Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dtéim i gcion uirthi I influence her
" "Ní hionann mise agus mo bhean," a dúirt sé, "cé go dtéim i gcion uirthi.
a chuaigh i gcion ar mo shamhlaíocht who caught my imagination
" ó na seascaidí agam freisin, ach b'iad na hiománaithe ach go háirithe a chuaigh i gcion ar mo shamhlaíocht.
chuaigh an áit i gcion go mór air the place impressed him a lot
" D'fhás an bhaint a bhí aige le Notre Dame, agus chuaigh an áit i gcion go mór air, tar éis dá chúigear páistí freastal ar an ollscoil.
is mó chuaigh i gcion orm which had the most impact on me
" Ach is stíl fhidléireachta iarthar an Chláir is mó chuaigh i gcion orm ag an aois sin.
a théann i gcion ar an lucht éisteachta which makes an impression on the audience
" Nuair a éiríonn le duine é sin a dhéanamh bíonn croí agus mothú san amhrán a théann i gcion ar an lucht éisteachta.
is mó a chuaigh i gcion orm who made the biggest impression on me
" Na cainteoirí is mó a chuaigh i gcion orm ná Armie Cerezo, banaltra as na hOileáin Fhilipíneacha, agus Jamal Iweida, uachtarán an Ionaid Ioslamaigh i mBéal Feirste.
a ndeachaigh sé i gcion orthu that it affected them
" Tá suim faoi leith aige sa dóigh ar athraigh 9/11 Éireannaigh ó dhúchas a bhfuil cónaí orthu i Nua-Eabhrac nó sa dóigh a ndeachaigh sé i gcion orthu.
go dtéann siad i gcion ort that they make an impression on you
" Tugtar ainmhí gránna go minic ar an mbuaf ach deir lucht taighde go dtéann siad i gcion ort tar éis tamaill - go háithrid má bhreathnaíonn tú isteach sna súile orthu.
a rachaidh i gcion ar go leor daoine that will make an impression on a lot of people
" Is cinnte gur albam é a rachaidh i gcion ar go leor daoine.
a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine who had a great impact on a lot of people
" Ba léir, ón dóigh ar labhair sí mar gheall ar Mhícheál, gur fear faoi leith a bhí ann a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine.
a rachaidh i gcion ar an Scéim which will affect the Scheme
" Tuartar sa scéim faoin gceannteideal “Rudaí a rachaidh i gcion ar an Scéim” go ndéanfar slad ar fhoireann na Roinne má leantar leis an phróiseas mar atá beartaithe ag an rialtais: “Má thagann toradh ar na figiúirí a foilsíodh ón tSaoráid Lárnach Iarratais beidh athrú de 90% ar fhoireann na Roinne.
chuaigh i gcion orm that made an impression on me
" Ach ba é ba mhó a chuaigh i gcion orm tar éis dom an Pholainn a bhaint amach i mí Dheireadh Fómhair 2003 ná a phlódaithe is a bhíonn reiligí na tíre ar an 1 Samhain, Lá na Naomh Uile.
go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais that Irish influenced Ulster Scots
" Dúradh ar go leor suíomh gréasáin go ndeachaigh an Ghaeilge i gcion ar an Ultais agus spreag sé seo suim sa Ghaeilge ionam.
a chuaigh i gcion go mór orm who made a big impression on me
" Is fear é a chuaigh i gcion go mór orm nuair achonaic mé é ar an Late Late Show sna seachtóidí agus polaiteoirí ágcáineadh go géar aige.
Chuaigh an Tasmáin i gcion níos mó orm Tasmania made a bigger impression on me
" Chuaigh an Tasmáin i gcion níos mó orm ná mar a rinne áit ar bith eile san Astráil.
go ndeachaigh sé i gcion go mór orm. that it made a very big impression on me.
" Chuaigh mé go Cill Rìmhinn den chéad uair mí Mheán Fómhair seo caite agus caithfidh mé a rá go ndeachaigh sé i gcion go mór orm.
a chuaigh i gcion go mór orm. which made a big impression on me.
" Mar a deirim, théimis chuig go leor féilte i rith an tsamhraidh agus chuala mé ceol agus amhráin a chuaigh i gcion go mór orm.
is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána that made the biggest impression on the world of hurling,
" Ina theannta sin, nuair a bhuaigh Tiobraid Árann Craobh na Mumhan i 1987 tar éis 14 nó 15 de bhlianta gan í, d’fhógair a gcaptaen go raibh an gorta thart! Laethanta órga cinnte! Le filleadh ar na nóchaidí, ba iad Uíbh Fhailí agus an Clár na foirne is mó a chuaigh i gcion ar dhomhan na hiomána agus a spreag spéis san iomáint i measc daoine a bhí neodrach.
chuaigh sí go mór i gcion ar amhránaithe óga. she greatly influenced young singers.
" Agus í sna daichidí, bhain sí clú agus cáil amach mar amhránaí agus chuaigh sí go mór i gcion ar amhránaithe óga.
Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí Seán had a big impact on his learners and his fellow students
" Chuaigh Seán i gcion go mór ar a chuid foghlaimeoirí agus ar a chomh-mhúinteoirí agus cronófar gó mór é.
go ndeachaigh Roche go mór i gcion orm Roche really affected me
" Céard faoin duine? Caithfidh mé a rá go ndeachaigh Roche go mór i gcion orm nuair a labhair mé léi ag tús na míosa seo; shíl mé an dúrud di.
chuaigh sé i gcion it affected (me)
" Cé gur thaitin ár gcéad chúrsáil go mór linn, chuaigh sé i gcion go han-mhór orm a bhoichte is atá na tíortha beaga seo in ár réigiún, ár gcomharsana béal dorais.
chuaigh i gcion air left its mark on him
" Ach níorbh é sin an tréith ba mhó dá gcuid a chuaigh i gcion air.
Chuaigh na hinnill i gcion go mór the equipment greatly affected
" Chuaigh na hinnill i gcion go mór ar mhuintir NSW gan mhoill agus tháinig borradh suntasach faoi líon na gclubanna sa stát dá bharr.
chuaigh i gcion orm impressed me
" Duine eile a chuaigh i gcion orm, nuair a bhí mé i gCúil Raithin - ‘carraig’ a thug Séamus Ó Duilearga air - ba shin é Risteard Mac Gabhann as Doire.
chuaigh sé i gcion chomh mór sin ar he so influenced
" Chonaic Fuller go raibh féidearthachtaí gnó agus sóisialta san fhoirgneamh áirithe sin áfach – ba dhornálaí agus iomrascálaí maith é Fuller agus é ina fhear óg – agus chuaigh sé i gcion chomh mór sin ar an gceannaire póilíneachta ceantair gur lig sé dó an Buffalo a atógáil.
théann i gcion ar affects
" Tá an bhagairt seo ar na rudaí is mó a théann i gcion ar shaol na n-inimirceach lasmuigh den dlí agus le barr eagla roimh ordú díbeartha, is minic a dhéanann na daoine seo cinneadh nach bhfuil chun a leasa.
chuaigh sí i gcion go mór orm it affected me
" Chonaic mé féin an agóid beo ar an teilifís agus mé fós i m’fhear óg agus chuaigh sí i gcion go mór orm.
a dtéann cinntí riaracháin i gcion orthu who are affected by administrative decisions
" Dar leis an gCúirt go bhfuil ceart ag daoine a dtéann cinntí riaracháin i gcion orthu eolas bheith acu ar na cúiseanna leis na cinntí sin.
chuaigh sé sin i gcion orm it struck a chord in me
" Tá cara liom as Béal Feirste ina chónaí in LA agus iníon leis pósta le duine as cúlra Meicsiceach – ní raibh sé ina chónaí riamh i Meicsiceo ach tá sé bródúil as cultúr agus as teanga Mheicsiceo agus chuaigh sé sin i gcion orm.
an tslí a dtéann an inimirce seo i gcion ar how this immigration affects
" Is minic go mbíonn caint ar chúrsaí imirce dírithe ar na daoine a bhaineann tír nua amach agus an tslí a dtéann an inimirce seo i gcion ar an tír athbhaile.
ndeachaigh an scéal sin i gcion go mór uirthi that really affected her
" Chuaigh an t-athair ar imirce nuair a bhí sé an-óg, 15/16 bliana d'aois, agus creideann Róisín go ndeachaigh an scéal sin i gcion go mór uirthi.
a chuaigh i gcion orm which affected me most
" Sin an t-am is mó a chuaigh i gcion orm.
chuaigh an méid a dúirt sé i gcion go mór orm what he said really affected me
" Caithfear a rá go bhfuil aithne phearsanta agam ar an aire óg seo ó bhí sé ina mhalrach - is cathair bheag í Canberra - agus chuaigh an méid a dúirt sé i gcion go mór orm dá bhíthin sin.
Chuaigh an feachtas i gcion go mór ar the campaign really affected
" Chuaigh an feachtas i gcion go mór ar mhuintir na hAstráile toisc gur chuir sé ina luí orthu go raibh gluaisteán de chuid Holden ina íocón fíor-Astrálach agus go mbeadh sé ina ghníomh tírghrách ceann a cheannach dá bharr.
chuaigh na hainmhithe i gcion go mór orthu they became really fond of the animals
" Thug na coilínigh ‘*brumby*’ ar an gcapall fiáin agus ar chúiseanna áirithe chuaigh na hainmhithe i gcion go mór orthu.