Cé go n-úsáidtear millíní adhmaid mar bhreosla éifeachtach don téamh lárnach, tá béim speisialta ar bhithbhreoslaí i gcúrsaí iompair – tionscal a úsáideann mórán ola agus peitril agus tionscal nach bhfuil mórán slite malartacha aimsithe aige fós.
Nuair a smaoiním ar an fhuacht mharfach agus ar dhorchadas an gheimhridh, smaoiním i gcónaí ar na daoine a mhair fadó, i bhfad roimh ré an téimh lárnaigh! Tráth nach raibh tithe ann ar chor ar bith, tráth nach raibh ann ach an duine in aghaidh na ndúl.