Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thar teorainn ar ais back over the border
" MÁNAS: Peaca a bheadh ann iad a chur ó dhoras, iad a chur thar teorainn ar ais.
go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán that they would return with a total majority
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.
a thagann ar ais chun cuimhne dóibh but which comes back to memory
" AÓF: Deir ceoltóirí go minic freisin go spreagann ceoltóirí eile iad le tiúin faoi leith a sheinm – tiúin, b'fhéidir, nach bhfuil seinnte acu le fada ach a thagann ar ais chun cuimhne dóibh nuair a bhuaileann siad le ceoltóir ar leith.
ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: lamenting the days that won't come back
" Bhí sé ag caoineadh na laethanta nach dtiocfadh ar ais: ‘Cad a dhéanfaimid feasta gan snaoisín?’ Tá amhras anois faoi lucht lúthchleasa an domhain Nach n-úsáideann a gcloigeann faoi steroids, ochón.
gur tháinig sí chomh fada seobh ar ais aríst that it came back as much as it has again
" Agus is iontach an rud gur tháinig sí chomh fada seobh ar ais aríst! Bhí sí tití as a chéilí ansin ó na seachtóidí i leith, ach iad ag cur suas na n-ainmneachaí Gaeilge anois.
tháinig an coiste ar ais leis an mbreithiúnas the jury returned a verdict
" Ar an 13ú Iúil tháinig an coiste ar ais leis an mbreithiúnas: Neamhchiontach.
Murar tháinig na scamaill luaithrigh ar ais if the ash clouds didn’t come back
" Murar tháinig na scamaill luaithrigh ar ais le cur isteach air, tháinig a scáil.