Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Bíonn ceardlanna uirlisí, rince agus teangacha (an Ghaeilge san áireamh, le Pádraigín Ní Dhomhnaill ó Ghaoth Dobhair) i gceist; taispeántais ealaíne, fhoilsitheoireachta agus turasóireachta; scannáin; léachtaí agus comórtais mhóra idir-Cheilteacha don imreoir *pétanque* (bóláil sráide), don phíobaireacht aonair, do na píob-bhannaí agus do na grúpaí traidisiúnta.
taispeántas tine ealaíne fireworks display
" Nuair a thosaigh sé, le hionsaí ollmhór buamála ar chathracha mar Bhagdad, ar ar thug Rialtas Stát Aontaithe Mheiriceá *"shock and awe"*, shílfeá ón dóigh a labhair iriseoir de chuid an BBC faoin ionsaí ar an teilifis gur taispeántas tine ealaíne a bhí ann, rud a chuir déistin ormsa agus ar a lán daoine eile sa cheantar.
a céad taispeántas ealaíne her first art exhibition
" Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d'éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Bíonn ceol, taispeántais ealaíne, cainteanna poiblí agus imeachtaí eile ar siúl sa lárionad seo.
sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta six art and photography exhibitions
" Le cois na drámaíochta seo, tá sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta de shaothar ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí áitiúla tar éis bheith ar siúl san ionad le sé mhí anuas.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Ní fhaigheann ealaíontóirí faoi míchumas taispeántais ealaíne… Déanann muid (i.
taispeántais ealaíne art exhibitions
" Ina measc beidh stallaí, ceardaíocht, péinteáil éadan, cluichí do pháistí, taispeántais ealaíne agus iarsmaí.
taispeántas ealaíne art exhibition
" Thaitin sé liom, áfach, go mór mhór a mháthair ag caint faoina óige, ach ba é an ní ba mhó a thaitin liom ná a dheirfiúr ag rá go raibh a chluasa chomh mothálach sin nach n-íosfadh sé calóga arbhair ar maidin don bhricfeasta – an SNAP, CRACKLE agus POP ró-ard dó! I lár na cathrach, ag seoladh taispeántas ealaíne de chuid Martin Egan, a bhuaileas leis den chéad uair.
taispeántas ealaíne art exhibition
" Bhí taispeántas ealaíne ar siúl ansin agus mná cairdiúla i mbun na háite.
thaispeántas tinte ealaíne fireworks display
" Chonaic muid an damhán alla "ag éalú" trí Thollán an Mersey ar an oíche dheireanach, le linn do thaispeántas tinte ealaíne agus solais a bheith ag cruthú radharc iontach osréalach os comhair na mílte duine a bhí sa slua.
taispeántais tinte ealaíne fireworks displays
" Bíonn réimse leathan siamsaíochta poiblí ar siúl leis an lá a cheiliúradh, fágaim, ceolchoirmeacha, cluichí spóirt agus taispeántais tinte ealaíne.
taispeántas ealaíne art exhibition
" Is cuimhin liom féin an chaint a bhí ar an ábhar seo i measc na ndaoine fásta i 1966 agus an t-eagrán uathúil den *Sunday Press* a cheannaigh mo mháthair san Ionad Éireannach, áit a raibh taispeántas ealaíne faoin teideal 'Aiséirí' ann chomh maith le himeachtaí eile.
taispeántas tinte ealaíne a firework display
" Chomh maith leis sin, bhí dreamanna ag seinm ceoil de gach cineál ar fud lár na cathrach, taispeántas tinte ealaíne agus an seoladh oifigiúil den phíosa ealaíne poiblí is mó ar oileán na hÉireann - An Móinéar Balbh.
fá choinne taispeántas ealaíne for an art exhibition
" Tá trí sheomra tógtha aige go dtí seo; seomra leapa, seomra folctha agus seomra suí le go leor slí fá choinne taispeántas ealaíne a chur ar siúl ann.
taispeántas ealaíne an art exhibition
" Bhí gúnaí déanta as níolón cíortha crochta ar thairní ar na ballaí mar a bheadh pictiúir ag taispeántas ealaíne.
Eagraíodh taispeántas ealaíne an art exhibition was organised
" Eagraíodh taispeántas ealaíne dar teideal Analysing Cubism i nDánlann Crawford i gCorcaigh an Samhradh seo caite (2013).
chuid de na taispeántais ealaíne some of the art exhibitions
" An mhí seo, díríonn sé ar chuid de na taispeántais ealaíne a reáchtáladh go dtí seo.
An taispeántas ealaíne is mó ar domhan the largest art exhibition in the world
" An taispeántas ealaíne is mó ar domhan.
taispeántas ealaíne an art exhibition
" Bhí Ciara Nic Gabhann ar cuairt chuig taispeántas ealaíne sa Róimh atá bunaithe ar chruas an tsaoil i ngleann goirt seo na ndeor, taispeántas an ghrianghrafadóra Lee Jeffries.