Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
níor thug siad aird ar bith orainn they paid no attention to us
" Cúpla bomaite roimh thús an chluiche a bhí ann agus bhí na mílte ag scairteadh leis na póilíní, ag rá go raibh siad i mbaol báis, ach níor thug siad aird ar bith orainn.
níor thug siad aird ar bith orainn they paid no attention to us
" Cé gur scairt muid le daoine gan dul síos, níor thug siad aird ar bith orainn.
nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid that he doesn't pay much heed to such a thing
" Dúirt an Chéad Aire, Morris Iemma, nach dtugann sé mórán airde ar a leithéid agus dúirt ceannaire an fhreasúra, Peter Debnam, gurb é an vóta ar an 24ú den mhí seo an t-aon cheann a bhfuil aon suntas ag baint leis.
go dtabharfaí aird ar a dtuairim. that attention will be given to their opinions
" Tá guth á thabhairt do na daltaí scoile féin agus an chosúlacht ar an scéal go dtabharfaí aird ar a dtuairim.
mar nár thug sé aird ar because he did not pay attention to
" Sa díospóireacht tar éis na léachta, dúirt fear amháin go raibh caint McNamara lochtach mar nár thug sé aird ar ról an stáit sna Trioblóidí, mar shampla M15 ag spreagadh na ndílseoirí agus grúpaí mar an UVF .
Tugtar aird ar leith particular attention is paid
" Miorúiltí Mórchostais ========== Tugtar aird ar leith sna meáin chumarsáide d’aon ghortú a bhaineann le sárimreoir.
Ní tugtar aird ar there’s no heed paid
" Ní tugtar aird ar an chomhairle a thugann muid d'fhostóirí, ar na seimineáir ar chúrsaí earcaíochta agus fostaíochta atá an-tábhachtach, ach, ní bhíonn an pobal mór ag caint orthu.
nár tugadh aon aird ar a fholáireamh no attention was paid to his warning
" Is cosúil, de réir na tuairisce, go raibh oifigeach léirsteanach i Roinn an Airgeadais a mhaígh go raibh géarchéim ag drannadh linn, gur scríobh sé faoi, ach nár tugadh aon aird ar a fholáireamh.
níor tugadh aird ar bith ar na moltaí sin that advice wasn’t noticed
" Bhíos féin ag ceann acu sna Forbacha: tháinig smaointí iontacha ciallmhara ó na tuismitheoirí óga Gaeltachta a bhí i láthair ach níor tugadh aird ar bith ar na moltaí sin sa gClár Tacaíochta Teaghlaigh.
tabhair aird ar take a look at
" Agus muna dtaitníonn YouTube leat ar fáth éigin, tabhair aird ar Vimeo, atá gleoite agus dírithe ar cheardaithe físeáin in ionad chuile dhuine beo.
gur tugadh aird uirthi ar na mórscéalta nuachta that it made the news
" Bhí an eachtra chomh dona is gur tugadh aird uirthi ar na mórscéalta nuachta teilifíse agus raidió chomh maith leis na scéalta spóirt.
Tugadh an-aird ar an eachtra inar an incident was really noticed whereby
" Tugadh an-aird ar an eachtra inar chaith an t-imreoir rugbaí, Jerome Fillol, de chuid Stade Francais, seile ar Pheter Stringer, iarimreoir de chuid na Mumhan agus na hÉireann, agus é ag imirt le foireann rugbaí Bath.
Níor tugadh aon aird ar attention wasn't paid to
" Níor tugadh aon aird ar shláinte an daonlathais féin.
an aird a thugtar ar chearta daonna inimirceach the attention paid to human rights
" Dearcadh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe ============================ I dtuairisc a d’eisigh an Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna Imirceach in Aibreán scrúdaíodh bainistiú teorainneacha seachtracha an AE agus an aird a thugtar ar chearta daonna inimirceach mar chuid den bhainistiú seo.
ina dtugtar aird ar scéalta where attention is drawn to stories
" Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an mblagadóir Laura Bates agus ag an tionscadal ar líne 'Everyday Sexism' (féach sna naisc ar dheis), tionscadal nua-aoiseach ina dtugtar aird ar scéalta mná atá céasta ag an ngnéasachas.
dtabharfaí aird ar attention be paid to
" Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí aird ar an mhéid a eascróidh as dhá phróiseas comhairliúcháin a bhaineann le todhchaí na Gaeilge, dar le Breandán Delap.
gur beag aird a thugtar ar slight attention is paid to
" Is ait le Niamh Ní Shúilleabháin gur beag aird a thugtar ar chion na dtomhaltóirí sa bheart.