Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nach dtig a iomrá 'fhad le Balor without word of it reaching Balor
" Is beag cat a chorraíonn nó cú a chacann ar an oileán ciachmhar, ciaptha seo nach dtig a iomrá 'fhad le Balor na Súile Nimhe luath nó mall.
ar thángthas air le déanaí recently discovered
" Hatch (The Quantuck Lane Press) - cuntas beathaisnéise ón naoú haois déag ar thángthas air le déanaí - ar thuras uafásach amháin den chineál seo.
gríostar imreoirí le dul thar fóir players are incited to go too far
" Sa chéad áit gríostar imreoirí le dul thar fóir ina n-iarrachtaí chun an bua a bhaint amach.
le longa agus iad ag dul thar bráid to passing ships
" Tagann teideal an leabhair ó na focail "*Skelligs calling*", a deireadh coimeádaithe theach solais oileán Sceilg Mhichíl le longa agus iad ag dul thar bráid.
sa chruth is go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim so that people could learn it
" Luadh teanga na hÉireann i lámhscríbhinní daoine tábhachtacha i Meiriceá, scríobhadh colúin Ghaeilge i bpáipéir nuachta in áiteacha áithrid, agus cuireadh ranganna ar fáil, fiú, sa chruth is go dtiocfadh le daoine í a fhoghlaim.
Ní thig le duine ar bith cúngaigeantacht a chur inár leith. No-one can accuse us of narrow-mindedness
" Ní thig le duine ar bith cúngaigeantacht a chur inár leith.
tar éis dó uasal le híseal a dhéanamh le Churchill after he had patronized Churchill
" Bhí a lá fán ngrian ag Dev tar éis dó uasal le híseal a dhéanamh le Churchill leis an gcraoladh cáiliúil inar thug sé freagra ar an seanmheisceoir.
le go dtiocfadh leo an locht a chur ar gach dream eile so that they could blame every other group
" Chuala mé daoine ag rá gur cuid de straitéis Shinn Féin é go mbeadh géarchéim ann le go dtiocfadh leo an locht a chur ar gach dream eile.
go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán that they would return with a total majority
" B’fhéidir go bhfóirfeadh sé don cheannaire úr printíseacht a chur isteach agus bail a chur ar bhuneagar an pháirtí ar an tuiscint go dtiocfaidís ar ais le móramh iomlán tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh i mbun freasúra.
ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha overflowing with positive and negative adverts
" Mar a bheifeá ag súil, is deacair an nuacht a dheighilt ón stocaireacht faoi seo, agus na meáin ag cur thar maol le fógraí dearfacha agus diúltacha faoi iarrthóir amháin nó iarrthóir eile.
dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, if a state or county got on well,
" Dá mbeadh bliain thar barr ag pobal áirithe, nó dá n-éireodh thar barr le stát nó contae, ghairtí a leithéid mar altú do Dhia as an dearlacadh.
ní thig le duine ar bith an taoide a stopadh. no one can stop the tide.
" Gan dabht, tá an saol i gcónaí ag athrú agus ní thig le duine ar bith an taoide a stopadh.
ní thig le híospartach a bheith cinnte a victim can't be sure
" Anois ní thig le híospartach a bheith cinnte cé hé nó cé hí an maistín.
ag cur thar maoil le overflowing with
" Foireann a bhí ann a bhí ag cur thar maoil le hiománaithe den scoth: Whelehan, Troy, Pilkington, Hanamy, Dooley, Duignan agus araile.
thagadh scata mór daoine le chéile a big crowd of people used to gather at Blairgowrie
" Gach samhradh, thagadh scata mór daoine le chéile ag Blàr Gobharaidh le sméara a bhaint – saothraítear sútha craobh agus sútha talún agus torthaí eile sa cheantar sin – agus an-deis a bhíodh ann le céilithe a chur ar siúl agus ceol a sheinm.
tháinig achan rud le chéile go hiontach gasta. everything came together very quickly.
" Nuair a dúirt muid go raibh sé le tarlú, tháinig achan rud le chéile go hiontach gasta.
ní thig liomsa é a dhéanamh le duine ar bith eile I can't do it with anyone else
" Sílim go bhfuil na guthanna iontach gar dá chéile agus tarlaíonn rud inteacht idir an bheirt againn; ní thig liomsa é a dhéanamh le duine ar bith eile agus ní thig léise é a dhéanamh le duine ar bith eile ach oiread.
ach le cearta, tagann freagrachtaí. but with rights, come responsibilities.
" Tá cearta ag na meáin maidir le saoirse cainte - ach le cearta, tagann freagrachtaí.
ag cur thar maoil le físeáin full of videos
" Nuair a mharaigh Cho Seung-Hui 32 dá chomhscoláirí in Virginia Tech in Aibreán 2007, ba ar bhlaganna a bhí an cur síos ab uafásaí den slad agus iad ag cur thar maoil le físeáin agus grianghraif fón póca.
tagann an script le chéile the script comes together
" “Tagann smaointe áirithe agus imíonn smaointe eile, ach tagann an script le chéile ag an deireadh.
le go dtiocfadh siad faoi bhláth. so that they would bloom, reach their potential
" Chuir sé muinín ina chomhoibrithe agus thug sé saoirse dóibh ina gcuid oibre le go dtiocfadh siad faoi bhláth.
tagann uisce le mo chuid fiacla my mouth starts to water
" B’an-chócaire mo mháthair; tagann uisce le mo chuid fiacla nuair a smaoiním siar ar laethanta m’óige agus an bia seo ar fad.
le dul thar fheithiclí eile. to overtake other vehicles
" Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn sé deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.
ag cur thar maoil le hoibrithe gorma. overflowing with black workers.
" Níorbh fhada go raibh cathracha déantúsaíochta mar Detroit, Michigan, Paterson agus Nua-Gheirsí ag cur thar maoil le hoibrithe gorma.
Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, an arrangement has been reached in recent years
" Táthar tar éis teacht ar shocrú éigin le blianta beaga anuas, rud a chiallaíonn go bhfuil an rud ar fad curtha chun leapa.
gur tháinig deora le mo shúile that tears came to my eyes
" (paragraf 1) Caithfidh mé a rá, áfach, gur tháinig deora le mo shúile nuair a bhí orm mo rudaí go léir a phacáil agus mo sheomra codlata sa bhaile a fhágáil.
i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, as regards Ireland's image abroad,
" Comórtas mór le rá atá ann, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint leis i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, ó thaobh na turasóireachta de agus, go háirithe, ó thaobh an gheilleagair de.
thar a bheith tógtha le extremely taken with
" Cé gur eascair go leor moltaí an-suimiúla as an ócáid, bhí muintir na tíre thar a bheith tógtha le moladh faoi leith: gur chóir don Astráil a bheith ina poblacht roimh 2020.
ag cur thar maoil le smaointe overflowing with thoughts
" Is amhlaidh go ndéarfainn go bhfuil sí ag feidhmiú *thar* lánacmhainneacht; bhí sí ag cur thar maoil le smaointe, focail, daonnacht agus taisce agus í ag caint liomsa.
thiocfadh le heagrais stáit state bodies could
" Anuas ar sin, thiocfadh le heagrais stáit daoine a earcú a bhfuil cumas i nGaeilge agus i mBéarla acu seachas cumas in aon teanga amháin agus a bheadh ábalta tabhairt faoin obair aistriúcháin go hinmheánach.
ní thig le cannot
" Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
tháinig aníos le suggested, came up with the idea
" Is dóigh, mé féin a tháinig aníos le *Route 66* a dhéanamh mé féin, mar sin, .
Thig le can
" Cén t-éacht? Cá bhfuil Ar Son na Cáise? Thig le Balor rún a scaoileadh libh anois, a léitheoirí dílse: bhí Ó Céidigh ar a sheacht ndícheall ag iarraidh Balor a sciobadh ó Beo Ar Éigean! chun alt úr aorach seachtainiúil a scríobh do Foinse: alt dar teideal Ar Son na Drúise! Ach ní raibh spéis dá laghad ag Balor i gcúrsaí drúise, ná in alt a scríobh do Sir Anthony O Reilly, ná do Sir Pádraig Ó Céidigh; agus chomh maith leis sin, mheall Sir Seosamh Ó Slua Muirí é le caoga a trí cent sa bhreis in aghaidh an ailt dá bhfanfadh sé le Beo Ár Éigean! Ní thig dílseacht a cheannach.
tagann ciall le haois we learn from life
" Ach tagann ciall le haois, ní hamháin don duine aonar ach ar bhonn níos leithne don tsochaí chomh maith.
Thiocfadh le could
" Thiocfadh le daoine aonair páirt a ghlacadh san fheachtas in éadan na gciorruithe agus iad páirteach i dtograí logánta.
Ní thiocfadh le couldn’t
" ” **Balor: “An dtig liom soiléiriú a fháil ar do fhreagra, a Thaoisigh? An é céad lá atá i gceist agat nó an chéad lá? Ní thiocfadh le cóisir cheiliúrtha dul ar aghaidh ar feadh céad lá agus céad oíche.
tháinig deireadh le ended
" ie a sheoladh nuair a tháinig deireadh le mo ré; deireadh le Ré Órga na hÉireann.
ní thig le rud ar bith nothing can
" ‘Is cuma cad a tharlaíonn,’ a scríobh sé ina bhlag, ‘ní thig le rud ar bith stad a chur le roth na staire, a éilíonn saoirse agus daonlathas’.
thig le daoine a gcearta a chosaint people can defend their rights
" Is trí na seirbhísí dlí a thig le daoine a gcearta a chosaint agus cothrom na Féinne a fháil.
Ní thiocfadh le sin a bheith that couldn’t be
" Cad é sin? a deir tú - ealaíontóir dífhostaithe agus é ag tógáil tí ar airgead mór? Ní thiocfadh le sin a bheith ceart.
Cad chuige nach dtig le why can’t
" An bhfuil cúis ar leith leis sin? Cad chuige nach dtig le mná an oileáin an obair sin a dhéanamh? Thiocfadh leatsa éadaí na bhfear a chuardach.
go háirithe tar éis pósadh le particularly having married
" Bhí Belfort mór le rá sa cheantar, go háirithe tar éis pósadh le bean ó chlann uasal Portaingéileach.
an dtig le náisiúnaithe muinín a chur ann can nationalists trust it
" Ach an eagraíocht í an PSNI an dtig le náisiúnaithe muinín a chur ann? Measann Ó hEára go bhfuil cuid mhaith daoine ann ar daoine maithe iad atá ag iarraidh tús úr a chur le cúrsaí póilíneachta mar a dúirt Patten, ach go bhfuil "roinnt bheag" daoine ann go fóill a bhfuil an "seanaigne" acu.
níor tháinig éinne i dteagmháil le baill an Choiste no one contacted the committee members
" Tharla na rudaí sin, agus níor tháinig éinne i dteagmháil le baill an Choiste ina dhiaidh sin.
tháinig sé suas le he caught up with
" Níor ghá dó ach an cosán dearg a leanúint, cosán a bhí breac le buidéil fholmha Coca Cola, agus níorbh fhada gur tháinig sé suas le Daidí na Nollag agus shuigh an bheirt acu síos cois na tine le tamall a chaitheamh ag bothántaíocht, ag béadán agus ag ráflach go míghreannach.
Ach tar éis dul i gcomhairle le having consulted with
" Ach tar éis dul i gcomhairle le hoifig an Ard-Aighne thug an státseirbhíseach Seán Ó Ríordáin míniú i nóta lámhscríofa don Taoiseach faoi staid an cháis: *“The present position is that Ó Monacháin can not be put in jail unless the State presses for execution of outstanding warrant (District Court fines.
Ní thig le héinne a shéanadh no one can deny
" Ní thig le héinne a shéanadh gur beag toradh a bhíonn le feiceáil ar an 14 bliana a chaitheann scoláirí na tíre ag foghlaim na teanga.
dtiocfadh sinn uilig le chéile we’d all meet
" Ní hé amháin Gaeltacht Iorrais anseobh, ach go dtiocfadh sinn uilig le chéile is go gcuirfeadh sinn brú mór uainn amach.
a tháinig le chéile faoi scáth which convened under the auspices
" A Chur Bealach an Gharraí =========== Mhol an mheitheal saineolaithe idirnáisiúnta a tháinig le chéile faoi scáth Fiontar DCU chun comhairle a chur ar an Rialtas roimh dhréachtadh Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh dhá ábhar éagsúla Ghaeilge ins an Ardteist.
Tig le duine ar bith anyone can
" Tig le duine ar bith titim i ngrá, ag am ar bith, in áit ar bith ar chlár na cruinne.
nach dtiocfadh le daoine an foirgneamh a bhaint amach people couldn’t reach the building
" “Cinnte bhí daoine ann a léirigh suim sna ranganna ach a tharraing siar nuair a thosaigh na hagóidí, ach chonaic mé sin ag athrú rud beag ar na mallaibh, ach ba é an deacracht ba mhó é nach dtiocfadh le daoine an foirgneamh a bhaint amach agus chaill muid go leor daoine, ní cionn is go raibh fadhbanna acu leis an teanga ach nárbh fhéidir leo na ranganna a bhaint amach mar gheall ar na hagóidí.
thar a bheith naimhdeach le very hostile to
" Glactar leis gur tír í Camarún atá thar a bheith naimhdeach le homaighnéasaigh.
thig le lucht eagraithe an dúshláin the challenge organizers can
" Ins an dóigh seo thig le lucht eagraithe an dúshláin (Cumann Sléibhteoireachta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh) súil ghéar a choinneáil ar dhul chun cinn gach iomaitheora - nó a mhalairt.
le tír amháin thar a chéile with one country as against another
" Ní bheidh aon chíoradh ar shiocair chogaidh na bliana seo le hais na bliana seo caite, ná ar chóir dul chun sleantracha le tír amháin thar a chéile? Fearann Ladrainn Críocha ár nDomhnáin =============== Troideadh breis is trí scór cogadh ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda i leith agus maraíodh trí oiread daoine leo.
tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath the increase in tension which was percievable
" Na háiseanna coiriúla a bhí oiriúnach do na cimí sin a rangaíodh mar chimí “Chatagóir A” , bhíodar thar a beith teoranta agus roimh i bhfad tháinig méadú suntasach ar an teannas a bhí le brath sna carcracha Briotanacha, go háirithe agus an foréigean ag dul i dtreise i dTuaisceart Éireann agus sa saol lasmuigh.
bunaíodh an NSA chun éisteacht le daoine thar lear was founded to listen to people
" An rud is mó is cúis buartha do dhaoine sa chás seo ná gur bunaíodh an NSA chun éisteacht le daoine thar lear.
thar mar a bhí le roinnt blianta anuas than they have for some years past
" B’iontach an speach a thug taispeántais Luimnigh i gcoinne Thiobraid Árann, Uíbh Fháillí agus Átha Cliath i gcoinne Chill Chainnigh agus Laoise i gcoinne na Gaillimhe don chomórtas craoibhe agus don iománaíocht féin agus i ngeall orthu sin tá cuma níos cothroime ar na foirne iomána idirchontae thar mar a bhí le roinnt blianta anuas.
Thiocfadh le duine dul i dtaithí uirthi a person could get used to it
" Thiocfadh le duine dul i dtaithí uirthi mar aimsir.
Níl a fhios cé as an dtiocfaidh an t-airgead le íoc as it’s not known where the money will come from
" Níl a fhios cé as an dtiocfaidh an t-airgead le íoc as.
go dtiocfadh le could
" Nach sílfeá go dtuigfeadh An Slua Muirí go dtiocfadh le <ainm ag an eagarthóir> cur suas le scigireacht bheag chairdiúil óna chara carthanach comhbhách Balor Neamhurchóideach Neamhchiontach Neamhchas Naíonda.
d’éirigh thar cinn le was very successful
" As sin amach, d’éirigh thar cinn le Adele.
dtiocfadh le daoine iad a leigheas people could cure them
" Ár ndeacrachtaí polaitíochta, daoine a chruthaigh iad, rud a chiallaíonn go dtiocfadh le daoine iad a leigheas.
D'éirigh thar barr le succeeded magnificently
" Cur i gCéill na Cáilíochta =========== D'éirigh thar barr le Charlton Athletic i gCorn an Domhain i 1990 ach ba bheag duine a bhí sásta a admháil go raibh méid áirthe cur i gcéill i gceist i gcás cáilíochtaí Éireannacha cuid de na himreoirí.
tagann saincheisteanna chun cinn maidir le issues arise in relation to
" Toisc nach bhfuil aon dream amháin freagrach as an gcur i bhfeidhm i dtaca le teanga, tagann saincheisteanna chun cinn maidir le Gaeilge ar chomharthaí.
a dtig le gach duine sult a bhaint aisti which one may enjoy
" Ní dócha go raibh sé seo ar intinn lucht a eagraithe (an Béal Feirsteach Liam Carson agus a fhéile IMRAM) nuair a choimisiúnaigh siad an chéad lá riamh é ach tabharfaidh an choirm seo teachtaireacht láidir faoin Ghaeilge, measaim - gur áis í a dtig le gach duine sult a bhaint aisti beag beann ar chreideamh nó ar pholaitíocht.
le feiceáil thar lear to be seen overseas
" Ceistíonn Ó Ruairc tuairim an CLG agus daoine eile go mbeidh na cluichí Gaelacha le feiceáil thar lear de thoradh an tsocraithe nua seo.
a tháinig in inmhe le linn who grew up during
" Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!” Cailleadh nó Caomhnú? ======== Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla? “Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
ní thig le haon dream no group can
" Ní féidir mar ní thig le haon dream insint chomhleanúnach a sholáthar d’áit mar seo, agus cuirim Sinn Féin san áireamh sin agus iad ar leath-thuarastal cheana féin.
D’éirigh thar cionn le was very successful
" D’éirigh thar cionn le ceannaire an pháirtí, François Legault, sna díospóireachtaí roimh an toghchán, agus é ag ionsaí Marois os comhair an phobail ar an teilifís.
Thiocfadh le siúlóirí sléibhe borradh a chur faoi walkers could put growth in
" com* go bhfuil siadsan ag seachaint na ceiste seo: cuireann siadsan béim ar Slí an Atlantaigh Fhiáin - is é sin, do charr a thiomáint thart ar an chósta! Thiocfadh le siúlóirí sléibhe borradh a chur faoi gheilleagar turasóireachta na tíre go tapa.
sula dtéann siad thar fóir le fuath before they go over the top with hatred
" Ní oibríonn stát mar sin ach ar feadh tamaill sula dtéann siad thar fóir le fuath ar an dream atá thíos.
Thiocfadh le could
" Thiocfadh le hÉirinn a bheith ina ceannródaí cruinne i dteicneolaíocht agus i ndéantúsaíocht úrnua achar gairid blianta nó mar sin, dar le Tomás Ó hAodha.
nach dtagann le which disagrees
" Braitheann Bearnaí Ó Doibhlin go bhfuil cuid mhaith de mhuintir na hAstráile á saobhadh féin le híomhá de fhéiniúlacht na heasurraime, íomhá nach dtagann le fírinne an scéil.
théann thar fóir le beartais uaillmhianacha go over the top with big plans
" Coimhéad na daoine a théann thar fóir le beartais uaillmhianacha, nó seolfaidh siad Elvis féin as MacDonalds ar chúrsaí Gaeilge.
dtiocfadh le níos mó ná fearg there could be more than anger
" Síleann roinnt daoine go dtiocfadh le níos mó ná fearg a bheith ar chúl na ‘léirsithe’ ó thuaidh.
a dhonacht is a thig le scéal na díbirte how bad expulsion cases can be
" Léiríonn Alan Desmond san alt seo a dhonacht is a thig le scéal na díbirte a bheith nuair a thugtar cead a gcinn do roinnt de na comhlachtaí príobháideacha atá i mbun na hoibre.
nath a thagann le dearcadh a phrase which describes the view
" ‘Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn, nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.