Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag stróiceadh hurtling
" Nó pléascadh ifreanda, le bladhairí agus srapnal, ag stróiceadh fríd an aer ag dó agus ag scrios a raibh i láthair ag Rásaí na Gaillimhe.
ag stróiceadh na gruaige asainn pulling our hair out
" ES: Ar bhain sibh taitneamh as bheith ag taifeadadh nó an raibh sibh ag troid le chéile uaireanta? BNGP (ag gáire): An fáth go bhfuil mé ag gáire ná go raibh laethanta ann go rabhamar ag stróiceadh na gruaige asainn le frustrachas, mar nach raibh sé ag teacht le chéile go héasca, b'fhéidir amhrán a chanamar go breá beo.
ní libhse le stróiceadh libh not for you to tear off
" Is le gach fear a dhá chois féin má bhronn Dia na Glóire air iad, ní libhse le stróiceadh libh.
gan mé a stróiceadh without tearing me
" D'fhéadfadh sé a phointe a dhéanamh, cinnte, gan mé a stróiceadh agus a stialladh mar a rinne sé.
ag stróiceadh mionnaí móra swearing like hell
" " B'in nuair a thug siad faoi deara go raibh stumpán beag toireach d'fhear ag tarraingt orthu agus é ag stróiceadh mionnaí móra mar a bheadh deireadh an tsaoil ann.
déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi Africa's soul will be torn from itself
" Má leantar ar aghaidh ag marú ainmhithe na hAfraice chun a gcinn a chur in airde ar bhallaí daoine sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain nó san Afraic, déanfar anam na hAfraice a stróiceadh uaithi.
ag stróiceadh leis gan aitheantas. working away without recognition.
" Is saol uaigneach é a bheith ag treabhadh ghort na Gaeilge scaití agus is iomaí iriseoir a bhraitheann gur fáidh san fhásach é atá ag stróiceadh leis gan aitheantas.
stróiceadh mionnaí móra using bad language
" Faoin am a fhaigheann tú a fhad le Páras – nó pé áit a raibh tú ag dúil le bheith nuair a chuir tú an ticéad in áirithe (agus ní mar a gcéanna an dá áit go minic) – is ar éigean a thabharfaidh fear an tacsaí leis sa charr thú, agus sin tar éis neamhiontas agus míthuiscint i dtosach, agus ina dhiaidh sin díospóireacht, troid, búiríl, stróiceadh mionnaí móra agus tarraingt gruaige.
ag stróiceadh mionnaí móra cursing wildly
" Cluiche na Fola ======== Cad é an dearcadh a bheadh againn ar Chogadh na Saoirse agus ar Chogadh na gCarad dá mbeadh stáisiúin teilifíse nuachta 24-uair a chloig ann? Cad é a bheadh lucht scairte gutháin a rá le Joe Duffy agus le Marian Finucane dá mba ann dóibh i 1916 nó idir 1921-23? An mbeadh siad ag stróiceadh mionnaí móra agus ag damnú na ndaoine sin as a bhfuil stáisiúin traenach agus sráideanna baiste astu i bpríomhchathair na tíre agus i ngach cathair eile in Éirinn? Cad é a déarfadh Michael McDowell nó coiste Frontline dá mbeadh Sean Mac Eoin, ábhar Uachtaráin dar le Fine Gael, ag seasamh arís? Cad é a déarfadh sé faoi dhúnmharú “neamhúdaraithe” cimí poblachtánacha le linn an Chogaidh Chathartha? (Is cuimhin liom cárta cuimhneacháin Joe McKelvey - arb as Tír Eoghain dó – a bheith sa teach againn agus mé ag fás aníos) ach bhí an bhrúidiúlacht céanna le fáil ó Phoblachtánaithe chomh maith.
ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile shouting abuse at each other
" Thosaigh an dá dhream ag stróiceadh mionnaí móra ar a cheile ach d'éirigh sé níos measa agus d'imigh sé go hiomlán as smacht agus Gearóid Ó hEára i lár an aonaigh.