Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a tháinig i dtreis as a stuaim féin self-made
" Dá bharr seo, b'iomaíocht idir dhá phearsantacht a bhí san fheachtas sa deireadh, idir Berlusconi, fiontraí a tháinig i dtreis as a stuaim féin, agus Rutelli, polaiteoir níos óige agus níos plásánta.
murach na cuairteoirí as thar lear if it wasn't for the foreign visitors
" Olc is mar atá cúrsaí sna ceantair seo, bheadh siad i bhfad ní ba mheasa murach na cuairteoirí as thar lear.
tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain after being banished from the World Cup competition
" Tá an fhoireann náisiúnta sacair gan bhainisteoir agus in umar na haimléise tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain.
a dtiocfaí leas a bhaint as that could be put to use
" Níor breathnaíodh ar an cheantar mar limistéar geografaíochta a dtiocfaí leas a bhaint as ach mar dhún creidimh/polaitíochta ab éigean a chosaint.
ar gach as ar tháinig siad everything from which they came
" Ach ní hionann sin is a rá go gcaithfidh dream ar bith dearmad a dhéanamh ar gach as ar tháinig siad le go mbeidh rath orthu.
mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach. as it comes directly almost from the vat.
" Gach Aoine, idir 5 -7 pm, osclaítear doirse na grúdlainne chun seans a thabhairt don phobal an bheoir a bhlaiseadh mar a thagann sé díreach, nach mór, as an dabhach.
go bhfuil sé thar am di éirí as post. that it is time for her to retire
" Tá grúpaí agus páirtithe leasmhara timpeall na tíre, mar aon le polaiteoirí áirithe agus daoine a raibh tionchar díreach ag an bpraiseach orthu, ag maíomh go bhfuil sé thar am di éirí as post.
ar an oileán as ar tháinig sé. on the island from whence he came
" Sa dán seo, tá Ó Direáin ag lorg faoisimh – tá sé ag iarraidh a bheith ar ais ar an oileán as ar tháinig sé.
eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas. a very special relationship comes about from the friendship
" Cuireann an Seiceach gliondar ar chroí an cheoltóra sráide agus eascraíonn caidreamh thar a bheith speisialta as an gcairdeas.
thar a bheith bródúil as an bhféile, extremely proud of the festival,
" ” FrustrachasIs léir ón dóigh a labhraíonn sé faoi Sheachtain na Gaeilge go bhfuil sé thar a bheith bródúil as an bhféile, ach tá frustrachas éigin le cloisteáil ina ghuth chomh maith.
borradh as cuimse tar éis teacht faoi a great increase has taken place in
" Ní hamháin ag an leibhéal náisiúnta a tharla sé seo, ach tá borradh as cuimse tar éis teacht faoi chlubanna na tíre leis.
ní as an aer a thagann comes from somewhere
" Ar ndóigh, ní as an aer a thagann an spéis atá ag gar do thrian de mhuintir na hÍsiltíre i bpáirtí de chuid na heite fíordheise, cé go bhféadfaí a rá gur tháinig an oscailt súl a chuir deireadh le finscéal na sochaí ilchultúrtha as an spéir.
Tháinig sé slán as he survived
" Tháinig sé slán as gach cor agus lúb.
thig buannachd mhór as it can reap great dividends
" Aig a'cheann thall, thig buannachd mhór as," a deir sé.
tháinig fás agus forbairt as cuimse fúithi it grew and developed
" Ach d’éirigh chomh maith leis an scéim seo is gur tháinig fás agus forbairt as cuimse fúithi le deich mbliana anuas.
tháinig sé slán as he survived
" ’* B’é sin cur chuige Uí Fhaoláin nuair a tháinig sé slán as scoileanna barbartha Chathair Chorcaí, rud dár chuir sé in iúl don domhan mór sa Great O’Neill, ach go háirithe leis an íomhá iontasach sin a rinne comparáid idir an saol agus *‘a moted sunbeam dancing heavenwards and those specks were the richer for being attracted by the Sun, helplessly.
nach iontach an fheidhm a thig a bhaint as isn’t it wonderful how it can be used
" Seachas sin ar fad, nach iontach an uirlis í an balbhú; agus nach iontach an fheidhm a thig a bhaint as.
bhí deacrachtaí ar leith ag na daoine a tháinig slán as people who survived had particular difficulties
" Tá sárobair déanta ag an HFSG ar son mhuintir na marbh, ach bhí deacrachtaí ar leith ag na daoine a tháinig slán as agus sin an fáth go bhfuil an HJC ann.
tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais L.’s literary talents arose from a feeling of absence
" D’fhéadfaí a áiteamh le dlisteanacht gur tháinig buanna liteartha Lincoln as éagmais.
tháinig méadú as cuimse ar chumhacht power(s of China and Russia) increased immensely
" Cé nach ndeirtear amach go hoscailte é, is léir gur tháinig méadú as cuimse ar chumhacht na Síne agus na Rúise sna blianta a lean 9/11.
tháinig long lastais as an Iorua a Norwegian cargo vessel came
" Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh.
tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach having retired as an Irish diplomat
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
tiocfaidh rud éicint as ar deireadh something will come of it finally
" Má chuirfimid le chéilí, tiocfaidh rud éicint as ar deireadh agus go mbeadh rud éicint fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht.
ar son an phobail as a dtagaim on behalf of those who sent me there
" Is pribhléid iontach mór é agus bím buíoch gach a dtéim ann go bhfuil an deis a’m a bheith ann ar son an phobail as a dtagaim agus an phobail níos leithne.
tar éis dóibh teitheadh as having fled from
" Bhain Mubenga, a bhean is a leanbh Sasana amach i 1994 tar éis dóibh teitheadh as a dtír dhúchais.
an teachtaireacht is mó a thagann as the greatest message from
" Is é an teachtaireacht is mó a thagann as na heachtraí seo ar fad dar liom ná go mbíonn údaráis spóirt, i gcóngar is i gcéin, atá freagrach as sábháilteacht imreoirí, faillíoch agus mífhreagrach rómhinic nuair a tharlaíonn drochghníomhartha ar pháirceanna spóirt.
cé as a dtagann amhábhar where we obtain raw materials
" Is cuma leis an fhear ar an chnoc cé as a dtagann amhábhar, cé as a dtagann luach diamhrach an dollair agus cén líon daoine a mharaítear nó cé méid tíortha a scriostar leis an luach sin a choinneáil ann.
thar a bheith mórtasach as an tsin-seanathair very proud of the great-grandfather
" 
D'éirigh le fear na dtaifead pinsin teagmháil a dhéanamh le gaolta an iarshaighiúra agus, dar ndóigh, bhí siad thar a bheith mórtasach as an tsin-seanathair a rinne éachtaí sa "chogadh a chuirfeadh deireadh le cogaíochta" - go dtí go bhfuair siad amach gur fear ‘dubh’ a bhí ann.
tháinig glan amach as ár gcloigne féin came straight out of our own heads
" Tá daoine ann atá in ann jab i bhfad níos fearr a dhéanamh d’amhráin daoine eile, ach níl éinne ag casadh amhráin s’againne seachas muid féin! Is breá linn a bheith ag casadh amhráin atá iomlán nuachumtha agus a tháinig glan amach as ár gcloigne féin – tá an-spóirt ag baint leis sin” a deir sé.
tá sé thar am go n-íocfadh siad as it’s high time they paid for it
" Má creachadh Peadar le Pól a dhíol, is coir a tharla agus éinne a d’imir cleas, tá sé thar am go n-íocfadh siad as.
Níl a fhios cé as an dtiocfaidh an t-airgead le íoc as it’s not known where the money will come from
" Níl a fhios cé as an dtiocfaidh an t-airgead le íoc as.
tar éis dóibh éirí as an imirt after retiring from playing
" Íoctar airgead aisteach leis na peileadóirí ach ní maith a théann sé dóibh go minic mar is cosúil go mbíonn 60% de na himreoirí peile bancbhriste taobh istigh de chúig bliana tar éis dóibh éirí as an imirt.
Cé’b as a dtagann where does (this interest) come from
" Cé’b as a dtagann an spéis seo? D'fhógair Facebook le déanaí gur thuill Mark Zuckerberg é féin, go pearsanta $2.
an fhuaim a thagann as seantolg the sound of an old couch
" Níorbh fhada gur imigh Úna féin! Ach nuair a chualathas don chéad uair é sa Sonic Arts Research Centre, bhí Owenvarragh draíochtach an dóigh ar ceanglaíodh gach gné éagsúil lena chéile, idir cheol, fhriotail shonta (sonorous words) á leamh ag Carson é féin, íomhánna, agus na fuaimeanna a thaifead Úna, ó dhaoine ag caint i dteach tábhairne, go dtí cipín á lasadh agus an fhuaim a thagann as seantolg i ndiaidh tú suí air! Ainneoin éagsúlacht na gcomhábhar, bhí sé iontach mothúchánach fosta.
a tháinig salach as who fared badly from it
" Is iad British Gas agus JP Morgan go háirithe a tháinig salach as nuair a rinne siad iarracht comhrá a óstáil ar ardán Twitter ag úsáid na haischlibeanna (#AskBG)(http://www.
Cé as a dtáinig do shuim where did you get your interest
" **CMacS: Cé as a dtáinig do shuim sa Ghaeilge?** AÓC: Is as ceantar breac-Ghaeltachta do mo mháthair agus bhí an-spéis sa Ghaeilge i gcónaí sa bhaile; bhíodh cuairteoirí ag teacht chuig an teach agus Gaeilge acu.
tháinig sí sin as slán she survived
Thiocfadh as sin that would bring about
" Thiocfadh as sin, b’fhéidir, go leathnófaí ar shuim dhaoine, agus leis sin rannpháirtíocht daoine, sna cluichí Gaelacha timpeall an domhain trí chraoladh na gcluichí ar Sky TV.
dtiocfadh oidhreacht chomh saibhir fairsing sin amach as such a rich extensive legacy would come from
" Is beag a shíl aon duine ag an am go dtiocfadh oidhreacht chomh saibhir fairsing sin amach as an cheardlann bheag shuarach seo agus mar chuid den oidhreacht sin go mbeadh L'Homme Qui Marche I , a díoladh ag Sotheby's i Londain ar $104.
dtiocfaidh maitheas as deireadh a bheith curtha leis good may come from its demise
" Maidir le Gaelscéal, b’fhéidir go dtiocfaidh maitheas as deireadh a bheith curtha leis.
Má tháinig sé aníos as Loch Rúraí féin if he resurfaced like Fergus mac Léti
" Má tháinig sé aníos as Loch Rúraí féin, níor fágadh ainimh ná máchail ar a éadan ná ar a áiteamh.
Tháinig athrú as éadan ar an saol life has changed remarkably
" Tháinig athrú as éadan ar an saol le tamall gairid de bhlianta, saol na teicneolaíochta go háirithe, agus d’athraigh na cúinsí oibre dá réir, mar is eol do Chiarán Mac Aonghusa.
a tháinig aneas as who came from the south
" Chuir Diarmuid Johnson aithne ar choimhthíoch sa nGearmáin a tháinig aneas as an Afraic.