Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar taispeáint on show
" Is féidir féachaint ar chuid mhaith de na pictiúir atá ar taispeáint go poiblí sa ghailearaí agus breis eolais a fháil mar gheall orthu le clic nó dhó luiche.
ómós á thaispeáint respect being shown
" Déarfainn féin gur ócáid an-speisialta ar fad a bheas ansin agus is deas an rud é a fheiceáil go bhfuil ómós á thaispeáint do cheoltóirí agus d'fhonnadóirí sinsearacha mar iad.
cásanna taispeána display cases
" Airm agus trealamh a d'úsáid an reisimint sa Tuaisceart atá le feiceáil sna cásanna taispeána, chomh maith le mainicín cuimsitheach de shaighdiúir (nó "Kingsman" mar thugann siad orthu féin) gléasta i dtrealamh círéibe.
mothúcháin a thaispeáint to show emotions
" Sa dóigh sin, bhí sé indéanta mothúcháin a thaispeáint, rud nach dtiocfaí a dhéanamh dá mbeadh daoine fásta i gceist.
ar taispeáint being exhibited
" Beidh saothar ceithre ealaíontóir déag as an tuaisceart agus seachtar as an deisceart ar taispeáint sa dá shraith seo.
imleacán ar taispeáint navel on display
" “Má tá imleacán ar taispeáint maith go leor do sheacht Máire Móra na hÉireann, tá sé maith go leor domsa,” a áitíonn sé go harduallach, anuaibhreach.
imleacán ar taispeáint navel on display
" “Má tá imleacán ar taispeáint maith go leor do sheacht Máire Móra na hÉireann, tá sé maith go leor domsa,” a áitíonn sé go harduallach, anuaibhreach.
ar taispeáint on exhibition
" Tá roinnt mionsamhla de bháid ar taispeáint, ina measc ceann darb ainm an Hector, bád atá an-tábhachtach sa scéal.
ar taispeáint on show
" Bhí leathanaigh den Leabhar Mòr ar taispeáint ar feadh dhá mhí in Iarsmalann Uladh, i ndánlann gheal mhór.
ar taispeáint on display
" Sa chaife ansin, bhí grianghraif de chuid Yto Barrada as Maracó ar taispeáint.
ar taispeáint on display
" Áit an-suimiúil atá ann, ina bhfuil éadaí síoda marcach cáiliúil, pictiúir agus trealamh rásaí ar taispeáint.
chun fógraí a thaispeáint don lucht féachana to show adverts to the viewers
" Tá airgead mór le déanamh ó na cluichí teilifíse anois, agus dá réir sin, stoptar na cluichí go minic chun fógraí a thaispeáint don lucht féachana.
é a thaispeáint do dhaoine nach bhfaca a leithéid cheana. to show it to people who have not seen something like it before.
" Agus mar gheall ar an mbród sin, tá ceangal ar Mheiriceánaigh é a thaispeáint do dhaoine nach bhfaca a leithéid cheana.
á thaispeáint. being shown.
" Bhí pictiúrlann faoin spéir sa chearnóg in aice leis an Acadamh Ríoga agus an scannán *Gregory’s Girl* á thaispeáint.
dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint. if she gave him a chance to show it.
" Blianta ina dhiaidh sin, chuala muid gur thiomáin sé trasna go Leeds Shasana nuair a chuala sé go raibh an bhean chéanna chun pósadh, gur sheas sé i gcúl na heaglaise agus gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh nuair a bhí seisean chomh mór sin i ngrá léi, dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint.
ar taispeáint on show
" ” Tá i gceist go mbeidh Vue de Paris ar taispeáint i sciathán Dargan an Ghailearaígo luath agus cuirfidh sé go mór leis an chnuasach de shaothar Impriseanaíoch agus Iar-impriseanaíoch atá le feiceáil cheana féin ann.
chun a thaispeáint don saol mór to show the world
" Oíche Shathairn “stairiúil” a bhí ann gan dabht ar bith! Sílim féin go ndeachaigh lucht CLG ina sluaite i ngeall ar an ghné “stairiúil” a bhain leis an ócáid agus i ngeall ar dhá chluiche mhóra rugbaí a bheith le tarlú, chun a thaispeáint don saol mór gur le CLG Páirc an Chrócaigh agus go bhfuil stádas ar leith ag na cluichí Gaelacha i saol mhuintir na hÉireann.
ar taispeáint on show
" Bhí an folcadán móna mar chuid de leigheas Mrs Mitchell, agus tá a hoideas ón bhliain 1905 ar taispeáint fosta.
ar taispeáint being exhibited
" Léiríonn an taispeántas seo, a bhfuil breis is 50 píosa péintéireachta le feiceáil ann, saibhreas Freud mar phéintéir agus tá cuid den saothar ar taispeáint den chéad uair go poiblí.
taispeáint do dhaoine, to show people,
" “Bhí muid ag iarraidh taispeáint do dhaoine, go háirithe daoine óga, dá mbeadh muidne ábalta a bheith ag obair le chéile go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh.
á dtaispeáint being shown
" ) Tá cluichí Gaelacha á dtaispeáint ar bhonn rialta ar an teilifís – níl oiread le feiceáil agus ba cheart a bheith ach tá siad ann.
ar taispeáint on show
" Ceanastair gháis ar taispeáint ach seachas sin tá an foirgneamh áir seo nocht folamh.
ag taispeáint ailt showing an article
" “Féach air seo,” a deir sé agus é ag taispeáint ailt ón nuachtán Sasanach *The Telegraph* dom a bhfuil “*The UK’s population could almost double within a lifetime to more than 100 million, new figures have shown*” mar cheannteideal air.
ar taispeáint on display
" Beidh íomhánna Opie ar taispeáint go dtí mí na Samhna 2008.
leis na féidearthachtaí a thaispeáint do chuairteoirí. to show the visitors the possibilites
" Tá na bláthanna fiáine ag fás iontu ar fad leis na féidearthachtaí a thaispeáint do chuairteoirí.
ag taispeáint saothar dá gcuid féin dó showing him works of their own
" Baineadh preab as Brownfield, i ndiaidh dó a bheith cairdiúil leo ar feadh cúpla mí, nuair thosaigh na healaíontóirí ag taispeáint saothar dá gcuid féin dó.
a saothar a thaispeáint to exhibit their works
" D’iarr sé orthu ligean dó a saothar a thaispeáint agus a dhíol sna Stáit Aontaithe agus, in ainneoin go raibh drogall agus eagla orthu iad féin a chur i gcontúirt, ghlac siad lena mholadh.
ar taispeáint on display
" In 1921, cuireadh an carráiste ar taispeáint san Hôtel des Invalides i bPáras.
ar taispeáint on display
" Bhí an dá íomhá den Marianne ann: an banlaoch óg misniúil a shamhlaítear leis an réabhlóid agus a fheictear sa saothar ealaíne ‘La liberté guidant le peuple’ (Eugène Delacroix, 1830); nó an bhean atá níos staidéartha a bhíonn ar taispeáint i dtithe cúirte agus i hallaí cathrach na tíre a léiríonn ciall agus ceart.
ar taispeáint hung, on display
" Tá an forhalla, nó an *lobby*, cósúil le dánlann – roinnt de na pictiúir ar taispeáint ann a choinnigh an t-óstán in ionad íocaíochta.
á thaispeáint being shown
" Agus is é seo an cúlra atá ag an scannán ‘Welcome’ de Philippe Lioret atá á thaispeáint i bpictiúrlanna na Fraince le sé seachtaine anuas.
thaispeáint ar scáileán show on screen
" Má bhíonn ceolchoirm ar na bacáin acu, is féidir leo na códanna gearra a bhaineann le hamhrán ar leith a thaispeáint ar scáileán nó a dháileadh ar bhileog rud a ligeann dóibh airgead a dhéanamh láithreach ar an gceol atá á sheinnt: “An maith leat an t-amhrán seo? Seol music 3076 go 57501 chun é a cheannach anois!” Agus munar leor sin, tugtar aon díol ar an suíomh seo san áireamh i gcruthú na gcairteanna ceoil in Éirinn.
thaispeáint display
" Thug an dáilitheoir ceoil, Sony comhairle do na hionaid mhóra siopadóireachta ar nós Sainburys, Tesco, Asda agus Morrisons gan clúdach albam úr na Manic Street Preachers, Journal for Plague Lovers, a thaispeáint mar gur cheap siad nach raibh sé ‘oiriúnach’ do shúile an phobail.
t-ardán taispeána cat walk
" Is í an tuairim choitianta ná gur áit éadrócaireach éadmhar é an t-ardán taispeána a mbíonn an deargiomaíocht i réim.
chun taispeáint to show
" De réir úinéir *WorldWideCycles* a rinne físeán de féin ag glanadh a rothair chun taispeáint do dhaoine conas é a dhéanamh, díol sé dhá oiread an táirge glanta an tseachtain sin cé nárbh shin é an fáth gur chruthaigh sé an físeán.
ceann a thaispeáint show one
" Is cinnte gurbh éigean do Bharack Obama ceann a thaispeáint chun clóichead a fháil i 1967, nuair a thaistil sé lena thuismitheoirí go dtí an Indinéis, agus i 1981, nuair a thaistil sé ansin arís, agus ar aghaidh chun na hIndia agus na Pacastáine an bhliain chéanna.
taispeáint na radharc showing the sights
" Ní bhíonn sí cúthail ag taispeáint na radharc níos dorcha, bagairt an fhoréigean ghnéis / an fhoréigean fhisiciúil idir Eliza agus Higgins, agus an radharc folctha atá brúidiúil ach greannmhar.
thaispeáint to show
" Ní raibh muid sásta le cruinniú áfach, bhí muid ag iarraidh siúl síos Kilburn High Road go Westminster le tacaíocht a thaispeáint don fheisire nuathofa agus chuaigh an focal thart chun a bheith réidh le comhartha.
lena saothar a thaispeáint to show their work
" Chuir mé glao ar Liam Ó Cuinneagáin, tháinig sé amach le cuid de na daoine óga as Gleann, ó Thaipéis Gael, lena saothar a thaispeáint.
thaispeáint don leanbh to show to the child
" Lasadh tine chnámh leis an mbealach chun na bhflaitheas a thaispeáint don leanbh, agus lena chraiceann mín nocht a théamh dó.
taispeána display
" Nuair is cuma leat fúthu, bíonn cead na gcos aon uair agat le linn na taispeána, agus, d’réir bata tomhais na gcaighdeán stiúrthóireachta a roinn Polanski go minic orainn cheana, fiú más beag féin í, is teip dó an cead imeachta sin atá againn.
i gcaitheamh na taispeána during the piece, show
" Is iomaí bolg-gháire a d’éalaigh uaim i gcaitheamh na taispeána.
grá Dé a thaispeáint to show God’s mercy
" Mhol sé dúinn gan a bheith ag caitheamh anuas ar an mhuintir aerach, ach grá Dé a thaispeáint do gach duine.
brollach s’aicise ar taispeáint her bust displayed
" Agus is léir nach raibh Kate féin, ná a fear céile ríoga, róshásta go raibh brollach s’aicise ar taispeáint ar an idirlíon le go ndéanfadh daoine googleáil air.
chun ainmneacha an ábhair neamhaí a thaispeáint to display the names of the heavenly body
" com/us/app/star-walk-for-ipad-interactive/id363486802?mt=8> Úsáideann an feidhmchláirín seo *“augmented reality”* chun ainmneacha an ábhair neamhaí a thaispeáint don úsáideoir.
níor leor eochair an tseomra a thaispeáint showing a room key wasn’t enough
" Duine ar bith a bhí ag iarraidh dul a luí, nó cuairt a thabhairt ar theach an asail fiú, níor leor eochair an tseomra a thaispeáint.
lena dhlúthpháirtíocht leo a thaispeáint to show his solid support
" Chaith Norman suaitheantas de chuid OPHR le linn an tsearmanais lena dhlúthpháirtíocht leo a thaispeáint.
ag iarraidh cuid d’ár stair radacach a thaispeáint trying to show some of our radical history
" “Bhí mé ag iarraidh cuid d’ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiúil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine in ann labhairt fúithi agus iad amach don oíche,” dúirt sé liom ag an t-am sin.
an tréimhse eisiúna agus taispeána the period of release and showing
" Agus ní hí aimsir na Nollag, dá olcas í, an tréimhse eisiúna agus taispeána scannán is measa ar fad díobh.
an spiorad pobail sin a thaispeáint don saol mór to show the world the community spirit
" An bealach is fearr chun féinmhuinín a thabhairt do mhuintir na háite, dar le Enderson agus Tiago, ná an misneach agus an spiorad pobail sin a thaispeáint don saol mór.
casadh ar dhaoine agus a thaispeáint dóibh to meet with people and to show them
" I gcás ‘An Bród Club’, daoine a mhealladh leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid an aidhm agus na próisis ná casadh ar dhaoine agus a thaispeáint dóibh go raibh mé féin sásta an iarracht a dhéanamh an teanga a fhoghlaim agus gur thosaigh mé amach ag leibhéal an-íseal.
a dhá lorga chaola ar taispeáint don domhan mór his two skinny tibialis anticus displayed to the world
" Bhí Leamh Ó Cuinneagáin féin gléasta mar a bheadh peileadóir Conallach ann: na stocaí bána thíos fána rúitíní tanaí agus a dhá lorga chaola ar taispeáint don domhan mór.
roimh thaispeáint before the showing
" Díreach mar a rinne na scórtha aisteoirí is stiúrthóirí eile le linn 70ú Féile Scannán na Veinéise, a bhí ar siúl ó 28 Lúnasa go 7 Meán Fómhair, shiúil Johansson suas síos ar an mbrat urláir dearg lasmuigh de Phálás an Chineama roimh thaispeáint Under the Skin.
chun fógraí a thaispeáint to show adds
" Bhí go leor sosanna le linn an chluiche chun fógraí a thaispeáint ar an teilifís rud a chuir fad leis an gcluiche agus ní mó ná sásta a bhíonn an lucht tacaíochta féin leis na stopanna céanna.
thaispeáint mar pháistí gan smacht to show as undisciplined children
" Ón tús d'éirigh leis na Daonlathaigh an scéal a ionramháil chun na Poblachtánaithe a thaispeáint mar pháistí gan smacht a bhí sásta an tír a smoladh chun pointe a dhéanamh.
D’fhonn taispeáint so as to show
" D’fhonn taispeáint go bhfuil siad fós cumhachtach agus go bhfuil smacht éigin go fóill acu ar a dteorainnneacha agus ar a dtarlaíonn laistigh díobh, cuireann siad dlíthe is beartais i gcrích a léiríonn gurb é an Stát atá i gceannas fós is a thógann na cinntí maidir le teacht is imeacht inimirceach is an sórt saoil atá le bheith ag inimircigh fad a bhíonn siad sa Stát.
murar féidir a thaispeáint if you can’t save
" Mar shampla, ní féidir cuntas bainc a oscailt gan seoladh a bheith agat, ach ní féidir árasán a fháil ar cíos murar féidir a thaispeáint go bhfuil cuntas bainc agat chun an cíos a íoc! Anuas air sin, tá sé an-deacair guthán póca a cheannach gan seoladh a bheith agat, ach níl tú in ann cuntas bainc a oscailt gan uimhir ghutháin a bheith agat.
thaispeáint don saol Fódlach to show to all Ireland
" Agus nuair a d’éirigh lena leagan den amhrán *Wake Me Up* le Avicci níos mó ná dhá mhilliún buille YouTube a bhaint amach, fuair lucht Choláiste Lurgan cuireadh teacht ar an Late Late Show agus a thaispeáint don saol Fódlach céard a bhí ar bun acu.
ar taispeáint i ndánlann nua den scoth on display in the new excellent gallery
" Tháinig móruaisle shaol na healaíne chomh maith le pobal fiosrach chuig Beairic Ebrington le freastal ar an Turner Prize, agus é ar taispeáint i ndánlann nua den scoth a dearadh go sonrach don ócáid.
meas a thaispeáint to demonstrate respect
" Agus smaointí Stevens i leith chóras toghchánaíochta Mheiriceá agus fadhb phráinneach na ngunnaí sa Tarna Leasú á dhíleá, ritheann sé lena léitheoirí nár chóir do bhreithimh chumhachtacha iarracht a dhéanamh an daonra a chur fé gheasa meas a thaispeáint do cháipéisí seanda bacacha.
ar taispeáint on show
" Beidh an pictiúr de chuid Vincent Van Gogh a cheannaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite ar taispeáint ansin go luath.
ar taispeáint on display
" Tá íomhánna beo ar taispeáint i mBaile Átha Cliath faoi láthair, ach ní i ndánlann atá siad le feiceáil.
ar taispeáint being exhibited
" Tá meas mór ag Ciara Nic Gabhann ar shaothar beirt ealaíontóirí as Meicsiceó atá ar taispeáint faoi láthair in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann i mBaile Átha Cliath.