Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go ndeachaigh sé thar fóir that he went too far
téann siad thar fóir leis they go overboard with it
" Nílim ag rá go n-aontaím go hiomlán leis an ionannú sin a dhéanann cuid de na Seicigh sa lá atá inniu ann, mar uaireanta téann siad thar fóir leis, ach is minic chomh maith atá an argóint cloiste agam go mbraitheann siad iad féin mar Cheiltigh níos mó ná dream ar bith eile, agus gur in aigne agus i gcultúr na gCeilteach a thagann siad ar a bhfíordhúchas.
go rachaidís thar teorainn go Meicsiceo, that they'd go over the border to Mexico,
" Mar sin, ba é an plean nua a bhí acu ná go rachaidís thar teorainn go Meicsiceo, áit a n-eagróidís iad féin as an nua.
go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, that people go overboard with this particular argument,
" In ainneoin go measaim féin go dtéann daoine thar fóir leis an argóint áirithe seo, tá firinne éigin ag baint léi.
théann thar fóir go too far
" Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teicneolaíocht is nua-aimseartha in úsáid ag lucht gnó agus ag polaiteoirí na tíre chun a gcuid spriocanna a chur i gcrích – tá sé tábhachtach go mbeadh na buanna céanna ag an lucht forásach agus timpeallachta, chun dúshlán mar is cóir a thabhairt do na beartais a théann thar fóir.
chuaigh siad thar fóir they went overboard
" Rinne siad beag is fiú de cheist na gcearrbhach anó, ach chuaigh siad thar fóir nuair a mhaígh siad go mbeadh aon smacht ar chearrbhachas “neamh-Astrálach”.
Téann sé thar fóir he goes overboard
" ”* Téann sé thar fóir, áfach, i roinnt de na líomhaintí a chuireann sé i leith bunaitheoirí an stáit: *“Economic development was seldom their central interest and consequently the question of Ireland’s competitive position in the world was seldom of interest to them either.
Chuathas thar toinn anonn people crossed the seas
" Chuathas thar toinn anonn ó Smøland na Sualainne, ó Chorcaigh, ó Learpholl agus Bristol, ó Napoli na hIodáile ó Rotterdam agus ó Amsterdam na hÍsiltíre.
nuair a théann saoránaigh oilte thar lear from a brain drain
" Aithníonn sé go gcuireann imircigh le forbairt na dtíortha saibhre is gur minic a bhíonn forbairt na dtíortha bunaidh thíos leis nuair a théann saoránaigh oilte thar lear.
sula dtéann siad thar fóir le fuath before they go over the top with hatred
" Ní oibríonn stát mar sin ach ar feadh tamaill sula dtéann siad thar fóir le fuath ar an dream atá thíos.
théann an oiliúint thar fóir training is done in excess
" Cé go ndeir an seanfhocal gur treise an dúchas ná an oiliúint, creideann roinnt tráchtairí ar chúrsaí spóirt gur féidir níos mó dochair na maitheasa a dhéanamh nuair a théann an oiliúint thar fóir.
ndeachaigh an rince foirne blaisín beag thar cheasaí an t-am sin step dancing went a little overboard that time
" Is dóigh liom go ndeachaigh an rince foirne blaisín beag thar cheasaí an t-am sin.
théann thar fóir le beartais uaillmhianacha go over the top with big plans
" Coimhéad na daoine a théann thar fóir le beartais uaillmhianacha, nó seolfaidh siad Elvis féin as MacDonalds ar chúrsaí Gaeilge.