí a bheith san Afganastáin, áit ar chuir an Imperial War Museum i Londain iad tar éis thitim réimeas an Taliban in 2001, thóg siad grianghraif den teach agus rinne siad físeán digiteach astu, chun cur ar chumas cuairteoirí a mbealach a dhéanamh thart ar iarbhaile bin Laden ag úsáid luamháin stiúrtha.
roth stiúrtha driving wheel
" Ní bhíonn eagla ar an dream óg seo agus mothaíonn siad go bhfuil cosaint acu ón dainséar agus iad taobh thiar den roth stiúrtha.
stiúrtha directed
" Le linn a shaoil, tá breis is 80 clár faisnéise léirithe agus stiúrtha aige, cláracha a dhíríonn ar ghnéithe éagsúla den chultúr Éireannach agus de stair na hÉireann den chuid is mó.
roth stiúrtha steering wheel
" Bhí greim aige ar an roth stiúrtha ach ní raibh sé ag tiomáint.
airgead a bheadh á stiúradh money which would be controlled
" 5 milliún, airgead a bheadh á stiúradh ag an UDA.
ag stiúradh mac léinn supervising students
" Faoi láthair táim ag obair in ollscoil Auckland, ag stiúradh mac léinn sa dara bliain atá ag déanamh staidéir ar na meáin chumarsáide.
ag stiúradh directing
" Sílim go bhfuil sé féin (Mícheál) thuas ansin ag stiúradh an rud uilig!” Tá an Mícheál Ó Domhnaill Trust Fund bunaithe ag teaghlach Mhícheáil agus a chairde (Cathal Goan agus Paddy Glackin ina measc) agus cuirfear an brabús a shaothrófar ón dlúthdhiosca isteach sa chiste sin.
tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, after the driver had lost control of the steering wheel,
" Deirtear gur caitheadh as an veain é tar éis don tiománaí smacht a chailliúint ar an roth stiúrtha, gur thuirling sé ar an mbóthar, go raibh sé fós beo nuair a tháinig an t-otharcharr, go raibh sé iontach cróga cé go raibh sé go mór i bpian ach gur shíothlaigh sé uainn agus talamh slán Ospidéal Shligigh sroichte aige.
ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, running his consultancy company,
" Le cois a bheith ag stiúradh a chomhlachta comhairliúcháin, Peter Quinn Consultancy Services (PQCS), a bhunaigh sé i 1994, tá Peter tar éis a bheith bainteach thar na blianta le neart painéal comhairleach, coimisiún, bord gnó agus rialtais, agus fondúireachtaí éagsúla.
freagrach as Stobie a stiúradh responsible for supervising Stobie
" I gcas ghunnaí Stobie, deir an CPS go bhfuil an póilín a thug na gunnaí don sceimhlitheoir aimsithe acu ach nach bhfuil a fhios acu cén t-oifigeach sinsearach a chinn ar na huirlisí dúnmharaithe a thabhairt ar ais agus nach bhfuil a fhios acu an raibh aon oifigeach sinsearach freagrach as Stobie a stiúradh agus na gunnaí ina sheilbh aige.
á stiúradh tríd go cúramach steering him through it carefully
" Lance agus Eoin á stiúradh tríd go cúramach le rithim an cheoil.
den Ghrúpa Stiúrtha of the Steering Group
" Bhí rólanna tábhachtacha ag Riobard lena linn, ina measc: Eagarthóir ar an iris *Comhar* (1950-57) Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge (1970-76) Leas-Chathaoirleach ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA) (1972-82) Cathaoirleach ar An Oireachtas (1972-1977) Comhalta de Bhord na Gaeilge (1975-1988) Ba bhall é den Ghrúpa Stiúrtha sa Rialtas Áitiúil Chuir sé tionscal an cheoil dúchais chun cinn trína chuid páirtíochta san eagras IFPI (International Federation of the Phonographic Industry), mar chomhalta boird IRMA agus mar Chathaoirleach ar Ghrúpa Ceoil IBEC.
ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, producing and directing the programmes,
" Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so.
feithicil roth stiúrtha ar chlé left-hand drive vehicle
" Fadhb eile a thug sé faoi deara le déanaí ná go mbíonn roinnt tiománaithe ó Mhór-Roinn na hEorpa – iad siúd a bhfuil feithicil roth stiúrtha ar chlé acu – ag déanamh “*side swipes”* ar fheithiclí sa Bhreatain go minic.
grúpa stiúrtha steering group
" Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey.
go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe. that he will be able to guide the newspaper through whatever troubled waters that lie ahead
" ***Athruithe ag an bharr:*** Ón 3 Márta, is é Dónall Mac Giolla Chóill a bheas mar eagarthóir ar *Lá Nua* agus táimid thar a bheith muiníneach go mbeidh sé in ann an nuachtán seo a stiúradh trí cibé farraigí corracha atá roimhe.
bhord stiúrtha steering bord
" Tá Maurice Templesman ina chathaoirleach ar bhord stiúrtha Lazare Kaplan International, corparáid ollmhór diamant.
á stiúradh being controlled
" Bhí Mars Express á stiúradh ón áit a bhfuil GSE lonnaithe in Darmstadt sa Ghearmáin.
ag stiúradh gach ruda guiding everything
" Bhí ionadaithe na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhí i láthair ag an gcomhdháil go mór faoi thionchar Strong, a bhí ag stiúradh gach ruda go cumasach.
stiúradh to direct
" Mhol Louis Marcus, a coimisiúnaíodh chun na scannáin a stiúradh, go n-úsáidfí scannán 35mm daite agus go dtaispeánfaí na scannáin i bpictiúrlanna na tíre.
á stiúradh ó smacht being led astray
" Tá ceistanna ann maidir le cumas na n-airí féin: an bhfuil an triúr mór – An Taoiseach, An Tánaiste, agus an tAire Airgeadais -- in ann dul i ngleic le géarchéim mar seo? Cén taithí agus cén tuiscint atá acu ar scéal seo? Nach raibh Cowen féin ina aire airgeadais nuair a bhí margaíocht na tithíochta á stiúradh ó smacht? Ach anuas air sin tá ceisteanna níos leithne: nuair atá geilleagar an domhain ag titim ó chéile, céard is féidir le tír bheag a dhéanamh? Nuair atá an chuid is mó de ghnónna na tíre i seilbh phríobháideach, nach bhfuil ról an rialtais teorannta go maith? Nuair nach bhfuil aon tionchar againn ar an ráta úis, ná ar luach an phunta sterling, nach bhfuil leathlámh an rialtais ceangailte? D'fhógair an rialtas beartas mór eacnamaíochta i mí na Nollag.
taobh thiar den roth stiúrtha behind the steering wheel
" Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
stiúradh to steer
" Bhí captaen na loinge ag iarraidh an bád a stiúradh chuig Oileán Nollag.
stiúradh na tíre at the national helm
" Cuireann sé déistin ar an phobal nár admhaigh na hairí rialtais, go háirithe iad siúd atá i gcumhacht le fada, go raibh siadsan in ainm is a bheith ag stiúradh na tíre le deich mbliana anuas agus go ndeachaigh siad amú.
stiúradh to direct
" Bheadh sé ó chumas aon rialtas nó aon phobal na bunathruithe sin a stiúradh i gceart, gan trácht ar thír a bhfuil na céadta milliún duine ann atá beo bocht.
stiúradh directing
" Is é seo buaicphointe an Aire Uí Chuív ina thréimhse 12 bliana ag stiúradh Roinn na Gaeltachta agus maítear go caithréimeach go bhfuil sé mar aidhm ag an straitéis go mbeadh 250,000 duine ag labhairt na Gaeilge go laethúil faoi cheann 20 bliain agus go mbeidh líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge 350% níos airde ná mar atá faoi láthair.
stiúradh directing
" Bhí cuid ceoil Bizet, Saint-Saëns, Lalo, Massenet, Ravel léirithe anseo agus bhí cumadóirí dhálta Tchaikovsky, Grieg, Richard Strauss agus Debussy le feiceáil ann ag stiúradh a gcuid saothar ceoil féin.
stiúradh to steer
" ’ Cé go gcuireann an institiúid síos uirthi féin mar ‘eagraíocht neamhrialtasach, neamhpháirtíneach agus neamhspleách,’ is léir óna cuid foilseachán go bhfuil sé mar aidhm aici an tAE a stiúradh i dtreo bheartas ionsaitheach ar thaobh Iosrael sa Mheánoirthear, mar a d’éirigh leis na nuachoimeádaigh a dhéanamh i rialtas Bush.
lucht a stiúrtha it's directors
" Ní haon ribín réidh a bhfuil rompu, ach níl aon amhras faoi chumas lucht a stiúrtha.
stiúradh guiding
" Is dual tábhacht stairiúil na cáipéise seo a aithint agus tá an-mholadh ag dul don Aire Ó Cuív as an straitéis a stiúradh tríd an rialtas, go háirithe i dtréimhse seo na géarchéime geilleagair.
stiúradh steering
" Is iad na ceannairí polaitiúla a riarann an tír agus ar ndóigh b’iadsan a bhí freagrach as an tír a stiúradh agus muid ag dul amú.
stiúradh leading
" Tá dronganna éagsúla i bPáirtí an Lucht Oibre le fada an lá, leithéidí na droinge clé agus drong na deise, agus bhí cumhacht láidir acu i stiúradh an pháirtí.
ag stiúradh directing
" D’imríodh sé i lár na páirce agus bhíodh sé ar nós Napoleon beag i gceannas ar na trúpaí, ag gríosú agus ag stiúradh na n-imreoirí eile ina thimpeall.
stiúradh airgeadais na tíre the nation’s financial purse strings
" Ba náireach an scéal é, gan amhras, agus ba mhór an buille don náisiún é stiúradh airgeadais na tíre a chailleadh.
bord conspóideach stiúrtha controversial board of directors
" Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta.
stiúradh na tíre directing the country
" Is fíor go bhfuil an Seanad neamhfheidhmiúil agus gur beag an tionchar a imríonn sé ar reachtaíocht na tíre: mar sin, ní fhéadfadh na seanadóirí a bheith ciontach i stiúradh na tíre chun a haimhleasa! Ba iad an Dáil, an rialtas, agus an rialaitheoir airgeadais is mó a thug na cinntí móra a chuir amú sinn.
stiúradh directing
" Cur i bhfeidhm na rialacha agus stiúradh an chluiche a bhíonn á mheas.
gCoiste Stiúrtha steering committee
á stiúradh being driving
" Ba gheall le galar ar nós ailse a bheith ag creimeadh na heagraíochta an íocaíocht mhídhlisteanach seo a dúirt an tUachtarán Ó Cuana go neamhbhalbh leis na baill agus tá sí á cothú ag easpa agus ag droch-cheannaireachta agus bíonn sí á stiúradh go grinn trí dhreamanna ar a dtugtar ‘clubanna tacaíochta’ agus ‘cairde an CLG’.
stiúradh directing
" Thosaigh an Ghearmáin, gan amhras ar bith, ag tochras ar a ceirtlín féin le tamall anuas agus tá sí ag déanamh neamhaird dá ról traidisiúnta i stiúradh na hEorpa.
bhord stiúrtha board of directors
" Teip thubaisteach don bhord stiúrtha ag aon chuideachta é má chliseann ar an chuideachta sin agus más gá éirí as a bheith ag trádáil.
clár oibre a stiúradh to direct the work plan
" Chun an clár oibre a stiúradh, bhunófaí coiste tras-Mheiriceánach a mbeadh todhchaí na Gaeilge, i gCeanada agus Meiriceá, mar lárthéama aige.
roth stiúrtha steering wheel
" Is a mhalairt a bheadh fíor le tiománaí an bhus agus an croí á chur trasna ionam aige ag bualadh bos do *‘The Birdy Song’* ag tiomáint bus abhaile ag leathuair tar éis a ceathair ar maidin - agus gan lámh ar bith aige ar an roth stiúrtha! Bhain mé an t-óstán amach go sábháilte mar sin féin agus ba léir gur chuid den chraic é an turas bus mar bhí muintir na háite breá compordach leis an ngeaitsíocht! *‘The Telegraph House’* ab ainm don óstán - ag cloí le téama Alexander Graham Bell mar fhear an ghutháin, agus mar ábhar tarraingteach turasóireachta an bhaile.
bhí á stiúradh was directing it
" Ó bheith ag obair le hAlan Titley agus Diarmuid Goggins - Alan a scríobh é agus Diarmuid a bhí á stiúradh – ceapaim gur chruthaigh muid gur féidir leat rud siamsúil spraoiúil a dhéanamh ar aon ábhar.
stiúrtha go mion finely choreographed
" Bhí an searmanas féin, gabháil an leithscéil, stiúrtha go mion (an chaolchúis thuas) ag a lucht bolscaireachta.
faoin aon eagras stiúrtha amháin under one umbrella organization
" **SMM: An dóigh leat go ndéanfar iarracht an dá sheirbhís Gaeilge/Gaeltachta, an teilifís agus Raidió na Gaeilge a chur faoin aon eagras stiúrtha amháin amach anseo?** ENíCh: Níl a fhios agam a Sheosaimh.
stiúradh direct
" Nuair a theip ar chóras baincéireachta na hÉireann sa bhliain 2008 léiríodh dúinn na lochtanna a bhain le rialachas geilleagair na tíre – go raibh an rialtóir airgeadais mífheidhmiúil, go raibh an roinn airgeadais féin neamhinniúil, agus nach raibh spéis ag baill sinsir an rialtais i gcúrsaí geilleagair, agus dá mbíodh, nach raibh sé ar a gcumas iad a thuiscint nó a stiúradh.
stiúradh to direct
" Faoi Acht na Gaeltachta a tháinig i bhfeidhm ag deireadh mí Iúil is ar Roinn na Gaeltachta a thitfidh sé an próiseas iomlán pleanáil teanga sa Ghaeltacht a stiúradh.
stiúradh an bád the boat was steered
" Tar éis Eilean a’ Chalmain a fhágaint ar dheasbhord, stiúradh an bád idir Bogha nam Ramfhear agus Ruadh Sgeir: is mar sin atá an dá charraig ainmnithe ag an British Admiralty ar an gcairt mhara.
atá ag lucht a stiúrtha has its directors
" Nuair nach raibh an dea-thoradh air, caithfear an cheist a chur, sé mbliana déag tar éis a bhunaithe, cé lena aghaidh TG4 agus cén fhis atá ag lucht a stiúrtha? Cinnte tá neart cláracha i nGaeilge á gcur ar fáil nach ndéanfaí murach TG4.
Céad aiste stiúrtha the first directing work
" Céad aiste stiúrtha Tommy Lee Jones.
lucht stiúrtha spóirt sport management
" Ach, má dhéanaimid scrúdú le súil ghrinn, ghéarchúiseach ar an gcaoi ina bhfuil cúrsaí spóirt admhóimid gur gá i gcónaí do lucht stiúrtha spóirt a bheith san airdeall ar theacht chun cinn drochthréithe an duine, tréithe atá in ann an spórt a mhilleadh ar na céadta míle duine.
atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma who are steering the vessel no matter
" Níl an freasúra ag fáil mórán lochta ar dhúnghaoisí an rialtais, ach an oiread, mar go dtuigtear dóibh gurbh é an Triar - an Troika atá ag stiúradh an tsoithigh ar aon chuma.
ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha the steering wheel ought not to be too worn in appearance
" Mura bhfuil ach thart ar seachtó míle míle ar an gclog, ní ceart cuma róchaite a bheith ar an roth stiúrtha, ar an ngléas lámhghiarála ná ar an gcoscán láimhe.
fear stiúrtha director
" ” ‘Corvus Corax’ – An Fiach Dubh – is ainm don ghrúpa, rac-cheol a bhfuil blas na meánaoise air, agus is é fear stiúrtha agus amhránaí na buíne a bhí ar an líne agam.
chóir don rialtas an caiteachas poiblí a stiúradh the government ought to direct public expenditure
" Is beag duine nach síleann gur chóir don rialtas an caiteachas poiblí a stiúradh go ciallmhar.
leis an gheilleagar a stiúradh to direct the economy
" Má tá an saol i bhfad níos fearr anois ná mar a bhí glúin nó dhó ó shin, tá ceisteanna móra ann atá le réiteach, cuirim i gcás, an comhshaol, an bochtanas domhanda, an dóigh is feidhmiúla leis an gheilleagar a stiúradh, an neamhionannas, agus rath an daonlathais féin.
ndeachaigh acu an díospóireacht sin a stiúradh they succeeded in commanding the debate
" D’éirigh leo, dar liom, cionn is go ndeachaigh acu an díospóireacht sin a stiúradh.
Tá stiúradh na slabhraí soláthair the directing of provision chains
" Tá stiúradh na slabhraí soláthair ag croílár na n-iarrachtaí seo.
stiúrtha go dona badly directed
" I ngeall air sin, is minic na monarchana seo stiúrtha go dona.
cé nach bhfuil an roth stiúrtha although the steering wheel isn’t
" Is í an Yeti an carr is minice a gcuireann daoine ceisteanna orm fúithi – cé go mbíonn a fhios acu go mbíonn bíonn roinnt de na carranna is deise agus is costasaí sa tír á dtiomáint agam! Is Maith Léi Turas Trastíre =========== Tá an Yeti go deas le tiomáint, cé nach bhfuil an roth stiúrtha thar mholadh beirte.
ag stiúradh na tíre managing the country
" Ní aithneofá Éire na gcaogaidí as Éirinn an lae inniu ach tá an bonneagar céanna polaitíochta ag stiúradh na tíre.
roth stiúrtha steering wheel
" Mar gheall ar an dá chineál crochta seo, gluaiseann an 159 níos míne ná an 156 agus tá roth stiúrtha i bhfad níos cruinne inti.
Scríobh agus Stiúradh writing and directing
" Scríobh agus Stiúradh ======== “Mise a scríobh é agus a bheas á stiúradh.
stiúradh to direct
" An phríomhdhifríocht sa tír seo ná má theipeann ar do chomhlacht anseo agus má bhreithnítear féimheach thú, níl cead agat comhlacht eile a stiúradh ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad.
Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach the steering wheel is really capable
" Tá an roth stiúrtha thar a bheith acmhainneach d’aon bhóthar agus, i ndáiríre, ní fhaca mé aon fhadhb inti ó thaobh iompar ar an mbóthar.
roth stiúrtha déanta as leathair a leather steering wheel
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
rialú ar an roth stiúrtha steering wheel control
" Seo roinnt de na rudaí atá ar fáil léi – luasrialú, suíocháin théite, roth stiúrtha déanta as leathair, Déad Ghoirm, aerchóiriú, ceangaltáin USB agus MP3, rialú ar an roth stiúrtha agus neart eile.
ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh when a skilled hand held the oar
" Curach an Teifi, an 'corwg' nó 'cwrwgl', is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh.
an tír a stiúradh mar is ceart to manage the country properly
" Ach cé gur imigh an Troika tá an neamhspleáchas sin teoranta – beidh orainn rialacha an EDT a chomhlíonadh, beidh orainn ar gcuid dualgas mar bhall-stát an AE a chomhlíonadh, agus, b’fhéidir níos measa fós, beidh orainn cur ina luí ar na margaí airgeadais go bhfuil ar ár gcumas an tír a stiúradh mar is ceart.
an roth stiúrtha the steering wheel
" Arís, mar gheall ar an dlí, ní féidir liom an meid sin a dhearbhú! Measaim go bhfuil an roth stiúrtha go hiontach.
faoi stiúradh being directed by
" Bhí rudaí ag tarlú: Comharchumann Chois Fharraige i mbarr a réime faoi bhainistíocht rábach Phóil Uí Fhoighil; fostaíocht bhuan á cur ar fáil sa gceantar ag Gaeltarra Éireann faoi cheannasaíocht Chathal Mhic Gabhann; Cearta Sibhialta na Gaeltachta i mbun agóidíochta, gan aon cheannas ceart air; Cine Gael ag déanamh físeán sa gceantar faoi stiúradh Bhob Quinn; Raidió na Gaeltachta i mbun craolacháin go neamhleithscéalach do phobal na Gaeltachta.
tá guth acu i stiúradh an airgeadra they have a say in running the currency
" Ar a laghad tá feisirí acu i Londain faoi láthair agus tá guth acu i stiúradh an airgeadra.
agus mná á stiúradh having women on the helm
" Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh.
foirfeacht stiúrtha perfect directing
"foirfeacht stiúrtha le fada an lá go dtí é.
Stiúradh directing
" Daniel Bourgeois saineolaí ar theangacha mionlaithe, sa Spidéal le déanaí tar éis dó léacht phoiblí a thabhairt ar “Stiúradh na scoileanna lán-gaeilge: Dúshláin & Riachtanais”.