Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le taobh mar a bheidh sé compared to what he'll be like
" "Níl a dhath anseo le taobh mar a bheidh sé agus é ag gearradh fiacla.
i dtaobh le depending on
" An ceann is túisce a rithfeadh leat ná go bhfuilimid i dtaobh le foclóir Béarla-Gaeilge a ullmhaíodh go gearr i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de consulting ordinary people about it
" Beidh siad ag caitheamh £7 milliún gach bliain ar an phlean agus ag dul i gcomhairle le gnáthdhaoine fá dtaobh de sa samhradh i mbliana.
tacú ón taobh amuigh le rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil to support a minority Fianna Fáil government from the outside
" Corrlach Paddy Power: 7/2 FF (ag fáil tacaíochta ó Shinn Féin agus Teachtaí neamhspleácha dá bpór féin) Is ar éigean go mbeadh Sinn Féin sásta tacú ón taobh amuigh le rialtas mionlaigh de chuid Fhianna Fáil.
i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, regarding the need for a daily paper through the medium of Irish,
" Tar éis dó plé a bheith aige le leithéidí Sheáin agus Shéamuis Mhic Sheáin ó Bhóthar Seoige i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, bhunaigh grúpa daoine (Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill ina measc) an nuachtán Preas an Phobail ag tús na n-ochtóidí.
taobh le tithe within the housing sector
" Dá bhfanfadh an fhadhb seo taobh le tithe amháin, ámh, níor lá an luain é do ghéilleagar na tíre, ach bhí na bancanna tar éis infheistíocht ollmhór a dhéanamh i dtithíocht.
i dtaobh le curtail
" Líon fíorbheag de mhuintir na Gaeilge féin a shantaíonn fanacht i dtaobh le saol na Gaeilge, saol atá, dar leo, de leataobh ó shaol mhór Bhéarla na hÉireann.
le taobh an bhealaigh on the roadside
" Tugtar ‘La Ristic’ ar an mbóthar seo, agus is féidir seasamh aon áit le taobh an bhealaigh, agus siúl síos chuig tránna carraigeacha mar a bhfuil diúilicíní, feamainn agus portáin, nó tránna gainimh bán agus na mílte faoileán ann.
le taobh an chrainn next the flagpole
" Is é sin, sa chúinne uachtar le taobh an chrainn.
taoibh le cuan by the bay
" B’fhíor freisin domhsa an oíche sin mar ab fhíor don fhile fadó – *‘I mBarrachaibh aoibhne taoibh le cuan Is fearra do fuaireas scéala….
le taobh an bhealaigh by the roadside
" Imeacht ón Eoraip ========= Tamall soir bhí uaigheanna aos Allah go líonmhar le taobh an bhealaigh, oidhreacht an chogaidh a strac an tír ó chéile fiche bliain ó shin ar éigean.
taobh le comhlachtaí tráchtála associated with commercial companies
" Ach é sin ráite, an bhfuil rud fiúntach ar bith ar domhan níos mó nach bhfuil greim scóige ag an airgeadas agus ag an margadh air? Is maith linn a cheapadh anseo in Éirinn go bhfuil an Cumann Lúthchleas Gael, cuir i gcás, ina eagraíocht dheonach atá neamhspleách ar chúrsaí tráchtála ach is í an fhírinne go bhfuil an CLG taobh le comhlachtaí tráchtála oiread is atá aon dream eile chomh fada is a bhaineann sé le maoiniú a chur ar fáil do dhul chun cinn na heagraíochta.
Le taobh beside
" Le taobh theach an tobair, tá crosleac bheannach le Chí-ró saothraithe fleascach uirthi.
i dtaca le saol daoine taobh istigh in regard to people’s lives
" Ag caint ar na trí chontae sin, dúirt staraí aontachtach amháin, Gordon Lucy "nárbh fhéidir daoine a rialú in éadan a dtola," ag cailleadh leimhe na tuairime sin i dtaca le saol daoine taobh istigh de na Sé Chontae! Ach luaigh Lucy Michael Elliott, aontachtach as tuaisceart Mhuineacháin a bhí ina bhall den Chomhdháil Éireannach deireanach i 1917, fear a mhaígh gurbh fhéidir stát naoi gcontae fanacht i seilbh na nAontachtach agus, dá mbeadh cothrom na Féinne ag gach duine san Ulaidh aontachtach seo, gur mó an seans go mairfeadh agus go mbláthfadh sé.
dá fhéiniúlacht beo taobh le taobh two identities live side by side
" Feiceann aontachtaithe é seo mar chogadh chultúir ach níl fáth ar bith nach mbeadh an dá fhéiniúlacht beo taobh le taobh ach ní fheicim Acht Gaeilge ag teacht am ar bith sa ghearrthéarma! Go dtí go dtosóidh na páirtithe polaitíochta uilig ag obair ar bhonn trasphobail, ní athróidh a dhath.
tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh all the outside curves are visible inside
" Tá na diaileanna ar fad dírithe i dtreo an tiománaí agus tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh.
crainn a chur le taobh cosáin to plant beside pathway(s)
" Mhúchadh an crann sitce an fál agus an cosán in imeacht na mblianta sa gcaoi go mbíodh seanfhear ina chónaí leis féin ag siúl isteach tollán dorcha crann, i lár an lae, le gabháil chuig a theach féin! Ba cheadmhach an t-am sin crainn a chur le taobh cosáin nó le bruach srutháin gan srian ar bith agus b'shin é an cur a rinne dochar do shaol an duine agus do bheatha an éisc araon.
le taobh an bhealaigh by the roadside
" Agus is ann a chonaic mé ursa bhreá chloiche ina seasamh le taobh an bhealaigh.
Taobh Fiáin den saol atá le teacht the wild side of life to come
" Sin Séamus bocht Heaney ag éisteacht go fadfhulangach le Lou Reed atá ag geabadh gan scíth faoi Taobh Fiáin den saol atá le teacht – nó an saol in bhfuil muid anois, a Mhaggie.
sceitheann le taobh an bhealaigh he vomits by the roadside
" "M'anam go cinnte tá sé ag teacht," arsa mo dhuine arís, agus go tobann stadann sé agus sceitheann le taobh an bhealaigh.
le taobh an bhóthair by the roadside
" Tá mé in ann breis is scór go leith crann a chuir mé a fheiceáil ón bhóthar phoiblí, mar is le taobh an bhóthair féin iad nó istigh i mbearnaí sna foraoisí stáit a chuir mé iad.
Nílimid i dtaobh le we’re not dependent on
" Nílimid i dtaobh le haon phocán ghabhair anseo, ach is tionscal meall comhlachtaí is craoltóirí, aisteoirí is scríbhneoirí atá againn, tionscal a bhfuil mianach is fuinneamh iontu.
fógraí crochta le taobh an bhealaigh signs on the roadside
" Chonaic mé fógraí crochta le taobh an bhealaigh anseo in aghaidh an domhainscoilteadh nó an *fracking*.