Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
athaontú na tíre the re-unification of the country
" Agus sin ráite, thiocfadh leis go ndéanfadh na hathruithe a tháinig nó a thiocfas mar thoradh ar Chomhaontú Aoine an Chéasta (nó cibé comharba a bheas air) an cinneadh i bhfad níos éasca, más fíor do Shinn Féin go réitíonn an Comhaontú an bealach d'athaontú na tíre.
mac tíre wolf
" Ach d'aontachtaithe, tá an mac tíre ag an doras agus tá siad ag tiontú isteach iontu féin arís.
mac tíre wolf
" Síltear gur cuireadh deireadh le chóir a bheith achan chineál ainmhí sa tréimhse sin, seachas b'fhéidir an béar donn, an mac tíre, an easóg, an giorria, agus cúpla sort éisc.
aithreacha bunaithe na tíre the founding fathers
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
ceoil tíre folk music
" Sna seachtóidí thit athbheochan mhór ceoil tíre amach sa Ghearmáin.
ceoil tíre folk music
" Sna seachtóidí thit athbheochan mhór ceoil tíre amach sa Ghearmáin.
go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile that the laws of the country over-ride every other law
" Má sheasann an Taoiseach agus an tAire Dlí agus Cirt lena ndearcadh go sáraíonn dlí na tíre gach dlí eile, dlí na heaglaise san áireamh, feicim bliain chrua eile i ndán dár dteagascóirí moráltachta.
athaontú na tíre the re-uniting of the country
" Ní leor é tromlach simplí má vótálann móramh beag de mhuintir na Sé Chontae ar son athaontú na tíre; tá neamhsheasmhacht pholaitiúil tuartha ag aontachtaithe.
le hoirthear na tíre a atógáil to rebuild the east of the country
" Ó athaontaíodh an Ghearmáin i 1990, tá na billiúin euro á gcaitheamh chuile bhliain le hoirthear na tíre a atógáil.
leas na tíre the good of the country
" Pé cinneadh a bhí le déanamh ag an rialtas, dhéanfaí é ar mhaithe le "leas na tíre".
pobal na tíre a mhealladh to entice the people of the country
" Bheadh sé níb éifeachtaí deireadh a chur leis na smachtbhannaí atá curtha i bhfeidhm i gcoinne na hIaráice le dhá bhliain déag anuas agus pobal na tíre a mhealladh le cineáltas agus le cabhair seachas an lámh láidir a úsáid ina gcoinne.
radharcanna tíre scenery
" Ach tá an dúlra ann go fóill agus sílim go bhfuil na radharcanna tíre iontach álainn, lasmuigh de na tithe.
loic taidhleoirí na hÉireann ar iascairí na tíre seo Irish diplomats failed the fishermen of this country
" Níl aon dabht ach gur loic taidhleoirí na hÉireann ar iascairí na tíre seo an lá a ghlac siad leis an socrú áirithe seo.
fud fad na tíre all over the country
" Léann sé go minic óna shaothar féin fud fad na tíre agus is údar roinnt leabhar filíochta é.
gceol tíre folk music
" Bhí an-suim agam i gcónaí i gceol tíre Mheiriceá agus i gceol traidisiúnta as tíortha eile.
geilleagar na tíre the economy of the country
" Mar sin, má thagann méadú ar na rátaí úis, titfidh geilleagar na tíre as a chéile.
agus a loit íomhá dhearfach na tíre and which destroyed the country's positive image
" Ní raibh mé ag súil leis na heachtraí a tharla, a d'athraigh an staid pholaitiúil agus a loit íomhá dhearfach na tíre os comhair tsaoil, ar bhonn fadtéarmach b'fhéidir.
cultúr na tíre a chaomhnú to preserve the culture of the country
" Dar liom féin go bhfuil sé de dhualgas ar Rialtas Shaorstát na Baváire cultúr na tíre a chaomhnú agus féachaint chuige gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint as a chultúr féin go nádúrtha.
oidhreacht chultúrtha na tíre the cultural heritage of the country
" Caithfear féachaint ar an gcomhthéacs inar tógadh an cinneadh seo agus an cúlra as a dtagann sé go náisiúnta, mar tá ceist níos scéiniúla agus níos leithne ná an mótarbhealach féin le freagairt anseo: Cén fáth go bhfuil an rialtas seo, agus Martin Cullen go háirithe, meáite ar oidhreacht chultúrtha na tíre agus Chontae na Mí a scrios? Ó tháinig sé i gceannas ar an roinn nua atá freagrach anois as an gcomhshaol, an oidhreacht agus rialtas áitiúil, tá borradh as cuimse tagtha ar fhorbairt na mbóithre, ach tá praghas nach féidir glacadh léi á íoc againne mar náisiún.
nuair a chuireann tú stair shóisialta na tíre san áireamh when you consider the country's social history
" Gan amhras, caithfidh an Rialtas an caiteachas atá á dhéanamh aige a chosaint, ach ní bheifeá ag súil le cinneadh mar seo i gcás na hÉireann nuair a chuireann tú stair shóisialta na tíre san áireamh.
in oirthuaisceart na tíre, in the north-east of the country
" Bhí an méid sin suime acu san ábhar go bhfuil cuireadh faighte againn filleadh ar ais an téarma seo chugainn! Ceardlann in áit iargúlta ======= Fairis sin, eagraítear ceardlann ar léann na hÉireann gach bliain idir ollscoil Olomouc (in oirthuaisceart na tíre, an tríú hollscoil is mó sa tír) agus an ollscoil seo againne.
gheilleagar na tíre the economy of the country
" Tá cúiseanna an-mhaith leis an bhfócas seo - ba mhaith leis an rialtas go mbeadh tionchar dearfach ag an dtaighde ar gheilleagar na tíre.
neamhspleáchas na tíre the country's independence
" Níl le déanamh agat ach féachaint ar fhéilire na tíre seo agus chífidh tú, mura bhfuil naomh inteacht á cheiliúradh ar lá áirithe, go mbíonn muintir Mheicsiceo ag céiliúradh rud éigin eile, neamhspleáchas na tíre, cuir i gcás.
mic tíre wolves
" "Sa lá atá ann inniu ann, níl ainmhithe creiche acu, ach dhá chéad nó trí chéad bliain ó shin bhíodh mic tíre anseo.
ó cheann ceann na tíre from one end of the country to the other
" Múnlaí difriúla ======= Ar an iomlán tá 34 tionscnamh iompair áitiúil ag feidhmiú ó cheann ceann na tíre.
ag saibhriú chultúr na tíre seo enriching the culture of this country
" Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daoine go bhfuil na scríbhneoirí seo, nach ndéantar aistriúcháin ar a saothar, ag saibhriú chultúr na tíre seo.
ó cheann ceann na tíre from one end of the country to the other
" Is cuma cé acu i bhfábhar nó i gcoinne na hagóide a bhí daoine, níl aon dabht ach gur fhág íobairt an deichniúir a bhásaigh a lorg ar an phobal náisiúnach ó cheann ceann na tíre.
sa taobh seo tíre in this part of the country
" Tá cuid mhór daoine ó Bhóthar na bhFál ag ceannach tithe sa taobh seo tíre.
Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre. I've gotten used to this part of the country.
" Tá mé imithe i gcleachtadh ar an taobh seo tíre.
gur tholg 9% d’othair na tíre an tinneas that 9% of the patients of the country contracted the sickness
" Meastar gur tholg 9% d’othair na tíre an tinneas agus go raibh an frídín marfach *Clostridium difficile *ag galrú in 15 otharlann.
sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre in the way the aboriginals of the country were treated
" Ar ndóigh, tá sé le feiceáil le fada sa gcaoi ar caitheadh le dúchasaigh na tíre ar chuile bhealach agus níl deireadh tagtha leis sin go fóill.
seachnóin na tíre throughout the country
" Ní raibh sna tinte ealaíne, dála an scéil, ach blaiseadh ar na himeachtaí comórtha a bhí ar bun seachnóin na tíre.
seachnóin na tíre throughout the country
" Ní raibh sna tinte ealaíne, dála an scéil, ach blaiseadh ar na himeachtaí comórtha a bhí ar bun seachnóin na tíre.
ar mhaithe agus ar mhóruaisle na tíre seo on the good and the great of this country
" Ar a laghad bhí radharc ar dóigh aige ar mhaithe agus ar mhóruaisle na tíre seo agus na tíre eile in aice linn agus na tíre eile sin nach bhfuil in aice linn agus nach bhfuil muid chomh ceanúil air agus a bhíodh.
bunadh na tíre the people of the country
" Is féidir an t-uafás earraí ón Eoraip agus ó Mheiriceá a cheannach ann ach tá na praghsanna ard: 45,000 cedi (€4) ar bhosca Cornflakes agus 20,000 cedi (€2) ar bharra seacláide! (€250 an meánioncam bliantúil a bhí bunadh na tíre sa bhliain 2003.
athaontú na tíre the re-unification of the country
" Ní raibh ceachtar den dá phríomhaidhm náisiúnta – athaontú na tíre agus athbheochan na Gaeilge – bainte amach aige agus bhí an geilleagar in umar na haimléise.
athaontú na tíre the re-unification of the country
" Agus, ó thaobh reitrice ar aon nós, bhí athaontú na tíre mar an chloch ba mhó ar a bpaidrín.
ar gheilleagar na tíre a fhorbairt on developing the economy of the country
" Ba ghá caighdeán maireachtála an ghnáthdhuine a fheabhsú ag an am céanna agus, chuige sin, dhírigh Lemass go príomha ar gheilleagar na tíre a fhorbairt, ag súil go bhfeabhsódh sé sin caighdeán maireachtála an phobail, rud a rinne.
an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre to persuade the people of the country that black was white
" Rinne sé iarracht an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre, mar shampla, agus casadh dearfach a chur ar rialú na Cúirte Eorpaí gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa nuair a thóg siad a gcás i leith Sellafield chuig na Náisiúin Aontaithe.
de thionscal turasóireachta na tíre seo of the tourism industry of this country
" Tá lóistíní Leaba agus Bricfeasta mar chuid lárnach de thionscal turasóireachta na tíre seo le fada an lá anois.
le muintir na tíre a choinneáil faoi smacht to keep the locals under control
" Thóg de Courcy roinnt mhaith caisleán le muintir na tíre a choinneáil faoi smacht.
i gComhdháil na tíre, in the country's Congress
" Creideann Poblachtánaigh go gcaillfidh siad a gcumhacht i gComhdháil na tíre, rud a chinnteoidh go bhfágfar an uachtaránacht bacach éagumasach go dtí an chéad toghchán uachtaránachta eile in 2008, agus creideann na Daonlathaigh nach mbuafaidh siad go leor suíochán chun an ruaig iomlán a chur ar na Poblachtánaigh.
phlódaithe is a bhíonn reiligí na tíre how crowded the cemeteries of the country were
" Ach ba é ba mhó a chuaigh i gcion orm tar éis dom an Pholainn a bhaint amach i mí Dheireadh Fómhair 2003 ná a phlódaithe is a bhíonn reiligí na tíre ar an 1 Samhain, Lá na Naomh Uile.
ag taisteal timpeall na tíre, travelling around the country,
" Bhuaileamar leis na daoine eile nuair a bhíomar ag taisteal timpeall na tíre, ag dul go dtí na Fleánna agus na féilte ar fad.
ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan the leader of the most powerful country in the world
" Ó tharla gur thug ceannaire na tíre is cumhachtaí ar domhan (agus an tír is mó is cúis leis an fhadhb, más fíor d’iar-Leas Uachtarán Stát Aontaithe Mheiriceá, Al Gore, ina scannán *An Inconvenient Truth*) droim láimhe do Kyoto, cad is fiú do thír bheag cosúil linne tabhairt faoi chéimeanna le dul i ngleic le téamh domhanda? Deirtear nach bhfuil in iarrachtaí suaracha s’againne ach sop in áit na scuaibe i bhfianaise aschur gáis na hIndia agus na Síne.
le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre. to draw attention to the hardship of the unemployed of the country.
" I mBaile Átha Cliath a sheinneadar a ngig deireanach, san RDS ag Self Aid, ceolchoirm a eagraíodh le haird a tharraingt ar chruachás lucht dífhostaíochta na tíre.
ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, interfering with the freedom of the citizens of the country,
" Tá sé á mhaíomh ag lucht an tobac sa nGearmáin go mbeadh a leithéid de chosc in aghaidh an bhunreachta, go mbeadh an rialtas ag cur isteach ar shaoirse shaoránaigh na tíre, go rachadh tithe tábhairne as gnó agus go gcaillfí na mílte post de dheasca an choisc.
faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre about how the native communities of the country were treated
" Bhí tuairim éigin agam faoi chultúr agus stair na mBundúchasach sula ndeachaigh mé go dtí an Astráil, agus fós féin chuir an méid a fuair mé amach faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre déistin agus uafás orm.
saibhreas ceoil na tíre seo a choinneáil beo beithíoch to keep the musical wealth of this country alive
" Má dhéanann tú amhlaidh, beidh tú ag cuidiú le hiarrachtaí an Taisce saibhreas ceoil na tíre seo a choinneáil beo beithíoch do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
a dtionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre to influence the politicians of the country
" Ach in ionad dul i bhfóirstean do mhianta úra an mhargaidh, is é an t-aon teacht aniar atá ag na tábhairneoirí ná iarracht a dhéanamh a dtionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre agus lámh chúnta a fháil uathu.
chun féiníomhá na tíre a chur chun cinn to promote the country's self-image
" Ar shlí amháin, chun féiníomhá na tíre a chur chun cinn agus, ar shlí eile, go meallfaidh mé daoine chuig an dearcadh Maorach – sa chaoi chéanna ar mealladh mise isteach i saol na bPākehā agus mé óg.
ag taisteal timpeall na tíre. travelling around the country.
" Sna seachtóidí, nuair a bhí m’athair ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, bhí Pádraig ar dhuine de na daoine a lean é agus a sheas leis agus iad ag taisteal timpeall na tíre.
mórthimpeall na tíre. all around the country.
" Thosaigh mé ag canadh leis mórthimpeall na tíre.
stair eacnamaíochta agus shóisialta na tíre the economic and social history of the country
" Níorbh fhéidir staidéar a dhéanamh ar an cheol áit ar bith, mar sin chinn mé ar thaighde a dhéanamh ar stair eacnamaíochta agus shóisialta na tíre i rith an lae agus bheith ag seinm ceoil istoíche.
thaistil sí ó cheann ceann na tíre she travelled from one end of the country to the other
" Bhí sí tráth i lámha duine de bhanna ceoil an Gharda Síochána, ar feadh blianta, agus ina theannta thaistil sí ó cheann ceann na tíre agus bhí sí leis nuair a sheinn sé i ngach halla paróiste agus ag gach féile is fleadh in Éirinn.
sa cheol tíre in folk music
" Bhí athbheochan mhór ar siúl sa cheol tíre sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip ag an am, agus tháinig neart bailitheoirí agus amhránaithe óga go teach Jeannie.
faoi thodhchaí na tíre úire seo about the future of this new country
" Go cinnte, is ag smaoineamh faoi thodhchaí na tíre úire seo a bhí bunaitheoirí na tíre nuair a ritheadh an dlí.
athaontú na tíre the re-unification of the country
" Dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas le Fianna Fáil ó dheas – an Páirtí Poblachtánach agus an Páirtí Níos Poblachtánaí? – is cinnte go mbeadh siad ag brú athaontú na tíre chun tosaigh, ní fríd an lámh láidir ach fríd mhéadú líon na bhforas trasteorann.
faoi bhratach na tíre. about the flag of the country.
" Oíche amháin bhí díospóireacht sa halla mór faoi bhratach na tíre.
i rialú na tíre, in the ruling of the country,
" Fiú dá gcuirfeá ceist ar na daoine céanna cén ról atá ag an Seanad i rialú na tíre, is cinnte nach mbeadh a fhios acu ach an oiread.
nuair a rinne sé neamhiontas de phobal na tíre when he ignored the people of the country
" Ach ní raibh Blair ina aonar nuair a rinne sé neamhiontas de phobal na tíre agus nuair a chuir sé saighdiúirí chuig an Iaráic.
formhór na tíre most of the country
" Ach dúradh nach raibh na liricí Béarla ar eolas ag formhór na tíre ach an oiread, agus níor chan na himreoirí ar chor ar bith! I ndeireadh na dála, cheap daoine go mba cheart dóibh leagan dátheangach a chanadh.
oirthuaisceart na tíre the norteast of the country
" 90 san uair ach, in oirthuaisceart na tíre go laghdófaí é go £4.
ag faire amach do lucht gnó na tíre looking out for the business people of the country
" Nó an bhfuil siadsan ag faire amach do lucht gnó na tíre in áit a bheith ag obair ar son leas na ndaoine is boichte? Toradh eile ar an difear sin sa ráta pá íosta: b’fhearr le hinimircigh dul/fanacht ó dheas, áit a bhfuil níos mó airgid dlite dóibh.
mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre because of the instability of the country
" Tá beagnach 4,000 saighdiúir Meiriceánach marbh sa chogadh díchéillí seo, agus na céadta míle Iarácach marbh mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre ó tharla ionruathar Mheiriceá.
an tóin tite as geilleagar na tíre, the bottom fallen from the country's economy,
" Faraor, is mó is dóichí go gcríochnóidh téarma an Uasail Bush leis an Meánoirthear faoi thine, an tóin tite as geilleagar na tíre, agus go mbeidh sé ar dhuine de na huachtaráin is lú a raibh gean air riamh.
dhá cheann tíre ollmhóra two huge headlands
" Tá Cromba suite ag béal Chaolas Chrombaidh, a bhfuil dhá cheann tíre ollmhóra aige mar chosaint ón teiscinn mhór.
an ceann tíre, the headland,
" Ba é an Captaen Cook, a bhí ina leifteanant ag an am, a chéad chonaic an ceann tíre, ar thug sé Cape Byron air, i mí na Bealtaine 1770.
timpeall na tíre. around the country.
" Mar chomparáid, ní féidir ach le 82,000 duine a bheith i bPáirc an Chrócaigh agus 90,000 i Staid Wembley! Tá dhá shraithchomórtas ollscoile déag ar leith sna Stáit Aontaithe, agus cothrom is deich mball i ngach ceann, gan trácht ar scór nó dhó sraithchomórtas beag idir na coláistí agus ollscoileanna beaga timpeall na tíre.
ceann de phríomhfhoirne na tíre, one of the main teams in the country,
" Roghnaigh Michigan, ceann de phríomhfhoirne na tíre, ollscoil bheag as North Carolina, Appalachian State University, mar íospartach, agus roghnaigh Notre Dame, arb é “The Fighting Irish” a mana, Georgia Tech.
i lár na tíre the midlands
" An rud nár thuigeas ná gurbh as áit éigin i lár na tíre don bhráthair céanna agus gurbh as cúlra CLG dó féin.
chun an tíre seo, to this country,
" Sin ráite, dá dtiocfadh siad ar ais chun an tíre seo, bheadh siad ina** **n-éin chorra anseo fosta.
gurbh fhearr le muintir na tíre that the people of the country would prefer
" Ach nuair a thaispeáin go leor pobalbhreitheanna eile gurbh fhearr le muintir na tíre Kevin Rudd ná John Howard mar phríomh-aire, chuathas i mbun ionsaithe pearsanta ar cheannaire nua an fhreasúra.
go mbeidh drogall ar mhuintir na tíre that the people of the country will be reluctant
" Measann daoine áirithe go mbeidh drogall ar mhuintir na tíre an oiread sin cumhachta a thabhairt do pháirtí amháin.
suim acu i gcúrsaí na tíre interest in affairs of the country
" Measann sé gurb é lucht féachana TG4 ná “daoine a bhfuil oideachas orthu, daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí na tíre agus daoine a bhfuil Gaoluinn acu nó tuiscint ar thábhacht na teanga”.
sa chuid is mó de thábhairní na tíre. in most of the pubs in the country.
" Beidh cuimhne ag Éireannaigh d'aois áirithe ar am nach mbíodh ach trí bheoir - Guinness, Harp agus Smithwicks - ar fáil sa chuid is mó de thábhairní na tíre.
timpeall na tíre around the country.
" I mbliana, bhí 1,600 iontráil sa chomórtas ó 450 grúdlann faoi leith timpeall na tíre.
i dtaobh riachtanais leanaí na tíre. about the needs of the children of the country
" Ag ócáid a sheolta, dúirt sé gur chéim thábhachtach ab ea an curaclam seo i stair oideachas na hÉireann agus gur eascair sé as blianta fada de thaighde agus de dhianmhachnamh i dtaobh riachtanais leanaí na tíre.
nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha when the Australian cricket team got the better of the team of its paternal country
" Maítear gur tréisíodh an feachtas go mór nuair a fuair foireann chruicéid na hAstráile an ceann is fearr ar fhoireann a tíre athartha – arbh é Sasana – mar gur múisclíodh an meanma náisiúnta de thoradh an bhua.
i nuachtáin náisiúnta na tíre in the national press
" Colúnaí bisiúil atá ann a bhfuil cáil bainte amach aige de thoradh a phróis ghéir, agus tá suas le ceathrú milliún focal den phrós sin á bhfoilsiú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta na tíre ó bhí 1981 ann.
i gcroí agus aigne mhuintir na tíre. in the hearts of minds of the people of the country
" Ar 8 Feabhra na bliana sin, scríobh sé alt a tharraing clampar sna meáin chumarsáide agus i gcroí agus aigne mhuintir na tíre.
méid agus cruth na tíre the size and the shape of the country
" Tá neart cosúlachtaí idir sinn agus iad, ar ndóigh, maidir le stair, teanga, cultúr, méid agus cruth na tíre agus daonra.
arbh í drochstaid pholaitiúil na tíre ba chúis leis. the reason for which was the bad political state of the country
" Bhí foréigean á dhéanamh uirthi ina tír dhúchais, arbh í drochstaid pholaitiúil na tíre ba chúis leis.
i stair na tíre, in the history of the country
" Níor tharla a leithéid ach uair amháin eile i stair na tíre, siar sa bhliain 1929.
í a bheith páirteach i gceannaireacht na tíre for her to be involved in leading the country
" Dar leis an seanadóir, ní bheadh sé ceart ná cóir í a bheith páirteach i gceannaireacht na tíre de bharr go raibh sí “*deliberately barren*”.
Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, I am interested in American country music
" Tá suim agam i gceol tíre Mheiriceá, nó tá baint mhór idir sin agus ceol Éireannach agus ceol Albanach, a bhfuil an-suim agam ann chomh maith.
e chuid thuaisceart na tíre from the north of the country
" Amhrán mór de chuid thuaisceart na tíre is ea ‘The Lisburn Lass’ a bhí ag an amhránaí clúiteach, Geordie Hanna.
agus a tharraingt timpeall na tíre. and to pull around the country
" Anois, agus an t-albam eisithe agus ar fáil, is gá dom iarracht a dhéanamh ar an gceirnín a dhíol, ar cheolchoirmeacha a eagrú agus ar mo sheó aonair féin a chur le chéile agus a tharraingt timpeall na tíre.
i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo amongst the big sporting heros of this country
" Ní ionadh ar bith, dá bhrí sin, go bhfuil ainm Phádraig luaite anois i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo in éineacht le Stephen Roche, Christy Ring, Ronnie Delany, Éamon Coughlan, Sonia O’Sullivan agus mar sin de.
in aerspás tíre bige, in the airspace of a small country
" Mura bhfuil go leor saineolais nó taithí ar fáil i dtír atá freagrach as imscrúdú a dhéanamh – má tharlaíonn timpiste in aerspás tíre bige, cuir i gcás – is féidir le tír eile a bhfuil baint aici leis an tionóisc freagracht an imscrúdaithe a ghabháil uirthi féin.
i stair na tíre in the history of the country
" Níl a fhios agam an é seo an chéad uair i stair na tíre gur shocraigh rialtas vótaí a thabhairt do dhaltaí scoile ar cheist chonspóideach a bhain leo féin.
ar fud na tíre agus thar lear. all over the country and abroad
" Cuireadh an bhéim thuas ar mhórimeachtaí na féile, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil aon tábhacht ag baint leis na himeachtaí eile a bheas ar siúl i rith na Seachtaine ar fud na tíre agus thar lear.
scrios chomhshaol agus áilleacht na tíre the distruction of the environment and beauty of the country
" Tar éis an tsaoil, níl aon chúis go mbeadh na húdaráis a cheadaigh scrios chomhshaol agus áilleacht na tíre róbhuartha faoin oidhreacht chultúrtha ach chomh beag.
ag cur dhlíthe na tíre i bhfeidhm? implementing the laws of the country?
" Tuige, mar sin, nach bhfuil Comhairle Contae Chiarraí ag cur dhlíthe na tíre i bhfeidhm? Seo é an míniú a thug siad féin: “Kerry County Council is currently finalizing details of a scheme which addresses the Irish language clause in Planning Applications.
sa chuid is mó de ghnáthshiopaí na tíre. in most of the normal shops in the country
" Níor bhain *Lá Nua* amach an sprioc 8,000 cóip laethúil a chuir siad rompu ina bPlean Gnó i 2003 agus is deacair teacht ar an nuachtán sa chuid is mó de ghnáthshiopaí na tíre.
ó cheann ceann na tíre. from one end of the country to the next.
" Taobh istigh de dhá bhliain, bhí post bainte amach aici le RTÉ agus aithne uirthi ó cheann ceann na tíre.
os cionn aos dána na tíre, above the literary set of the country,
" Tá Seamus Heaney ann – é ina impire os cionn aos dána na tíre, agus cuireann Ní Dhuibhne síos go beacht ar an mheon bídeach éadmhar sin atá mar chuid d’imeachtaí liteartha na tíre.
ar gheilleagar na tíre. on the economy of the country.
" Agus é ag obair leis an Roinn Airgeadais, cuireadh cláracha eacnamaíocha i bhfeidhm faoina chúram a raibh dea-thoradh fadtéarmach acu ar chúrsaí sóisialta agus ar gheilleagar na tíre.
tiarnaí drugaí na tíre the drug lords of the country
" Tiarnaí drugaíNuair a cuireadh rialtas na Bolaive as cumhacht i 1980, tugadh an “*Cocaine Coup*” air mar gheall ar an bpáirt lárnach a bhí ag tiarnaí drugaí na tíre ann.
De réir bhunreacht na tíre, according to the constitution of the country
" De réir bhunreacht na tíre, is faoi mhonarc na Ríochta Aontaithe é ard-ghobharnóir na hAstráile a cheapadh, ach glacann sé nó sí le comhairle phríomh-aire na hAstráile i dtólamh agus an t-ionadaí á roghnú.