Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach I headed for my little lonely cave
" Oíche a shochraide, nuair a bhí lucht glanta glún ag dul siar ar bhóithrín na smaointe agus ag caoineadh isteach ina gcuid piontaí, thug mise aghaidh ar mo phluais bheag uaigneach agus scríobh mé a fheartlaoi.
nach dtugann aghaidh ar reilig who doesn't head for a cemetery
" Ar an lá seo dírítear lánaird ar Pholannaigh nach maireann agus is beag duine nach dtugann aghaidh ar reilig le coinnle a lasadh nó bláthanna a chur ar uaigh.
tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar they'll head again for the stony wilderness in the west
" Agus fágfaidh muintir Ráth Cairn Glas na Mí talamh méith an chontae sin agus tabharfaidh siad aghaidh arís ar an chlochdhíseart thiar a dtáinig siad siúd as.
thug sí aghaidh ar Ghlaschú. she headed to Glasgow.
" ” Sular fhág sí an mheánscoil, rinne sí staidéar ar an Ghaeilge don Ardleibhéal agus nuair bhí na scrúduithe déanta aici thug sí aghaidh ar Ghlaschú.
an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh. the one towards which we headed
" Is é an Borgata an ceann is mó agus is clúití, agus an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh.
thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach she faced a new dramatic challenging journey
" Ghlac sí le hiomarcaíocht dheonach ansin, agus sa bhliain 1977, thug sí a haghaidh ar aistear nua corraitheach dúshlánach ina saol: an feachtas Éireannach ar son dí-armála núicléiche.
thug aghaidh ar faced up to
" Neartaigh sí gluaiseacht na poblachta, ba í ba chúis le dul chun cinn Shinn Féin sna toghcháin, ba í an chéad Phríomh-Aire í a thug aghaidh ar Aontachtaithe.
tugadh aghaidh ar went/ headed for
" Ach, don chuid eile den daonra, is é tús an tsamhraidh é agus cuireadh cúraimí an tsaoil i leataobh ar feadh scathaimhín agus tugadh aghaidh ar na tránna.
thug muid aghaidh ar we headed for
" Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh =============== Ní dhearna muidne mórán taighde ar na hOileáin Mhic Cùga thar óstán a chur in áirithe sular thug muid aghaidh ar an gceann scríbe seo.
thug muid aghaidh ar we headed for
" Trá na hÍonghlaine ========== Bhí gloine seaimpéine againn san fharraige sular thug muid aghaidh ar an gcéad cheann scríbe eile, Trá Whitehaven ar Oileán Cincíse, an t-oileán is mó sa ghrúpa sin.
thug aghaidh ar headed towards
" Lánúin mheasctha de Pholannach mná agus Éireannach fir, móide clann, a thug aghaidh ar an Pholainn i mbliana le casadh le teaghlach na mná.
thug aghaidh ar went to
" Ní hamháin gur féidir linn cuardach a dhéanamh chun eolas oifigiúil a fháil ar cheantar ar leith ach is féidir linn eolas a fháil ónár líonraí sóisialta féin agus ó ghnáthdhaoine a thug aghaidh ar na háiteanna céanna.
thug mé aghaidh ar I went to
" Lá deas le linn an tsamhraidh - bhí a leithéid ann! - thug mé aghaidh ar Coláiste na Tríonóide le beirt bhuachaill i mo theannta don chéad *Mini Maker Faire* i mBaile Átha Cliath.
thug sé aghaidh caol díreach ar he headed straight for
" ” Ar chloisteáil an scéil seo do Bhalor, thug sé aghaidh caol díreach ar a chreag dhúchais i lár na farraige chun an scéal a fhiosrú agus chun cúpla ceist eile a chur ar Phatsaí Dan.
thug an slua aghaidh ar the crowd headed in to
" Tháinig am dinnéir, agus thug an slua aghaidh ar an mbuffet.
tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh she takes on a war criminal
" Fad is atá sí lonnaithe ann, tugann sí aghaidh ar choirpeach cogaidh agus ar mhangaire drugaí, i measc slíomadóirí eile.
Thug mé aghaidh ar I headed for
" Thug mé aghaidh ar an Spáinn gan fiú is focal amháin Spáinnise a bheith ar eolas agam – seachas hola agus gracias, ar ndóigh.
thug sé aghaidh ar he headed for
" Tharraing Baile an Tí Mhóir, Talamh Mháire agus muintir Laoire, nó Calvert, in iarthar Chorcaí, aird Bhriain Uí Bhroin nuair a thug sé aghaidh ar chathair ‘The Wire’ ar na mallaibh.