Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
taobhú leis to side with
" I rith na mblianta sin, bhí an rialtas níos mó ná sásta taobhú leis an bhFrainc agus leis an nGearmáin, tíortha a mhol go mór ballraíocht na Spáinne san Aontas Eorpach, rud a bhain sí amach sa bhliain 1986.
a thaobhaigh who sided
" B’fhéidir nach rabhamar ach deich mbliana d’aois, ach níor stop sin scoilt sa rang idir iadsan a thaobhaigh le *Garret the good* agus iadsan a thaobhaigh le Charlie.
taobhú linne to side with us
" Thug an tUachtarán le fios gur chiorraigh sí a tuarastal sise, rinne an rialtas amhlaidh agus chuideodh sé go mór le sinne, atá ag saothrú chuid Pháidín den mheacan, a thuiscint go bhfuil dream an tuarastail áiféisigh in ann taobhú linne in Éire Inc.
taobhú leis an tseoinínteacht to side with toadyism
" Leis na Trioblóidí ag dul in olcas ag an am, is dócha go raibh rogha ag 'An Nuachtán Éireannach' i Sasana: an cloigeann a choinneáil síos agus taobhú leis an tseoinínteacht, nó an fód a sheasamh ar son an daonlathais agus ar son chearta na ndaoine.
Taobhóidh mé I shall stick by
"Taobhóidh mé le mo dheartháir i gcónaí.
taobhú le resort to
" Google Wave Samhlaigh freisin gur ceann de na comhlachtaí móra teicneolaíochta thú (lig dom taobhú le roinnt cruthaitheachta anseo!) agus go bhfuil tú ag tairiscint seirbhísí r-phoist cheana féin.
thaobhaigh sided (with)
" Dearfaí nach bhfuil mórán difir idir iompar an PSNI inniu agus iompar an RUC 40 bliain ó shin nuair a thaobhaigh siad le dronga Protastúnacha in éadan mórshiúlta na gCeart Sibhialta ag tús na dtrioblóidí.
ag taobhú aligning
" Má aontaíonn siad leis an reachtaíocht, tá siad ag taobhú lena n-áibhirseoir, agus gheobhaidh siad scalladh óna mbaill.
ag taobhú leis siding with
" Nuair a bhí Barack Obama ag cur leasú le cúram sláinte chun cinn le déanaí, cuireadh iontas ar go leor go raibh Lieberman, iarbhall de na Daonlathaigh, ag taobhú leis an bPáirtí Poblachtánach i gcoinne an uachtaráin.
á dtaobhú accompanying them
" Agus níos mó díobh á dtógáil, thosaigh na siopaí ag corraí amach as lár na gcathracha á dtaobhú.
ag taobhú lena supporting
" Chuaigh an ITGWU ar stailc i mBaile Átha Cliath, ag taobhú lena gcomhleacaithe i Sasana, agus Jim Larkin, Éireannach a rugadh i Learpholl ina cheannaire orthu.
thaobhaigh siad le they sided with
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
thaobhaigh sí leo she stuck by them
" Críostaíocht – bhí sé aici; comhlachtaí móra – bhí sí ar a son; an t-arm – cibé rud a rinne sé, thaobhaigh sí leo.
thaobhaigh side with
" D’íoc na hÉireannaigh as a ndíograis, scaití ag lámha na bhFalaing a thaobhaigh Iosrael, ach choinníodar orthu i mbun a ndualgas.
thaobhaigh sided
" An eite chlé féin i saol an Bhéarla agus i saol na Fraincise, thugadar cúl le scéal Libia nuair thaobhaigh Muammar al Qathafi tíortha NATO roinnt blianta ó shin.
Bhíos ag taobhú na habhann sticking to the river
" Bhíos ag taobhú na habhann ionas nach mbeinn fíorchaillte, go fiú nuair nach mbíodh sé le feiceáil tríd an dufair, mhothaigh mé é mar chrios tarrthála taobh liom.
thaobhaigh na moltóirí le the judges decided for
" Ach thaobhaigh na moltóirí le Katie, 10 bpointe in aghaidh 8, agus d’imigh an teannas agus ina áit tháinig an faoiseamh agus ansin an t-áthas agus an ceiliúradh.
Ba leis an Stát a thaobhaigh sided with the state
" Ba leis an Stát a thaobhaigh an Chúirt Uachtarach.
Thaobhaigh na hÉireannaigh the Irish people sided with
" Thaobhaigh na hÉireannaigh le hiarrachtaí na bPalaistíneach in imeacht na mblianta.
Níor thaobhaigh an Breitheamh judge didn’t accept
" Dá mbeadh amhras nó gearán éigin ag an Aire faoin Uasal Mallak, conas a d’fhéadfadh Mallak an bonn a bhaint ón amhras nó ón ngearán sin in iarratas nua murar cuireadh aon chúis in iúl dó agus a chéad iarratas á dhiúltú? Níor thaobhaigh an Breitheamh John Cooke san Ard-Chúirt le Mallak, áfach.
taobhaíonn sé leis an eite cheartchreidimh he aligns with the orthodox wing
" Intleachtóir atá ann agus tá saothar mór diagachta scríofa aige, ach taobhaíonn sé leis an eite cheartchreidimh.
bheith ag taobhú is ag faire ar hanging out with and watching
" Fiosrú faoi Dhomhnall Ó Lubhlaí =============== **SMM: Cén tuairim a fuair tú i measc mhuintir Shinn Féin ar cheist Dhomhnaill Uí Lubhlaí a bheith ag taobhú is ag faire ar Ghluaiseacht na Poblachta agus maítear gurbh shin é an fáth a ndeachaigh an fhianaise a bhain leis ar throigh gan tuairisc?** TÓC: Tá mé ag fiosrú an scéil sin.
thaobhaigh sé leis an Phoblacht he took the Republican side
" Ghlac athair an Uachtaráin páirt i gCogadh na Saoirse féin agus thaobhaigh sé leis an Phoblacht ina dhiaidh sin.
taobhú paiseanta passionate
" An 'taobhú paiseanta’ a thug Washington air.
Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí C. supported the aims
" Thaobhaigh Cabríní le cuspóirí Chonradh na Gaeilge le blianta, ní a thug ar aon ardán í le triúr eile ag Oireachtas na Gaeilge i Leitir Ceanainn le caint a thabhairt; caint a tharraing caint.